Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in innimh able
" “Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.
in innimh able
" “Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.
in innimh is able, fit
" Tá do charr in innimh dul faoin athscrúdú anois.
in innimh able to
" 5% de fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais is Scileanna in innimh a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge anois.
in innimh able
" ” **Balor: “Comhaontú Pháirc an Chrócaigh atá i gceist agam! Ní bheidh múinteoirí ná gardaí ná altraí in innimh maireachtáil ar aon cheathrú den tuarastal beag laghdaithe atá acu faoi láthair!”** Enda: “Thig leo dul thar lear más maith leo.
in innimh able to
" '* (Féach Beo eagrán 4, Lúnasa 2001) "Bhí mé ag iarraidh cuid d'ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiuil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine in innimh labhairt fúithi agus iad amuigh don oíche" a dúirt sé liom an t-am sin.
in innimh able to
" ’ Ar láimh amháin, tá na meáin úra ag maíomh go bhfuiltear siúd in innimh eolas a nochtadh nach bhfuil ceadaithe do na meáin thraidisiúnta.
in innimh able to
" Daoine eile den tuairim nach bhfuil ann ach ‘nuaigín’ a gcaillfidh daoine spéis ann de réir a chéile agus nach mbeadh daoine in innimh sean-nósanna a bhriseadh agus dul trasna go dtí an taobh eile den abhainn agus isteach i gceantar ‘coimthíoch’.
in innimh able to
" ” An gcreideann tú go bhfuil Enda Kenny, Brian Hayes, Leo Varadkar agus baill eile an Rialtais in innimh an tír seo a thabhairt slán nuair a thiocfas an crú níos troime ar an tairne amach anseo?** DMFh: Tá mé i mo Theachta Dála le breis is deich mbliana fichead agus chonaic mé géirchéimeanna airgeadais agus dífhostaíochta sna blianta sin agus sílim gur seo an ceann is measa, tharla go bhfuil 460,000 duine dífhostaithe agus daoine óga ag imeacht as an tír.
in innimh able to
" 5% de fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais in innimh a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.
in innimh able to
" Jeremiah Curtin ===== **SÓC: Tuigim gur bhunaigh tú Craobh de chuid Chonradh na Gaeilge sa chathair, cén t-éileamh a bhíonn air agus cén tsiocair a spreagadh thú lena chur ar bun?** JG: Le Craobh Curtin i 1993, bhí mé ar lorg áit shóisialta do dhaoine ionas go mbeadh siad in innimh an Ghaeilge a chleachtadh taobh amuigh den choláiste; ag céilithe, damhsaí agus araile.
in innimh able to
" Aingeal Aingiallta Gearmánach a bhí ar an bhean seo; agus chuala Edna go raibh cleas aici nach raibh ag ceannaire ar bith eile ar chlár na cruinne ach í féin, agus go raibh sí in innimh an cleas seo a úsáid arís agus arís eile chun airgead a bhailiú de réir mar a theastaigh uaithi, chun an Ghearmáin a choinneáil i mbarr a réime mar phríomhthír thábhachtach an Domhain Thoir.
ní raibh mé in innimh I couldn’t
" Ghortaigh mé mo dhroim tar éis cúig seachtaine agus, dá bhrí sin, ní raibh mé in innimh cluiche a imirt ar feadh ocht mí.
atá in innimh are able
" D'inseodh dlíodóir ar bith duit gur lú i bhfad an méid Gaeilge a úsáidtear iontu le dornán blianta anuas de thairbhe a laghad Gardaí atá in innimh í a labhairt go líofa.
in innimh able to
" Go deimhin tá oiread ciorraithe déanta ar mhaoiniú na heagraíochta gur doiligh a shamhlú go mbeidís in innimh tabhairt faoi na cúraimí traidisiúnta seo go sásúil.
Chan fhuil mé in innimh a bheith cinnte I can’t be sure
" Chan fhuil mé in innimh a bheith cinnte nach bhfuil canúint Eilean Íle in Albain níos éagosúil le canúint Leodhais ná mar atá sí le canúint Dhún na nGall.
bhí muid in innimh we were able to
" Buíochas le Dia, mhaolaigh an ghaoth i rith na seachtaine agus bhí muid in innimh dul suas Dé hAoine 17ú Lúnasa.
ní raibh sé in innimh traenála he was unable to train
" ” “Mar thoradh ar an bhac a cuireadh air ní raibh sé in innimh traenála agus dúradh leis nach mbeadh an neart céanna aige sa leathghlúin arís.
ní raibh mé in innimh I wasn’t able
" Bhí a fhios agam go raibh mé ag cur fola, mar mhothaigh mé é ar m’aghaidh, ach ní raibh mé in innimh rud ar bith a dhéanamh faoi mar bhí mo dhá láimh ar an charraig.
in innimh able to
" Molann Raspberry Pi iad féin Python mar theanga chódaithe, ach bhí sé ar intinn acu go mbeadh foghlaimeoirí (idir óg is ársa) in innimh (Scratch)(http://scratch.
in innimh a gcuid burgar a cheannach able to buy their burgers
" Caidé a thugann tú ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: Tá an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a ithe – Imigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! Hó! Hó! Hó! Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach in áit inteacht eile.
a bhí in innimh who was able
" Stopadh an fear de dheasca mioneachtra tráchta, agus nuair a thug sé faoina ghnó a dhéanamh i gceann de dhá theanga oifigiúla an Stáit – Gaeilge – gabhadh é agus tugadh i nglais lámha chuig beairic Garda é, áit ar coimeádadh é go raibh fáil ar Gharda a bhí in innimh gnó a dhéanamh leis sa teanga sin.
in innimh able
" Cé go bhfuil mé ag amharc orthu le 30 bliain, cuireann sé ionadh orm go fóill an dóigh a raibh daoine i Ré Nua na Cloiche, 5000 bliain ó shin, in innimh cloch mhullaigh, moghlaeirí 40 tonna meáchain a chrochadh in airde agus a leagan ina luí ar thrí chloch eile.