Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuanta is góilíní harbours and inlets
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
gaoth inlet
" Ba iad na Lochlannaigh a thug an t-ainm Strangford ar an loch - *strang fjord *atá i gceist, a chiallaíonn gaoth agus sruthanna láidre ann.
góilíní inlets
" Tá méid millteanach góilíní ar dhá thaobh an locha, agus meastar go bhfuil 68 oileán ar fad ar an loch.
t-inbhear estuary, inlet
" Ceann de na heachtraí a ghlac mé páirt ann nó a dhul síos go Machaire Loiscthe, in aice an Bhuna Bhig, agus tar éis oilithreacht eipiciúil ar nós Froda a dhéanamh frí cheantar guaiseach síos go dtí tráigh ansin, tagann tú ar áit a bhfuil an abhainn agus an taoide ag teacht le chéile, an t-inbhear, agus neart diúilicíní, nó ‘sliogáin dhubha’ mar a bheir sinn orthu, le fáil.
inbhir inlet (the salty)
" Ach b’ionadh linn a léamh go raibh ainmhí eile san Astráil a bhí ní ba chontúirtí ná aon cheann eile: an crogall inbhir.
inbhear inlet
" Bíodh is go bhfuil an t-ainm ‘inbhear’ ar an gcineál crogaill eile, cónaíonn sé i réimse leathan gnáthóg, mar shampla sna huiscebhealaí fionnuisce, sna hinbhir sáile agus san fharraige.
inbhir inlets
" Mar shampla de sin, tóg imeallbhord na hÉireann – más ag féachaint air ó eitleán atá tú feicfidh tú líne gharbh a leanann cuanta, leithinsí, inbhir, agus a leithéid.
láimh le glaschuan aoibhinn beside a pleasant sheltered inlet
" Trí oíche a bhí caite againn ar oileán Mljet tamall ó thuaidh de Dubrovnik: oileán sceirdiúil, crannach a raibh áit in óstán beag ann láimh le glaschuan aoibhinn do scór de Chumann na hÉireann agus na Cróite agus iad ag cur síos ar chúrsaí staire agus saíochta.