Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dul i bhfeidhm make an impact on
" Easpa ama le dul i bhfeidhm ar an dtimpeallacht déarfainn an míbhuntáiste is mó i measc tuismitheoirí.
is mó chuaigh i gcion orm which had the most impact on me
" Ach is stíl fhidléireachta iarthar an Chláir is mó chuaigh i gcion orm ag an aois sin.
ráiteas tionchair teanga language impact statement
" Is gá anois go gcuirfí ráiteas tionchair teanga ar fáil má táthar chun teach a thógáil i nGaeltacht na Gaillimhe.
tionchar impact
" Cén dóigh a bhfuil leabhar Maier difriúil? I *The Kennedys, America's Emerald Kings*, cuireann Maier an tuairim chun cinn go raibh tionchar an-láidir ag a gcúlra reiligiúin agus eitneach ar an teaghlach ón am a shroich Patrick Bostún, ó Chontae Loch Garman, sa bhliain 1848.
an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol the Environmental Impact Statement
" Chuir Coimisiún na hEorpa tuarascáil ar fáil ar Charraig Mhaighin a léiríonn go sóiléir go raibh an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol lochtach.
an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol the Environmental Impact Statement
" " Is léir ón taighde a rinne an Dochtúir Newman go bhfuil an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol (RTC) thar a bheith lochtach sa chás seo freisin.
dul i bhfeidhm ar dhaoine eile sa rialtas to have an impact on other people in the government
" " Deir sé go bhfuil meas aige ar an Aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív ach gur dóigh leis nach n-éiríonn leis dul i bhfeidhm ar dhaoine eile sa rialtas ó thaobh na Gaeilge de.
ráiteas tionchar teanga language impact statement
" MÁNAS: Cad é an dóigh “á”? SUSAN: Beidh ráiteas tionchar teanga de dhíth ort ar dtús.
a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine who had a great impact on a lot of people
" Ba léir, ón dóigh ar labhair sí mar gheall ar Mhícheál, gur fear faoi leith a bhí ann a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine.
a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga which impact on language decline or language strengthening
" ” An fhaillí is mó a fheiceann sé ná nach raibh aon phleanáil teanga ar siúl, nach raibh aon phlean comhtháite le tabhairt faoin speictream iomlán de rudaí a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga.
dul i bhfeidhm ar an teanga to impact on the language
" Anuas air seo uilig, tá athbhreithniú ar siúl ar an scéim Fondúireacht an Údaráis féachaint cén chaoi is fearr le dul i bhfeidhm ar an teanga taobh istigh de chomhlachtaí éagsúla an Údaráis.
imbhualadh impact
" Bhí ceithre lánán doimhneachta ar bord agus phléasc siad mar thoradh ar an imbhualadh, rud a scrios an t-eitleán go hiomlán.
éifeacht impact
" Sheol Gaillimh le Gaeilge an Gradam in 2001 mar aitheantas ar éifeacht na Gaeilge i ngnólachtaí ar fud na cathrach agus ar na slite nuálacha ar bhain siad úsáid astu chun an teanga a bheith mar chuid dá ngnó.
ag dul i bhfeidhm ar impacting on
" Bíonn siad á náiriú os comhair na milliún agus, sa deireadh, caithfidh tú an cheist a chur, ‘Cad é mar tá sé seo ag dul i bhfeidhm ar an chréatúr bhocht seo?’ Bíonn na cláracha céanna le feiceáil ar fud an domhain agus na milliúin punt á dhéanamh orthu.
conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, how the books impacted on people,
" ) “Is é ábhar na n-imleabhar uilig ná: stair na foilsitheoireachta agus an cúlra atá leis an fhoilsiú sin; conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, ar a smaointe agus ar a saol inmheánach; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an margadh; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an staid pholaitíochta; conas mar a léigh daoine na leabhair.
toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; because Britain had a big impact on both countries;
" ” Ní hamháin sin ach tá stair ag an dá chultúr ar fiú iad a chur i gcomparáid lena chéile toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; go ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm go mór orainn beirt; gur tharla críochdheighilt sa dá thír agus go bhfuil tábhacht leis an stailc ocrais sa dá thraidisiún.
Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins the play had a big impact on Collins
" Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins nuair a chonaic sé é sa Tricycle ar Kilburn High Road agus thosaigh sé ag iarraidh na cearta a cheannach ón scríbhneoir le scannán a dhéanamh de.
Cén chaoi a dtéann a leithéid de sceideal i bhfeidhm ar dhuine? How does such a schedule impact on a person?
" Cén chaoi a dtéann a leithéid de sceideal i bhfeidhm ar dhuine? Agus an mbíonn impleachtaí i gceist ó thaobh an tsaoil phearsanta de?“Tá mé i gcaidreamh agus bíonn sé deacair a bheith as baile an t-am ar fad.
ag dul i bhfeidhm air a shaothar, impacting on the work,
" Bíonn sé de nós ag an ealaíontóir a leithéid a dhéanamh: chomh luath agus a fhoghlaimíonn sé gach rud atá le foghlaim faoina ghairm nó faoina ealaín, tagann sé ar an tuiscint gur mhaith leis an ealaín sin a chur i láthair amhail is gur páiste é – gan ualach an domhain, nó dearcadh daoine eile nó tionchar múinteora a bheith ag dul i bhfeidhm air a shaothar, ach a bheith i mbun a ealaíne amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air.
dul i bhfeidhm ar i bhfad níos mó daoine to impact on a lot more people
" Theastaigh uaimse agus uaithise dul i bhfeidhm ar i bhfad níos mó daoine ar an talamh – bhí pleananna iontacha againn.
Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí Seán had a big impact on his learners and his fellow students
" Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí agus cronófar gó mór é.
dul i bhfeidhm ar an phobal to have an impact on the public
" Tá teipthe orthu dul i bhfeidhm ar an phobal ar an cheist áirithe seo go dtí seo.
faoi drochthionchar na cathrach móire orthu how city life impacts negatively on them
" Bheadh tuiscint ag na hÉireannaigh i Sasana ar théamaí an dráma seo: ag tógáil clainne i dtír iasachta; ag éisteacht leo ag fás aníos le blas *Scouse/Brummie/Cockney* ar a gcuid cainte; ag filleadh abhaile leo chun samhradh ídileach a chaitheamh i measc do mhuintire féin; agus an t-imni a bhionn ort faoi drochthionchar na cathrach móire orthu.
faoi chomhthorthaí diúltacha na forbartha about the resultant negative impacts of development
" Tá an tÉireannach ar nós cuma liom faoi chomhthorthaí diúltacha na forbartha, áfach.
Staidéar Tionchair Teanga Language Impact Study
" Rinneadh Staidéar Tionchair Teanga le déanaí chun an éifeacht a bheadh ag tógáil eastáit nua tithíochta ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an nGaeilge a mheas.
rian an ríomhaire ar shaol the computer (leaves) an impact on the lives
" Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é.