Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
intleacht intellect
" " "Chonacthas dom gur siombail den intleachtaí aonair uaigneach a bhí sa phocaire gaoithe.
éirim intellect
" Ansin, ar chúis éigin, d'imigh an naimhdeas a bhí eatarthu, thit sí i ngrá lena éirim agus lena ghreann, d'éiríodar an-cheanúil ar a chéile agus pósadh iad i 1961.
sárintleacht a great intellect
" Níl aon dabht ach go bhfuil sárintleacht agus tuiscint an-ghéar ar an pholaitíocht ag an Uasal Cowen.
intleacht intellect
" Fear an-intleachtúil, an-chliste agus sóisialta freisin ab ea é.
intleacht den chéad scoth first-class intellect
" Tá siadsan ag iarraidh rud éicint *deep and meaningful *a mholadh, a thabharfas léargas orthu féin mar dhaoine sofaisticiúla, a bhfuil intleacht den chéad scoth acu, seachas rud éicint siamsúil agus b’fhéidir seafóideach agus éadrom mar chlár.
Leathnaíonn an dátheangachas an intleacht. Bilingualism expands the intellect.
" Leathnaíonn an dátheangachas an intleacht.
an-intleacht a great intellect
" Measann sí gur bean “an-láidir, an-chliste” í Hanafin agus deir sí gur fear é Lenihan a bhfuil an-intleacht aige agus atá go hiontach ag teangacha.
gach a bhaineann le hintleacht agus le heolaíocht. everything to do with the intellect and science.
" Is maith linn daoine dubha chúns atá siad ag rince agus ag casadh popcheoil, ach is le daoine geala gach a bhaineann le hintleacht agus le heolaíocht.
intleacht chalaoiseach deceitful intellect
" Ní raibh riamh aon dabht ach go raibh an bheirt acu rannpháirteach sa chaimiléireacht seo, ach ba í sárintleacht chalaoiseach Myatt a bhí taobh thiar den chomhcheilg.
nár thréig a intleacht in ainneoin anró. who didn't abandon his intellect despite hardship.
" Tá urraim sa líne sin d’intleacht a athar agus urraim don duine beo nár thréig a intleacht in ainneoin anró.
éirim cheoil musical intellect
" Smaoiním ar a héirim cheoil agus samhlaím í sa stiúideo le ceoltóirí a banna, ag pleidhcíocht le smaointe ceoil, ag ceardaíocht, ag múnlú, ag fiosrú agus “African Mailman”*, *nó “He Needs Me”nó “You’ll Never Walk Alone*” *á seinm acu.
réimse intleachta intellect zone
" Chomh maith leis sin, an tábhacht atá ag baint leis an réimse intleachta, an íomhá d'Éirinn atá bunaithe ar an chultúr a chur ar aghaidh agus, ar ndóigh, beidh m’fheachtas bunaithe ar an taithí atá agam agus mé ag feidhmiú mar Aire in Éirinn agus thar lear agus ar an taithí atá agam ag troid ar son cearta an duine.
thabharfaí borradh ar leith don intleacht náisiúnta the national intellect would be uplifted/grow
" De réir an chreathlaigh chéanna, tagann an fhéiniúlacht ón stair, tagann luachanna an tsaoránachais as conspóidí stairiúla, agus dá bhféadfaí an réimse stairiúil a leathnú, thabharfaí borradh ar leith don intleacht náisiúnta.
thug an éirim léamh críonna ar her intellect provided a wise reading of
" Má thug an chuimhne cead isteach dúinn san am atá caite, thug an éirim léamh críonna ar an am i láthair.
an fhuarchúis intleachtúil seo this frigidity of intellect
" Chruthaigh an míchumas nó an fhuarchúis intleachtúil seo deacrachtaí dáiríre di ach go háirithe sa mhaorlathas i Whitehall.
géarchúis an scríbhneora oilte the trained writer’s sharp intellect
" Muna bhféadfaí éalú ón namhaid, ar a laghad d’fhéadfaí é a chur fé scrúdú agus úsáid á bhaint as géarchúis an scríbhneora oilte.
gné ar leith den intleacht a special aspect of intellect
" B’é sin an bua ba thábhachtaí sa pholaitíocht dar le Bagehot, agus is é a bhí i gceist aige leis an gcoincheap sin ná gné ar leith den intleacht atá neamhspleách ó himeachtaí laethúla chóras na polaitíochta, gné a dhéanann fadhbanna teibí a scagadh gan cur isteach ó fhadhbanna gearrthéarmacha.
ar ardmhá intinn an phobail on the high plain of public intellect
" Chonaic Robert McMillen dhá bhandia, as aois an chré-umha agus aois an iarainn, ag streachailt in aghaidh a chéile ar ardmhá intinn an phobail an mhí seo chuaigh thart.