Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
imithe le sruth gone down the drain
" Tá go leor de na seandílseachtaí polaitiúla imithe le sruth faoin am seo, agus cuirfidh cuid de na torthaí an-iontas ar dhaoine.
d'imigh le sruth went with the flow
" B'é seo an Bono is fearr – an file fiáin a lean a chroí agus a d'imigh le sruth.
imithe le sruth past and gone
" Bhí an t-am ann agus bhí sé mar a bheadh Ayatollah ann ach anois, tá daoine ag cur ceiste, cad é an fheidhm atá leis? An dtreoraíonn sé beartais? An bhfuil stádas an státaire a bhíodh aige imithe le sruth? Tá easaontas nach bhfacas, ach sa bheag, ag dul i méid agus daoine taobh istigh de Shinn Fein féin, á bhréagnú ar dhóigh nach ndéanfadh siad blianta ó shin.
Imíonn Ben le gaoth Ben meanders
" Tá cuid mhaith cairde aici ach, ar an drochuair, tá rud amháin faoi Chiara nach maith le duine ar bith… tá sí iontach cainteach! Ansin cuireann sí aithne ar Laura agus cloiseann sí teanga nach bhfuil sí in ann aon rud a rá inti… go fóill beag! 'Bronntanais agus Féiríní Eile': ============= Imíonn Ben le gaoth agus é ag spraoi lena bhronntanas breithe.
ná himigh le scaoll don’t panic
" Glac leis na rialacha seo a leanas ar mhaithe leis na rónta agus ar mhaithe leat féin! - Ná bí ag snámh id’ aonar agus ná himigh le scaoll má thagann rón i do threo; - Ná spreag iad chun teacht chugat i slí chairdiúil nó ar bhealach bagrach; - Ná déan talamh slán d’iompar ‘cairdiúil’ an róin.
imithe le sruth finished
" imithe le sruth a bheag nó a mhór.
d’imigh le sruth vanished
" Ceist eile ar ndóigh ná an fiú athbheochan a dhéanamh ar bhlaganna na Gaeilge nó ar cheart glacadh leis gur claonadh sealadach, gearrshaolach a bhí i mblagadóireacht na Gaeilge a d’imigh le sruth nuair a tháinig an crú ar an tairne.
d'imigh an tionscnamh le sruth the project came to nothing
" D'éirigh leo an t-ardán idirlín a fhorbairt, ach d'imigh an tionscnamh le sruth nuair nach raibh an t-airgead ann leagan soghluaiste a réiteach.