Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beag beann ar an todhchaí. impervious to the future.
" “What we have, we hold” mana na n-aontachtach, rud a chiallaíonn go bhfuil siad ródhírithe ar an aimsir láithreach, beag beann ar an todhchaí.
beag beann ar impervious to
" Má bhí an tUachtarán Bush in ann gníomhú beag beann ar thíortha eile, ní féidir leis an Uachtarán Obama an rud céanna a dhéanamh.
beag beann ar an treampán impervious to the difficulty
" D’réir a chéile, agus de réir mar a theipeann ar na cuairteoirí éaló as an árasán tar éis gach babhta slaide agus leath-athmhuintearais eile – iad ar an táirsigh imeachta nuair a fhreagraíonn Waltz (bodach ceart fir) an ‘sméar dubh’ póca arís eile, beag beann ar an treampán a chuireann sin ar an dtriúr eile.
beag beann ar impervious / blind to
" Is é Matiullah Khan ceannaire an chúige agus tá córas feodach i bhfeidhm faoina stiúir, beag beann ar chúrsaí daonlathais nó ar chearta daonna.
Is trom cearc i bhfad no one’s impervious to the burden of time
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
agus í beagbheann ar an sruth dá réir hence impervious to the current
" Curach an Teifi, an 'corwg' nó 'cwrwgl', is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh.
beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht impervious to religion or politics
" Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.