Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feabhas a chur ar chúrsaí to improve matters
" An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann? Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí? B'fhéidir gurbh fhiú d'Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.
sholáthar feabhsaithe improved supply
" "Measann an Bord go bhfuil an príomhéileamh ar sholáthar feabhsaithe leictreachais 110 kV ag teacht ó Leitir Ceanainn.
a fheabhsú to improve
" Chuir an chuid is mó do na hathruithe biseach ar an gcathair ach theip ar "busing" na scoileanna poiblí a fheabhsú.
feabhsaithe improved
" Agus mar sin, go hoifigiúil ar a laghad, tá rudaí feabhsaithe rud beag i gcomparáid leis an seal idir 1970 agus 1999 nuair a bhí na faisistithe/dílseoirí ábalta a rogha rud a dhéanamh gan mórán airde ó na póilíní.
fheabhsú improving
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
feabhsú improving
" Cé go bhfuil na grafaicí tar éis feabhsú ón staid ag a raibh siad tamall de bhlianta ó shin, níl siad réadúil fós.
a bhiseoidh le himeacht aimsire which will improve through time
" Tá croífhoireann curtha le chéile atá maith agus a bhiseoidh le himeacht aimsire.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
chuideodh sin leo feabhsú that would help them improve
" Dhéanfadh roinnt chluichí samhraidh leas na n-imreoirí óga agus chuideodh sin leo feabhsú.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
feabhsaithe improved
" Tá muid feabhsaithe ó thaobh cumadóireachta agus *harmony *de.
feabhas a chur ar do chuid Gaeilge to improve your Irish
" ÉÓD: An bhfuil plean nó straitéis ar bith eile ar intinn agat chun cuidiú leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? SF: Cailín Gaelach a phósadh! *Is é Éamonn Ó Dónaill eagarthóir *Beo!
barr feabhais to improve
" Cheana, bhíodh drámaí Gaeilge á léiriú ag grúpaí amaitéaracha, cumainn drámaíochta is a leithéid, a bhí an-mhaith ina slí féin ach dáiríre nach raibh an t-am acu is dócha barr feabhais a chur ar cheird na haisteoireachta.
ag bisiú leis improving all the time
" Tharla timpiste don chréatúr, ach beidh áthas oraibh a chloisteáil go bhfuil sé ag bisiú leis san ospidéal.
ag feabhsú improving
" Tá Corcaigh ag feabhsú, níl aon easpa féinmhuiníne orthu, agus tá Setanta leo, ach tá DJ le pléascadh fós.
a fheabhsú to improve
" Is cinnte gur féidir úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun saol daoine in Éirinn a fheabhsú go ginearálta - ach is cúis iontais é go bhfuil an rialtas ag iarraidh an córas toghchánaíochta a athrú.
a fheabhsú to improve
" Tá an tír iontach saibhir ó thaobh mianraí agus acmhainní nádúrtha de ach is beag iarracht atá déanta ag na rialtais dhifriúla plean tionsclaíochta a chur le chéile chun leas níos fearr a bhaint as na hacmhainní seo agus an geilleagar agus saol na ndaoine a fheabhsú.
ag bisiú improving
" "Tá an lá ag bisiú" arsa Dónall.
a fheabhsú to improve
" Ar leibhéal níos leithne, ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh chun stádas an cheoil thraidisiúnta, na teanga agus an chultúir a fheabhsú.
ag dul i bhfeabhas improving
" Cuirtear soláthar maith ábhair léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge in aghaidh na bliana, agus tá caighdeán na leabhar mar tháirgí ag dul i bhfeabhas i gcónaí.
ag feabhsú de réir a chéile gradually improving
" Tá rudaí ag feabhsú de réir a chéile ó thaobh an chomhshaoil de, ach tá sé seo ag tarlú go han-mhall ar fad.
iad a fheabhsú to improve them
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá cuid maith acu bainte amach faoi seo ach muid ag iarraidh iad a fheabhsú agus a fhorbairt i gcónaí.
a fheabhsú to improve
" Bhí sí lonnaithe i gCanterbury agus ag obair le grúpaí mórthimpeall iardheisceart Shasana, ag eagrú imeachtaí traenála agus ag iarraidh cúrsaí bainistíochta a fheabhsú.
a phróiseáil agus a fheabhsú to process and improve
" Nuair a bhíonn tú ag clóbhualadh na ngrianghraf tú féin, bíonn a lán saoirse agat triail a bhaint as modhanna éagsúla chun iad a phróiseáil agus a fheabhsú.
a fheabhsú to improve
" Thóg mé sos gairme sa bhliain 2000, agus d'fhan mé i gConamara agus i nGaillimh ar feadh sé mhí chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
a fheabhsú go mór to improve greatly
" Ach tá neart tionscadal níos lú freisin nach dteastaíonn rianta nua uathu agus a d’fhéadfadh iompar poiblí áitiúil a fheabhsú go mór.
an pheil a fheabhsú to improve football
" Mo thuairim féin ná nár tugadh seans cóir ná dóthain ama chun tionchar bhosca na Purgóide a mheas agus go mba sheafóideach agus go mba náireach an chaoi inar ghéill an coiste a bhí freagrach as an iarracht an pheil a fheabhsú mar chluiche don lucht féachana agus don imreoir sciliúil.
feabhas a chur ort féin to improve yourself
" Ná glac leo agus ná bí sásta gan rud ar bith a dhéanamh mar gheall orthu, gan iarracht a dhéanamh feabhas a chur ort féin.
a fheabhsú to improve
" Ach b’fhéidir go mbeidh na heagraíochta nuachta traidisiúnta in ann foghlaim ó na *blogs *chun guth a thabhairt don phobal agus a seirbhís féin a fheabhsú.
ag feabhsú improving
" Mar thoradh air sin, tá Vicipéid ag feabhsú an t-am ar fad agus sin an fáth chomh maith a bhfuil líon chomh mór sin daoine gafa léi.
sceideal na gcláracha a fheabhsú to improve the programme schedule
" ” Tá sé i gceist aici chomh maith sceideal na gcláracha a fheabhsú.
feabhsaithe improved
" Le cúig nó sé bliana anuas tá an ráta táirgiúlachta feabhsaithe beagán.
Feabhsaithe improved
inleigheasta capable of being improved
" Is cinnte, áfach, mura ndéanfar beart gan mhoill go dtiocfaimid go dtí an pointe nach mbeidh an córas inleigheasta.
a fheabhsú to improve
" Ghlac mé síntiús leis agus bhain mé leas as an bpáipéar sin (agus as *Lá *agus *Saol,* agus *Foinse *ní ba dhéanaí) chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
í a fheabhsú to improve it
" Ní bhíonn go leor imeachtaí cultúrtha ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge lag acu ach suim acu í a fheabhsú.
Scéim árachais feabhsaithe improved insurance scheme
" Scéim árachais feabhsaithe d’imreoirí club agus contae.
saol an lucht oibre a fheabhsú to improve the life of the working class
" Bhí ceangal láidir idir é agus an pholaitíocht réabhlóideach agus b’aidhm thábhachtach dá chuid saol an lucht oibre a fheabhsú.
a fheabhsú to improve
" Thosaigh lánúin an scoil seo, darb ainm Triumph International, mar theastaigh uathu caighdeán an oideachais sna ceantracha tuaithe a fheabhsú.
go bhfeabhsódh sé sin that that would improve
" Ba ghá caighdeán maireachtála an ghnáthdhuine a fheabhsú ag an am céanna agus, chuige sin, dhírigh Lemass go príomha ar gheilleagar na tíre a fhorbairt, ag súil go bhfeabhsódh sé sin caighdeán maireachtála an phobail, rud a rinne.
níor tháinig feabhas ar chúrsaí things didn't improve
" Beidh go leor daoine sásta gur Ultach atá ceaptha sa phost, mar gur beag aird a tugadh ar an taobh sin tíre go minic san am a chuaigh thart, agus níor tháinig feabhas ar chúrsaí go dtí gur tháinig an Foras ar an fhód.
le caighdeán na n-áiseanna a fheabhsú to improve the standard of the facilities
" Tá féidearthachtaí ag baint leis an straitéis seo, gan amhras, ach is cinnte go bhfuil infheistíocht mhór de dhíth le caighdeán na n-áiseanna a fheabhsú, chun cuairteoirí a mhealladh ó na hóstáin, lena sólanna agus linnte snámha.
feabhas a chur ar an tseirbhís to improve the service
" Ó thaobh láidreachtaí de, tá an oiread sin acu ann! An rud is mó a bhfuil mé bródúil as i dtaca leis an obair a dhéanann muid ná an fonn atá ar fhoireann na heagraíochta seo feabhas a chur ar an tseirbhís i gcónaí – sin an fáth go bhfuil oiread rátha ar Chumann agus ar Choláiste na bhFiann faoi láthair.
ag feabhsú improving
" Go mbeadh caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí ag feabhsú i gcónaí.
maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre as regards improving safety of the roads
" Chuir tuarascáil de chuid an Aontais Eorpaigh a eisíodh níos luaithe i mbliana in iúl go bhfuil Poblacht na hÉireann ar cheann de na tíortha is measa san Aontas maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre – níl ach an Liotuáin and an Laitvia níos measa ná muid.
tháinig biseach ar a shláinte his health improved
" Fuair sé aistriú go sciathán na Sealadach i mí na Bealtaine 1986 agus tháinig biseach ar a shláinte ansin.
go dtiocfaidh feabhas air seo that this will improve
" Níl siad gan fadhbanna tosaigh, agus is minic nach mbíonn caighdeán na seirbhíse custaiméara atá ag Iarnród Éireann thar mholadh beirte, ach caithfidh muid a bheith ag súil go dtiocfaidh feabhas air seo amach anseo.
a fheabhsú go mór. to improve greatly.
" Agus is beag rud a bheadh in ann do “shaol leictreonach” a fheabhsú go mór.
chun feabhas a chur ar chúrsaí tráchta to improve traffic matters
" In ainneoin a phleananna móra chun feabhas a chur ar chúrsaí tráchta sa chathair, níor tugadh táillí plódaithe tráchta isteach i Manhattan, cé go raibh na milliúin dollar á dtairiscint ag rialtas na cónaidhme dá leithéid.
bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú teaching was improving
" Diaidh ar ndiaidh, bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú mar shlí bheatha agus deis ag pobail bhochta tuaithe – fiú pobal Rann na Feirste – daoine a chur i dtreo na gairme sin.
nach bhféadfaí feabhas a chur uirthi. which could never be improved
" D'fhéach Polannaigh óga ar an gcúpla Kaczynski mar pholaiteoirí a raibh drochíomhá phoiblí acu nach bhféadfaí feabhas a chur uirthi.
Tháinig feabhas thar cuimse ar a chuid seinnte His playing improved massively
" Tháinig feabhas thar cuimse ar a chuid seinnte le linn dó a bheith ann.
ag dul i bhfeabhas improving
" Agus ní foláir do thionscal na heitlíochta a bheith ag dul i bhfeabhas go síoraí ó thaobh na sábháilteachta de.
ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán. the standard cannot be improved
" Maireann meáin chumarsáide chlóite na Gaeilge san fháinne fí sin go síoraí: gan dóthain léitheoirí, ní leor a dteacht isteach; gan dóthain teacht isteach, ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán.
leasaithe improved
" Bíonn an corp, an intinn agus an spiorad leasaithe ina dhiaidh.
stádas breise extra, improved, status
" Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge to improve their Irish
" Baineann na seanscéalta le haois eile agus le nósanna eile léitheoireachta, aois inar léigh daoine seanchas le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin nó le heolas a chur ar an chanúint ab fhearr leo.
á mhaisiú improving it
" Bheir sé mórtas dúinn a ndéanfaimid agus is mór againn lorg ár láimhe ar ghné éigin sa timpeall, á mhaisiú is á mhóradh.
fuair biseach improved
" Ar ndóigh, ní hé sin le rá gurbh é sin a bhí ar siúl ag na daoine a fuair biseach as na hathruithe a tugadh isteach i 2006.
leasú to improve
" Tá obair leanúnach ar bun leis an gcóras a leasú is a fhorbairt, óir tá sé óg go maith, go fóill, mar chóras.
i bhfeabhas improve
" Bliain thubaisteach curtha isteach aici, ach d’fhéadfadh rudaí dul i bhfeabhas ó tharla í a bheith luaite go láidir mar chomharba ar Charlie McCreevy sa Bhruiséil.
dtiocfaidh feabhas shall improve
" Cé go bhfuiltear ag tuar go dtiocfaidh feabhas ar sheirbhísí chúram ailse le bunú na n-ionad barr feabhais, níl smacht iomlán faighte ar pholaiteoirí bradacha ó pháirtithe an rialtais atá ag iarraidh a gcraiceann is a luach maidir le seirbhísí logánta a choinneáil.
bhisigh improved
" Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do lucht a labhartha.
ag cur maise ar improving
" Tá cara ollscoile agam a chaitheann gach ré nóiméad dá saol ar Facebook: ag cur maise ar a próifíl, ag breathnú ar ár gcuid grianghraf uilig is ag fógairt don domhan mór céard atá ar bun aici faoi láthair.
fheabhsú to improve
" org/wiki/Ken_Saro-Wiwa) Níor leor clú is tionchar Saro-Wiwa, áfach, chun cás a mhuintire a fheabhsú.
Bhisigh recovered, improved
" Bhisigh mé ach ba léir go raibh a rás rite ag an rothar.
fheabhsú to improve
" 8 le sábháilteacht an chosáin a fheabhsú.
fheabhsú to improve
" Admhaíonn Guth na Gaeltachta nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach agus a bhíodh agus gur féidir roinnt scéimeanna a fheabhsú.
leasú improve
" Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá5.
Feabhsóidh shall improve
" html) Feabhsóidh an Saol? Ó cuireadh Stroessner as oifig i 1989 tá feabhas beag tagtha ar chúrsaí.
bisithe improved
" An chéad cheist a chaithfidh mé a chur ort a Bhláthnaid, mar is tábhachtach an cheist í, ní bheifeá ar ais ag obair ach go bhfuil tú bisithe go maith in do shláinte, bail ó Dhia ort, nach bhfuil? BNC: Táim, táim, is cinnte go bhfuil mé i bhfad níos sláintiúla ná mar a bhí.
biseach ar improved
" (Cén stádas atá ag Robinson agus ag Foster anois? An bhfuil biseach ar Iris?) Bhí na nuachtáin lán dóchais go mb’fhéidir go raibh socrú ar na gaobhair, go raibh fuinneamh úr sa chóras agus go raibh an DUP réidh leis an bheart a dhéanamh maidir le hAistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Cirt.
feabhsú improving
" Chaill mé sa chomórtas an bhliain roimhe sin, ach bhí mé ag feabhsú an t-am go léir.
fheabhsú improve
" An rud íoróineach faoi ná go mbíonn na scríbhneoirí maithe i gcónaí ag fiafrú díot: “cén chaoi go bhféadfainn an t-úrscéal nó an cnuasach gearrscéalta seo a fheabhsú?” Bíonn siad ag iarraidh go léifeá an saothar go géar agus go criticiúil agus moltaí a thabhairt dóibh.
fheabhsú improve
" Is é sin, in ionad an áit a fheabhsú, rinne an rialtas dochar don áit leis an fhorbairt amaideach atá déanta acu ansin.
fheabhsú improve
" Ach cad a tharlódh dá mba theach Dé Ioslamach é? Sin díreach atá beartaithe ag "Tionscnamh Córdoba", eagraíocht a bunaíodh chun an caidreamh idir Ioslamaigh agus pobal an Iarthair a fheabhsú agus a neartú.
fheabhsaigh improved
" Sin ráite, in ainneoin gur fheabhsaigh caighdeán saoil gach uile dhuine, d’fhan an bhearna idir na boicht agus an uasalaicme chomh leathan is a bhí sí riamh - ach tá an cheist sin fite fuaite le cúrsaí nach féidir a athrú thar oíche, nó le linn dhá thréimse uachtaránachta, fiú amháin.
fheabhsú to improve
" Ná dearmad go bhfuil straitéis fiche bliana againn, níl a leithéid i Nua-Bhrunsuic, deir sé go ndéanann chuile rannóg an méid is féidir leo as a stuaim féin chun an teanga Fraincise agus an tsaíocht a bhaineann léi a fheabhsú, ach níl aon straitéis chomhtháite amháin ann.
fheabhsaigh improved
" Cé gur chuir rialtas Pháirtí na nOibrithe faoi stiúir Lula deireadh le hocras agus cé gur fheabhsaigh caighdeán saoil an uile dhuine – de na bochtáin san áireamh – níor laghdaigh an bhearna ollmhór idir an saibhir agus an daibhir.
ag feabhsú improving
" Tá an scéal ag feabhsú sa nGalltacht, cinnte, ach is lochán tanaí é.
tháinig feabhas ar chúrsaí matters improved
" Ach tháinig feabhas ar chúrsaí de réir a chéile.
feabhsaithe improved
" Ocht mbliana tar éis dó theacht i gcumhacht tá caighdeán saoil gach uile dhuine sa Bhrasaíl feabhsaithe.
saol ag feabhsú life is improving
" An Ceardchumannachas ============ **SMM: An bhféadfá a rá go bhfuil mórán an rud céanna ag tarlú sna ceardchumainn sa mhéid go bhfuil an saol ag feabhsú, táimid ag dul i dtreo tionscal an eolais agus go bhfuilimid ag teacht anois chuig an gceardchumann a dtugtar an ‘white collar union’ air, cumainn ar nós Irish Chapel an NUJ agus Amicus (MSF) agus féach go raibh Roger Lyons (MSF) ag labhairt amach go láidir ag an BCTU, ag moladh tacú le Blair nuair a tháinig Blair chun cainte leo roimh ionradh na hIaráice?** SÓhU: Tá fadhb mhór i measc na gceardchumann, pé acu anso, nó sa Bhreatain, nó i dtíortha eile na hEorpa ach ní de bharr go bhfuil athrú ar an lucht oibre.
a chur chun feabhais to improve
" Nuair a d’imigh na Briotanaigh sna seascaidí, tháinig Julius Nyerere i gcumhacht agus thug sé faoin tír neamhspleách a chur chun feabhais, agus sin mar atá sa lá atá inniu ann.
fheabhsú to improve
" An bhféadfadh an eolaíocht cabhrú le teagasc na hiomána, le hiománaithe níos fearr a chruthú, le hiománaithe i gcontaetha laga a fheabhsú? Tá súil agam go rachaidh an CLG i dteagmháil le hAlexander go luath.
fheabhsú to improve
" Tá a chion féin déanta aige in imeacht na mblianta ar son eagraíochtaí carthanacha abhus agus thar lear, ag cuidiú leo riarachán feidhmiúil a chur ar bun lena seirbhísí a fheabhsú.
fheabhsú improve
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
dtiocfaidh feabhas air he’ll improve
" Dar leis an tréidlia, cé nach bhfuil an galar curtha de go hiomlán, tá Dustin níos láidre ann féin anois agus le cumhacht iontach an tsáile, chuile sheans go dtiocfaidh feabhas air ar ball.
feabhsú to improve (it)
" Má tá tú ag úsáid ceamara cliste, tá neart sásanna ar fáil a ligfeas duit do ghriangraif a dheasú is a feabhsú.
feabhas ar fheidhmiú na scamhóg improve lung performance
" Cuirfidh an druga nua seo feabhas ar fheidhmiú na scamhóg, déanfaidh sé laghdú ar an bhfilleadh is athfhilleadh de ghalair a bhaineann leis an bhfiobróis agus tabharfaidh sé caighdeán beatha níos fearr d’othair.
feabhas caighdéain an improved standard
" Ach ní hamháin go mbeidh feabhas caighdéain ann: tá meitheal eolaithe in Ollscoil Keiko tar éis comhéadán tadhlach a chruthú a ligfeas duit (mar a thuigimse) cartúin a chigilt.
bhfeabhsódh sé cúram sláinte he’d improve health care
" Bhí geallúintí tugtha ag Clinton go bhfeabhsódh sé cúram sláinte, go gcuirfeadh sé le líon na ndaoine a bhí i dteideal leasa shóisialaigh, go gcuirfeadh sé go mór le hinfheistíocht i gcruthú postanna agus go gcuirfeadh sé deireadh leis na neamhionannais a bhí cruthaithe le linn réimeas George Bush I.
Ní bhíonn feabhas i ndán things aren’t about to improve
" Ní bhíonn feabhas i ndán.
tiocfaidh rath agus bláth arís matters shall improve and bloom again
" , tá mé cinnte ar feadh bliana eile, ach le cuidiú Dé tiocfaidh rath agus bláth arís.
chun feabhas a chur ar so as to improve
" Theastaigh ó Rialtas Garret FitzGerald dhá reacht Eorpach nua a ghlacadh i 1986, agus rinne siad achainí ar Dháil Éireann glacadh le hAcht (Leasaithe) an Chomhphobail Eorpaigh (1986) chun feabhas a chur ar obair na n-institiúidí, mar aon le reacht slándála eile, Acht na hEorpa Aontaithe.
nár mhéadaigh rath dreamanna tábhachtacha eile other important groups’ lot didn’t improve
" Cén fáth ar cúitíodh an lucht airgeadais chomh flaithiúil seo, fad is nár mhéadaigh rath dreamanna tábhachtacha eile, ar nós innealtóirí, dochtúirí, nó múinteoirí? Gan amhras is earnáil fhíorthábhachtach í earnáil an airgeadais – is léir gur mó fás agus forbairt a thagann faoi thíortha a bhfuil córais mhaith airgeadais acu.
D’fheabhsaigh soiléire clarity improved
" D’fheabhsaigh soiléire agus mhéadaigh leithead na scáileán féin, agus an costas dá réir, ach an saibhride sinn an soiléire agus an leithead.
ag cur feabhais ar improving
" Ní dhéanfadh sé dochar ar bith do lucht na nGaelcholáistí dá mbeidís ag cur feabhais ar a gcuid foghraíochta, a bhíonns go hainnis ag cuid mhaith acu.
chun feabhais agus forbartha to improve and develop
" An turas seachas an ceann scríbe a mheallann an duine spóirt, an dúshlán laethúil chun feabhais agus forbartha.
bhfuil feabhas ag teacht improving
" Léaró Dóchais? ====== Tá seans go bhfuil feabhas ag teacht, diaidh ar ndiaidh, ar an scéal.