Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionadaíocht representation
" D'fhéadfaí b'fhéidir cúig shuíochán a chur i leataobh le haghaidh dreamanna nach bhfuil ionadaíocht ar bith eile acu san Oireachtas.
ionadaíocht representation
" An mbeidh siad sásta le laghdú ar a gcumhacht? Ní bheidh a n-ionadaíocht chomh láidir ar an gcomhairle nua ospidéal atá pleanáilte.
ionadaíocht representation
" Na príomhláidreachtaí atá againn ná saineolas agus dea-mhéin: dea?mhéin agus féile ó bhaill an Choiste maidir lena saineolas; dea?mhéin ó shaineolaithe san iliomad réimsí maidir le comhairle faoi bhrí agus chomhthéacs téarmaí; ionadaíocht ó eagrais tríú leibhéal agus gaolmhara thuaidh agus theas; dea?mhéin ó dhaoine sa Ghaeltacht maidir le comhairle faoi ghnáthúsáid na teanga; deamhéin ó Fhoras na Gaeilge agus comhthuiscint ar thábhacht na hoibre.
ionadaíocht representation
" Moladh freisin go gcoimeádfaí ionadaíocht na n-ollscoileanna ach go dtabharfaí vóta do gach céimí a thiteann faoi réimeas an Údaráis Ardoideachais agus na Comhairle Náisiúnta Gradaim Oideachais.
ionadaíocht representation
" Agus má tá foras le bunú chun monatóireacht a dhéanamh ar na nuachtáin ba mhór an tuaiplis gan ionadaíocht a bheith ag Cumann na nIriseoirí ar an bhforas sin.
hionadaíochta cionmhaire proportional representation
" " Mar sin, tá Ruth an-sásta le córas na hionadaíochta cionmhaire a cuireadh ar bun sa Tuaisceart.
ionadaíocht representation
" Cén fath a raibh sé deacair ionadaíocht a fháil don Ghaeilge ar an gcéad dul síos? Le seirbhís ilchultúrtha a bhunú a mbeadh sé d'aidhm aici freastal ar phobail eitneacha na tíre, bhí ar na húdaráis téarmaí agus teorainneacha a shonrú.
ionadaíocht representation
" Cén fath a raibh sé deacair ionadaíocht a fháil don Ghaeilge ar an gcéad dul síos? Le seirbhís ilchultúrtha a bhunú a mbeadh sé d'aidhm aici freastal ar phobail eitneacha na tíre, bhí ar na húdaráis téarmaí agus teorainneacha a shonrú.
córas na hionadaíochta cionmhaire the proportional representation system
" Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh níos déanaí agus córas na hionadaíochta cionmhaire a bhíonn i gceist.
an caighdeán ionadaíochta the standard of representation
" "Tá Reg Empey ann, ach cá bhfuil na dlíodóirí, na cuntasóirí, na fir mhóra gnó?" Deir Feeney go bhfuil an caighdeán ionadaíochta atá ag an phobal aontachtach ag ísliú agus ag ísliú an t-am ar fad.
Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána Garda Representative Association
" Ach chomh fada agus a bhain sé le heagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (nó an GRA), ní raibh mar bhonn dar leo le tuarascáil an Bhreithimh Morris ach cúpla úll nó Garda lofa.
ionadaíocht representation
" Baineadh amach cuid de na haidhmeanna a bhí ag na mianadóirí go gairid ina dhiaidh sin, ina measc leasú ar chóras na gceadúnas agus ionadaíocht parlaiminte.
ionadaíocht parlaiminte parliamentary representation
" Baineadh amach cuid de na haidhmeanna a bhí ag na mianadóirí go gairid ina dhiaidh sin, ina measc leasú ar chóras na gceadúnas agus ionadaíocht parlaiminte.
ionadaíochta representation
" Coinníonn sé súil ar achan rud a bhaineann lena thoghcheantar agus coinníonn sé i dteagmháil go dlúth leis an phobal a bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta dó.
Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána the Garda Representative Association
" An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí.
ionadaíocht representation
" Dúirt cuid mhaith Moslamach gur chóir ionadaíocht níos láidre bheith ann do dhaoine óga agus gur cheart teagmháil éicint bheith ag an rialtas le daoine a bhfuil tuairimí radacacha acu.
ionadaíocht representation
" Úsáideann roinnt daoine an comórtas ar mhaithe le hamhráin nua a fhoghlaim, glacann daoine páirt ann ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag a gceantar ag an Oireachtas, glacann daoine páirt le spreagadh a thabhairt do dhaoine eile.
ionadaíochta representation
" “Níl na hionadaithe a thogh muid ag déanamh ionadaíochta ar ár son agus tá sin ag cur an daonlathais i mbaol,” ar sé.
ionadaíocht representation
" Ar cheart go gcuirfí na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.
ionadaíocht chionmhar proportional representation
" Deir Harper go bhfuil faoi an córas parlaiminte féin a leasú: má fhéachann sé le hionadaíocht chionmhar a thabhairt isteach, seasfaidh an NDP leis.
ionadaíocht representation
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
ionadaíocht representation
" Cén obair a dhéanann sibh ó mhí go mí? Tá ionadaíocht ag Na Gaeil Óga ar go leor coistí éagsúla ar nós Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus Choiste Oideachais Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
ag déanamh ionadaíochta substituting
" Fuair sí post páirtaimseartha sa stáisiún i dtosach, ag déanamh ionadaíochta do na láithreoirí leanúnachais a bhí ann ag an am, Deirbhile Ní Churraighín agus Ailbhe Ó Monacháin.
ionadaíochta representation
" Tá ocht nduine dhéag ar fad ag déanamh ionadaíochta do na hIodálaigh thar lear – dhá dhuine dhéag sa teach íochtarach (a bhfuil 630 ball ann) agus seisear sa Seanad (as 315).
ionadaíocht representation
" An mhí seo caite, dúirt Impact, ceann de na ceardchumann is mó a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe san earnáil phoiblí, nár mhór leasú radacach a dhéanamh ar an phróiseas díláraithe.
ag déanamh ionadaíochta ar éinne representing anyone
" Chuirfeadh An Taisce ina choinne ach déarfaí fúthu nach bhfuil siad ag déanamh ionadaíochta ar éinne agus go bhfuiltear ag iarraidh bac a chur ar “fhorbairt”.
ionadaíocht representation
" Is dócha go dtiocfaidh méadú beag ar ionadaíocht an pháirtí sa 30ú Dáil, ach de thairbhe iad a bheith ag iomrascáil le Fine Gael i go leor dáilcheantar imeallach, ní dócha go sáróidh líon suíochán an LO 25 nó 26.
a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha who represent English constituencies
" ” Mura bhfuil pobal na hAlban sásta leis an staid reatha, bíodh acu! Chuir iar-Aire Rialtais de chuid na gCaomhach, Sir Malcolm Rifkind, an lasóg sa bharrach ar na mallaibh nuair a mhol sé nach mbeadh cead ach ag Feisirí Parlaiminte a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha reachtaíocht a rith ar aon ní a bhaineann go sonrach le Sasana.
ionadaíocht a place/nomination
" Bhuaigh sé mórán gradam eile ar nós Craobh Chonnacht, Craobh Shinsir an Chontae, Craobh Pheil na Gaeltachta, gradaim Réalta, agus ionadaíocht ar fhoireann na hÉireann in aghaidh na hAstráile.
ionadaíocht representation
"ionadaíocht mhaith ag clubanna ‘UL Bohemian’ agus ‘Blackrock’ chomh maith.
ionadaíocht representation
" Bhí dhá chúis eile agam le vótáil ina aghaidh an uair dheireanach: muid ag cailliúnt ionadaíochta ar an gCoimisiún ó am go ham agus an tslí a caitheadh le tionscal iascaigh na tíre.
ionadaíocht substitute
" Ba é an chéad rud a rinne mé ná ionadaíocht do Pat Kenny ar feadh trí sheachtaine ar Drivetime, clár cainte is ceoil.
ionadaíocht chionmhar proportional representation
" Shiúil na hiarrthóirí eile amach as Halla na Cathrach, Manchain, nuair a toghadh Griffin faoin chóras ionadaíocht chionmhar d'Hondt ar 8ú Meitheamh.
ionadaíocht representation
" Ach seo atá molta: 2009 Annus horribilis na Gaeilge: Deireadh le Roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus gearradh 196 ball dá fhoireann; Údarás na Gaeltachta le briseadh ina ghiotaí agus a chúraimí le scaipeadh soir siar; deireadh le ceann de na tionscail is dúchasaí agus is rathúla sa Ghaeltacht, is é sin, na Coláistí Samhraidh; gan aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht nó ag an Ghaeilge ag bord an Rialtais; deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus leis an Scéim Tithíochta Gaeltachta; deireadh leis an eagraíocht a bhí ag dul i ngleic le riachtanais Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.
ionadaíocht representation
" Mná Polaitíochta Tá rannpháirtíocht agus ionadaíocht na mban sa chóras polaitíochta ar cheann den iliomad ábhar a mbíonn Ivana ag plé leo agus is é an dearcadh atá aici ar an ábhar seo is cúis leis an gcinneadh a thóg sí dul san iomaíocht i mí an Mheithimh.
ionadaíocht representation
" Tá luaidreáin ann gur ochtar a thoghfar feasta, rud a chiallódh gur drochsheans go mbeadh ionadaíocht ag na Gaeltachtaí beaga ar an bhord úr.
ionadaíocht representation
" Ní hionadh coinníollacha den saghas sin agus fiagaithe-cnuasaitheoirí na Céinia gan ionadaíocht pholaitiúil.
ionadaíocht representation
" Chiallódh sé seo nach mbeadh aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht, ná ag an Ghaeilge, ag bord an Rialtais.
ionadaíocht representation
" De réir fabhalscéalaíocht Mheiriceá, am cinniúnach i stair na tíre ab ea an eachtra seo, nuair a caitheadh boscaí agus burlaí tae isteach i nduga Bhoston mar agóid in aghaidh chórais canach Shasana (a leag cáin ar na cóilínithe gan ionadaíocht a thabhairt dóibh i bParlaimint.
ionadaíocht representation
" Ach anuas air sin, rinne Lula ionsaí ar na Náisiúin Aontaithe féin: “Is léir gur club iad na Náisiún Aontaithe a dhéanann ionadaíocht ar leasa thíortha a bhí láidir fadó, beag beann ar chaidrimh chumhachta an domhain sa lá atá inniu ann.
ionadaíocht representation
" Níl deireadh curtha leis an gcóras sainaicmí go fóill ach sa bhunreacht a achtaíodh i 1950 i ndiaidh don India neamhspleáchas a bhaint amach, ní hamháin gur cuireadh ar ceal stádas an aosa sheachanta ó thaobh an dlí de, ach maidir le fostaíocht, oideachas is ionadaíocht toghcháin, tugadh an t-idirdhealú dearfach isteach.
ionadaíocht representation
" Tá folús uafásach ar fud na hEorpa ó thaobh ionadaíocht lucht oibre mar go bhfuil na páirtí uilig a bhí uair amháin ar an eite chlé imithe anonn ar an eite dheis.
ag déanamh ionadaíochta representing
" “Bhí mé mo scaoileadh saor ón pháirtí diaidh ar ndiaidh, mar chreid mé nach raibh sé ag déanamh ionadaíochta mar ba cheart ar son aicme oibre na bProtastúnach.
ionadaíocht representation
" Bheifeá ag súil go ndéanfadh an Rialtas ionadaíocht mhaith ar son an phobail, go ndéanfaidís an conradh is fearr maidir le hacmhainní na tíre agus nach dtiocfaidís ar aon réiteach a mbainfeadh, nó go bhféadfadh baol sláinte a bheith ag baint leis.
ionadaíocht representation
" Bhíothas ag dúil agus ba é aidhm Thuairisc Patten ar an Phóilíneacht, go mbeadh ionadaíocht Chaitliceach sa PSNI tuairim's ar 33%.
hionadaíocht representation
" Ní dóigh liom go dtiocfadh le caighdeán a bheith chomh cuimsitheach le hionadaíocht a dhéanamh d’achan éagsúlacht atá ann.
le hionadaíocht a dhéanamh to represent
" Ag Comhdháil Ceardchumann na hÉireann a tionóladh i Halla an Bhaile i gCluain Meala sa mbliain 1912, mhol James Connolly an rún go mba cheart structúr polaitiúil a bhunú le hionadaíocht a dhéanamh ar son aicme oibre na hÉireann.
dhéanann ionadaíocht orthu represent them
" Deiseanna iontacha iad fosta dóibh siúd a bheadh ag iarraidh an bonn a bhaint de na cearta teangan atá bainte amach ag lucht labhartha na Gaeilge tar éis blianta fada stocaireachta agus ciorruithe a chur i bhfeidhm ins na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu.
ionadaíocht representation
" ) Ba cheart áiteanna a chur ar leataobh fosta do dhaoine a dhéanfadh ionadaíocht ar an lucht siúil, orthu siúd atá dífhostaithe, ar mhionlaigh eitneacha eile agus ar dhaoine le míchumas.
ionadaíocht ar representation on behalf of
" Bhíodh agus tá an mheánaicme Aontachtach i gcónaí sásta ídeolaíocht pholaitiúil a chur ar leataobh agus tacaíocht a thabhairt d’fhoireann na hÉireann sa rugbaí ach mar a dúirt fear amháin acu, “ní foireann náisiúnta í ach foireann a dhéanann ionadaíocht ar oileán na hÉireann ina bhfuil dhá stát.
hionadaíocht a dhéanamh ar to make representation
" Níl aon ghá le 166 Teachta Dála le hionadaíocht a dhéanamh ar thír agus ar dhaonra atá chomh beag sin.
aon nasc ann idir an ionadaíocht no connection between representation
" Níl aon nasc ann idir an ionadaíocht agus an cháin, nasc atá ag croílár an daonlathais.
chun ionadaíocht a thabhairt to represent
" Deir siad go bhfuil 4,000,000 ball acu, agus faigheann siad an-chuid airgid ó na comhlachtaí gunnaí chun ionadaíocht a thabhairt don ghluaiseacht.
eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar organization which represents
" *" An Finscéal ina Thátal ========= Ach cad a spreag i ndáiríre iad chun an treoir an leasú? Chuaigh an Roinn i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus leis an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí na gcógas, chun a fháil amach faoi na himpleachtaí a bheadh ann daofa dá mbeadh gá le lipéadú i mBéarla agus i nGaeilge.
ionadaíocht representation
" Measann Aontachtaithe go fóill gur cruthaíodh Reich Míle Bliain i 1921 agus nach ceadmhach aon athrú cé go bhfuil an timpeallacht bhunreachtúil, pholaitiúil, shóisialta, mhorálta, thart orthu athraithe as a riocht mar sin, faigheann tú fir an lae inné, Michael Mc Gimpsey agus Tom Elliott ag rá go gcuirfeadh sé deireadh le Comhaontú Aoine an Chéasta (Mc Gimpsey) agus “Ní thugann Uachtarán na hÉireann ionadaíocht do mhuintir Thuaisceart Éireann.
Ionadaíocht Cionmhaire Proportional Representation
" Sin mar a oibríonn Ionadaíocht Cionmhaire (PR): ní hionann a bheith sa chéad áit agus an rása a bhuachaint.
deireadh le hionadaíocht tofa an end to elected representation
" Deireadh le Toghcháin Údarás na Gaeltachta:** Chuir Acht na Gaeltachta, 2012 deireadh le hionadaíocht tofa ar bhord Údarás na Gaeltachta.
an ionadaíocht representation
" Nochtann sé a thuairim ar Shinn Féin, an ionadaíocht neamhspleách, an NUJ agus ar an bPlean 20 Bliain Don Ghaeilge.