Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu young people today have no time to sit or stand
" Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu.
Bhainfeadh an lá inniu an fheasóg den chat the day would freeze the whiskers off the cat
" Bhainfeadh an lá inniu an fheasóg den chat," arsa Emma.
bunadh an lae inniu the people of today
" An raibh mórán eagarthóireachta le déanamh agat orthu? JMcB: Chuir mé athruithe beaga orthu anseo is ansiúd le go dtuigfeadh bunadh an lae inniu na scéalta níos fearr.
Cuireadh na cosa orthu uilig inniu they're all at it today
" “Cuireadh na cosa orthu uilig inniu,” arsa Dara.
i gcomhthéacs eachtraí an lae inniu, in the context of today's events,
" Tá sin scanrúil agus scannalach a leithéid a scríobh agus a léamh anois i gcomhthéacs eachtraí an lae inniu, ach bhí sin comónta go dtí le gairid.
Bhuaileas leis inniu. I met him yesterday.
" Agus sin post Tommy an Cartlannaí!Bhuaileas leis inniu.
seoidín an lae inniu today's little gem
" * - *Ach ba é seoidín an lae inniu uaidh ná gur cheannaigh mac le Woody Guthrie, Arló, píobaí tráth, agus gur mhaígh sé go hard sollúnta leo siúd ina thimpeall go mbeadh sé ábalta iad a mháistriú i dtrí lá.
sa lá atá inniu ann. in this day and age.
" Níl córas poiblí ríomhphoist i bhfeidhm i stáisiúin ghardaí an stáit, cé gur deacair a shamhlú go bhfeidhmeodh gnóthaí móra eile d'uireasa a leithéid de chóras sa lá atá inniu ann.
a bhaineann an Bhreatain amach sa lá atá inniu ann who reach Britain today
" ” Shocraigh Collins an scannán a dhéanamh trí Ghaeilge seachas i mBéarla, teanga an dráma amharclainne, agus deir go raibh sé ag iarraidh níos mó béime a chur ar an mhearú sóisialta a mhothaigh na fir agus iad ag teacht go húrnua go Londain, agus gur chuir an dráma ag smaoineamh fosta é ar na mílte eile ó thíortha éagsúla a bhaineann an Bhreatain amach sa lá atá inniu ann gan focal Béarla acu.
Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu Some of them would astond today's health and safety people
" Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.
murab ionann agus an lá inniu, unlike today,
" Bhíodh cead ag an am sin, murab ionann agus an lá inniu, an liathróid a chur thar an taobhlíne ó áit ar bith ar an bpáirc.
fir an lae inniu men of today
" “Tá sé contúirteach teachtaireachtaí a chur i scannáin – gura slán an scéalaí! Baineann an scannán le fir sna seachtóidí, ach baineann sé le fir an lae inniu chomh maith.
agus an dóigh a gcaitear leis inniu. and the way it is treated today.
" Feictear dom go mbítear ag léiriú measa ar an bpobal aerach san Astráil den chuid is mó sa lá atá inniu, go háirithe má dhéanann tú comparáid idir an dóigh ar caitheadh leis sa bhliain 1978 agus an dóigh a gcaitear leis inniu.
ghnáthchaint Mheiriceánaigh an lae inniu modern American vernacular
" Ní gá ach leabhar iontach Danny Cassidy – *How the Irish Invented Slang* – a léamh le cruthúnas a fháil maidir leis an dóigh a ndeachaigh an Ghaeilge i bhfeidhm ar ghnáthchaint Mheiriceánaigh an lae inniu.
géarchéim an lae inniu today's crisis
" Céard iad na difríochtaí idir an ghéarchéim sna hochtóidí agus géarchéim an lae inniu agus an bhfuil muid níos ábalta inniu dul i ngleic le cúlú eacnamaíoch?* DMW: Ar bhealach, tá cúrsaí níos measa an iarraidh seo, agus is éard is measa ar fad ná an easpa cumais atá sa tír ó thaobh a bheith in ann dul i ngleic leis an ghéarchéim.
an lae inniu contemporary
" ’Sea go deimhin, i mbéarlagar garbh an lae inniu, tá Kiarostamí ag fucáil lenár gceann agus éiríonn thar barr leis sinn a cur de chonair éasca ár gcompord.
gos an lá inniu up to the present
" Tá seanainmneacha a mhair gos an lá inniu – Jane agus William a bhí coitianta ocht gcéad bliain ó shin – agus cuid eile a chuaigh i léig – Bede nó Atherol.
dúshlan inniu today’s challenge
" Ba bheag an rath a bhí uirthi ag cruthú postanna san am atá thart agus is éadocha go bhfuil siad inchurtha leis an dúshlan inniu.
an lae inniu contemporary
" ” Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu.
inniu today
" Ach tá siad i mbéal lucht polaitíochta na hEorpa inniu mar gheall ar an naoi suíochán déag is fiche a bhain siad amach san olltoghchán cúpla seachtain ó shoin, rud a fhágann ar an tríú páirtí is mó sa tír iad.
sa lá atá inniu ann these times
" *We are a different people* - Is pobal ar leith muidne – (Nan Joyce, údar Traveller (Farmar Publishing 1985) Nuair a phléitear litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann is minic an ‘t-imeallachas’ á lua léi.
sochaí an lae inniu contemporary society
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
sochaí an lae inniu today’s society
" Seo thíos dhá abairt as ‘An Litearthacht agus an Uimhearthacht’ *(Literacy and Numeracy for Learning and Life)*, doiciméid a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais le gairid: ‘Léirigh na scrúduithe PISA in 2009 nach raibh na scileanna litearthachta ag 17 faoin gcéad de na scoláirí uile ag cúig bliana déag d’aois agus beagnach buachaill amháin sna déaga as ceathrar, chun feidhmiú go héifeachtach i sochaí an lae inniu.
Ní hamhlaidh atá sa lá atá inniu ann matters have changed
" Ní hamhlaidh atá sa lá atá inniu ann.
Inné agus Inniu then and now
" Inné agus Inniu ======= Ach ag breathnú siar ar stair na 26 Chontae, cé a dearfadh go raibh lucht eagair an Chúnaint contráilte fá Riail Dúchais agus Riail na Róimhe? Nach bhfuil an stát ó dheas ag caitheamh uathu le scor bliain anuas na laincisí a chuir Eaglais na Róimhe orthu leis na céadta bliain? Nach raibh an ceart ag Carson agus Craig sa mhéid sin? Sin an fáth go bhfuil na cuimhneacháin atá romhainn ó thuaidh chomh tábhachtach céanna ó dheas is a bheas siad ó thuaidh mar, tá súil agam, fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid i dtreo tuigse níos doimhne as an stair agus go mbeidh muid ag breathnú ar imeachtaí iaróige, mar a déarfadh TG4, le súil eile.
sochaí an lae inniu today’s society
" Tá ceist ainmheasarthacht an óil fós linn ach tá deacracht eile againn i sochaí an lae inniu nach dtugtar aird chúi air go mbíonn sé i bhfad ródhéanach agus is é sin, an ‘droim dubhach’ agus ‘an galar dubhach’.
imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear daily events and events of our forebears
" Ag Coimhthiú ===== Tagann cumhacht scripteanna Milch as traidisiún fealsúnachta agus stairiúil ar leith, an traidisiún sin a chuireann bearna idir imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear.
ní hionann an Ghaidhealtachd inniu agus ceantar teanga the Highlands and Islands is not a linguistic entity now
" Tá an-chuid ag titim amach, tá an BBC againn agus tá comharthaí bóthair dá theangach againn - ní hionann an Ghaidhealtachd inniu agus ceantar teanga – ach tá comharthaí dá theangach fairsing.
do shochaí ilchultúir an lae inniu for today’s multicultural society
" Ach dálta achan rud eile, tá nithe áirithe de nach bhfuil fóirsteanach do shochaí ilchultúir an lae inniu siocair gur dréachtaíodh é i ré eile.
réaltaí móra an lae inniu today’s big stars
" Ar ndóigh, is iad na fir agus mná grinn réaltaí móra an lae inniu.
a nglactar go forleathan leo inniu which are widely accepted today
" Tá go leor gnéithe de fhealsúnacht Thatcher a nglactar go forleathan leo inniu.
thagann an téarmaíocht atá againn inniu comes the terminology which we have today
" Is ón tsean-Lochlannais míle bliain ó shin a thagann an téarmaíocht atá againn inniu ar an chine ghorm.
An stair agus an lá atá inniu ann history and the present
" An stair agus an lá atá inniu ann: péire ar phéire a bhí cártaí an tsaoil a leagan ar an mbord.
a dtír dhúchais sa lá inniu their native country is at present
" Nuair a chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna is sceimhlitheoireachta, croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn ag ligean osna astu féin, feargach leis an tslí ina bhfuil a dtír dhúchais sa lá inniu agus bíonn brón orthu faoin íomhá a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal.
fér tháinig tú inniu as you came along today
" Bhí mé amuigh ann fér tháinig tú inniu.
Dochreidte sa lá atá inniu ann unbelievable today
" Dochreidte sa lá atá inniu ann.
fiú go dtí an lá atá inniu ann even up to the present time
" “Gan amhras ar bith b'shin buaicphointe mo shaoil oibre, fiú go dtí an lá atá inniu ann.
faoi na mínealaíona i saol an lae inniu about the fine arts at present
" Duirt an scríbhneoir agus léachtóir, Declan Long, atá ina mholtóir ar an chomórtas i mbliana, go raibh i gceist ag an taispeántas go spreagfaí ceisteanna ann faoi na mínealaíona i saol an lae inniu agus faoina bhfuil i ndán dóibh.
do ghlúin óg an lae inniu to the youth of today
" Léaró Dóchais agus Misnigh ============= Creidim gur eiseamláir í Adele, do ghlúin óg an lae inniu.
is minic cosmhuintir an lae inniu ordinary people today often
" Cé nach n-admhaíonn siad go hoscailte é, is minic cosmhuintir an lae inniu ag freastal ar lucht feasa idir lucht asarlaíochta agus lucht dearnadóireachta.
Dálta an lá inniu similar to today
" *’ Dálta an lá inniu, bhí géarchéim airgeadais sa tír ag an am agus bhí an tAire buartha nach raibh costasú ceart déanta ar go leor de na moltaí agus nach bhféadfaí leithéidí stáisiún teilifíse a chur ar bun ‘*in the foreseeable future.
fhágáil faoi sceach inniu not deal with it now
" Ach b'fhearr liom féin an dá rud a fhágáil faoi sceach inniu, idir fhigiúirí agus chéadchodáin.
Ní inniu ná amárach a tharlóidh seo this won’t happen soon
" Ní inniu ná amárach a tharlóidh seo ach tá súil agam go gcuirfidh ábhar an ailt seo tuilleadh beochta sa díospóireacht agus, ag eascairt as sin, go gcruthófar tuiscint níos fearr ar thábhacht na Gaeilge ó thaobh feiceálacht na teanga ar chosáin agus ar cholbha bhóithre na tíre.
do shaol an lae inniu of contemporary life
" Cén fáth a gcuirfeá rudaí amú nuair nach bhfuil gá agat leo ar an gcéad dul síos agus go bhfuil tú sona ina n-éagmais cíbe ar bith? Ní diúltú iomlán do shaol an lae inniu é - ná diúltú don domhan mar a fheidhmíonn sé faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an bhfásach iargúlta amhail Ord manach Trapach nó Búdaíoch.
ní hionann an imirce inniu emigration today isn’t the same
" Tá Droichead meafarach na nDeor in aerfort Bhaile Átha Cliath na laethanta seo ach ní hionann an imirce inniu agus an imirce san aimsir anallód.
ar ball inniu later today
" **SMM: Cuirfear chun an phríosúin thú ar ball inniu a Niall.