Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beagnach de dhlúth agus d'inneach ann almost innate
" Bhí siad beagnach de dhlúth agus d'inneach ann anois agus ní ligfeadh an eagla dó a rá lena athair nach raibh dea-thomáint aige agus é ar an bhealach leis na cianta.
atá de dhlúth agus d'inneach iontu which are in their very fibre
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí an integral part of the Troubles
" Bhí an choiriúlacht de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí ariamh anall.
cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach part of the very fabric of the tabloid newspaper
" Scannail ghnéis ======= Is cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach iad scéalta a bhaineann le scannail ghnéis.
cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr part of the very fabric of our culture
" Tá deis iontach ann anois, áfach, leas a bhaint as TG4 le taispeáint dóibh gur teanga fhuinniúil, bhríomhar í a labhraítear go laethúil i gcodanna áirithe den tír agus gur cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr í.
de dhlúth is d'inneach interwoven aspect of
" Meas ar Dhealbh ====== Inár dtuairisc do Nuacht TG4 an oíche sin, labhair muid leis an staraí Tom Kenny a bhí ar mire leis an Chomhairle Cathrach a chaith na milliúin euro ar athchóiriú na faiche ach nach raibh in inmhe cloí lena ngealltanas maidir leis an mhacasamhail cré-umha de dhealbh a bhí mar chuid de dhlúth is d'inneach na faiche céanna.
de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne in integral part of Spanish culture
" Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách =============== Tar éis chaitheamh an dinnéir mhóir (de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne la cena) agus tar éis bhronnadh na gcorn agus thabhairt na n-aitheasc fadálach (nós thar a bheith Éireannach) a lean iad, thug lucht na peile aghaidh ar thrá Orzan, mar a raibh an chraic is an spraoi is lasracha na dtinte cnámh.
a thuigeann inneach scannáin who understands the nature of a film
" Fear a thuigeann inneach scannáin, mar ealaíon; fear a thuigeann drámaíocht agus denouement; fear freisin a thuigeann dínit an duine agus cumhacht slánaithe an ghrá.