Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
do mo mhaslú insulting me
" Ag an bpointe sin thosaigh na mná do mo mhaslú go fíochmhar agus dúirt, "You ain't lettin' us in cause we're black".
ag maslú insulting
" Bhí go leor naimhde agus cairde sna meáin chlóite chomh maith ach is dócha, ag deireadh an lae, gur chuidigh leithéidí Kevin Myers agus é ag maslú lucht na Gaeilge go rialta san *Irish Times*.
mulldaí beag a term of endearment to describe a fat 'cherubic' baby. Only used for babies and children, otherwise usually used to poke fun or in an insulting way
" "Árú cad é an dóigh nach dtiocfadh leat an mulldaí beag seo a mhilleadh?" arsa Nuala agus chrom sí os a chionn.
ráiteas maslach insulting statement
" Faoi dheireadh, bhí mé ábalta ceist a chur ar Griffiths faoin ráiteas maslach.
maslacha insulting
" Bhí sí ina hiarrthóir do na Liobrálaigh sa toghchán sin ar dtús go dtí gur díbríodh í nuair a dúirt sí rudaí maslacha faoi bhundúchasaigh na hAstráile.
maslacha insulting
" Fear freisin é a raibh ar chomhairleoirí a pháirtí féin leithscéal a ghabháil níos luaithe i mbliana thar a chionn as rudaí maslacha a dúirt sé faoi chomhairleoirí eile ar Chomhairle na Cathrach.
maslach insulting
" ” Deir sé nach raibh deacrachtaí faoi leith aige toisc gur Giúdach a bhí ann, cé go mbíodh daoine áirithe maslach in amanna.
maslach insulting
" “Erse” an focal maslach ba ghnách lena leithéid a úsáid agus iad ag scríobh faoi theanga na nGael.
maslach insulting
" “Erse” an focal maslach ba ghnách lena leithéid a úsáid agus iad ag scríobh faoi theanga na nGael.
an focal is tarcaisní the most insulting word
" Tugadh spás suntasach di ar gach príomhleathanach tablóideach agus bhí iriseoirí ag baint na sála dá chéile ag iarraidh an focal is tarcaisní ina bpluca a chaitheamh léi.
an-mhaslach very insulting
" Bhí sé an-mhaslach mar gheall orainn - thug sé “*The Dublin 4 walking Brigade*” orainn agus mhol sé an méid seo a dhéanamh: “*If in doubt, keep walkers out*”.
rudaí tarcaisniúla insulting things
" Laoch a bhí ann ag mórán daoine, idir shean agus óg, in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic agus rudaí tarcaisniúla a bheith ráite aige faoi agus le daoine éagsúla, idir bhainisteoirí, chomhimreoirí, réiteoirí agus cuid den lucht leanúna.
ag maslú insulting
" Bhí tuilleadh fianaise le fáil faoi seo trí seachtainí ó shin nuair a bhí na sluaite bailithe in aice thrá Cronulla i ndeisceart Sydney ag maslú “*wogs*”, “*Lebs*” agus an fáidh Mahamad agus ag ionsaí aon duine a cheap siad go raibh “cuma an Mheánoirthir” air.
do mo mhaslú insulting me
" ” “Nach raibh tú ag éisteacht liom ar chor ar bith, a Bhaloir? Nár mhínigh mé duit gur i mbréagriocht a bhíonn siad, gur cumann rúnda atá iontu, go bhfuil siad thart orainn i ngan fhios dúinn? B’fhearr duitse bheith ar d’aire ná bheith do mo mhaslú.
ábhar maslach insulting material
" Amaidí agus ábhar maslach, a deir urlabhraithe na hEaglaise Chaitlicí é an scannán *The Da Vinci Code* agus go háirithe an tuairim a chuireann sé chun cinn go bhfuil cumhacht na hEaglaise Caitlicí bunaithe ar bhréag, bréag atá á ceilt leis na mílte bliain.
maslach insulting
" Leoga, bhí cuid acu maslach ar fad.
iontach maslach dá sinsear very insulting to their ancestors
" Bhí sé mar chuid de thraidisiún na mBundúchasach riamh anall gan Uluru a dhreapadh, toisc, dar leo, go mbeadh sé iontach maslach dá sinsear a leithéid a dhéanamh.
maslach. insulting
" Maidir le cuótaí agus a leithéid, tá siad maslach.
maslach, insulting
" Beagnach gach oíche, faigheann lucht an chlub scairteanna gutháin a bhíonn maslach, ciníoch agus seicteach agus d'iarr siad orm dul chuig an chomhdháil tar éis dóibh cuireadh a fháil ón ollscoil.
mhaslach dhímheasúil disrespectful insulting
" Chuir van Hagens an chéad taispeántas marbhán, Body Worlds, ar bun sna 1990í agus rinneadh cuid mhór gearán as an dóigh mhaslach dhímheasúil a rabhthar ag plé leis na daoine marbha seo.
is tarcaisniúla most insulting
" Níl aon amhras ach gur tháinig an tuar fán tairngreacht áirithe sin agus tráchtairí ag baint na sála dá chéile anois leis na focail is tarcaisniúla ina bpluic a chaitheamh i dtreo na teanga, agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe.
ba mhaslaí most insulting
" Ba sa *Sunday Independent* a bhí an t-alt ba mhaslaí ar an ábhar ó pheann Donal Lynch ar an 21 Meitheamh: “*Call a government department and try to get an answer in Gaeilge and hear the stutters of confusion.
maslacha ciníocha racist, insulting
" Dúirt daoine áirithe i measc íospartaigh na n-ionsaithe gur tugadh ainmneacha maslacha ciníocha orthu lena linn.
maslach insulting
" Thig le Standard and Poors a ngrádú maslach ar Éirinn a shá suas ina dtóin ghallda agus .
tarcaisneacha insulting
" Agus ní maith le Balor na téarmaí tarcaisneacha sin ar nós The Bould O Donoghue, nó Johnny Cash, nó John O Dreams, nó níos measa atá cluinte aige.
tarcaisneacha insulting
" Bíonn imreoirí ag tabhairt maslaí dá gcéilí comhraic, ag rá rudaí tarcaisneacha lena chéile, ag iarraidh cur as dá chéile i slite gránna, gairgeacha.
tarcaisneacha insulting
" Ach a mhalairt ar fad de thír atá ann, ar ndóigh, agus ligeann stádas seo na Rohingya do na húdaráis bearta tarcaisneacha táiriúla a chur i gcrích i gcoinne an mhionlaigh Mhoslamaigh seo.
maslach insulting
" Bhí sé éadócasach, searbh agus maslach go deimhin faoi chás na Gaeltachta, go háirithe Gaeltacht Chonamara.
Maslú Pobail insulting a community
" Maslú Pobail le Cúpla €uro a Tharraingt ================ D’iarr muintir dhúchais an cheantair ar chuairteoirí gan an charraig a dhreapadh blianta fada ó shin, ach thug go leor acu neamhaird ar a n-achainí.
tarcaisniúil insulting
" Agus gí gur scannánóir intleachtúil é Kiarostami, físeoir foclach, má bhí riamh a leithéid ann, tá dóthain den ngreann searbh, tarcaisniúil ann chun móimintí beaga aithintis, seoda beaga tuisceana, bronntanaisí beaga anama - ainmnigh mar is mian leat iad - a thabhairt dúinn.
maslach insulting
" Agus cé a rinne an cur síos maslach seo? Cé eile ach Balor an Bhéil Bhinn, nó tharla go raibh sé féin i láthair ag an scliúchas ar bhruach Loch Léin.
gcúrsaí maslaithe insulting
" Nuair a tháinig sí sa dara háit sa chomórtas damhsa, agus Labhrás sa chéad áit, léirigh sí a cumas i gcúrsaí ólacháin chomh maith, agus i gcúrsaí maslaithe, nuair a thug sí faoi na moltóirí cionn is nach bhfuair sí an chéad áit.
mhaslach insulting
" ** Maidir le hiompar ar pháirc na himeartha míníonn an Treoraí Oifigiúil go bhfuil cosc ar ‘caint mhaslach nó bhagrach a úsáid le réiteoir, moltóir, maor, feidhmeannach’ agus an smachtbhanna sa chás seo ná cur an imreora den pháirc.
friotal maslach insulting terminology
" Ciallaíonn an friotal maslach seo go mbíonn cineál féinmheas ísleachta ag muintir iarchoilíneachta i dtaca lena saíocht féin, le hais saíocht a máthairthíre ach go háirithe.
Tá sé maslach ar bhealach it’s insulting in a way
" Tá sé maslach ar bhealach má deir duine sa Ghaeltacht “ní thuigfidh siad é”.
chomh tarcaisneach maslach as insulting and contemptuous
" Ba bhreá liom a bheith chomh tarcaisneach maslach leis sin in amanna, le roinnt de na seirbhísigh phoiblí anseo, ach bheadh eagla orm go gcaillfinn mo phost.
seanmhúnlaí maslacha old insulting moulds
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
mhaslach shuarach insulting and contemptible
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
baineadh feidhm as an mana maslach seo this insulting motto was used
" Tugadh an Yellow Peril ar an bhfaitíos céanna sna Stáit Aontaithe um an dtaca sin agus baineadh feidhm as an mana maslach seo go minic sna díospóireachtaí faoi chúrsaí inimirce abhus.
aon ní maslach a ropadh ar ais chuici to reply to her with some insulting statement
" ) Fear díobh seo, bhí sé ag labhairt le Polannach sa tsráid tamall ó shin, i bPolannais, nuair a spalp Éireannach mná chucu “*why don’t you go back to your own country?*”! Is duine é an fear a bhfuil mé ag trácht air, atá níos séimhe ná mé féin, measaim, agus níor chuimhnigh sé ar aon ní maslach a ropadh ar ais chuici lom láithreach.
mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach these incidents of insulting people are happening
" Caithfidh sé go mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach ar bun sách forleathan mar rop buíon stócach an rud céanna chugam féin agus fear ar m’aithne nuair a bhí muid ag labhairt Gaeilge sa tsráid i mbaile mór in iarthar na hÉireann.
ciníochas thar a bheith maslach a very insulting racist (comment)
" Cuireadh olc ar go leor daoine, an t-uachtarán Obama ina measc, a thug "ciníochas thar a bheith maslach" ar an méid a dúirt Sterling.
challaireacht mhaslach insulting proclamation(s) / remark(s)
" Bíonn teannas ann i dtólamh i sochaí dhaonlathach idir an ceart ag saoránaigh a rogha rud a rá agus toirmisc a chur ar challaireacht mhaslach.
nithe maslacha, suaracha insulting and petty things
" Nóta ón Eagarthóir: Chuir Beo! cosc ar Bhalor triall ar an Irish Fest i Milwaukee i mbliana mar gheall ar na nithe maslacha, suaracha a bhí le rá aige faoi dhuine mór le rá i saol na Gaeilge in eagrán na míosa seo caite.