Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
polasaithe in aghaidh trustaí anti-trust policies
" Rinneadh iarracht cuid cumhachta Berlusconi a laghdú le polasaithe in aghaidh trustaí ach níor éirigh le haon cheann de na hiarrachtaí sin go dtí seo.
ag snámh in aghaidh easa fighting a losing battle
" An bhfuilimid ag snámh in aghaidh easa.
in aghaidh an tsrutha against the tide
" Chuaigh siad beirt in aghaidh an tsrutha le saol agus aigne leathan a thabhairt dá mbeirt mhac.
in aghaidh coinbhinsin unconventional
" De réir an *New York Times*: "D'fhéadfadh an Irish Hunger Memorial atá á oscailt inniu ar Abhainn an Hudson in aice le rinn theas Manhattan a bheith ar comhchéim leis an Vietnam War Memorial i Washington, saothar poiblí ealaíne atá in aghaidh coinbhinsin, a mhúsclaíonn mothúcháin dhoimhne i ndaoine, a théann i bhfeidhm ar lucht féachana de gach cineál agus a mhéadaíonn ar thuiscint daoine ar céard go díreach ba cheart a bheith i gcuimhneachán poiblí.
snámh in aghaidh easa swimming against the tide
" De réir na tuarascála, "Report on the promotion and protection of the right to freedom of opinion and expression", tá mar a bheadh "libel chill" i bhfeidhm sa stát seo ar an ábhar go bhfeictear do na meáin gur snámh in aghaidh easa é cás clúmhillte a throid mar gur minic an giúiré claonta ina gcoinne.
in aghaidh na bliana each year
" Faoi láthair creideann National Newspapers of Ireland go n-íocann siad breis agus €10 milliun ar chásanna leabhail in aghaidh na bliana.
in aghaidh na hiomána against hurling
" Fadhb eile a fheiceann sé i mBaile Átha Cliath ná nach bhfuil cuid de na clubanna ag cur na hiomána chun cinn nó fiú ag caitheamh go féaráilte le lucht iomána acu féin ach a mhalairt, is é sin bíonn siad ag iarraidh iománaithe maithe a iompó ar an bpeil agus in aghaidh na hiomána.
ag snámh in aghaidh an easa swimming against the current
" B'fhéidir go bhfuiltear ag snámh in aghaidh an easa ar uairibh ach mura gcuirtear an síol ní baintear an fómhar.
in aghaidh an lae daily
" I bhformhór na dtíortha seo tá an fuath don "Coalition of the Willing" ag méadú in aghaidh an lae.
in aghaidh na sceimhlitheoireachta against terrorism
" Mhínigh sé chomh maith go raibh sé fíorthábhachtach go mbeadh an Spáinn páirteach sa chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta, mar b'in, dar leis, a bhí mar bhunús leis an ionsaí ar an Iaráic.
An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit Offences Against the State Act
" Mar shampla, chomh fada agus a bhaineann sé le cearta sibhialta agus polaitiúla, deir an Coimisiún go mbeidh siad ag scrúdú reachtaíochta ar leith ar nós An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit 1939-1998 agus An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) féachaint an sáraíonn sé cearta daonna.
in aghaidh an choilínithe against this colonization
" Ó na seascaidí, tá muintir Phapua Thiar ag déanamh iarrachta an fód a sheasamh in aghaidh an choilínithe seo.
in aghaidh coinbhinsiúin against convention
" Tá claonadh ag na Gréagaigh a bheith chomh mór céanna in aghaidh coinbhinsiúin agus chomh fáilteach is atá na hÉireannaigh, ach b'fhearr daoibh teacht anseo go bhfeice sibh féin na cosúlachtaí sin.
in aghaidh na hIaráice against Iraq
" I Feabhra 2003, thug breis agus 100,000 duine aghaidh ar na sráideanna lena míshásamh a léiriú le seasamh an rialtais i leith an chogaidh in aghaidh na hIaráice.
ag dul in aghaidh an aird going uphill
" Sna caogaidí, bhíodh innill gan mórán cumhachta ar an líne sin agus ba mhinic nach mbíodh ach luas 5 ciliméadar san uair fúthu ag dul in aghaidh an aird.
cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta war of terror
" Toisc go bhfuil dearmad déanta againn ar an mbrí atá le saoirse, agus toisc go bhfuil an 'cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta' i ndiaidh forlámhas a ghlacadh ar ár gclár náisiúnta, mionnaím go ndéanfaidh mé mo dhualgas agus go nglacfaidh mé seilbh in athuair ar mo thír féin.
an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta the war on terror
" Tá an bhéim sa tionscadal ar dhearcadh na nÉireannach ar 11 Meán Fómhair agus "an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta" a lean é.
in aghaidh an rúin against the motion
" Labhair an comhairleoir Kiron Reid in aghaidh an rúin.
in aghaidh na gceardchumann against the trade unions
" Cé go bhfuil drogall ar an sóisialaí nua i dTeach Laighean dul in aghaidh na gceardchumann, tá airgead (cé acu poiblí nó príobháideach) de dhíth ar an aerlíne don fhairsingiú, chun eitleáin nua, agus go háirithe eitléain nua fadraoin, a fháil (ar léas nó a cheannach).
an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta the war on terrorism
" Ar ndóigh is cóir an t-uafás sin a choinneáil i gcuimhne i gcónaí, cé gur smál ar an gcuimhne sin an míleas polaitiúil a baineadh as an gcuimhneachán i mbliana, nuair a cuireadh an cogadh in aghaidh na Naitsithe i gcomparáid leis an bhforghabháil impiriúil ar a dtugtar "an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta".
in aghaidh a thola against his will
" Is maith an rud é rogha gan dabht agus ní cóir go mbeadh brú as cuimse ar éinne spórt ar bith a imirt in aghaidh a thola.
in aghaidh na Naitsithe opposed to the Nazis
" Ach chuir sé in iúl dom go láidir fosta go raibh a lán Éireannach in aghaidh na Naitsithe.
Ghréasán Pobail in Aghaidh Foréigin Baile the Public Network Against Domestic Violence
" Seo iad na príomhimeachtaí agus na príomhsheirbhísí a chuirimid ar fáil: Clár ealaíon don óige Campaí samhraidh Féile bhliantúil Iris bhliantúil, *Pléaráca* Geamaireachtaí Clár imeachtaí do dhaoine fásta Turais eolais Cruinnithe eolais Imeachtaí sóisialta Seirbhís taistíl do dhaoine aosta chuig Ionad Lae Ros Muc agus Chamuis Seirbhís taistíl chuig síopaí an cheantair Dé hAoine i gCeantar Ros Muc Seirbhísí oifige – rúnaíocht, cur le chéile CVanna, fótócoipeáil agus facsáil Trealamh fuaime ar cíos Seirbhís leabharlainne agus cibearchaife Tacaíocht do choistí áitiúla atá ag plé le féilte agus imeachtaí áitiúla Páirteach sa Ghréasán Pobail in Aghaidh Foréigin Baile Tacaíocht do dhaoine homaighnéasacha agus a muintir 6.
in aghaidh taoide turasóirí against a tide of tourists
" Bhí mé in ann bheith ag spaisteoireacht timpeall gan a bheith ag troid in aghaidh taoide turasóirí! Tá tionscal na turasóireachta neamhfhorbartha go leor ann – mar shampla, níor tháinig an chéad eagrán de *Lonely Planet Slovenia *amach go dtí 2004! Bhíodh an brú óige inar fhan mé féin i Ljubljana ina phríosún míleata tráth, rud a chuireann stair chasta fhoréigneach an chuid sin den Eoraip i gcuimhne duit.
in aghaidh an Daoscarshlua Mhoslamaigh against the Muslim rabble
" An Ridire Ceartchreideamhach Críostaí ar chrosáid in aghaidh an Daoscarshlua Mhoslamaigh sa Bhoisnia, agus Eiricigh na Róimhe sa Chróit.
gcoireanna in aghaidh na daonnachta crimes against humanity
" Beidh lá fada ann go mbeidh an deis arís ag aon duine Ceann Stáit a chiontú i gcinedhíothú, i gcoireanna cogaidh, ná i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
ag cur in aghaidh an chórais opposing the system
" Thug Ronnie dúshlán dlíthiúil i gcoinne an choisc ar oideachas nuair a bhí sé i Hull i 1979 ach dúirt an gobharnóir leis nach raibh sé i dteideal a leithéid mar go raibh sé ag cur in aghaidh an chórais.
a chuir in aghaidh na gcumannach who opposed the communists
" Tháinig na cumannaigh i gcumhacht de bharr toghcháin mhímhacánta bheith eagraithe acu agus tugadh daoine a chuir in aghaidh na gcumannach chun trialach nó cuireadh chun báis iad.
an streachailt in aghaidh an fhaisisteachais the struggle against fascism
" Ach ní raibh Padaí críochnaithe leis an streachailt in aghaidh an fhaisisteachais agus nuair a fógraíodh an cogadh i 1939 chuaigh sé isteach san RAF.
in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá against America's foreign policies
" I Meiriceá Theas, is é sin, taobh istigh de limistéir cumhachta Mheiriceá féin, is creabhar ceart é Veiniséala agus a uachtarán, Hugo Chávez, atá glan in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá, ach atá ag soláthar 15% den ola a úsáideann an tír sin.
in aghaidh an dlí against the law
" Dúirt na póilíní leo go raibh sé in aghaidh an dlí éide a chaitheamh agus nuair a luaigh na ceoltóirí go raibh na dílseoirí i gcónaí gléasta in éide, chuir siad stad leosan fosta.
á n-ardú in aghaidh an lae being raised by the day
" Le Ben Dunne ag caint ar bhronntanais airgid sa bhreis ar an milliún punt a thug sé do Haughey sna hochtóidí, agus ceisteanna míchompordacha eile á n-ardú in aghaidh an lae ina choinne, ar deireadh ní raibh aon áit fágtha ag Haughey le dul i bhfolach.
gan dlíthe in aghaidh céasta without laws against torture
" Má ghabhtar thar lear iad, ní mór iad a choimeád thar lear, i dtíortha gan dlíthe in aghaidh céasta, más féidir, nó i bpríosúin ar thalamh neamhchinnte, mar Chuan Guantánamo i gCúba, mar shampla.
in aghaidh mholadh an uachtaráin against the president's proposal
" Muna bhfuil polaiteoirí Mheiriceá sásta seasamh in aghaidh mholadh an uachtaráin, ámh, tá an t-arm féin ag seasamh go láidir in aghaidh athruithe ar bith.
ag méadú in aghaidh na bliana increasing by the year
" Is dócha go bhfuil níos mó ná tríocha míle páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna na tíre faoi láthair agus an uimhir seo ag méadú in aghaidh na bliana.
in aghaidh rialtais reatha against a current government
" Bíonn claonadh ag an phobal vóta a chaitheamh in aghaidh rialtais reatha go háirithe ceann atá ann rófhada.
in aghaidh póstaí aeracha, against gay marriages,
" Síleann go leor nár sheas rialtas Bush láidir go leor in aghaidh póstaí aeracha, a cheadaigh Ard-Chúirt Nua-Gheirsí le déanaí.
in aghaidh gach milliún duine per one million people
" Bíonn timpeall 100 bás in aghaidh gach milliún duine ar bhóithre na hÉireann gach bliain.
in aghaidh an chogaidh against the war
" “Tá mé ag máirseáil in aghaidh an chogaidh san Iaráic,” a dúirt sí.
in aghaidh na bhfaisisteach against the fascists
" I m’alt, rinne mé cur síos ar an charachtar seo, a throid in aghaidh na nDúchrónach, na *Freestaters*, na faisistigh sa Spáinn agus, mar bhall den RAF, in aghaidh na bhfaisisteach sa Dara Cogadh Domhanda fosta.
in aghaidh na nDúchrónach, against the Black and Tans,
" I m’alt, rinne mé cur síos ar an charachtar seo, a throid in aghaidh na nDúchrónach, na *Freestaters*, na faisistigh sa Spáinn agus, mar bhall den RAF, in aghaidh na bhfaisisteach sa Dara Cogadh Domhanda fosta.
in aghaidh an choisc. against the ban.
" Tá lucht an tobac an-láidir mar bhrúghrúpa sa nGearmáin, áfach, agus tá siad ag troid go fíochmhar in aghaidh an choisc.
in aghaidh an bhunreachta, against the constitution,
" Tá sé á mhaíomh ag lucht an tobac sa nGearmáin go mbeadh a leithéid de chosc in aghaidh an bhunreachta, go mbeadh an rialtas ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, go rachadh tithe tábhairne as gnó agus go gcaillfí na mílte post de dheasca an choisc.
Tar éis feachtais in aghaidh an tionscadail seo, after a campaign against this project,
" Tar éis feachtais in aghaidh an tionscadail seo, díoladh an stiúideo i mí Iúil 2006 le triúr fear gnó áitiúil – Steve Macfarlane, Gary Millar agus Tom Lang – a raibh baint acu leis an áit agus, buíochas le Dia, tá sé fós ag feidhmiú mar láthair cheoil.
camchuairt in aghaidh an chiníochais. an anti-racism tour.
" Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah! “Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais.
ag snámh in aghaidh na taoide swimming against the tide
" Tá a fhios agam go raibh mé féin páirteach sa tonn sin, ach bhraith mé go raibh mé ag snámh in aghaidh na taoide amanntaí! Rud eile a chuir as dom faoin gceantar ná an damáiste atá á dhéanamh don dúlra.
leis an fhód a sheasamh in aghaidh an namhad. to take a stand against the enemy.
" Cé nach raibh muid inár mbaill den SWP (Socialist Workers Party) agus nár réitigh *Trotskyists* le Colin, bhíodh muid i láthair leis an fhód a sheasamh in aghaidh an namhad.
gníomhach san fheachtas in aghaidh an chogaidh in Éirinn active in the campaign against the war in Ireland
" Bhí díomá air nach raibh níos mó daoine de chuid na heite clé gníomhach san fheachtas in aghaidh an chogaidh in Éirinn agus bhí sé ar aon intinn le Seamus Costello (1939-1977) nuair a mhol seisean “Broad Front” ag comhdháil an TOM i mí Mheán Fómhair 1976.
go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, that she would stand against the Prime Minister,
" Maidir leis an toghchán náisiúnta, is fada uainn fós é ach cuireadh cor deas sa scéal nuair a d’fhógair Maxine McKew, a bhí ina hiriseoir teilifíse leis an ABC go dtí le gairid, go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, John Howard, ina shuíochán i Sydney.
seasamh in aghaidh an rialtais fheidearálaigh. stand against the federal government.
" Anois agus an rialtas feidearálach i bhfad níos láidre agus níos tábhachtaí ná rialtais na stát féin, deir daoine áirithe gur cheart scor leis an smaoineamh go bhféadfadh stát ar bith seasamh in aghaidh an rialtais fheidearálaigh.
in aghaidh chéasadh príosúnach against the torture of prisoners
" Ba é McCain an t-aon duine a labhair amach in aghaidh chéasadh príosúnach agus ba eisean an t-aon duine nach bhfuair bualadh bos ón lucht éisteachta.
in aghaidh na nIodálach. against the Italians.
" Ach d’imir siad go maith, agus níor chuir siad náire ar dhuine ar bith, murarbh ionann agus Manchester United nuair a d’imir siadsan in aghaidh na nIodálach.
in aghaidh an tsuíocháin per seat
" Bíonn scairdeitleáin mhóra níos éifeachtúla ná scairdeitleáin bheaga mar go mbíonn níos lú breosla in aghaidh an tsuíocháin i gceist sna cinn mhóra.
in aghaidh foirne against a team
" De ghnáth, tosaíonn na foirne mór le rá le cluiche éasca nó dhó, in aghaidh foirne lasmuigh den sraithchomórtas.
glan in aghaidh na reachtaíochta nua seo. totally against this new legislation.
" “Australian Workplace Agreements (AWAs)” a thugtar ar an gcóras nua, agus mar a bheifeá ag súil, bhí na ceardchumainn glan in aghaidh na reachtaíochta nua seo.
bainfidh Poblacht na hÉireann a deich in aghaidh a náid. Ireland will win 10-0
" I dtreo dheireadh na míosa, beidh cluiche acu in éadan fhoireann na hAirgintíne agus bainfidh Poblacht na hÉireann a deich in aghaidh a náid.
gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha that Poland would go against the treaty
" Agus comhráite ar siúl le déanaí chun conradh a chur le chéile a fheidhmeodh in ionad an Bhunreachta Eorpaigh nár éirigh leis, ba í an Pholainn an t-aon tír amháin a chothaigh trioblóid nuair a mhaígh PiS go gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha mar nach raibh siad sásta le gné amháin de.
in aghaidh na seachtaine. per week
" Dá ndéanfaí de réir an phróisis, bheadh ar an aire an córas céanna a úsáid le haghaidh eisiúint an chiorcláin inar ordaíodh go mbeadh ar ghaelscoileanna dhá uair an chloig go leith de cheachtanna Béarla a theagasc in aghaidh na seachtaine.
agus in aghaidh and against
" Bhí sé de phribhléid agus d’onóir agam imirt in éineacht le - agus in aghaidh - Mick Holden, a cailleadh ar an 26 Meán Fómhair.
Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta He opposes general consensus
" Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta agus i gcoinne dioscúrsa atá san fhaisean.
in aghaidh an tráchta against the traffic
" Bíonn scéalta ag beagnach gach tiománaí faoi dhaoine ag rothaíocht in aghaidh an tráchta agus iad amuigh ar shráid aontreo.
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, he cannot submit an appeal against the decision to an independent bord,
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí for or against the latest ammended treaty
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
ar son nó in aghaidh na cáipéise ríthábhachtaí for or against this really important document
" Óir is comhartha den easpa daonlathais atá san Aontas Eorpaigh nach mbeidh deis ag pobal na mballstát eile vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na cáipéise ríthábhachtaí seo.
glan in aghaidh na hinimirce totally opposed to immigration
" Ní ba dhéanaí, bhunaigh sí an páirtí polaitíochta One Nation, a bhí glan in aghaidh na hinimirce ón Áise, agus in olltoghchán na bliana 1998 fuair an páirtí beagnach naoi faoin gcéad den vóta náisiúnta.
in aghaidh an ghalair crúibe agus béil. against foot and mouth disease.
" Tá ar fheirmeoirí na tíre seo caighdeáin an-ard a chomhlíonadh maidir le hinrianaitheacht ainmhithe agus cosaint a chur ar fáil in aghaidh an ghalair crúibe agus béil.
maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar as regards the traceability of cattle and protection against disease
" ” Chomh maith leis sin, mar gheall ar go ndealraíonn sé go bhfuil na caighdeáin maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar easnamhach sa Bhrasaíl, d’fhéadfadh ainmhithe de chuid na tíre sin a bheith ina mbagairt do bheostoc Eorpach.
trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana to produce three shows per year
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
in aghaidh an dalta. per pupil.
" ’ Agus bheadh siad sásta €20 a íoc as in aghaidh an dalta.
go láidir in aghaidh an chleachtais strongly against the practice
" Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go láidir in aghaidh an chleachtais in 1890, agus chuir an eaglais deireadh leis sa bhliain chéanna.
in aghaidh foirne áitiúla against a local team
" Bhí na buachaillí – aon duine dhéag acu a bhí idir trí bliana déag agus seacht mbliana déag d’aois – tar éis cluiche sacair a imirt in aghaidh foirne áitiúla.
in aghaidh an ghalúin. per gallon
" Síleann a cuid cairde go bhfuil sí as a meabhair, ach tá a fhios aici go n-athróidh siad a bport nuair a ardófar praghas an pheitril go $8 in aghaidh an ghalúin.
mílte in aghaidh an ghalúin miles per gallon
" Is éard atá ann ná go léirítear sonraí maidir le hinniúlacht MPG (mílte in aghaidh an ghalúin) na gcarranna go soiléir, is é sin, chomh tíosach is atá siad ar an mótarbhealach agus sa chathair.
in aghaidh na leasuithe seo against these reforms
" Ba í an cheist ba mhó a bhí i mbéal cheannairí na hEorpa tar éis an reifrinn ná cén fáth a raibh muintir na hÉireann in aghaidh na leasuithe seo? Baineann cuid den fhreagra leis an tír seo agus leis an fheachtas, agus an chuid eile leis an Aontas Eorpach féin.
an feachtas in aghaidh an Chonartha the campaign against the Treaty
" Is cinnte go raibh an feachtas in aghaidh an Chonartha fíoréifeachtach.
glan in aghaidh totally against
" Chomh maith le sin, bhí an freasúra, Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, glan in aghaidh an ionraidh de bharr nach raibh sé údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe.
mar chosaint in aghaidh ghaineamh na trá. as protection against the sand of the beach
" Deirtear gur thóg na hóstáin é sa naoú haois déag mar chosaint in aghaidh ghaineamh na trá.
in aghaidh an tí. against the house
" Anseo agus ansiúd bhí grúpaí cruinnithe timpeall bhord *roulette*, agus ar imeall an aicsin bhí boird do chluichí "fiche a haon" agus *Poker* in aghaidh an tí.
achomharc in aghaidh cinntí appeal against decisions
" Mar thoradh ar an bpolasaí seo, ní raibh na teifigh in inmhe achomharc in aghaidh cinntí a dhéanamh trí chúirteanna na hAstráile.
in aghaidh an turais per journey
" Roimhe seo, cheannaíteá leabhrán ticéad agus d’úsáidteá ticéad amháin in aghaidh an turais.
ag troid in aghaidh na hailse inchinne fighting against brain cancer
" Chomh maith le scannán faisnéise a thaispeáint a rinne an scannánaí clúiteach Ken Burns faoin Seanadóir Ted Kennedy, labhair Kennedy é féin ag an gcoinbhinsiún, in ainneoin go bhfuil sé ag troid in aghaidh na hailse inchinne.
sa snámh in aghaidh easa swimming against the tide
" Samhlaítear do Bhalor go mbeadh cleachtadh maith ag iomaitheoirí na hÉireann sa snámh in aghaidh easa, nó is é sin atá ar siúl againn le blianta fada.
in aghaidh an lae, per day
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
in aghaidh an ghinmhillte against abortion
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
in aghaidh thoil na nIarácach, against the will of the Iraqis
" Más ceadmhach don tSeoirsia páirt a ghlacadh i bhforghabháil neamhdhleathach na hIaráice in aghaidh thoil na nIarácach, cad chuige nach mbeadh cead ag an Rúis a bheith san Óiséit Theas, áit a gcuirtear fáilte mhór roimpi? Rud eile nár luaigh na meáin ná an tslí ar tháinig Mikheil Saakashvili, dlíodóir a fuair a chuid oideachais in Harvard, i gcumhacht sa tSeoirsia.
in aghaidh na caimiléireachta against corruption
" Cé gur labhair Saakashvili amach in aghaidh na caimiléireachta, thug sé postanna brabúsacha dá mhuintir agus dá chairde.
An snámh in aghaidh easa the uphill struggle
" An snámh in aghaidh easa Ach ní raibh an scéal amhlaidh i gcónaí i Meiriceá agus ba mhall agus ba go drogallach a d’athraigh meon an phobail.
cur in aghaidh to oppose
" Tá an traidisiún seo le feiceáil i réimse na haislinge nuair a shamhlaíonn an file gur bean óg í Éire atá ag iarraidh an pobal a mhúscailt le cur in aghaidh an chos ar bolg.
in aghaidh against
" Agus na léirsithe in aghaidh la vie chère a chonachtas le roinnt seachtainí anuas i Martainíc agus i nGuadalúip ar éigean thart, is léir go bhfuil na seirbhísí póilíneachta san airdeall ar aon chorraíl shibhialta.
glan in aghaidh totally opposed
" Giúdaigh an Fhrith-Shíónachais Mar aon le Giúdaigh shaolta frith-Shíónach ar nós Finkelstein, Noam Chomsky agus Israel Shahak, tagraíonn Gates do ghrúpa Giúdach for-Cheartchreidmheach atá glan in aghaidh an tSíónachais.
in aghaidh against
" Ceaptar go bhfuil trálaeir iascaireachta ó thíortha ar fud an domhain ag goid os cionn $300 milliún in aghaidh na bliana ó thír atá beo bocht, ina bhfuil go leor den daonra ag brath go mór ar an iascach.
in aghaidh na mbuaiteoirí against the winners
" Má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i nGaillimh, beidh muid ag dul san iomaíocht in aghaidh na mbuaiteoirí, as na contaethe eile i gConnachta, agus má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i gConnachta, beidh muid ag glacadh páirt i gCraobh na hÉireann le buaiteoirí na gcúigí eile.
in aghaidh na bliana per annum
" Cás Jane Harman is ea an sampla is déanaí den ‘chairdeas’ atá ag Iosraeligh don tír a thugann $3 billiúin in aghaidh na bliana agus go leor peorcaisí eile nach é dóibh.
Snámh in Aghaidh an Lín swimming against the net
" Snámh in Aghaidh an Lín Thug ceannairí na nuachtán faoi deara go gasta nach mairfeadh a ngnónna gan suíomh idirlín a chur ar bun a bheadh ar siúl san am chéanna.
in aghaidh against
" Líonaim isteach an lár ansin, le go mbeidh uimhir in aghaidh chuile dhuine.
in aghaidh an lae by the day
" 6 billiún anuraidh agus tá tionscal easpórtáil an oideachais ag méadú in aghaidh an lae le blianta anuas.
duine in aghaidh man against
" Nuair a smaoiním ar an fhuacht mharfach agus ar dhorchadas an gheimhridh, smaoiním i gcónaí ar na daoine a mhair fadó, i bhfad roimh ré an téimh lárnaigh! Tráth nach raibh tithe ann ar chor ar bith, tráth nach raibh ann ach an duine in aghaidh na ndúl.
in aghaidh opposed to
" Ní tírghráthóir a bhí ann, ach fear a bhí glan in aghaidh shaíocht agus theanga na nGael.
in aghaidh against
" Nach aisteach an bhliain a bhí i 2009? Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Barack Obama as a chuid focal deas i gCairo, fad is a bhí sé ag géarú ar an gcogadh in aghaidh na Moslamach san Afganastáin agus sa Phacastáin.
ag snámh in aghaidh easa going uphill
" Má sheasann siad in aghaidh na reachtaíochta, beidh siad ag snámh in aghaidh easa, agus tuairimí an phobail go mór ar son srianta ar ghnó.