Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlúthchuid integral part
" (Ceist eile is ea an léiríonn sé sin easpa aitheantais don dearcadh aontachtach gur dlúthchuid den Ríocht Aontaithe é Tuaisceart Éireann nó an léiríonn sé easpa aitheantais don Phoblacht mar stát iomlán neamhspléach).
dhlúthchuid an integral part
" Tugadh faoi fosta cionn is go bhfuil plean ann chun Ceathrú Gaeltachta a bhunú anseo i mBéal Feirste agus tá Raidió Fáilte mar dhlúthchuid den phlean sin.
de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí an integral part of the Troubles
" Bhí an choiriúlacht de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí ariamh anall.
mar dhlúthchuid as an integral part
" “Bíodh a fhios agat go bhfuil an dá bhó mar dhlúthchuid de dhúchas agus de bhéaloideas agus de pholaitíocht na hÉireann, a Bhaloir.
gan an chraic a bheith fite fuaite tríd. without the crack being an integral part of it.
" Bhíodh a chuid ranganna beoga agus léannta; agus ní raibh sé in ann ceacht a thabhairt gan an chraic a bheith fite fuaite tríd.
ndlúthchodanna integral parts
" Má táthar ag iarraidh polasaí fiúntach a chur i bhfeidhm i dtaca le forbairt réigiúnach de, ba chóir go mbeadh scéimeanna ina ndlúthchodanna de le forbairt a dhéanamh ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste.
dlúthbhaint an integral participation
" Ach déarfá, cad is brí le hathneartú teanga nuair nach bhfuil ach cúigear cainteoirí, nó níos lú, fágtha ag do theanga? Tá dlúthbhaint ag Leanne Hinton leis an scéal agus chuaigh John Walsh go Berkeley le déanaí chun a thuilleadh eolais a fháil uaithi.
fite fuaite an integral part
" Óir bhí an dealbh chéanna fite fuaite i stair chultúrtha na cathrach.
ina chuid bhunúsach an integral part
" Freagracht ar na hÚdaráis =============== Cé go bhfuil an gortú do rannpháirtithe ina chuid bhunúsach de chluichí páirce leis na cianta cairbreacha, braithim go bhfuil méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an ngéarghortú tromchúiseach do bhallnaisc agus d’ailt.
a bhaineann go dlúth le which is an integral part
" Dúirt an tUachtarán nach raibh an cleachtas seo at teacht leis an ‘ethos deonach’ agus an ‘stádas amaitéarach’ a bhaineann go dlúth le CLG.
dhlúthchuid integral part
" Tá éagsúlacht chine, chreidimh agus saoil mar dhlúthchuid de shaol na ndaoine abhus.
Ba dhlúthchuid it was an integral part
" Ba dhlúthchuid den ghluaiseacht nua seo an turgnamh pearsanta, agus bhíodar ar a ndícheall ag iarraidh triail a bhaint as pé ar bith rud a bhí úrnua, fuinniúil agus a gheallfadh deis taithí saoil as an ngnách a bhlaiseadh.
dlúthchuid den an integral part of
" Is dlúthchuid den “Aisling Mheiriceánach” é sin ar ndóigh: smaoinigh ar leithéidí Huckleberry Finn, The Grapes of Wrath, Thelma and Louise nó The Road bunaithe ar leabhar Cormac McCarthy.
tá muidinne mar dhlúthpháirt we are an integral part
" Bunaíodh aonaid ghnó in RTÉ, aonad gnó nuaíochta, aonad gnó teilifíse, aonad gnó poiblíochta agus aonad gnó raidió agus tá muidinne mar dhlúthpháirt den aonad ghnó sin.
de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne in integral part of Spanish culture
" Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách =============== Tar éis chaitheamh an dinnéir mhóir (de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne la cena) agus tar éis bhronnadh na gcorn agus thabhairt na n-aitheasc fadálach (nós thar a bheith Éireannach) a lean iad, thug lucht na peile aghaidh ar thrá Orzan, mar a raibh an chraic is an spraoi is lasracha na dtinte cnámh.
mar dhlúthchuid as an integral part
" Tá córas na scéimeanna teanga mar dhlúthchuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla fé mar atá an phleanáil teanga sna pobail Ghaeltachta mar dhlúthchuid d’Acht na Gaeltachta.
fite fuaite i stair an integral part of (the city’s) history
" ” Tuigeann líon mór na bProtastúanch a bhfuil suim acu sa Ghaeilge go bhfuil an teanga fite fuaite i stair na cathrach agus tá teach fuar na Gaeilge – má bhí sé riamh ann – ag téamh suas.
cuid thábhachtach, dhílis agus luachmhar an important, integral and precious part
" Agus thar aon rud eile, is cuid thábhachtach, dhílis agus luachmhar den phobal beag léitheoireachta atá ann na daoine sin atá ag dul in aois agus a bhfuil scoth na Gaeilge acu - agus faisean acu freisin a bheith ag léamh sa teanga, rud nach bhfuil coitianta faraor i measc na n-óg.
ina mbunghnéithe in their integral parts
" D’fhreastail Robert McMillen ar léacht a thug an staraí John Gray ar na mallaibh agus is léir dó, go fiú má d’athraigh an saol féin ón bhun aníos idir an dá linn, nár athraigh scéal géarchéimeanna geilleagair ina mbunghnéithe ó Bhoilgeog na Mara Theas sa bhliain 1720 go dtí an lá inniu.