Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idirghabhálach intermediary
" Cé gur áis chumhachtach é an tseirbhís WHOIS seo, is féidir teacht timpeall air trí shuíomh a cheannach ó chomhlacht idirghabhálach.
feidhmiú mar idirghábhálaí to function as an intermediary
" Mar shampla, bhí ar chumas an iar-Thaoisigh Albert Reynolds feidhmiú mar idirghábhálaí idir an Iaráic agus An Teach Bán i 1998.
idirghabhálaí intermediary
" Ó na hochtóidí ar aghaidh, ba é Donaldson idirghabhálaí Shinn Féin Sealadach leis an PLO, ETA agus treallchogaithe FARC.
idirghabhálaithe intermediaries
" I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
d’idirdhealaithe cléireacha to clerical intermediaries
" Cheap sé go ndéanfaí mairtírigh bolscaireachta den bheirt acu dá bhfaighfidís bás sa Bhreatain, agus d’fhonn é sin a sheachaint, thug Jenkins le fios go príobháideach d’idirdhealaithe cléireacha go mbéadh sé sásta iad a bhogadh go Béal Féirste níos déanaí dá nglacfaidís le leachtanna láithreach bonn baill.