Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarann rocach corrugated iron
" Tá ballaí arda déanta as iarann rocach thart timpeall ar an bheairic.
riail iarainn an Cumannachais the iron rule of Communism
" Cad a tharla do *people power*, an chumhacht ollmhór sin a bhris riail iarainn an Cumannachais agus a thug bata agus bóthar do Ceausescu, do Hoenniger, don iliomad deachtóir, beag agus mór, in oirthear na hEorpa? Cá bhfuil sé i dtuaisceart na hÉireann? Tá an oiread sin eagla ar dhaoine roimh an dream eile - agus sin gach aicme den tsochaí - nach bhfuil siad sásta bata agus bóthar a thabhairt don tseicteachas.
iarnála ironing
" Eagla uirthi go n-iompóidh mé i m'Arabach: í ag cuimhneamh ar an méid iarnála a bheadh le déanamh.
tionscal iarainn iron industry
" Bhíos ar bís le tamall de bhlianta le cuairt a thabhairt ar an gcathair seo a bhíodh ina seoid den tionscal iarainn.
barraí iarainn iron bars
" Caitheadh clocha agus barraí iarainn agus cúpla buama peitril inár dtreo.
iarann roctha corrugated iron
" Tá an foirgneamh féin déanta as iarann roctha - rinneadh foirgnimh mar sin i monarchana sna bailte móra mar Ghlaschú, ansin díoladh ar fud Impireacht na Breataine iad.
iarann clothes iron
" Arsa Isabella: “I seomra óstáin, is féidir iarann a chur bunoscionn agus an t-inneall caife a chur air leis an chaife a théamh.
mianach iarainn iron ore
" Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis dhá scór bliain ó shin.
imfhálú ón Aois Iarainn an Iron Age enclosure
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
an manach iarainn the iron monk
" Tugann muid ‘an manach iarainn’ air! “Ó am go chéile fanann muid amuigh thar oíche.
san Iarnaois in the Iron Age
" Tá seacht ráth mar seo ar an tslí agus tógadh iad san Iarnaois (c.
laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn within the boundaries of the Iron Curtain
" I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda géilleadh an Pholainn do Stalin agus don Aontas Sóivéadach, rud a d’fhág gur laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn a bheadh an tír.
ón Aois Iarainn from the Iron Age
" Tá ceann beag chloiche ón trá ann, ón Aois Iarainn, is dócha.
san Iarnaois in the Iron Age
" ‘Táimse san Iarnaois go fóill.
bealach iarainn na ndíog the iron way of the ditches
" Ar ár gcéad lá, chuaigh muid suas Sas de Mezdi (2,727 méadar) ar an Via Ferrata delle Trincee (bealach iarainn na ndíog).
na sluaite fear iarann crowds of iron men
" Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
cuid fear iarnaí Gormley Gormley's iron men
" Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Derek Culley, ach tá sé ina chónaí i mBirkdale, Merseyside anois, ceithre mhíle suas an cósta ón áit a bhfuil cuid fear iarnaí Gormley suite, ar thrá Crosby.
briseadh tríd an gCuirtín Iarainn break through the Iron Curtain
" Le teann díograis, d’éirigh le Roche agus a buíon bheag briseadh tríd an gCuirtín Iarainn.
barraí iarainn iron bars
" Ba éard a bhí ann ná cillín déanta as barraí iarainn agus urlár déanta as reoiteoir.
tionchar na Mná Iarainn the Iron Lady's influence
"tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
iarainn iron
" Chuir sé monarcha agus tionscal an domhain i gcuimhne dom, iarainn, stroighin, soilse neón, nithe crua, nithe neamhphearsanta.
dá iarann déag sa teallach aici too many irons in the fire
" mobi/ga/Tony_Gregory) An Aigne Choiteann Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht.
iarainn of iron
" Tá fiche troigh curtha ag Dermo le hairde na mballaí thart ar a dhúnáras, geataí a fuair sé ó champa Arm na Breataine i gCrois Mhic Lionnáin; agus meaisínghunnaí móra suite i neadacha iarainn gach deich slat óna chéile fá bharr na mballaí.
hiarnála ironing
" Fara aire a thabhairt don leanbh, bhí uirthi an teach a ghlanadh agus bhí cúram na cócaireachta, an níocháin is na hiarnála uirthi.
d'iarann to iron
" Tá gné seo an uisce neamhghnách ach tarlaíonn an rud céanna d'iarann.
Dallóg an Iarainn the Iron Curtain
" Na hAmhais ====== Eagras comhghuaillíocht stát a bhíodh i ECAT go dtír gur thit Dallóg an Iarainn.
hamhiarann iron ore
" Airgeadra Láidir ag Lagan Onnmhairiú ============== Tá borradh suntasach le sonrú faoi thionscal mianadóireachta na hAstráile le blianta beaga anuas, ach go háirithe i dtaca le gual agus le hamhiarann, in ainneoin an ghéarchoir chun donais sa gheilleagar ar fud an domhain fhorbartha.
ag casadh ar an iarann meirgithe winding around the rusty iron
" Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus ag casadh ar an iarann meirgithe.
teilgcheárta an iron foundry
" Chuir muid ceist ar an teilgcheárta i mBaile Átha Cliath agus dúirt siad linn gur féidir agus thug siad meastachán ar an obair dúinn.
Druideadh an Dallóg Iarainn the Iron Curtin was closed
" Druideadh an Dallóg Iarainn agus leis sin, cailleadh aon dóchas a bhí acu go bhfeiceadh siad a chéile arís.
sé bhosca iarainn six iron boxes
"sé bhosca iarainn le feiceáil san eaglais agus iad leagtha amach cosúil le sarcafagais ach amháin go bhfuil poill faire iontu a ligeann duit amharc isteach iontu amhail is dá mba chillíní iad.
Is féidir príomhthréithe an Fhir Iarainn the iron man’s principal trait can be
" He is one of us, isn’t he?*” Is féidir príomhthréithe an Fhir Iarainn (nath Yasser Arafat) a bhlaiseadh anseo: an t-easpa íoróine mar aon leis an neamhshuim sa ghreann inti, an míchumas a bhí inti freisin ó thaobh smaoinimh teibí de, agus tábhacht na coimhlinte agus an chomórtais ina haigne.
chomh crua leis an iarann as hard as iron
" com/20140609/goose-golden-egg/#more-90404) Gach seans go mbeidh ‘saighdiúirí’ de dhith ort le gabháil leis an ubh úd ach rinne tú glan dearmad an t-im a thógáil as an gcuisneoir aréir agus anois tá sé chomh crua leis an iarann.
aois an iarainn the Iron Age
" Chonaic Robert McMillen dhá bhandia, as aois an chré-umha agus aois an iarainn, ag streachailt in aghaidh a chéile ar ardmhá intinn an phobail an mhí seo chuaigh thart.