Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bruth fearthainne intense heat before rain
"bruth fearthainne ann, tá eagla orm," a d'fhreagair McAllister.
ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr Nuala's uneasiness grew more intense
" D'éirigh an choimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr, go háirithe anois agus beirt leanaí aici.
an-dian very intense
" "Is cúrsa an-dian deacair é sin, a eagraíonn an tOllamh Art Hughes, ach tá sé iontach maith," ar sise.
dian hard, intense
" Bhíos ann ag seinnt ceithre huaire sa ló, seachtain lá na seachtaine, ar feadh sé mhí nach mór! Bhí spórt agam ach bhí sé dian.
fís dhian ildaite an intense multi-coloured vision
"fís dhian ildaite ag Michael den domhan nádúrtha.
níos déine harder, more intense
" Traenáil níos déine ======= Dar ndóigh tá an traenáil a dhéanann siad mar imreoirí gairmiúla i bhfad níos sofaisticiúla agus níos déine (ag plé le meáchain etc.
níos tréine stronger, more intense
" Éiríonn an caidreamh idir an cailín aimsire agus an máistir níos tréine.
le baint ó thréine na gréine to make the sun less intense
" Bhí a raibh d'fhuinneoga ar an charr foscailte agus bhí na dalloga gréine abhus le baint ó thréine na gréine, ach dheamhan má bhí difear le sonrú ó thaobh an teasa de.
dianiomaíocht intense competition
" ” Fiafraím di an bhfuil dianiomaíocht idir láithreoirí teilifíse agus an gcaitheann daoine go suarach lena chéile uaireanta dá bharr.
dianscagadh intense examination
" Foilsíodh an fhianaise i sraith altanna sa pháipéar náisiúnach ó thuaidh, *The Irish News*, í bailithe ag Stephen McCaffery, ach ba iad an Pat Finucane Centre agus an Justice for the Forgotten Group a tháinig ar an eolas i gcéaduair i ndiaidh dianscagadh a dhéanamh ar cháipéisí sa Public Records Office i Londain.
cur chuige an-dian a very intense approach
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
ré ghéariomaíochta era of intense competition
" “Measann muide go dtógfadh sé ardú suntasach, sna déaga milliúin, chun an tseirbhís seo a chur ar bhonn sláintiúil sa ré ghéariomaíochta atá amach romhainn.
mo dhianstaidéar in intense study
" Ina dhiaidh sin, cheannaigh mé *Now You're Talking* agus ba é seo an cúrsa a chuir tús le mo dhianstaidéar ar an Ghaeilge.
coimhlint ghéar intense rivalry
" Bhí coimhlint ghéar i gceist agus na hiománaithe agus na peileadóirí ab fhearr as gach cúige ag imirt.
níos teasaí agus níos géire more heated and intense
" Agus ceathrar in iomaíocht don duais cháiliúil, mar aon le £25,000 agus aitheantas idirnáisiúnta, ní hionadh ar bith go n-éiríonn an troid níos teasaí agus níos géire le himeacht gach bliana.
dianfheachtas intense campaign
" Ach gan dabht ar bith is é an dianfheachtas atá ar bun ag na Gardaí le dornán míonna anuas an buille is troime atá faighte ag tionscal na dtithe leanna le fada.
dianstaidéar intense study
" Amharcann Laoch na Litríochta air féin mar scolardach polaitiúil, agus d’amharc riamh, ach tuigeadh dó go mbeadh air dianstaidéar a dhéanamh ar roinnt de na coincheapa polaitiúla coitianta, agus iad siúd nach bhfuil chomh coitianta, sula dtabharfadh sé faoi thuairisceoireacht thuisceanach tharraingteach ar ghnéithe éagsúla de na feachtais atá le teacht.
dianchleachtadh. intense practice.
" Deirim le gach éinne go ndéanfaidh mé dianchleachtadh.
iniúchadh dian domhain an intense deep scrutiny
" Tá gnó príobháideach pearsanta Bhertie Uí Hernia dá scrúdú ag binse fiosraithe Mahon i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chomh maith le cúistiúnacht Chathail Mhic Coille ar *Morning Ireland*, ach tá Balor i ndiaidh iniúchadh dian domhain dá chuid féin a dhéanamh ar ghnó roinnt de na daoine eile i saol na polaitíochta, agus níl binse fiosraithe ar bith ina shuí maidir leis na cásanna siúd.
i ndianiomaíocht in intense competition
" Sea, Everton FC, an fhoireann sacair eile atá againn sa chathair; an fhoireann atá i ndianiomaíocht le Liverpool FC le níos mó ná 100 bliain.
coimhlint ghéar intense competition
" Dá bhrí sin, bhíothas ag tnúth le coimhlint ghéar eatarthu agus na Sasanaigh san Astráil anuraidh le sraith a imirt.
dlúthbhaint intense involvement
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
iomaíocht ghéar intense competition
" Sa lá atá inniu ann, úsáideann ealaíontóirí graifítí cannaí péinte agus marcóirí den chuid is mó, agus bíonn iomaíocht ghéar i gceist eatarthu leis an íomhá nó an teachtaireacht is radacaí a chur os comhair an phobail.
dlúthbhaint close/intense involvement
" Is cinnte gur rith an smaoineamh céanna le Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill agus daoine eile nach iad a raibh dlúthbhaint acu le blianta luatha an nuachtáin agus iad ar a mine ghéire á chur amach ar acmhainní suaracha.
diandéiríocht intense dairy farming
"diandéiríocht i ndiaidh a bheith ar siúl sa chontae áirithe seo le blianta fada anuas, ach go mór mór ó chuaigh an Ríocht Aontaithe isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973.
iomaíocht ghéar intense competition
" Bhí iomaíocht ghéar i gceist idir Sydney, príomhchathair New South Wales, agus Melbourne, príomhchathair Victoria, maidir le cé acu a bheadh mar phríomhchathair na tíre.
iomaíocht ghéar intense competition
" Níl deireadh lena chuid réamhthoghchánaíochta go fóill agus tá iomaíocht ghéar i gceist idir na hiarrthóirí ó thosaíodar ag formad lena chéile bliain go leith ó shin.
an dobrón the intense sorrow
" Go minic, ní fhaigheann daoine léargas fírinneach i dtuairiscí meán mar gheall ar an uafás agus an dobrón a leanann cogaí.
an-bhrú intense pressure
" Ach nuair a thit gach rud as a chéile san Iaráic go luath tar éis an ionraidh, chuir Bush an-bhrú ar Howard trúpaí a sheoladh ar ais mar chuid de na fórsaí forghabhála.
dian-idirbheartaíocht intense negotiations
" D'impigh Alex Maskey ar an DUP tús a chur le dian-idirbheartaíocht a fhuasclódh na fadhbanna uilig atá ag crá an chórais polaitíochta ó tháinig Peter Robinson i gcomharbacht ar Ian Paisley.
iomaíocht ghéar intense competition
"iomaíocht ghéar ar siúl idir an dá thír i gcúrsaí spóirt ó nach raibh sa tír seo ach coilíneacht de chuid Impireacht na Breataine.
fíormhíshuaimhneas intense discomfort
" Níor thoiligh aon duine de na mairbh a bheith páirteach sa taispéantas de réir cosúlachta agus cuireann sé seo, chomh maith leis an stair atá ag an tSín maidir le sárú cearta a cuid saoránach agus nódú baill choirp ó chimí básaithe, fíormhíshuaimhneas ar dhaoine.
ní chomh géar not as intense
" I bPDC go háirithe ní chomh géar ceánna a chuathas i mbun leagan na foraoise.
dílseacht fhraochta intense loyalty
" Maíonn an cara seo le dílseacht fhraochta go n-éascaíonn na suímh shóisialta an teagmháil idir dhaoine, ach ina cás sise, is mó de chaidreamh leictreonach ná den fhíorchaidreamh daonna a bhíonn i gceist.
millteanach intense
" pdf) Le fiche bliain anuas (ó leagadh Balla Bheirlín), tháinig luas millteanach faoi phróiseas an domhandaithe.
géarchoimhlintí intense competition
" Bíonn na géarchoimhlintí idir na contaethe lán le dóchas agus díocas, misneach agus mórtas, áthas agus aiféala.
Fás Céadach intense growth
" Fás Céadach Mhéadaigh an t-ord go han-tapa agus bhí 34 scoil acu taobh istigh de thréimhse cheithre bliana, ag soláthar oideachais do pháistí a raibh cónaí orthu faoin tuath san Astráil Theas, ach go háirithe do pháistí na mbocht agus do pháistí sna ceantair is iargúlta.
ghéar intense
" Mar a bheifeá ag súil leis, bíonn iomaíocht ghéar idir na modhanna éagsúla i dtaca le lucht leanúna, le leibhéil rannpháirtíochta iontu agus le maoiniú as na foinsí urraíochta, go háirithe as na bealaí teilifíse.
deargolc intense evil
" An deargolc ba chúis leis an fhulaingt mhillteanach sin – olc de bhun tola.
ghéar intense
" Ach cluiche ceart crua agus iomaíocht ghéar, ba scéal eile ar fad é sin! Gan scéal an ghamhna bhuí a dhéanamh de, shocraíomar an deis a thapú.
dianchomhrá intense conversation
" Dúirt Bourgeois gur pósadh iad ‘idir babhtaí dianchomhrá ar an osréalaíochas agus cúrsaí na huaire i saol na healaíne’ agus bhog siad go dtí na Stáit Aontaithe i 1938, áit ar chaith sí an chuid eile dá saol.
dianiarracht intense effort
" Léiríonn an dianiarracht atá Gillard agus Abbott a dhíriú ar chúrsaí an daonra go dtuigeann siad dís gur cúis imní é sna toghcheantair imeallacha i mbruachbhailte na gcathracha móra, na ceantair chéanna inar bhuaigh an rialtas an t-olltoghchán sa bhliain 2007.
aighneas géar intense dispute
" Bhunaigh dugairí, a chaill a bpostanna san aighneas géar i bPort Learphoill i 1997, an club seo, Casa Club.
coimhlint ghéar intense competition
" I ngeall gur comharsana iad pobail an dá chontae, bhí coimhlint ghéar i gceist faoi mar a bhíonn i gcónaí idir contaetha agus clubanna atá in aice a chéile.
grinnstaidéir intense study
" Bhí foireann taighde Greenpeace ar an áit ag déanamh grinnstaidéir ar an oighearshruth an samhradh seo caite agus fágadh gléasanna GPS agus ceamaraí iar-aga ann.
géar intense
" Déarfadh daoine freisin nach bhfuil an iomaíocht chomh géar ná chomh dian i gcás dornálaíocht na mban is atá i spóirt eile, ach aon duine a bhí ag féachaint ar throideanna Katie, agus ar a troid i gcoinne Queen Underwood de chuid na Stát Aontaithe sa bhabhta leathcheannais go háirithe, thuigfidís gurb é a mhalairt atá fíor dáiríre.
iomaíocht dian intense competition
" Bhuaigh an suíomh seo thar chúig cheann eile sa chatagóir céanna agus déarfainn go raibh an iomaíocht dian sa chatagóir seo.
géire an bhochtanais intense poverty
" Ach cé gur laghdaigh géire an bhochtanais d’fhan an deighilt idir saibhir agus daibhir chomh leathan agus a bhí riamh.
dianstocaireacht intense canvassing
" ”* Rinne na Síónaigh dianstocaireacht ar an gComhdháil, chothaigh siad na Síónaigh “Chríostaí,” agus bhunaigh siad meithleacha smaointe a chothaigh eagla roimh Ioslam mar bhagairt don Iarthar Domhain.
dian intense
" Sílim go raibh an chéad chuid de sin agam ach b’éigean dom staidéar dian a dhéanamh ar na rialacha le bheith i mo réiteoir ceart críochnaithe.
fíorchoimhlint ghéar intense conflict
" Agus cé gur iontach ann iad na háiseanna nuafhorbartha seo, is minic cluichí tábhachtacha a mbíonn fíorchoimhlint ghéar ag baint leo a bheith á n-imirt ar oícheanta fuara, fliucha geimhridh (faoi shoilse) ar dhromchlaí saorga nuair ba chóir na cluichí sin a imirt le linn na haimsire breá.
fhógraíocht dhian intense advertising
" Tá éirithe leis na heagraíochtaí, an CLG agus an AFL, na sluaite móra a mhealladh ó am go ham trí fhógraíocht dhian a dhéanamh agus de thoradh ghéire na hiomaíochta idir an dá thír.
tsuim mhór mhillteach intense interest
" Agus an tsuim mhór mhillteach atá ag muintir na hÉireann sa spórt (rud a thuigeann lucht TG4 go rímhaith) bheadh duine ag ceapadh go dtabharfadh lucht foilsitheoireachta leabhair Ghaeilge cuireadh do scríbhneoir(í) Gaeilge tabhairt faoi ábhar éigin spóirt.
teas millteanach intense heat
" San Astráil a chaith muid an Nollaig an dá bhliain roimhe sin agus bhí sé go hiomlán éagsúil leis an Nollaig sa bhaile leis an teas millteanach agus leis an mbia mara.
dianiniúchadh intense scrutiny
" Chreidtí roimhe seo gur comhpháirtí da chuid, Giovanni Antonio Boltraffio, a rinne an pictiúr seo ach i ndiaidh dianiniúchadh, aithníodh agus deimhníodh gurb é da Vinci a rinne é chomh maith le réamhlíníocht a rinneadh don phictiúr, atá le feiceáil sa chnuasach fosta.
tréanstocaireacht intense canvassing
" Léiríonn comhad de chuid Roinn an Taoisigh go ndearna an tUas Mac Gabhann tréanstocaireacht le bheith mar bhall de Bhord an Údaráis díreach sular bunaíodh an eagraíocht.
diancheistniú a dhéanamh to carry out an intense inquiry
" Níor mhiste diancheistniú a dhéanamh ar an dtuiscint traidisiúnta atá againn ar ár bhféiniúlacht mar náisiún i gcomhthéacs an gá atá le féiniúlacht oscailte nua-aimsireach a fhorbairt, lena mbeadh daoine le dílseachtaí éagsúla stairiúla in ann glacadh leis agus áit na Gaeilge a aimsiú sa bhféiniúlacht nua náisiúnta.
conspóid ghéar intense dispute
" Cuidiú le Dream an Ghustail ============ Bhí conspóid ghéar ann gach uair a leathnaíodh an státchabhair seo agus tharla an chonspóid ba nimhní idir 1996-2007, nuair a bhí John Howard ina Phríomh-Aire.
an choimhlint is géire most intense rivalry
" Is ar na páirceanna imeartha a bhíonn an choimhlint is géire idir an dá thír le feiceáil, cluichí rugbaí idir na fir agus cluichí cispheile idir na mná ach go háirithe.
Ba mhó an cuthach the rage was more intense
" Míshásamh na Meán ======== Ba mhó an cuthach a bhí ar mheáin chumarsáide na Spáinne ná mar a bhí ar mhuintir na tíre, le fírinne.
coimhlint ghéar intense conflict
" I mbeagnach gach tír atá faoi fhorbairt, bíonn coimhlint ghéar idir an saol traidisiúnta agus an nua-aoiseachas.
an choimhlint níos géire dá bhrí sin the competition more intense for that reason
" Bheadh an choimhlint níos géire dá bhrí sin, rud a bhí, agus bhí imní ar dhaoine go bhféadfadh brú nó tinneallaí, mí-ádh nó leochaileacht dhaonna beartais agus taicticí Katie a chur ó mhaith in am ar bith.
fiach mór orthu intense hunting
" Bíonn fiach mór orthu de ghrá a gcuid feola.
dianfhiosrúchán an intense investigation
" Easpa Eolais ===== Rinne na póilíní dianfhiosrúchán ar an ainghníomh ach ní raibh aon fhinné ann agus ní raibh aon amhrastach acu.
dianfhógraíocht dosheachanta intense unavoidable
" B’fhéidir go bhfuil na hathruithe a thagann le dianfhógraíocht dosheachanta agus gur smaoineamh saonta atá ann go bhfuil an dara rogha ann.
Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor the intense competition continues
" Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor idir na páirtithe móra le cur ina luí ar an lucht vótála go bhfuil siadsan níos déine ar mhuintir na mbád ná an taobh eile (Eagrán 89, Meán Fómhair 2008, Eagrán 97 Bealtaine 2009 & Eagrán 123, Iúil 2011).
Le linn tréimhse na coimhlinte géire during the period of most intense rivalry
" Le linn tréimhse na coimhlinte géire idir foireann peile Átha Cliath agus foireann peile Chiarraí a mhair ar feadh deich mbliana ó 1975 go dtí 1985, bhí Páidí Ó Sé ar na pearsana ba mhó agus ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla a thit amach aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile.
trialacha ba ghéire most intense trials
" Sílim gur bhain Páidí Ó Sé ardtaitneamh agus sásamh as na coimhlintí sin toisc gur iontu a bhí na dúshláin agus na trialacha ba ghéire a bhí le fáil aige mar pheileadóir.
Ba ghéire an iomaíocht competition was more intense
" Ba ghéire an iomaíocht ag bun an chairn ná an iomaíocht náisiúnta idir na Gaeil a théadh ar imirce agus a gcuid fostóirí Sasanacha.
Bhí an iomaíocht ghéar mar thoradh air competition was intense as a result
" Bhí an iomaíocht ghéar mar thoradh air seo.
ghéarchúiseach intense
" Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.
lena chreideamh lom docht tréamanta with his bare unyielding intense belief
" Nó bhí, go dtí gur tháinig an Bráthair Girolamo Savonarola ar an saol lena chreideamh lom docht tréamanta.
a bhfuil imreas géar inti which has an intense discord
" Cibé Pápa a thiocfaidh i ndiaidh Benedict beidh sé i gceannas ar Eaglais a bhfuil imreas géar inti.
spóirt diantraenála agus coimhlinte intense training and competitive sports
" Sna spóirt diantraenála agus coimhlinte (peil, iomáint, rugbaí is araile) níl mórán le cois trí bliana is tríocha ag aon imreoir le bheith ag imirt.
aon ionsaí, bog ná gránna any attack, intense or not
" Is é leas cách nach bhfoilseofaí aon ionsaí, bog ná gránna, faoi ainm cleite (ná faoi ainm dílis) a dhéanfadh beag is fiú d’éinne.
Cé gur dianscagadh an leabhar féin ar an ndromchlár although the book itself on the surface is an intense scrutiny
" Cé gur dianscagadh an leabhar féin ar an ndromchlár ar imeachtaí leadránacha rúnda an Internal Revenue Service sna hochtóidí, scrúdú ab ea é i ndáiríre ar fhisiciúlacht thimpeallacht ársa Mheiriceá.
neamhthrócaireach agus géar unmerciful and intense
" Dúradh go bhféadfadh sé bheith brúidiúil, neamhthrócaireach agus géar lena chuid imreoirí féin.
coimhlint an-ghéar eatarthu intense competition between them
" An mbeidh iománaithe óga, oilte Chorcaí rómhear agus rólúfar d’iománaithe Átha Cliath, nó an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe ag fir na hardchathrach le roinnt blianta anuas leo leis na Corcaigh a chloí? Agus céard faoi Luimneach agus an Clár? Garchomharsana is ea iad dar ndóigh, agus is cinnte go mbeidh coimhlint an-ghéar eatarthu.
ag stámhailleach faoi bhrú ollmhór staggering under the intense pressure
" Tá an Liobáin fós ag stámhailleach faoi bhrú ollmhór ó na tíortha timpeall uirthi.
bhí spéis an diabhail ar fad ag m’athair inti my father had an intense interest in it
" Ní fhéadfainn a rá go raibh caid sa chlann ach bhí spéis an diabhail ar fad ag m’athair inti agus is as san a tháinig sé is dócha.
níos troime ná ba chóir more intense than need be
" Ach é sin ráite, tá cuid mhór pinsinéirí leochaileach agus cuireann na scéalta seo buaireamh intinne orthu atá, uaireanta, níos troime ná ba chóir.
is treise an t-uaigneas the loniliness is more intense
" Ar chúis éigin is treise an t-uaigneas nuair a chailltear Éireannaigh ar deoraíocht.
aon ghéarscagadh ar any intense scrutiny of
" Ní dhearna Hardiman aon ghéarscagadh ar an gcoimhlint ghlan seo idir Airteagal 44 agus na hairteagail ilghnéitheacha eile i mBunreacht na hÉireann a luaití go minic chun an cosc ar mhaoiniú creideamhach a scriosadh.
dianiarracht á déanamh making an intense effort
" Agus dianiarracht á déanamh aici gan screadaíl, déanann sí cur síos ar an nglaoch gutháin a fuair sí tar éis bhás an linbh, glaoch ina raibh guth an linbh féin le cloisteáil go soiléir.
diantraenáil intense training
" Tá imní ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an diantraenáil agus an líon mór cluichí ag déanamh dochair do na himreoirí is fearr peile agus iománaíochta.
dúil mhór ar fad aige an intense liking for
" Is breá leis mí-iompar mar dhea mhuintir Nua-Eabhrac agus tá dúil mhór ar fad aige in Óstán iomráiteach Chelsea ar Shráid 23.
chomh tréan so intense
" Tá Brian Ó Broin ag faire ar eachtraíocht Scot Walker, rialtóir Wisconsin, a bhí chomh tréan in achar seachtaine is gur tionscnaíodh éirí amach i gcoinne a reachta.
reachtaíocht dhian intense legislation
" Léiríonn an dá chás, dar le Alex Hijmans, nach gá go gcuirfeadh reachtaíocht dhian ar úinéireacht airm bac ar ár mar sin titim amach.
lucht na géarmheastóireachta the intense critics
" Tá Pat Butler ag dul in aghaidh lucht na géarmheastóireachta an iarraidh seo arís agus molann sé dúinn súil a chaitheamh ar aisteoireacht François Damiens agus Audrey Tautou in ‘La Delicatesse’.