Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inchreidteacht suímh the creditibility of a site
" Ach an féidir brath ar an eolas sin? Agus conas is féidir inchreidteacht suímh a mheas? Tuairiscíonn an comhlacht Amárach Consulting go bhfuil daoine in Éirinn fós go mór in amhras faoi shlándáil ar an idirlíon - ábhar atá ag brath go mór ar mhuinín agus ar inchreidteacht.
inchreidteacht credibility
" Anuas ar na scéalta suaracha seo, creidim go bhfuil sraith de scéalta bréagacha a foilsíodh ar na mallaibh ag cur inchreidteacht na nuachtán i mbaol.
inchreidteacht sráide street cred
" Agus thuig mé an fáth go raibh an balla ann: chun inchreidteacht sráide a thabhairt don áit agus do chuid éadaí The North Face.
easpa inchreidteachta lack of credibility
" Suíomhanna idirghníomhacha iad den chuid is mó ach in amanna bíonn easpa inchreidteachta acu, de cheal córas ceart leis an eolas a phromhadh.
inchreidteacht credibility
" Murab ionann agus leithéidí *Mary Poppins* nó *Singing in the Rain* - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair.
go raibh pioc inchreidteachta ag baint leis that it was in any way believable
" Má shíleann tú go bhfuil cuma aisteach nó dhochreidte ar an scéal seo, níor shíl muintir áit dhúchais Smith go raibh pioc inchreidteachta ag baint leis ag an am ach an oiread.
inchreidteacht credibility
" Deir go leor daoine a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, áfach, go bhfuil an scéal seo róshimplí agus bréagach.
inchreidteacht credibility
" Is léir go bhfuil inchreidteacht á cailleadh ag páirtí Gerry Adams, go háirithe i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite.
inchreidteacht credibilty
" Ach más fíor go bhfuil cúrsaí chomh tromchúiseach sin, cén fáth nach bhfuil a fhios ag an saol mór faoi scéal fírinneach CFD? Cad chuige nach bhfuil an scéal scannalach seo scaipthe go forleathan ag na meáin? Bhuel, tá scéal rúnda CFD scríofa ag beirt iriseoirí a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, ach tabhair faoi deara céard a tharla dóibhsean.
inchreidteacht plausibility
" Éiríonn le Ó Dubháin inchreidteacht agus doimhne an charachtair a thabhairt slán go háirithe agus é i lár argóna faoi chúrsaí grá lena pháirtí, Nuala.
hinchreidteacht plausibility
" Creideann Kiarostami go gcuireann a stíl le hinchreidteacht agus le fírinne an scannáin, agus gur lú an cur i géill atá ar siúl aige dá bharr.
buille breise d'inchreidteacht an extra blow to the credibility
" Díol spéise sa chomhthéacs sin é tuairim an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go dtugtar buille breise d'inchreidteacht na Gaeilge mar theanga phobail gach uair a dhiúltaítear an deis don phobal a dteanga dhúchais a roghnú agus iad i mbun cumarsáide leis an státchóras.
i dtaca le hinchreidteacht in regard to credence
" Cliseadh an Chúisimh ========= Thug an breitheamh, Dean Mildren, treoracha soiléire don choiste i dtaca le hinchreidteacht – nó easpa inchreidteachta - an phríomhfhinné, Mc Laughlin.
easpa inchreidteachta lack of credence
" Cliseadh an Chúisimh ========= Thug an breitheamh, Dean Mildren, treoracha soiléire don choiste i dtaca le hinchreidteacht – nó easpa inchreidteachta - an phríomhfhinné, Mc Laughlin.