Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar son imeartha for playing
" Ach, bí cinnte gurb é aidhm fhírinneach an GPA ná cineál éigin gairmiúlachta a bhaint amach a mbeidh íocaíocht nó pá ar son imeartha mar chuid den mhargadh.
gan trácht ar an bpáirc imeartha not to mention the playing field
" Mar a dúirt urlabhraí Corcaíoch amháin, ní hamháin nach nglacfaidís le sacar ná rugbaí i bPáirc an Chrócaigh ach, dá mbeadh a bhealach féin aigesan, ní ligfeadh sé fiú a leithéid isteach sa charrchlós, gan trácht ar an bpáirc imeartha.
a d'imreodh ar son a gcúige who would play for their province
" Mholfainn go roghnófaí foirne cúige díreach i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann gach bliain, go n-imreodh na cúigí i gcoinne a chéile le haghaidh Chorn an Bhóthair Iarainn agus go roghnófaí na Réaltaí as na himeoirí sin a d'imreodh ar son a gcúige.
a d’imreodh feall ar a bhean who would cheat on his wife
" Dúradh i gcás Bill Clinton, mar shampla, go mbeadh an té a d’imreodh feall ar a bhean sásta feall a imirt ar a thír chomh maith céanna! Bhíodh dearcadh ceartaiseach againne sa tír seo faoi scéalta dá gcineál.
dá n-imreodh na Sasanaigh feall eile ar Éirinn if the English played false with Ireland again
" Dúirt Pádraig Mac Piarais i 1912 dá n-imreodh na Sasanaigh feall eile ar Éirinn, “there is a band in Ireland, and I am one of them, who will advise the Irish people never again to consult with the Gall, but to answer them with violence and the edge of the sword.
ar pháirc na himeartha on the playing field
" Bheadh tábhacht faoi leith ag daonáireamh na bliana seo (2006) sa phróiseas sin ach mhol an Coimisiún go gcuirfí toscaí eile san áireamh fosta: úsáid na Gaeilge sna scoileanna, i gcúrsaí gnó agus tionscail, sna haifrinn agus ar pháirc na himeartha.
íocaíocht ar son imeartha payment for playing
" Tuigeann an GPA nach féidir íocaíocht ar son imeartha a éileamh faoi láthair ach tá siad ag obair i dtreo na sprice sin.
ar mhaithe leis an gcaighdeán imeartha for the sake of the standard of playing
" Beidh mé féin ag an gcluiche, geallaim duit, cé nach ar mhaithe leis an gcaighdeán imeartha a bheidh mé ann.
a imrítear ar bhonn gnó which is played on a business basis
" Blianta tosaigh Tá dhá shaghas peile i Meiriceá – peil na gcoláistí, a imrítear de ghnáth idir ollscoileanna móra stáit, agus peil ghairmiúil, a imrítear ar bhonn gnó timpeall na tíre.
agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu. and that they wouldn't be oppressed.
" Bhíothas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh a áit féin ag gach stát sa Chónaidhm nua, agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu.
ar pháirc na himeartha. on the playing field.
" Níl aon locht ar na himreoirí a chuaigh chun páirce agus a rinne a míle dícheall ar pháirc na traenála agus ar pháirc na himeartha.
tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís. American footballers are out on the playing fields again.
" Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.
gan trácht ar an leatrom a imríodh orthu not to mention the oppression visited on them
" D’fhulaing an pobal sin fríd 35 éigin bliain na dTrioblóidí, gan trácht ar an leatrom a imríodh orthu ó cuireadh an stat ó thuaidh ar bun, agus tá siad anois ag dúil le cur i gcrích na mianta agus na riachtanas atá acu, a oiread le gach saoránach eile.
ar an bpáirc imeartha, on the playing field,
" Is é an spás is tábhachtaí ar an bpáirc imeartha, a deirtear, ná an spás idir dhá chluas an imreora.
Tá meath tagtha ar a cuid imeartha her playing has declined
" ***Míbhuntáistí:* **Tá meath tagtha ar a cuid imeartha ar an mallaibh.
ar chruth na himeartha. on the shape of play.
" Martin Cullen **(Lántosaí ar dheis): Sáite i gcúinne den pháirc gan mórán scóipe aige a scáth a fhágáil ar chruth na himeartha.
imríodh ar scoil air done to him at school
" Níos déanaí isteach sa scéal, nuair nach bhfuil a fhios fós ag Oskar gur vaimpír í - ‘*If I wasn’t a girl would you still like me anyway?*’ Agus iad beirt ina luí ar leaba le chéile, ise croíbhriste tar éis di fear a mharú d’fhonn go mairfeadh sí féin, eisean i ndólás na maistíneachta is déanaí a imríodh ar scoil air – ‘*’I’m not a girl.
imrítear ar committed upon
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
imríonn sé ar it has on
" Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn sé ar reachtaíocht na tíre: mar sin, ní fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is mó a thug na cinntí móra a chuir amú sinn.
cos ar bolg imeartha orthu experienced oppression
" Gach uair a éistim leis an amhrán ‘Galupa’, logainm a dhúiche, ón albam cáiliúil thuasluaite buaileann an smaoineamh mé go bhfuil an mianach ceart i Gurrumul le liricí deasa a scríobh a d’oirfeadh d’amhrán náisiúnta, mar a léiríonn an sliocht thíos: Go nilimurru nhina yarrarrayun Yolnu Bandirriya dharwulnurana wana marrkapmirri wana marrapmirri narrakunu bonal nherranhara gapany gopulu (Tagaigí agus suígí i líne le chéile ár sinsir ag Bandirriya faoi scáth an chrainn dharwul dúiche dhilghrách, dúiche dhilghrách ar thalamh mo threibhe, ar shuíomh a ghlan mé féin) Tá saothar mór déanta ag Gurrumul ar son a mhuintire, daoine a bhfuil cos ar bolg imeartha orthu ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
imríodh cos ar bolg orthu they suffered from imperialism
" Ach oiread le muintir na hÉireann, imríodh cos ar bolg orthu.
méid mí-úsáide a imríodh ar amount of abuse done to
" Chomh maith leis an méid míchleachtais atá soiléir ó na himscrúduithe a rinneadh, agus an méid mí-úsáide a imríodh ar ‘mhic léinn’ na gcoláistí úd, tá drochthaobh eile leis an scéal seo.
tionchar a d’imir na Gaeil ar influence the Irish had on
" Ní hionadh é mar sin go bhfuil spéis ar leith ag lucht staire na tíre sa tionchar a d’imir na Gaeil ar shaíocht na hAstráile.
ar pháirc na himeartha on the playing field
" Coimhlint a mhair ar pháirc na himeartha i mí Mheán Fómhair de ghnáth agus ar fhás cairdeas agus meas idir imreoirí dá bharr.
a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir who oppressed the ordinary people
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
ar pháirc na himeartha on the playing pitch
" Is é mo thaithí féin gur fíor sin, agus go bhfuil fonn ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid – ar pháirc na himeartha, sa teach tábhairne, ag siúl síos an tsráid, sa tacsaí.
n-éagóracha éagsúla a imrítear ar various injustices practised against
" Ina ainneoin sin, agus in ainneoin na n-éagóracha éagsúla a imrítear ar imircigh sa Ríocht, tá cainteanna ar siúl idir an tAontas is Maracó mar chuid den Chomhaontú Comhlachais faoi Chomhaontú um athghlacadh isteach daoine a n-éiríonn leo taisteal gan cead ó Mharacó go dtí an tAontas.
ar ghort imeartha on a playing field
" Níorbh é an chéad uair ag Suárez a leithéid de ghnímh a dhéanamh ar ghort imeartha ach in ainneoin sin, bhí saineolaithe sacair á rá go mbeadh éileamh mór agus praghas ard air má shocraíonn club peile Learphoill é a dhíol.
a imrítear ar which is practised against
" ” Dá múinfí an cúlra is an comhthéacs seo i gcóras oideachais SAM, ar ndóigh, b’fhéidir go laghdófaí ar an aineolas is ar an gciníochas a imrítear ar Laidin-Mheiriceánaigh ó cheann ceann na Stát.
D’fhéadfadh sé gur imir sé seo tionchar ar it could have had an effect
" D’fhéadfadh sé gur imir sé seo tionchar ar líon na gcoireanna.
d’imir Rudd díoltas ar R. had his revenge on
" Ní raibh aon iontas ar éinne, ámh, nuair a d’imir Rudd díoltas ar Gillard i mí an Mheithimh i mbliana lena phost mar Phríomh-Aire a athghabháil.
cén tionchar a imríonn eolas na ndaoine ar what influence does peoples’ knowledge play on
" Mura bhfuil buneolas measartha cruinn ag duine ar chúrsaí geilleagair cén chaoi a gcaithfeadh sé vóta ar son na ndúnghaoisí cearta? Go ginearálta, cén tionchar a imríonn eolas na ndaoine ar an dóigh a dtabharfaidh siad guthaíocht? Mar a tharlaíonn sé, tá na heolaithe polaitiúla ag scagadh na ceiste seo leis na blianta.
ar ghort na himeartha on the playing field
" Bhí agus tá baint lárnach ag seicteachas Ghlaschú lenar tharla ar ghort na himeartha: '*.
d'imir an teanga ar an saol mór the language had on the whole world
" Bíonn TG4 breac le cláracha faisnéise a mhaíonn faoin tionchar a d'imir an teanga ar an saol mór.
imríonn sí tionchar ar aon bheartas it affects any plans
" Cuireann infheictheacht teanga go mór le tuairimí phobal na teanga sin agus imríonn sí tionchar ar aon bheartas a dhéanfar i leith na teanga sin.
imir an teilifís, TG4, tionchar mór ar television had a tremendous influence on
" Bíonn thart ar thrí scór san iomaíocht anois faoi dhá bhliana déag d’aois! Sílim gur imir an teilifís, TG4, tionchar mór ar an bpobal an t-am sin, mar is é an chaoi gur pléasc an líon freastail ar fad in achar gairid blianta.