Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pioc iota
" Ar ndóigh, níor chuidigh na mórshiúlta pioc le cás na Gaeilge in Stormont.
Níl aon cheo not an iota
" Níl aon cheo sa stráitéis chun dul i ngleic leis an ngéirchéim teanga atá sna ceantracha Gaeltachta sin ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid? Caithfear airgead amú ag réiteach pleananna teanga ar chostas mór do cheantracha oifigiúla Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge imithe sa gcill iontu, mar ghnáth-theanga labhartha, le glúin nó dhó.
aon dath one iota
" Tá meangadh ar a aghaidh agus é ag baint taitnimh as an aird atá mé ag tabhairt air agus ar feadh cúpla bliain, ní dhéanfaidh sé aon dath difríochta dó an mar phréachán nó mar aingeal a chanfaidh mé!!
frídín an iota
" "Dá leasófaí an stát seo aon orlach amháin, é a dhaonlathú frídín, chuirfí an córas ar a raibh sé bunaithe as feidhm agus níorbh fhéidir stát an tuaiscirt a choinneáil ag dul.
a dhath one iota
" Theip go tubaisteach airsean i dtoghchán na hEorpa agus sna toghcháin áitiúla agus níor éirigh a dhath níos fearr lena chomharba in olltoghchán na bliana seo (2016), ainneoin an méid fadhbanna a bhí ag an rialtas.
a laghad stuaime whatever iota of sense
" Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam.
níl oiread na fríde there’s not an iota
" Tríd an leabhar molann an Caisideach a bhainisteoir agus níl oiread na fríde de cháineadh aige air.
smidín céille an iota of sense
" Tá Balor bocht brúite ag guí chun Chroim Dhuibh go bhfágfaidh Crom smidín céille de shórt éigin ag Enda Aoibhinn, agus go ndéanfaidh an Taoiseach an ceapachán seo a chur ar ceal.
smidín céille an iota of sense
" An duine a mbeadh smidín céille aige, dhéanfadh sé gach iarracht gan a bheith fá bhúir asail d’áit mar sin ag am mar seo, dá mbeadh neart aige air.
a dhath eolais aici ar not an iota of information about
" Dálta gach duine dá cúlra, ní raibh a dhath eolais aici ar an Ghaeilge ag fás aníos, ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.
tá iota tarta orm I’m really thirsty
" Tar éis mo choicíse saor ó theicneolaíocht tá iota tarta orm arís.