Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ardú suntasach a noticeable increase
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
ag méadú increasing
" Tá líon na nGaelscoileanna agus líon na ndaltaí sna scoileanna sin ag méadú gach bliain; ar an taobh eile den scéal, áfach, bheadh sé deacair teacht ar bhunscoil Ghaeltachta arb í an Ghaeilge teanga chumarsáide fhormhór na bpáistí sa chlós imeartha.
méadú suntasach a remarkable/noticeable increase
" Grianghraf: Matt Turner Tá méadú suntasach tagtha ar tháirgeadh fíona sa tír le tamall de bhlianta anuas.
méadú increase
" Léiríonn an méadú atá ag teacht ar líon na gcomharthaí Gaeilge sa chathair é sin.
Maoiniú méadaithe increased funding
méadú as cuimse a huge increase
" Is léir mar sin go bhfuil méadú as cuimse le teacht ar an WAP agus ar an teicneolaíocht neamhshreangaithe.
ag méadú increasing
" Beidh tú i measc do chairde Ceilteacha go léir - 500,000 acu a d'fhreastail ar imeachtaí FIL 2000 agus an líon sin ag méadú i gcónaí.
méadaithe increased
" An fhoireann a bheith méadaithe le gur féidir an obair uile atá le déanamh a chur i gcrích.
ag méadú increasing
" " Cé go bhfuil líon na mac léinn ag méadú go mór i ngach roinn san ollscoil, is beag postanna breise atá á gcruthú.
méadaithe increased
" Líon na gcoistí a bheith méadaithe.
méadú increase
" Léirigh na figiúirí ba dhéanaí go raibh méadú tar éis teacht ar lucht éisteachta an stáisiúin, bhí an t-éileamh ar chraoladh do dhaoine óga á shásamh le cláracha ar nós "An Taobh Tuathail" (a fuair ardmholadh sna meáin náisiúnta), agus bhí sé díreach fógartha ag RnaG go raibh sceideal nua 24 uair an chloig á chur i bhfeidhm don chéad uair riamh i stair an stáisiúin.
go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór that this could be greatly increased
" Deir Fionnuala go saothraíonn Raidió na Life idir £25,000-30,000 sa bhliain ar fhógraíocht ach tá sí den bharúil go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór dá mbeadh bainisteoir fógraíochta fostaithe ag an stáisiún (í féin a dhéanann an obair sin faoi láthair).
praghsanna a mhéadú to increase prices
" Dar ndóigh, caithfimid a bheith ag faire amach d'iarrachtaí praghsanna a mhéadú faoi scáth tabhairt isteach an airgeadra nua.
ag méadú increasing
" Beidh sí ar fáil má bhíonn suim ag daoine inti agus ceapaim féin go bhfuil an méid suime atá á léiriú inti ag méadú chuile lá.
ag dul i líonmhaireacht increasing in number
" Tá ócáidí mar An tOireachtas, an club Sult agus deirí seachtaine Dhaltaí na Gaeilge ag dul i líonmhaireacht agus deiseanna ag daoine cineálacha éagsúla saoire a bheith acu sa Ghaeltacht.
de shíor ag fás ever-increasing
" " Tá an clinic ag freastal ar dhaonra atá de shíor ag fás, agus féachann sé le cláracha nua a chur ar fáil de réir mar a bhíonn siad ag teastáil.
ag dul i méid increasing
" Ní hé go bhfuil daoine i gcoinne ionad mór spóirt ar bhonn prionsabail, ach tá costas mór millteach an phlean ag déanamh tinnis do dhaoine ar fud na tíre agus is cosúil go bhfuil an costas sin ag dul i méid lá i ndiaidh lae.
an figiúr sin a mhéadú fá thrí to increase that figure by three
" Nílim ag rá gur leor é, ba mhaith liom an figiúr sin a mhéadú fá thrí ar a laghad as seo go ceann deich mbliana, ach fós is éacht ollmhór atá i gceist.
an teacht isteach atá acu a ardú to increase their income
" An gcuirfidh na hathruithe atá ag tarlú dá mbarr isteach ar zamano? "Tá na comhlachtaí móra sin ag iarraidh an teacht isteach atá acu a ardú.
ardaithe increased
" Ach is é an dea-scéala ná go bhfuil ardú ar na figiúirí i gceantracha faoi leith - deisceart lár chathair Bhaile Átha Cliath mar shampla - ardaithe ó 11% go 20%.
méadú suntasach marked increase
" Na trí rud is tábhachtaí ba chóir a bheith bainte amach againn - ar an drochuair níl siad uilig faoinár smacht - ná méadú suntasach ar líon na gcláracha Gaeilge le soláthar níos fearr a dhéanamh do phobal na Gaeilge; leis an mhéadú sin ar líon agus réimse na gcláracha, dul i bhfeidhm ar bhealach níos fearr ní hamháin ar phobal na Gaeilge ach ar phobal iomlán Thuaisceart Éireann agus riar níos fearr ar na pobail éagsúla éisteachta agus féachána atá ann.
méadú increasing
" Ní nach ionadh mar sin go bhfuil méadú 50% tar éis teacht ar an líon daoine sa tír seo faoi 25 ar andúiligh acóil iad faoi láthair.
méadú increase
" 97 milliún duine sa tír i mí Lúnasa, méadú 6% ó 1996.
a mhéadaíonn who increase
" Tá óstáin sa tír a mhéadaíonn a gcuid praghsanna, go háirithe agus iad ag plé le grúpaí as Meiriceá, chun gach ceint a shú as pócaí na gcustaiméirí.
ag méadú increasing
" Tá suas le 50% de phobal na Poblachta ag cur fúthu gar do chathair Bhaile Átha Cliath nó sa chathair féin, agus tá an líon seo ag méadú bliain i ndiaidh bliana.
méadú increase
" Tá beagnach seachtó dalta sa scoil náisiúnta agus tá seo ag méadú i gcónaí.
méadú ollmhór great increase in size
" Ar na hargóintí ina choinne, tá an méadú ollmhór atá le theacht ar an Aontas Eorpach; taobh istigh de dheich mbliana beidh seacht dtír is fiche mar bhaill den Aontas agus tiocfaidh dúblú ar an daonra.
méadaithe go mór greatly increased
" Tá mo mheas ar thaistealaithe agus ar thaiscealaithe méadaithe go mór.
Méadóidh a vóta dá réir their vote will increase accordingly
Méadóidh sé ar an mbaol the danger will increase
" Méadóidh sé ar an mbaol go n-ionsófar an tír agus a cuid saoránach.
méadú increase
" Isteach is amach le 180 duine atá ina gcónaí de ghnáth sa pharóiste faoi láthair agus tá méadú beag ag teacht ar an ndaonra de réir an daonáirimh is déanaí.
méadú mór great increase
" I rith an bliana seo caite, bhí sé le feiceáil gur tháinig méadú mór ar thionscadail, líon foirne agus imeachtaí an Ghaelárais.
méadú increase
" I rith an bliana seo caite, bhí sé le feiceáil gur tháinig méadú mór ar thionscadail, líon foirne agus imeachtaí an Ghaelárais.
nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh when the supply increases, the demand increases
" Ar nós druga ar bith, a deir an tUasal O'Connor, nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh.
méadú increase
" Buíochas le Dia, tháinig biseach ar chúrsaí ó shin agus anois tá méadú de 50% sa daonra de bharr cuid de mhuintir an oileáin a bheith ag pilleadh ar ais ar a ndúchas.
ag méadú increasing
" I bhformhór na dtíortha seo tá an fuath don "Coalition of the Willing" ag méadú in aghaidh an lae.
ardú tuarastail salary increase
" Ní hea! Ní bhfuair sé ardú tuarastail! Is ar éigean a fhaigheann sé tuarastal ar bith ón eagarthóir, Ó Doornail, gan trácht ar ardú.
méadú increase
" Tagann méadú ar seo de réir mar a thagann méadú ar an méid oibre atá idir lámha againn.
ag tuilleadh increasing
" D'fhéach aghaidheanna as an slua ar a chéile, ar an gcos, agus ansin ar aghaidheanna eile den daoscarshlua a bhí ag tuilleadh is ag cruinniú de réir a chéile.
méadú rialta regular increase
" Go dtí le gairid, bhí tionscal na turasóireachta ag treabhadh leis go tréan san Astráil, agus méadú rialta ag teacht ar an líon daoine a bhí ag triall ar an tír as tíortha eile.
méadú increase
"méadú tagtha le tamall anuas ar an líon Meiriceánach atá ag teacht i dtír ar mháinliacht ghastraistéigeach le meáchan a chailleadh.
méadú increase
" Is iad na leithscéalta atá ag an lucht gnó ná go bhfuil méadú tagtha ar an árachas, go bhfuil rátaí pá ró-ard le híoc le hoibrithe agus go bhfuil costas bunábhar bia beagnach dúbailte le trí bliana anuas.
imithe i méad increased
" com" agus is cinnte go bhfuil sé sin imithe i méad faoin am seo.
méadú increase
" Dá mbeadh, bheinn ag breathnú anois ar ardú 30 faoin gcéad sa mbliain ar mo chuidse airgid - méadú atá i bhfad Éireann níos mó ná aon bhrabús eile atá déanta ag úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile san Eoraip.
arduithe increases
" Agus má éiríonn le dúshlán cúirte atá ar bun ag an gcomhlacht in aghaidh ComReg, an rialthóir teileachumarsáide, beidh ardú de 25 faoin gcéad ar an gcíos líne, anuas ar na harduithe eile.
méadú increase
" Sin méadú ón chúigear a bhí againn don nuachtán seachtainiúil suas go dtí deireadh mhí an Aibreáin 2003, agus tá na costais bhreise an-dian orainn.
ag méadú increasing
" Ach is é an fhírinne go mbeidh ar an rialtas i bhfad níos mó ná ionaid a oscailt má táid le srian a chur leis an líon daoine gan dídean, líon atá ag méadú in aghaidh an lae sa stát seo.
a gcaighdeán a ardú to increase their standard
" Is faoi na contaetha eile atá sé a gcuid iarrachtaí a mhéadú agus a gcaighdeán a ardú.
Méadú beag small increase
" Méadú beag a bheas ann, ach caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an fhadhb a bhaineann le cláracha Gaeilge a bheith á gcraoladh ar chainéal Béarla.
tá méadú suntasach noticeable increase
" Tá gradaim bainte ag cláracha éagsúla de chuid TG4 in Éirinn agus ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, agus tá méadú suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag féachaint ar an stáisiún de bharr fheabhas a sceidil.
go méadóidh sé that it will increase
" Is beag an t-éileamh atá ann faoi láthair, ach creidim go méadóidh sé.
ardófar na táillí go mór the charges will be greatly increased
" Má ghlactar leis na moltaí, ardófar na táillí go mór agus cuirfear leis an mbrú síoraí i dtreo na spéire atá ar phraghas na dtithe.
ag méadú an t-am go léir increasing all the time
" Ní hamháin go bhfuil cleachtadh ag daoine thíos fán tuath ar tháillí bruscair agus eile a íoc le blianta anuas, ach tá na táillí sin ag méadú an t-am go léir.
ardófar an táille seirbhíse the service charge will be increased
" Ardú sa táille seirbhíse ======= De réir na scéime atá molta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ardófar an táille seirbhíse ó €6,100 go €7,800 i gcás tithe nua i dTuaim, Baile Átha an Rí, Baile Locha Riabhach, Gort, Uachtar Ard agus bailte eile sa gcontae.
méadú suntasach noticeable increase
" Dála na hÉireann, tá méadú suntasach tagtha ar phraghas na dtithe sna cathracha sin le cúpla bliain anuas.
má thagann méadú ar na rátaí úis if the interest rates increase
" Mar sin, má thagann méadú ar na rátaí úis, titfidh geilleagar na tíre as a chéile.
méadú increase
" Cuireadh tús le foilsiú laethúil an nuachtáin *Lá *i mBéal Feirste; tháinig méadú ar líon lucht féachána TG4; agus tugadh aitheantas do Raidió na Gaeltachta mar stáisiún a dhéanann freastal cuimsitheach ar lucht na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.
mhéadaigh líon na ndúnmharaithe sa stát the number of murders in the state increased
" Ag an am céanna, mhéadaigh líon na ndúnmharaithe sa stát.
méadaithe increased
" "Tá díolachán na ndeochanna meisciúla méadaithe 60% agus díolachán an bhia i ndiaidh dúblú," arsa Jones.
méadú increase
" Is ag an am seo a tháinig méadú ollmhór ar líon na saothar ealaíne a léirigh an gnáthshaol laethúil: mná ag dul don obair tí, fuadar na sráide, radharcanna gáirsiúla tábhairne ina raibh fír agus mná ag radaireacht le chéile, staidéir neamhbheo agus tírdhreacha.
méadú ollmhór a big increase
" Tá figiúirí scanrúla ann a léiríonn go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar líon na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin nó a dhéanann iarracht é sin a dhéanamh.
a móramh ag méadú their majority increasing
" Anois, mar an páirtí is mó aontachtach ó thuaidh - agus a móramh ag méadú i rith an ama, is cosúil - caithfidh siad a muintir féin agus gach tuaisceartach eile a threorú i dtreo na sibhialtachta.
an bac seo a mhéadú to increase this hindrance
" "Tá sé níos deacra anois ár gcuid earraí agus seirbhísí a dhíol taobh amuigh den Aontas agus bheadh sé an-amaideach an bac seo a mhéadú dár ndeoin féin trí chostaisí a ardú.
méadú increase
" Ní raibh mórán acu ann ar dtús, ach nuair a theip ar na prátaí arís i bhFómhar na bliana 1846, agus nuair a tháinig drochgheimhreadh ansin, tháinig méadú ar an líon daoine.
ardú increase
" Bítear ag caint ar ardú 5 chéim sa meánteocht thar thréimhse céad bliain, mar shampla, agus ardú de mhéadar (nó níos lú ná sin) i meánleibhéal na farraige.
méadaithe increased
" Léirigh pobalmheasanna freisin gur chreid an pobal go láidir go raibh an chontúirt don Astráil méadaithe de bharr na bainte a bhí ag an Astráil leis an ionradh, ainneoin an rialtas a bheith ag rá a mhalairte.
ag dul i méad increasing
" Ar nós Chumann Rugbaí na hÉireann, tá scéimeanna árachais ag an CLG atá éigeantach agus i láthair na huaire tá costas damanta ard orthu atá ag dul i méad in aghaidh na bliana.
costais mhéadaithe árachais increased insurance costs
" Freagracht ======= Ardaíonn costais mhéadaithe árachais ceisteanna bunúsacha faoin fhreagracht ba chóir nó nar chóir a bheith ar eagraíochtaí spóirt.
ag méadú increasing
" Ach ní léir go bhfuil aon ísliú, sa ghearrthéarma ar a laghad, i ndán do chostas na ngnáth-thithe, costas atá ag méadú in aghaidh na bliana.
an t-ardú tubaisteach the disastrous increase
" An mac nó iníon fhásta ina chónaí lena thuismitheoirí, an cailín óg feistithe i mblaincéad ina luí ar Dhroichead Uí Chonaill nó an teaghlach ar liosta tithíochta an stáit - léiriú iad seo uilig ar díreach chomh mór agus atá an t-ardú tubaisteach i gcostas tithe tar éis fadhb agus cruachás a chothú sa stát seo.
an soláthar a mhéadú to increase the supply
" Sin le rá, ar deireadh thiar gurb é an margadh a shocraíonn praghas na dtithe agus gurb é an t-aon bhealach leis an chostas a ísliú ná an soláthar a mhéadú.
pobal na Gaeilge a mhéadú to increase the Irish-speaking community
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí dhá chuspóir i gceist: pobal na Gaeilge a mhéadú i gceantar Leath Chathail, Contae an Dúin; freastal a dhéanamh ar riachtanaisí phobal na Gaeilge.
méadú increase
" Cinnte tá go leor fadhbanna a bhaineann le hArm na Breataine le réiteach ag leibhéal ard polaitiúil ach, "ar an talamh", rinneadh 551 gearán in éadan Arm na Breataine le bliain anuas, méadú ón 534 a rinneadh an bhliain roimhe sin.
de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe as the inflation rate increases
" Cé go dtagann ardú ar an méid seo de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin.
ag méadú increasing
" Mhol siadsan €18 milliún sa bhliain, ag méadú go €34 milliún in 2005.
a mhéadú to increase
" An Eite Dheas Chráifeach agus an Páirtí Poblachtach ======= De réir *Theocracy Watch*, tá an Eite Dheas Chráifeach níos láidre ná mar a bhí riamh; tá éirithe leo líon na mball atá acu sa Pháirtí Poblachtach a mhéadú, agus tá tromlach ag an pháirtí sin anois in dhá Theach na Comhdhála agus uachtarán coimeádach curtha acu sa Teach Bán.
líon na n-ionsaithe ciníocha ag méadú the number of racist attacks increasing
" "Ach ansin chonaic mé líon na n-ionsaithe ciníocha ag méadú, go háirithe i ndiaidh 11 Meán Fómhair.
chun a muinín a mhéadú to increase their confidence
" Bainim triall as na modhanna eile sin chun a muinín a mhéadú.
méadaíodh móramh an rialtais the government's majority was increased
" Níor chuir a bhua iontas ar mhórán ach is é an rud a chuir ná gur méadaíodh móramh an rialtais i dTeach na nIonadaithe agus go bhfuil seans maith go mbeidh smacht ag an rialtas ar an Seanad ó mhí Iúil seo chugainn, rud nach raibh ag aon rialtas ó 1980.
ag méadú as éadan increasing greatly
" Thaithnigh an tír go mór leis an mbuaf agus thosaigh a líon ag méadú as éadan.
méadú increase
" Tháinig méadú ar an líon daoine ar cuireadh cóir leighis orthu de bharr iad bheith tugtha don chóicín ó 86 i 1998 go 155 in 2002, agus mhéadaigh an líon daoine a raibh fadhb acu leis an eacstais ó 835 i 1998 go 1,615 in 2002.
mhéadú increase
" Tá tuilleadh airgid de dhíth le riar don mhéadú i líon na bpáistí, ach deir an rialtas nach féidir tuilleadh airgid a chur ar fáil.
méadú substaintiúil substantial increase
" "É sin ráite, bhí moill ar an bpróiseas seo timpeall na hEorpa ag an tús agus ní fhacthas méadú substaintiúil, i ndáiríre, go dtí an bhliain seo caite.
méadú mór big increase
" Cé go bhfuil guthán póca ag líon níos lú Meiriceánach – léiríonn Suirbhé Domhanda Teicneolaíochta an NOP in 2005 go bhfuil ceann ag 40% de pháistí idir dhá bhliain déag agus ceithre bliana déag agus ag 75% den dream atá idir 15 agus 17 – tá méadú mór ag teacht ar an mhéid daoine a bhfuil guthán acu, go háirithe i measc an aosa óig.
méadú ollmhór a huge increase
ag méadú increasing
" I gcaitheamh na nóchaidí, bhí luach an táirgthe ag méadú breis is 10% in aghaidh na bliana.
ag meadú agus ag leathnú increasing and expanding
" Tá mé dochásach go mbeidh forbairt mhór le feiceáil ar an Ghaeilge sna bailte, go háirithe anois agus an tAontas Eorpach ag meadú agus ag leathnú.
méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair the anger of the nationalist community will increase again
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
méadú beag a small increase
" Agus tá méadú beag tagtha ar an chostas – an bhfuil sibh in bhur suí síos? – ó £2 bhilliún go £10 mbilliún (€15 billiún).
mhéadú increase
" Is cinnte gur scéim chuimsitheach agus mhórfhíse a bheadh inti, a dhéanfadh laghdú ar an damáiste atá á dhéanamh ag an mhéadú atá tagtha ar an trácht san aer agus ar na bóithre.
ag méadú go sciobtha increasing rapidly
" Cé nach bhfuil pobal mór Moslamach sa tír, tá sé ag méadú go sciobtha.
méadú beag a small increase
" Agus tá méadú beag tagtha ar an chostas – an bhfuil sibh in bhur suí síos? – ó £2 bhilliún go £10 mbilliún (€15 billiún).
mhéadú increase
" Is cinnte gur scéim chuimsitheach agus mhórfhíse a bheadh inti, a dhéanfadh laghdú ar an damáiste atá á dhéanamh ag an mhéadú atá tagtha ar an trácht san aer agus ar na bóithre.
méadú increase
" Tá na riachtanais sin ag teacht i bhfeidhm anois agus creidim go dtiocfaidh méadú, agus méadú suntasach, ar an éileamh a bheidh ar sheirbhísí ar nós aistriúcháin agus seirbhísí teanga eile, sna blianta atá romhainn.
méadú increase
"méadú thar a bheith suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag déanamh a ngnó tré Ghaeilge leis an ionad sin, agus tá sin bunaithe ar rud amháin: go bhfuil daoine atá ina gcónaí san áit ag cur na seirbhísí ar fáil tré Ghaeilge.
ardú as cuimse a great increase
" Tá dochtúirí áirithe den tuairim go dtiocfaidh ardú as cuimse ar líon na gcásanna MRSA sa tír seo má chuirtear moltaí Hanley i leith athstruchtúrú an chóras leighis i bhfeidhm.
méadú increase
" Bhí méadú i mbliana ar líon na ndaoine a chuaigh isteach sa chliarscoil i Má Nuad den chéad uair le fada (tá naoi gcléireach déag sa chéad bhliain ansin agus 75 sa choláiste ar fad, i gcomparáid le 75 an bhliain seo caite), ach seans gur laghdú a bheas i gceist má chuirtear an treoir nua seo i bhfeidhm.
ag méadú increasing
" Tá praghas na hola ag méadú, agus tá méadú ag teacht freisin ar líon na dtuairiscí sna nuachtáin ag rá gur cheart dúinn bheith cleachtaithe leis sin.
méadú increase
" Tiocfaidh méadú mór ar líon na ngluaisteán hibrideach gan dabht: is féidir leo bheith i bhfad níos éifeachtaí ná gnáthghluaisteáin, go háirithe sna cathracha.
Méadú increase
" Méadú é seo ar an mhéid díolúintí a ceadaíodh don bhliain iomlán anuraidh (973) agus in 2003 (872).