Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
breoslaí iontaise fossil fuels
" Beidh costas $900 milliún (€500 milliún) ag baint leis an scéim seo agus cé go bhfuil sé sin níos costasaí ná stáisiúin leictreachais a dhónn gual agus a bhfuil an cumas céanna táirgthe iontu, ní bheidh aon dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar mar thoradh air mar a tharlaíonn le stáisiúin a úsáideann breoslaí iontaise.
ó dhó breoslaí iontaise from the burning of fossil fuels
" Bhí ceist eile á plé: laghdú a dhéanamh ar thruailliú san atmaisféar ó gháis mar dhé-ocsaíd charbóin, ó dhó breoslaí iontaise.
breosla iontaise fossil fuel
" Cuirfear i bhfeidhm scéim chiondála domhanda do na gáis cheaptha teasa ach le fírinne is é an breosla iontaise a bheas á chiondáil.
bhreosla iontaise fossil fuel
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
ar bhreoslaí iontaise. on fossil fuels.
" Leoga, tá pleananna ann tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise.
breoslaí iontaise fossil fuels
" Cé nach bhfuil an tír ag brath ar ghás na Rúise, tá sí fós gafa ag breoslaí iontaise go ginearálta.
bhreoslaí iontaise fossil fuels
" Is ar bhreoslaí iontaise ar nós guail, gáis, ola agus móna a bhíonn muintir na hÉireann ag brath don chuid is mó chun an soláthar aibhléise a chinntiú.
bhreoslaí iontaise fossil fuel
" Is ar bhreoslaí iontaise ar nós guail, gáis, ola agus móna a bhíonn muintir na hÉireann ag brath don chuid is mó chun an soláthar aibhléise a chinntiú.
breoslaí iontaise fossil fuels
" Faoi láthair, tá na breoslaí iontaise seo chomh fite fuaite leis na geilleagair mhóra is gur mór agus gur iontach an t-athrú é foinsí nua a chur ina n-áit.
breoslaí iontaise fossil fuels
" Nach íorónta an rud é gur de bharr breoslaí iontaise agus an t-athrú aeráide a bhfuil siad anois in ann na taiscí nua seo a shaothrú, agus ansin go gcuirfidh an ola agus an gás nua seo leis an bhfadhb athrú aeráide arís.
iontaisí fossils
" Fiú iontaisí ar de dhéantús an duine iad – an t-ilstórach is airde, nó an taiscéalaí spáis is faide in imigéin uainn, is matamaitic bhreá ghalánta a dhéanann cur síos orthu, agus déarfadh matamaiticeoir leat go bhfuil a áilleacht féin ag baint le gach aon cheann acu.
bhreosla iontaise fossil fuels
" Tá a fhios ag Frainc agus againn ar fad nach fada eile a bheimid in ann brath ar bhreosla iontaise, leithéidí gáis, ola etc.
Nocht siad iontaisí úra they brought forth new fossilized material
" Nocht siad iontaisí úra sa téacs agus san fhothéacs.
sheacht n-iontaisí na Breataine Bige seven wonders of Wales
" ‘Eas’ is ciall le ‘rhaeadr’: is ar an mbaile seo atá an t-eas is airde sa tír agus áirítí é ar cheann de sheacht n-iontaisí na Breataine Bige sa tseanaimsir.