Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leatrom a imirt ar dhuine to discriminate against someone
" D'inis siad dom go raibh sé in aghaidh an dlí leatrom a imirt ar dhuine de bharr é a bheith ag gearán faoin chiníochas.
tionchar a imirt ar an toradh to influence the result
" Tá fir ionaid acu atá in ann teacht ar an bpáirc i lár cluiche, nó ag aon am eile, agus tionchar a imirt ar an toradh – féach Cathal Ó Neachtain, mar shampla, a scóráil 1-1 taobh istigh de chúpla nóiméad tar éis do a theacht ar an bpáirc sa dara leath i gcoinne Phort Láirge.
a dtionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre to influence the politicians of the country
" Ach in ionad dul i bhfóirstean do mhianta úra an mhargaidh, is é an t-aon teacht aniar atá ag na tábhairneoirí ná iarracht a dhéanamh a dtionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre agus lámh chúnta a fháil uathu.
cosc ar a n-imirt a ban on their playing
" Ach, dar ndóigh, tá tábhacht ar leith le rugbaí agus sacar i bPáirc an Chrócaigh ar an ábhar gurb iad seo na cluichí “fíor-Ghallda” ar raibh cosc ar a n-imirt i measc bhaill CLG ar feadh i bhfad.
a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí thanks to the weak play of the Cork team
" Ba léir tar éis cuid ghearr a bheith imeartha go mbeadh an bua ag foireann Chiarraí, a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí níos mó ná ar shár-imirt na gCiarraíoch.
Tá meath tagtha ar a cuid imeartha her playing has declined
" ***Míbhuntáistí:* **Tá meath tagtha ar a cuid imeartha ar an mallaibh.
tionchar a imirt ar (to) have influence on
" " Níl aon amhras ar athair Rahm Emanuel ach oiread go mbeidh a mhac in ann tionchar a imirt ar pholasaí Uachtarán Obama i leith an Mheánoirthir a bheadh ar leas Iosrael.
tionchar a imirt ar have an effect on
" Bhí barúil an Dr O Malley ag teacht sna sála ar cholún a bhí ag an iar-Thaoiseach, Garret Fitzgerald, san *Irish Times* inar nocht sé an tuairim gur cheart don Chomhaontas Glas tionchar a imirt ar an rialtas le stop a chur le caiteacha peannaideach na n-eagraíochtaí stáit ar chúrsaí teangan.
tionchar a imirt ar to have an effect on
" An Lucht Oibre sa gComhrialtas ================ Tá teipthe go tubaisteach ar an Lucht Oibre tionchar a imirt ar an gcomhrialtas.
iarracht tionchar a imirt ar an effort to influence
" Is léir ó na comhaid go ndearna an chéad Phríomhfheidhmeannach a bhí ag an Údarás iarracht tionchar a imirt ar cé a bheadh roghnaithe ar bhord na heagraíochta.
tionchar dearfach a imirt ar to have a positive influence
" Sula bhfaighfidh tú deis cheart socrú isteach i do phost úr mar sin, níor mhiste duit mar chéad chúram iarracht mhór a dhéanamh tionchar dearfach a imirt ar an phróiseas.
tionchar mór a imirt ar have a big effect on
" Is é brí an scéil, gur féidir le duine amháin tionchar mór a imirt ar gach éinne thart air.
an chumhacht acu tionchar a imirt ar the power to effect a change in
" Ní ar na dearthóirí atá an locht go minic mar ní bhíonn an chumhacht acu tionchar a imirt ar na córais ar fad laistigh de ghnó.
tionchar a imirt ar to have an influence on
" Tá sé mar aidhm ag an AE tionchar a imirt ar a chomharsanacht ar mhaithe le cúrsaí trádála, cúrsaí síochána, agus, le bheith fírinneach, cúrsaí geopholaitíochta.
chuir ar a chumas galf a imirt enabled one/him to play golf
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.
Is fánach an áit a bhfaighfeá iomrall agus imirt na héagóra ar dhaoine one may find mistakes and injustice in strange places
" Is fánach an áit a bhfaighfeá iomrall agus imirt na héagóra ar dhaoine.