Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Allmhairíonn import
" Allmhairíonn Cargills, comhlacht Meiriceánach, gráinne GM ó na Stáit Aontaithe tríd an mhuileann atá acu ag dugaí Learphoill agus bíonn léirsiú ansin go minic.
importálacha bia food imports
" Deir siad nach bhfuil sé ceart ná cóir go dtarlódh a leithéid nuair a dhiúltaíonn an tAontas agus SAM deireadh a chur le bacanna ar importálacha bia agus eile ó na tíortha sin, agus nuair a leantar le polasaithe éagóracha ar nós an Chomhpholasaí Talmhaíochta.
chomhlacht iomportála caife agus tae coffee and tea importing company
" Ba chomhlacht iomportála caife agus tae Bewley's nuair a chuaigh sé i mbun gnó ar dtús in 1835.
Allmhairíonn an tír seo this country imports
" Allmhairíonn an tír seo 90% dá cuid fuinnimh.
earraí iompórtáilte imported goods
" Níl uathu ach go leanfaí ar aghaidh leis an bpeitreal saor, na hearraí iompórtáilte, agus an mheanma "cuma liom", ach ag an am céanna, táid ag iarraidh dianslándáil a choimeád i bhfeidhm.
arm agus armlón a allmhairiú to import arms and ammunition
" An bhean sin de bhunadh Mhaigh Eo a bhí mar eiseamláir aige nuair a rinne sé an cinneadh clúiteach sin arm agus armlón a allmhairiú.
ag iompórtáil éadaí importing clothes
" É ag iompórtáil éadaí ón tSín anois.
iompórtáil breosla the importing of fuel
" An dul chun cinn iontach é seo don tréimhse easpa ola atá romhainn, nó an bhfuil míbhuntáistí ag baint leo? Dar le George Bush agus neart daoine eile, is rogha mhalartach den scoth iad na bithbhreoslaí in áit ola, agus dar leo gur féidir leo ní hamháin astuithe a laghdú (rud atá fíor, go teoiriciúil) ach – trí laghdú a dhéanamh ar iompórtáil breosla ó thíortha míchairdiúla nó neamhsheasmhacha – “slándáil fuinnimh” a fháil don tír.
ag iompórtáil an bhairr seo importing this crop
" Mar a tharlaíonn, tá an méid sin éilimh sna Stáit Aontaithe ar arbhar Indiach chun eatánól a dhéanamh go bhfuil siad ag iompórtáil an bhairr seo ó Mheicsiceo, áit a bhfuil sé mar bhia bunúsach, agus tá círéibeacha sa tír sin de bharr go bhfuil easpa arbhair ann agus an praghas ag méadú dá bharr.
ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl on the sale of beef imported from Brazil
" Ba go caithréimeach a chuir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (FAÉ) fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh cosc iomlán a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl le gairid.
allmhairiú ceoil importing of music
" Sin é an bealach atáimid” a deir sí ag trácht ar an allmhairiú ceoil.
allmhaireofar shall be imported
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
allmhairiú to import
" Bíonn ar an tír 90% dá fuinneamh a allmhairiú ina bhreosla iontaise agus ní haon ribín réidh é a bheith ag brath, ní hamháin ar sholáthar na mbreoslaí féin, ach a bheith ag brath, chomh maith leis sin, ar na praghsanna atá socraithe ag an margadh míthrócaireach idirnáisiúnta.
tromchiallach of serious import
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
as tíortha eile isteach imported
" B’fhearr liom díriú ar láimhseáil an eolais atá ar fáil cheana féin, eolas as tíortha eile isteach san áireamh, sa chaoi go mbeimis in ann eolas a cheannach nuair a theastódh uainn eolas a cheannach, ach an t-eolas go léir a tháthú agus a nuálú, a chur ar an margadh, nó a chur chun tráchtála, nó commercialize mar a deir an Béarla.
allmhairiú import
" Tharla doirtí móra ola a thruailligh uisce óil agus limistéir iascaireachta is feirmeoireachta, rud a d’fhág go raibh ar na hOgoni bia a allmhairiú.
cuma ann nó as é of little import
" Sin agaibh ceithre phíosa eolais a bhailigh mé ó Twitter inné, cuid de gur cuma ann nó as é, ach cuid eile de gur cuidiú mór agam é.
ciallachais import, implications
" – ach ní raibh aon fhóram clóite ann leis na ciallachais a scansáil.
allmhairiú import
" Anuas air sin, taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua.
ar an chloch is mó ar an phaidrín of great import, concern
" Nó ní raibh aon éalú ó mhaíomh na tuarascála nach raibh tionscnaimh éagsúla teanga ar an chloch is mó ar an phaidrín faoi láthair, nó "a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances” mar a dúradh ann.
allmhairithe imported
" Geallann na dathanna aduaine seo deireadh ár n-andúile i bhfoinsí fuinnimh allmhairithe, mar is íomhá dath bréige é seo a léiríonn cumhacht na dtonn timpeall chósta na hÉireann.
fhéinghlóir self-import
" Chuir an obair olc ar Michelangelo mar shíl sé nach raibh ann ach baois a bhí bunaithe ar uabhar agus ar fhéinghlóir an Phápa, ach maireann sé inniu mar cheann de na seoda is loinnrí den Athbheochain.
allmhairí go leor many imports
" Ciallaíonn an athluacháil seo go bhfuil allmhairí go leor níos saoire ná táirgí áitiúla, agus go bhfuil na tionscail onnmhairithe faoi mhíbhuntáiste iomaíochta dá bharr.
saoi stairiúil a sage of historic import
" Scríbhneoir, saoi stairiúil agus fear na scannánaíochta mar aon leis na teilifíse ab ea Vidal tar éis dó éalú ón Airm Mheiriceá i 1945.
ba mhór i gceist cás was a matter of great import
" Lenár linn féin, ba mhór i gceist cás Chorsica: an teanga, an náisiúnachas, an treabhachas, an fiántas diamhair, an foréigean ainnis.
fuinseog allmhairithe imported ash timber
" Táirgtear 350,000 camán in Éirinn gach bliain agus is as fuinseog allmhairithe a dhéantar 65% díobh.
allmhairíodh imported
" Go dtí 1865 (nuair a cuireadh deireadh le sclábhaíocht sna Stáit Aontaithe i gcoitinne), allmhairíodh breis agus leathmhilliún sclábhaithe Afraiceacha go dtí ceantar na Stát Aontaithe.
ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl. on the selling of beef imported from Brazil.
" Tá Coimisiún na hEorpa i ndiaidh cosc sealadach a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl.
ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl on the sale of beef imported from Brazil
" Tá Coimisiún na hEorpa i ndiaidh cosc sealadach a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl.
allmhairiú saor cheap import(s)
" Baineann a dheacrachtaí féin le haon tionscal a thabhairt chun cinn go rábhach nó buailfear na tionscail eile in aice láimhe trí allmhairiú saor ina n-aghaidh, agus ar bhealaí eile, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin san Astráil.