Pota Focal Intergaelic
iar | ina | ionar | aniar | ian
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inar sáraíodh an Comhaontú in which the Agreement was violated
" Fuadach agus dúnmharú ======= Ag amharc siar ar na heachtraí inar sáraíodh an Comhaontú, tá fuadach agus achan ghrád foréigin suas go dtí an dúnmharú curtha i leith na bpoblachtánach.
an bhliain inar scoir na Sealadaigh the year in which the Provisionals disbanded
" An é 2005, mar sin, a luafar sna leabhair staire mar an bhliain inar scoir na Sealadaigh? Is é an fhírinne go bhfuil freagra na ceiste seo ag brath i bhfad níos mó ar iar-Aire Thuaisceart Éireann, Paul Murphy, agus ar a cheapadh le gairid mar chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine, ná mar atá sé ag brath ar a ndeir nó a ndéanann an tUasal Hain.
inar thuar sí in which she predicted
" Go deimhin, scríobh sí tuarascáil i mí na Nollag 2004 inar thuar sí go dtarlódh rud éigin uafásach sa cheantar roimh i bhfad muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin.
inar dúradh in which it was said
" Foilsíodh tuarascáil eile le gairid inar dúradh go bhfaigheann 70% de dhúchasaigh bás sula mbíonn siad 65 i gcomparáid le 20% den phobal geal.
inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin in which he coveted the leadership of his own party
" Stuacach agus ceanndána, áfach, agus a bhreithiúnas lochtach i dtaca leis an láimhseáil a rinne sé ar an chonspóid faoi Chás A agus sa dóigh inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin ag am míchuí.
inar chuir sé síos ar a mhíshuaimhneas faoina mhisean in which he described his unease about his mission
" Duine de na saighdiúirí a maraíodh san Afganastáin le déanaí ná Anthony Boneca, ógfhear ó Thunder Bay, Ontario, a bhí i ndiaidh teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh chuig uncail leis, teachtaireachtaí inar chuir sé síos ar a mhíshuaimhneas faoina mhisean agus faoin easpa traenála a bhí faighte aige.
inar deisíodh agus inar tógadh báid. where boats were repaired and built.
" In áit na lonnaíochta bige iascaireachta, bhí ceardlanna ann anois inar deisíodh agus inar tógadh báid.
inar taispeánadh buaicphointí ó chluichí sacair na Spáinne. in which highlights of Spanish soceer was shown.
" Ach ansin fuair siad a gcéad mhórchonradh: sraith dar teideal “Olé Olé” inar taispeánadh buaicphointí ó chluichí sacair na Spáinne.
inar fógraíodh athruithe in which changes were announced
" De bharr na gceisteanna dlíthiúla seo, is doiligh a mheas cén stádas atá ag an chiorclán a d’eisigh an tAire Oideachais i mí Iúil 2007, inar fógraíodh athruithe ar an luath-thumoideachas.
ráiteas inar chuir sé i leith Myers a statement in which he accussed Myers
" Higgins ráiteas inar chuir sé i leith Myers gur chiníochaí a bhí ann tar éis do Myers alt achrannach ar chúrsaí inimirce a scríobh an lá roimh ré.
inar nochtaigh 52 faoin gcéad in which 52 per cent revealed
" Foilsíodh pobalbhreith seachtain tar éis an olltoghcháin, áfach, inar nochtaigh 52 faoin gcéad de na rannpháirtithe gurbh é ba chúis le téip an rialtais choimeádaigh ná dlíthe nua maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch.
inar taispeánadh mé in which I was shown
" Bhí radharc amháin sa chlár inar taispeánadh mé i m’aonar i mo shuanlann uaigneach chónaithe.
inar taispeánadh damhsóirí ón am a chuaigh thart. in which dancers from the past were shown.
" D'úsáid sé míreanna ó seanscannáin inar taispeánadh damhsóirí ón am a chuaigh thart.
inar mhaígh sé in which he claimed
" Bunaíodh Ciste Fiadhúlra an Domhain ar an 11 Meán Fómhair 1961 i ndiaidh do Sir Julian Huxley sraith alt a scríobh sa nuachtán *The Observer *inar mhaígh sé go raibh fiadhúlra na hAfraice go mór i mbaol.
inar gortaíodh in which were injured
" Rinneadh ionsaithe buama ar Paddy’s Pub agus an Club Sari inar maraíodh 202 duine as 22 tír éagsúil, agus inar gortaíodh na céadta eile, cuid acu dóite go dona.
inar cuireadh é where he was buried
" Tá scannán beag ag deireadh an taispeantáis dírithe ar an turas deireanach a rinne Shackelton, go South Georgia i 1921, áit a bhfuair sé bás go tobann le taom croí agus an áit inar cuireadh é.
inar féidir le duine where one can
" ‘An baile inar féidir le duine éirí tanaí’, an mana atá ag Brides-les-Bains agus is fíor go bhfeictear go fóill céatadán ard daoine atá tar éis titim chun feola timpeall an bhaile agus é mar sprioc acu cuid den mheáchan sin a chailliúint.
don tslí inar caitheadh anuas orthu in how they were mistreated
" Mar a bheifeá ag dúil leis, tá tagairtí i leabhar seo Mary Warde don tslí ina ndearnadh leatrom ar an Lucht Siúil san am atá thart agus don tslí inar caitheadh anuas orthu.
inar fuineadh is inar fáisceadh in which he was reared
" Is damnú é *‘The Tree of Life’* ar luacha na sochaí inar fuineadh is inar fáisceadh Terrence Malick.
an tslí inar how
" Spéisiúil go maith is é Jose Rivera a chomhoibrigh le Salles ar na Diaries, scannán a d’inis scéal an réabhlóidí Ernesto Che Guevara – fear a raibh fuil Ghaelach ann ar ndóigh – go háirithe an tslí inar músclaíodh fealsúnacht réabhlóideach Che agus é ar turas fada gluaisrothair trí Mheiriceá Theas sna caogaidí.
inar leagadh síos was set out
" Chuir an tOmbudsman dréachtscéim 2009-11 faoi bhráid an Aire Éamon Ó Cuív i Nollaig 2008 inar leagadh síos na seirbhísí a chuirfeadh a Oifig ar fáil do chainteoirí Gaeilge mar aon leis na hacmhainní a chuirfí ar leataobh don chúram seo.
le linn na tréimhse inar during the period when
" Is léir nach dtarlódh a leithéid mura raibh an Ghaeilge i bhfeidhm go forleathan abhus le linn na tréimhse inar tháinig canúint uathúil na tíre seo ar an bhfód.
i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach in an area that an innumerable number of victims were murder
" Comhairle fhrith-Chaitliceach agus é bródúil as, ábhar ceiliúrtha acu i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach le linn na dTrioblóidí.
inar scaipeadh an Chríostaíocht where Christianity spread
" Bhí an Damaisc ar na chéad cheantair inar scaipeadh an Chríostaíocht.
inar buaileadh cloigeann an fhir óig in which the young man’s head was stroke
" B’ionsaí mearchiallach brúidiúil é inar buaileadh cloigeann an fhir óig seacht n-uaire déag le tua.
inar moladh leas a bhaint aisti in which it advised its use
" Sa bhliain 1931, eisíodh meamram, Spelling of Irish in Official Documents, lenar cuireadh stíl na Rannóige in iúl don státseirbhís agus inar moladh leas a bhaint aisti.
inar cuimsíodh an t-ábhar which included the material
" Atheagrán 1958 ======= I 1953, foilsíodh Gramadach na Gaeilge – Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin agus atheagrán i 1958 inar cuimsíodh an t-ábhar faoi chúrsaí litrithe agus faoi chúrsaí gramadaí, Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge.
inar caitheadh coirp beirt bhall foirne where the bodies of two staff members were deposited
" Deir daoine eile gur scéith a mháthair, Margaret, eolas chuig na húdaráis faoin láthair i Loch Measca inar caitheadh coirp beirt bhall foirne le tiarna talún a chuaigh ar iarraidh go gairid roimhe sin.
inar admhaigh siad in which they admitted
" Thug beirt acu ráitis shínithe sular cuireadh chun báis iad inar admhaigh siad go raibh páirt acu san eachtra ach nach raibh Maolra Seoighe ciontach.
inar caitheadh iad into which they were thrown
" Go maire siad sin agus nára fada an lá go bhfeice sinn faoi rath is faoi shíocháin ina dtír féin iad in ionad a bheith sna campaí inar caitheadh iad le dhá ghlúin anuas agus pobal an domhain ag déanamh neamhairde de scéal a ndíbeartha, dá ngéibheann is dá marú lá i ndiaidh lae.
inar tógadh sibh were you reared
" **CF: Cén chuid den chathair inar tógadh sibh?** CAB: Bhíomar i nDún Laoghaire sa Cábán tSíle.
inar leagadh síos which stipulated
" Tugadh an reachtaíocht isteach inar leagadh síos go bhfágfaí na teorainneacha mar a bhí, gan aon athrú.
inar cuireadh a mháthair in which his mother was buried
" An tAthadhlacadh ======== Cuireadh na taisí an lá dár gcionn in Greta, baile fearainn in aice le Wangaratta, sa reilig chéanna inar cuireadh a mháthair agus a mhuintir.
Tugadh an-aird ar an eachtra inar an incident was really noticed whereby
" Tugadh an-aird ar an eachtra inar chaith an t-imreoir rugbaí, Jerome Fillol, de chuid Stade Francais, seile ar Pheter Stringer, iarimreoir de chuid na Mumhan agus na hÉireann, agus é ag imirt le foireann rugbaí Bath.
léite sna canúintí inar chum na filí iad read in the dialects the poets composed them
" Mar go bhfuil na dánta léite sna canúintí inar chum na filí iad ar na físeáin ann, tugtar na dánta chun beochtana – PoetryBeo.
inar maraíodh daoine aitheanta acu in which well known people were killed
" Bhíodh fearg orthu gach uair a chloisfidís faoi ionsuithe gunna, go háirithe ionsaí uafásach Newtown, baile gar go leor don champas chomh maith, inar maraíodh daoine aitheanta acu.
inar maraíodh suas le ceathrú milliúin in which up to a quarter million (Guatamalans) were killed
" Mar thoradh ar an coup d’état seo, cuireadh tús le cogadh cathartha i nGuatamala a mhair ó 1960 go 1996 inar maraíodh suas le ceathrú milliúin Guatamalach.
inar thug sé dúshlán in which he challenged
" Tá na téamaí thuasluaite cíortha aige i scannáin ar nós Benny’s Video agus Das Weisse Band (An Ribín Bán) agus Caché (I bhFolach), scannáin inar thug sé dúshlán an dearcaidh iar-nua-aoisigh liobrálaigh sin, an meon coibhneasta atá le sonrú inniu ar fud na sochaí agus ar gach gné den saol comhaimseartha.
inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach in which the representatives were elected democratically
" Is cuid den córas parlaiminte sa stát seo, go bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh ar Theachtaí Dála, vótáil do réir mar a shocraíonn an rialtas, fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh geallúintí a tugadh don phobal sa toghchán inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach! Reachtaíocht Lochtach ========= Is í mo thuairimse gur reachtaíocht lochtach atá sa Bhille faoin nginmhilleadh, ar ghlac tithe an Oireachtais leis roimh bhriseadh an tsamhraidh.
inar ghlac daoine nach aisteoirí iad wherein none actors played
" Ba léir, áfach, nach maith le gach duine an saghas seo scannánaíochta ón méid daoine a shiúil amach as an scannán impriseanaíoch Cambódach-Astrálach Ruin, scéal léanmhar grá inar ghlac daoine nach aisteoirí iad na príomhróil.
inar sainmhíníodh pósadh in which marriage was defined
" Ritheadh an tAcht Pósta sa pharlaimint náisiúnta sa bhliain 1961 inar sainmhíníodh pósadh mar ‘the union between a man and a woman’.
inar léímeadh thar chóras deasca láithreach where the desk system was surpassed immediately
" Tá áiteanna ar domhan inar léímeadh thar chóras deasca láithreach chuig uirlisí soghluaiste.
inar cailleadh na mílte Astrálach in which thousands of Australians died
" Aisteach le rá, níl aon tagairt inti do chogadh amháin inar cailleadh na mílte Astrálach agus a mhair breis is céad bliain – Cogadh na Teorann.
an mbothán inar tógadh iad the shanty where they were raised
" Agus iad ag fás aníos agus ag teacht in inmhe, ba ghnáth le deartháireacha Uí Chathasaigh a bheith ag dreapadh an tsléibhe in aice leis an mbothán inar tógadh iad nó ag rámhaíocht ar Abhainn na Snaidhme arb í an bealach ba ghaire taistil a bhí acu idir an baile, Bealach, agus An tSnaidhm, an baile ba ghaire dóibh.
an bealach inar chaith Rialtas na linne sin how the gov. of that time threw
" Ní cadhain aonair an Rialtas reatha gan amhras mar gheall go dtugann cáipéisí stáit 30 bliain ó shin le tuiscint go glinn an bealach inar chaith Rialtas na linne sin beartas cuimsitheach i leith cur chun cinn na Gaeilge i gcártaí, beartas a raibh cosúlachtaí láidre ann le Straitéis 20 Bliain an lae inniu.
inar léirigh na rannpháirtithe in which the participants showed
" Cáinaisnéis Bunaithe ar Bhréaga ============ Ba léir láithreach go raibh dul amú ar an bPríomh-Aire agus ar an Aire nuair a foilsíodh pobalbhreitheanna go díreach i ndiaidh fhógairt na cáinaisnéise inar léirigh na rannpháirtithe míshástacht shuntasach le bearta an rialtais.
inar socraíodh in which it was accepted
" Tar éis feachtas fíoreagraithe, d’éirigh le Conradh na Gaeilge, brú a chur ar Sheanad na hOllscoile nuabhunaithe glacadh le rún, inar socraíodh go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de na hábhair riachtanacha le fáil isteach san Ollscoil, do dhaoine a rugadh in Éirinn.
inar díshealbhaíodh go leor tionóntaí where many tenants were evicted
" Thug Liz Curtis cuairt ar cheantar in Albain inar díshealbhaíodh go leor tionóntaí sa seachtú agus san ochtú haois déag.
inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh the judges refused the argument
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.