Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
forais bodies, institutes
" • Siamsaíocht d'ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.
institiúid teangeolaíochta linguistics institute
" Nuair a bhí mé ag déanamh staidéir ar an dlí in Ollscoil Mainz thosaigh mé ag teagasc na Gaeilge san institiúid teangeolaíochta ansin.
hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Dublin Institute of Technology
" AÓF: Tá baint agat le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath freisin nach bhfuil, ó thaobh na hamhránaíochta de? ÉÓD: Bhí sé d'ádh orm a bheith ag roinnt amhrán le mic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar an gceol san Institiúid le trí bliana anuas.
Institiúid um Thaighde Néardhiagnóiseach Neuro Diagnostic Research Institute
" Tá eolaithe in Institiúid um Thaighde Néardhiagnóiseach na Spáinne tar éis teacht ar an tátal chéanna – tá an taighde atá déanta acu tar éis a léiriú gur féidir le glaoch teileafóin nach maireann ach dhá nóiméad an ghníomhaíocht leictreach in inchinn an pháiste a athrú go ceann uair an chloig tar éis an ghlao.
go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu that they would be instituting legal proceedings
" Sna sála ar an bhreith seo, d’fhógair grúpa aturnaetha in Éirinn go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu go luath ar son íospartaigh MRSA agus a muintir.
go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid that a lot of people's interest in the institute will decline
" Is cinnte go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid agus nach mbeidh fonn ar oiread fear dul leis an tsagartóireacht ar fud an domhain.
an bhForas Riaracháin the Institute of Public Administration
" Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
an bhForas Riaracháin the Institute of Public Administration
" Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a new institute for adult and continuing education
" ” Ag obair i nDoire Tháinig fás mór ar an Léann Éireannach le linn na mblianta tosaigh sin i gCúil Raithin ach d’fhág Risteard an coláiste i 1974 nuair a d’éirigh leis post a fháil in institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a bunaíodh i gColáiste Magee.
Institiúid Teangeolaíochta Éireann the Linguistics Institute of Ireland
" ” Luaim Institiúid Teangeolaíochta Éireann le Risteard ansin, eagras eile a raibh baint aige leis go dtí gur chuir an rialtas deireadh leis roinnt blianta ó shin.
an institiúid ardléinn the higher education institute
" ” Tá siad ann a déarfadh nach raibh an institiúid ardléinn i mBéal Feirste riamh fabhrach don chultúr dúchasach ach anuraidh ceapadh an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta san Ollscoil, Martin Dowling.
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. the Dublin Institute for Advanced Studies.
" Rinne sé bunchéim ghinearálta ach chuaigh sé leis an teangeolaíocht ansin agus fuair sé an deis bheith ag staidéar sa Sorbonne i bPáras agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta the Economic and Social Research Institute
" D’fhoilsigh an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) tuarascáil le déanaí faoi chúrsaí spóirt in Éirinn.
mar bhall d'institiúidí fíorchoiméadacha as a member of very conservative institutes
" Is fear é a bhfuil taithí aige mar stocaire agus mar bhall d'institiúidí fíorchoiméadacha - an American Enterprise Institute, cuir i gcás, atá ag maíomh go fóill gurbh é Saddam Hussein faoi deara ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nach bhfuil a leithéid ann agus téamh domhanda, gur cheart do gach saoránach seilbh a bheith aige ar ghunnaí, gur cheart teorainneacha Mheiriceá a láidriú arís eile, agus gur cheart don arm fanacht san Iaráic.
Institiúid Teangeolaíochta Éireann. linguistics Institute of Ireland
" Bhí ceisteanna suimiúla ardaithe ar Nuacht TG4 ag an Dr Pádraig Ó Riagáin as Coláiste na Tríonóide, saineolaí ar shuirbhéireacht agus iarfhostaí de chuid Institiúid Teangeolaíochta Éireann.
Institiúid Léann na hÉireann, the Irish Studies Institute,
" in Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, 1 Abercromby Square.
fhoras institute
" Bhí na trí fhoras láidir Béarla úd ag teacht ar an bhfód an ghlúin sin.
Institiúid Léann na hÉireann The Institute of Irish Studies
" Is daonchara idirnáisiúnta é anois agus tugann sé tacaíocht do Institiúid Léann na hÉireann.
forais institutes
" Tá muinín caillte ag mórán daoine sna forais a mbíodh muinín acu astu; tá daoine ag féachaint ar an Rialtas le ceannasaíocht láidir daingean a thabhairt, ach níl sé soiléir gur féidir seo a fháil.
phríomhfhorais main institutes
" Ní raibh i seilbh na Roinne ach iarratas aonarach a rinne Comhaltas i leith maoiniú a fháil do Bhrú Ború, ceann de phríomhfhorais cheoil na heagraíochta atá lonnaithe i gCaiseal na Mumhan.
thionscain instituted, started
" Nuair a thionscain Edmonds caingean dlí ar dhífhostú éagórach, d’agair an tArd-Aigne John Ashcroft “pribhléid rún stáit,” rud atá thar a bheith neamhchoitianta.
fhorais institutes
" Ba shin an léiriú is fearr ar dhaonnacht a d’fhéadfaí a fháil i gceann de fhorais mhóra na tíre nach samhlófaí le dámh ná le daonnacht.
fhoras institute
" An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit! Dochreidte Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige.
foras institute
" Bítear ag súil le caighdeán inghlactha áirithe táirge ó gach foras agus comhlacht.
foras institute
" Tá an foras dlíthiúil seo bunaithe sa Ghaimbia is cuireadh ar bun é chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal san Afraic, conradh cearta daonna, ar céim mhór chun cinn é, a dhaingnigh an Chéinia i 1992.
foras institute
" Ar an drochuair, tá fianaise acu gur foras thar a bheith lochtach ag barr Chnoc an Anfa agus nach bhfuil an seanmhúnla seicteach briste agus córas úr a bhéarfadh dóchas do gach duine curtha ina áit.
Fhorais institute
" Smith, stiúrthóir an Fhorais um Thaighde: Beartas an Mheánoirthir (Irmep), cuntas ar an gcaoi ar éirigh leis an stát Síónach an buama a fháil.
forais institutes
" Tá siad ag caitheamh an t-uafás airgid ar bhunú forais úra a théann in iomaíocht lena macasamhla san iarthar.
bhforas an institute
" Ní hamháin sin ach tá Gaeilge chomh maith sin aici gur éirigh léi post a fháil i bhforas tríú leibhéal agus an Ghaeilge mar theanga oibre aici (2007-08), dúshlán a sháródh an chuid is mó de mhuintir na tíre seo a bhfuil 14 bliain tugtha acu ag foghlaim na teanga ar scoil.
foras a chosnóidh tú an institute you’ll defend
" “Níl a fhios agam cén chaoi a ndéanann tú sin”, níl aon cnaipe draíochta ach, ar a laghad, má tá foras a chosnóidh tú, ach go háirithe i rannóg oideachais, atá chomh tábhachtach, bhuel ar a laghad, tá uirlis amháin eile sa mbosca agaibh.
foras an institute
" Ceapadh Weir uachtarán anuraidh ar *Council for the National Interest,* foras a thacaíonn le *“Middle East policies that serve the American national interest.
foras institute
" Is é ‘Visceral’ an teideal atá ar an taispeántas agus tá sé bunaithe ar shaothar a rinne SymbioticA, foras Astrálach, a chruthaíonn ábhar ealaíne atá bunaithe ar theicneolaíocht na clónála agus a mbíonn idir shaothrúchán fíocháin agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist.
forais institutes
" Forbairt an Cheantair ============ **SMM: Chonaic daoine cuid d'áilleacht an cheantair sa scannán sin An Píopa agus rinneadh iarracht, áitiúil, leis an idirlíon daoine a mhealladh isteach ar saoire, ach ar cheart tuilleadh a dhéanamh ar bhonn contae nó go hidirnáisiúnta? – Dá ndéanfaí nascadh le ranna Gaeilge sna forais tríú leibhéal, nó le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge abair?** BNC: Ceapaim go bhfuil deiseanna iontacha ansin, forbairt a dhéanamh ar an méid a dúirt tú ansin.
foras taighde research institute
" Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe ó shin i leith.
forais airgeadais financial institutes
" 
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
Fhoras Bia agus Talmhaíochta food and agriculture institute
" ** CL: Bhí m’áthar ag obair do na Náisiúin Aontaithe, don Fhoras Bia agus Talmhaíochta.
forais teanga language institutes
" Ní bhíonn de rogha ag an té a dteastaíonn uaidh Béarla ceart a fhoghlaim ach cúrsa a dhéanamh ag ceann de na forais teanga phríobháideacha atá á mbunú i ngach uile cheard.
forais institutes
" Dá mba mhian leis - agus lena chomhghleacaí sa DUP, an tAire Airgeadais Sammy Wilson - beartais a chur i bhfeidhm a chosnódh cearta oibrithe, a chosnódh seirbhísí oideachais agus sláinte, cúram do sheandaoine agus do pháistí agus an t-airgead a fháil ó na daoine, ó na comhlachtaí agus ó na forais is mó a bhfuil sé acu, ansin gheobhadh sé tacaíocht ó gach aicme sa tuaisceart.
fhoras institute
" Thiocfadh dá réir go gcuirfí easpa daonlathais ina leith dá mbeadh cumhachtaí á dtiomnú ar fhoras nach bhfuil tofa ag mórgóir an phobail.
Fhoras institute
" Múinteoireacht Mheasartha ============= An chéad chéim ná súil ghéar a leagan ar chúrsaí múineadh na Gaeilge i Meiriceá, agus rinneadh sin in Ollscoil Notre Dame anuraidh nuair a eagraíodh comhdháil faoi mhúineadh na Gaeilge faoi scáth Fhoras Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach san Ollscoil sin.
an foras láidir bríomhar sin that strong lively institute
" Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR.
Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine there is no institute created by man
" Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine – ón teaghlach go dtí an stát féin – gan locht.
céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal graduates from some of the third level institutes
" Níl aon vótaí ach (i) ag céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal, na coláistí de chuid an NUI agus TCD, agus (ii) ag polaiteoirí, ’sé sin Comhairleoirí Contae agus baill an Oireachtais.
ag déanamh truailliú ar fhoras na n-ealaíon spoiling the institute of arts
" Cacamas Samhlaithe ========== Bhí iar-Aire Cultúir na Breataine, Kim Howells (2002), iontach daingean ina thuairim faoin chomórtas seo ag rá gur ‘conceptual bullshit’ a bhí ann, rud a spreag an Prionsa Séarlas le litir a scríobh mar thaca leis ag rá go raibh an gradam ag déanamh truailliú ar fhoras na n-ealaíon.
ndéanfaí fiosrúchán a thionscan that an inquiry be instituted
" Ag eascairt as na hagallaimh sin d'éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go ndéanfaí fiosrúchán a thionscan mar gur léir, dar leo, nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.
an mhoill i dtionscnamh na n-imeachtaí cúirte iomarcach the delay in instituting the court proceedings were excessive
" Dúradh fosta go raibh an mhoill i dtionscnamh na n-imeachtaí cúirte iomarcach.
an t-aon fhoras the only institute
" Seo an t-aon fhoras cultúrtha Éireannach dá bhfuil ann a tháinig slán ó chúplaí an choilínithe agus domhandaithe.
ar níos mó ná aon fhoras amháin more than just one institute
" Titeann cúram na mbeartas maidir le Gaeilge ar chomharthaí ar níos mó ná aon fhoras amháin.
na forais éagsúla thuasluaite the various abovementioned institutes
" Cheal aon nasc soiléir idir na forais éagsúla thuasluaite tá easpa cumhachta chomh maith le heaspa leanúnachais ann.
an foras cáiliúcháin the qualifications institute
" Deir an foras cáiliúcháin a bhíodh ag cur na scrúduithe Gaeilge ar fáil gur de bharr easpa éilimh a deineadh an cinneadh.
an foras a bunaíodh mar ghléas the institute founded as an instrument
" Cuireadh an Comhlathas le chéile taobh istigh de 7 sheachtaine le go mbeadh siad i dteideal seasamh do thoghchán an Fhóraim, an foras a bunaíodh mar ghléas chun theacht ar réiteach pholaitiúil i ndiaidh na sosanna cogaidh.
institiúid institute
" San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu.