Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
imreas discord, quarrel
" Shéid Jimmy an fheadóg le deireadh a chur leis an gcluiche cúig nóiméad róluath! Is beag coinne a bhí aige féin, ná ag éinne eile, leis an raic agus leis an imreas a lean an dearmad simplí sin.
imreas strife, discord
" D'oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil.
imreas marfach deadly strife
" Ach ar an chéad lá de mhí Iúil, maraíodh Jameson Lockhart, an chéad duine a dúnmharaíodh ó bhí imreas marfach idir an dá ghrúpa bliain ó shin.
deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc an end to the strife which gave rise to the strike
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
imreas polaitiúil political discord
" É sin, nó baile buan a aimsiú dóibh (ar nós an Gréige, b’fhéidir) sa dóigh is nach gcuirfidh imreas polaitiúil smúit ar an ócáid iontach seo arís.
an t-imreas tumult
" Is fada ráite gur fearr an t-imreas ná an t-uaigneas.
ina ábhar imris a matter of contention
" Tá ceist an chiníochais mar a bhaineann sé le cúrsaí spóirt ina ábhar imris arís.
a bhfuil imreas géar inti which has an intense discord
" Cibé Pápa a thiocfaidh i ndiaidh Benedict beidh sé i gceannas ar Eaglais a bhfuil imreas géar inti.
imreas discord
" Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar leabhar Dhéaglán Uí Bhuaigh *This is Our Year* agus ar an imreas a d’eascair as.