Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici as if she they thought she had one foot in the grave
" Bhí achan duine ag cur a tuairisce ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici.
ionas go mbeadh siad in ann so that they could
" Ní hamháin sin, ach tá soilse speisialta curtha in airde ag a n-athair sa gháirdín mór ar chúl an tí ionas go mbeadh siad in ann cleachtadh a dhéanamh i rith an gheimhridh.
ionas go mbeadh a fhios aige so that he knows
" Éistíonn sé leis an nuacht ansin sula n-éiríonn sé ionas go mbeadh a fhios aige cad ba cheart dó a bheith ag paidreoireacht ar a shon.
ionas go so that
" Mar sin shocraigh muid beirt bogadh go Chicago ionas go mbeadh sí in ann sin a dhéanamh, rud a d'fhágfadh an rogha againn cónaí i gceachtar den dá thír sa todhchaí.
ionas go gcruthóidís postanna nua so that they would create new jobs
" Saoradh na corparáidí ar cháin cúpla bliain ó shin ionas go gcruthóidís postanna nua leis an airgead breise.
ionas go bhfeicfí so that it would be seen
" Cosc a bheith ar chic a thabhairt don sliotar - an bhéim a bheith ar thiomáint an tsliotair leis an gcamán (bunbhrí an chluiche) B'fhiú, dar liom, triail a bhaint as roinnt athruithe den chineál sin ionas go bhfeicfí an gcuirfidís athrú chun feabhais ar an iomáint.
ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí so that the parents would know
" Cuireadh bileoga abhaile le daltaí scoile ar fud dheisceart Chonamara ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí conas teacht ar an gcomhartha teilifíse, a bhí ag teacht ó bharr Chnoc Mordáin.
ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir so that the station will function as it should
" Tá sé éagsúil ó eagraíochtaí eile sa mhéid is go bhfuil géarghá le hinfheistíocht leanúnach i dtrealamh ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir.
ionas nach gcraolfaí na pictiúir sin so that those pictures wouldn't be broadcast
" Chuir Roinn na Cosanta Náisiúnta cosc ar na meáin chumarsáide a bheith ag an aerfort nuair a thugtaí coirp saighdiúirí marbha ar ais go Ceanada ionas nach gcraolfaí na pictiúir sin ar an teilifís.
ionas go dtiocfadh an solas isteach. so the light would come in.
" Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici so that the hare would have somewhere to escape to
" Nós ársa in Éirinn ab ea é, aimsir an fhómhair, barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici.
ionas go so that
" Rud nach dtuigtear go forleathan, ná, gach uair a bhí conradh nua idir chamáín ag na ballstáit, cuireadh na hathleasuithe ar na hinstitiúidí ar ceal agus níor socraíodh ach na ceisteanna práinneacha gearrthéarmacha ionas go bhféadfaí an chéad chéim eile a tabhairt.
ionas so that
" Coiglíonn sí a cuid airgid ar fad i rith na bliana ionas gur féidir léi turas a thabhairt ar Éirinn agus an cultúr a bhlaiseadh ar an láthair féin.
ionas so that
" Tiománann sé timpeall ar sheanachaisleán ionas go dtuigfidh mé an scéal atá á rá aige liom.
ionas so as
" Is cinnte, áfach, go mb’fhearr leis ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ nár chuala tú iomrá ar Jeff Gates riamh, ionas nach gcuirfí isteach ar mheon Chicago.
ionas as if
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.
ionas mar san so that in that way
" Sin é an saghas aidhme atá agamsa, saghas Gaelainn a thabhairt isteach ann, ach gan, is dóigh, é a shá síos scornach aon duine ionas mar san, go mbeidh sé nádúrtha ag duine í a úsáid.
ionas so that
" D’Enda Aoibhinn, Álainn, Aoibhiúil, thabharfainn cóta mór úr, le sciatháin bhreátha leathana, ionas go dtiocfadh leis a bheith ag gáire isteach ina mhuinchille i ngan fhios do dhuine ar bith gach uair a dhéanfadh Brains Cowen cac de rud inteacht eile.
ionas so that
" D’éirigh cuid acu as an gcomhaireacht chúil ionas go mbeidís in inmhe vótáil in éadan an bhille.
ionas so that
" com) ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn den idirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu! Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit an faighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit.
ionas so that
" (A) An tOiriúnú chun Maireachtála ================= Fanann ainmhithe agus ealta faoi leith linn sa tír ó cheann ceann na bliana agus bíonn siad gníomhach gach lá, ionas nach reofar agus nach lagfar d’uireasa bia sa gheimhreadh iad.
ionas so that
" In agallamh le clár raidió Giúdach, dúirt an Seanadóir Charles Schumer gur chreid sé gur thug HaShem (focal a úsáideann Giúdaigh Cheartchreidmheacha do Dhia) dó a ainm—a chiallaíonn ‘cosantóir’—ionas go bhféadfadh sé leas Iosrael a chosaint i gComhdháil SAM.
ionas go in order that
" Sula dtéann siad ar ais, cuirtear clibeanna ar a n-eireaball, ionas go bhfuilimid ábalta gluaiseacht nó taisteal na rónta a thaifeadadh.
ionas so that
" An Duais ===== **Charades as Gaeilge ó Ghlór na nGael** Is cluiche geamaireachta é Charades ina gcaithfidh baill foirne aisteoireacht a dhéanamh le leideanna a thabhairt dá chéile ionas go mbeidh siad in ann focail a thomhas laistigh de thrí nóiméad.
ionas so that
" Bhíos ag taobhú na habhann ionas nach mbeinn fíorchaillte, go fiú nuair nach mbíodh sé le feiceáil tríd an dufair, mhothaigh mé é mar chrios tarrthála taobh liom.
ionas go so that
" Is féidir an bogearra a rith díreach ón dlúthdhiosca nó é a shuiteáil ar do ríomhaire, ionas go mbeidh cóip de bhunachar téarmaíochta www.
ionas go so that
" Bhí orm a chinntiú go raibh mo scáth i gcónaí san áit chéanna agus mé ag siúl, ionas go mbeadh fhios agam go raibh mé ag leanúint líne díreach.
ionas go mbeidh tú cinnte so that you’ll sure
" Is féidir é a nascadh le féilire digiteach freisin ionas go mbeidh tú cinnte nach bhfuil na himeachtaí atá ag teacht aníos ar siúl ag an am céanna is a bheas na himeachtaí priobháideacha atá á n-eagrú agat féin.
ionas ná féadfadh cinsirí áitiúla so that local censors couldn’t
" Faoi Choim na Gaeilge ======= Scríobhadh Cruise O Brien abhaile gach seachtain dá bhean chéile, Máire Mhac an tSaoi, agus b’éigean dó a chuid litreacha a bhreacadh as Gaeilge ionas ná féadfadh cinsirí áitiúla cur isteach orthu.
ionas go so that
" Ní hamháin le go mbeidh tuairim acu sin faoin saol i mbruachbhaile bocht, ach ionas go dtuigfidh ár leithéidí féin go bhfuil rud éigin luachmhar againn anseo, rud éigin a theastaíonn ó thurasóirí a fheiceáil,” a deir Enderson.
ionas go so that
" Roghnaítear an lá sin ionas go mbíonn muintir na cathrach in ann an lá breithe a cheiliúradh sa dóigh fhíor-Astrálach: thar deireadh seachtaine fada! Déanta na fírinne, tapaíonn daoine go leor in Canberra an deis an deireadh seachtaine fada a chaitheamh ar chósta theas New South Wales, cúpla uair an chloig soir uainn, le héalú ó bhrú na cathrach agus ó bhrothall an fhómhair.
ionas nach mbeadh dualgas ar so that there wouldn’t be a duty on
" Tá seanbhlas agus cur i gcéill an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge le sonrú go soiléir ins an dóigh ar cuireadh mianta tionscal na cógaisíochta chun tosaigh ar chearta phobal na Gaeilge le déanaí, óir tá sé admhaithe anois ag an Roinn Sláinte gurb iadsan a chur tús leis an phróiseas le treoir Eorpach a athrú ionas nach mbeadh dualgas ar chomhlachtaí leighis lipéidí i nGaeilge a chur ar chógais a dhíoltar in Éirinn.
ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith in order that no demo would succeed
" Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin, ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh.
ionas go mbeinn in ann so that I could
" Fuair m’fhear chéile Kindle le déanaí agus le linn ár saoire bhliaintúil, thug sé ar iasacht dom é ionas go mbeinn in ann an cúigiú cuid de Game of Thrones a léamh.
ionas go bhféadfaidís aithne níos fearr a chur ar an bhfód dúchais so they could better acquaint themselves with the native sod
" Ar feadh cúpla uair le linn na hoíche sin, Freistadt ab ea Cathair Chorcaí, saorchathair a thug a cuid eochracha do gach uile shaoránach ionas go bhféadfaidís aithne níos fearr a chur ar an bhfód dúchais.
ionas go mbeadh an stát in ann so that the state would be able
" Creidim féin go mba cheart go mbeadh 20% ar a laghad in ann a gcuid oibre a dhéanamh gan stró liomsa nó leatsa tré Ghaeilge ionas go mbeadh an stát in ann a dhualgas reachtála agus a dhualgas bunreachtúil a chomhlíonadh.
ionas go so that
" Rud eile atá coitianta uaireanta ná ‘flippers’- is éard atá i gceist leo na déada bréige a chuirtear os cionn d’fhiacla féin ionas go mbeadh cuma fhoirfe ar do dhraid.
go randamach ionas randomly so that
" Sannfar na ‘moil’ seo go randamach ionas go mbeidh tú caite isteach le daoine nach bhfuil aithne agat air.
ionas go mbeidh a fhios acu so they’ll know
" Chun teacht chomh fada le comhrá fiúntach beidh ort treabhadh tríd na daoine gáifeacha ar fad nach bhfuil suim acu in aon duine seachas iontu féin, ach a mbíonn a méaracha greamaithe do chnaip an chroí ionas go mbeidh a fhios acu cé a bhronn croí orthusan.
ionas go in order that
" Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
ionas go so that
" De réir a chéile cuireadh le líon na scáileán teilgeora sin ionas go bhféadadh na híomhánna gluaiseacht níos tapúla agus go raibh leanúnachas níos fearr le sonrú orthu.
ionas go so that
" Déarfainn go raibh foireann Google ag obair ar an dtogra sin i bhfad sular tháinig Kurstzweil ar bord ach ní fheadar ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo ionas go mbeadh siad in ann tús a chur le bailiú eolais faoin úsáid a bhaineann daoine as teanga aiceanta i gcuardach agus le huirlísí soghluaiste? Ach is beag an fhorbairt seo le hais na físe atá ag Kurzweil.
ionas so that
" Is Beag Liom Cúiteamh Airgid ============== Ba chuma, áfach, leis an mBean Uasal O Keefe faoin airgead de réir dealraimh, agus ós rud é go raibh dlúthbaint ag an Stát féin leis na hionsaithe, chuaigh sí fé bhráid na gcúirteanna ionas go gcruthódh sí fuarchúis agus faillí an Stáit féin.
ionas so that
" Tá iníon óg aige agus is é an plean is mó atá aige leis an chnap airgid atá buaite ná a dóthain airgid a sholáthar di ionas go mbeidh deis níos fearr aici dul chun cinn sa tsaol ná mar a bhí aige féin.
gnó a d’fhorbair sé ionas a business he developed so that
" Fás is Forbairt Balenciaga ============ Faoi aois a 24, bhí a theach slachtaíochta féin aige, gnó a d’fhorbair sé ionas go mbeadh craobhacha aige de i Maidrid agus i mBarcelona roimh i bhfad.
ionas gur follas so it’s obvious
" De réir mar a théann iompar Alina in aimhréidh ionas gur follas go bhfuil fadhbanna síciatracha tromchúiseacha ag cur as di, is ea a mhéadaíonn an teannas idir an sagart agus na mná eile sa mhainistir.
ionas nach bhfeicfeadh siad so they wouldn’t see
" Sa triail seo rinne na taighdeoirí ionramháil ar shruth nuachta úsáideoirí ionas nach bhfeicfeadh siad ach scéalta brónacha nó áthasacha.
ionas go so that
" Bhí Catherine Foley i láthair sa Project Arts i mBÁC (ionas go mbeadh an BEO in ann trácht ar an mBás) nuair a léiríodh an dráma ‘Bás Tongue’ le Manchán Magan.