Pota Focal Intergaelic
be | ais | áis | cis | eis | éis
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is lú aithne least known
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
is lú achair the smallest
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
níl sé inmholta it is not advisable
" Ach fiú má bhíonn tú bréan de bheith ag féachaint air faoi dheireadh do shaoire, níl sé inmholta aon rud diúltach a rá faoi.
luaitear it is mentioned
" Sa leabhar *The Last of the Name* a scríobh Charles McGlinchey faoi bhéaloideas Inis Eoghain, luaitear go ndearna fear áitiúil, Eoin O'Kerrigan, fiosrú faoi ráig den ghalar crúibe agus béil i mBun Cranncha.
Amhail is As if
" Amhail is dá mbeadh geasa ar a chluasa diúltú dá hainm saolta.
Táthar ag dúil It is expected
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ainneoin go bhfuil Caitlicigh breá sásta a gcreideamh a lua le duine ar bith, ní hionann sin is a rá go vótálfadh siad ar son Éireann Aontaithe.
is lú an fonn a bheidh orthu they will be less enthusiastic
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
gur beag is fiú an teorainn that the border isn't worth much
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
ghalar crúibe is béil foot-and-mouth disease
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
i gcóngar is i gcéin near and far
" Faoi screamh na mblianta a bhíonn fíordhúchas na hÉireann i gcóngar is i gcéin.
in ainm is a bheith supposed to be
" Tá sin fíor, nach bhfuil? Bhuel, tá sé in ainm is a bheith.
is annamh seldom
" Tá sé coitianta go maith, go stairiúil agus sa lá atá inniu ann, go ngearrtar pionós báis ar dhuine dubh a dhúnmharaíonn duine geal, ach is annamh a ghearrtar an pionós céanna ar dhuine geal a mharaíonn duine dubh.
is annamh seldom
" An raibh eagla orthu nach mbeadh a fhios ag daoine, cuairteoirí ná bunadh na háite, go raibh siad i nGaeltacht gan fógra a bheith á chur seo in iúl!? Cuirtear suas fógraí agus comharthaí gnó i mBéarla go rialta sa Ghaeltacht; labhraítear Béarla le custaiméirí i siopaí agus i dtithe tábhairne; is iad na staisiúin Bhéarla raidió a bhíonn ar siúl sa chúlra agus is annamh a chloistear ceol traidisiúnta i dtithe tábhairne ná in áiteanna eile poiblí.
más lagar spioraid is ansa libh if depression is what you like
" "Ceannaígí é más lagar spioraid is ansa libh.
Maítear it is stated
" Maítear ar an chéad leathanach go dtabharfaidh an iris cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí.
hardáin is ísleáin heights and hollows
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
cuanta is góilíní harbours and inlets
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
tearmann na ndíthreabhach is na manach sanctuary of the hermits and the monks
" Corca Dhuibhne - tearmann na ndíthreabhach is na manach is na luath-Chríostaíochta; Riasc, Cill Mhic an Domhnaigh, Gallarus, Cill Seanaigh; dúthaigh Bhréanainn, Mhaolcéadair, Chuáin, Ghobnait is Mhanacháin.
an aon ionadh é is it any wonder
" Nuair a chuireann na meáin cúrsaí na sé chontae agus cúrsaí na sé chontae fichead inár láthair mar aonaid ar leith, an aon ionadh é gur mar sin a thosaíonn muid ag smaoineamh? B'fhéidir nach bhfuil an fhadhb chomh holc céanna in áit ar nós Thír Chonaill mar go bhfeiceann an pobal ansin an caidreamh atá eatarthu féin agus an pobal ar an taobh eile den teorainn, caidreamh nár cuireadh stop riamh leis.
amhail is as if
" Cén fáth, mar sin, a raibh an oiread sin daoine ag beannú di amhail is dá mba rud é gur chomharsa dá gcuid a bhí inti? Mhínigh Bríd féin an scéal dom: "Castar cuid mhór daoine orm a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair.
níl a dhath nua there is nothing new
" Dar ndóigh, níl a dhath nua nó ait anseo do mhuintir Thír Chonaill/Thír Eoghain, nó mhuintir na gceantar eile cois teorann.
a chraoltar which is broadcast
" Fiú nuacht "náisiúnta" an BBC a chraoltar as Londain, tá "Ireland Correspondent" acu.
sa tslí is éifeachtaí in the most effective way
" " An cheist a chuirfeadh sí ná "an bhfuil na polasaithe stáit go léir agus an bhfuilimid féin mar phobal ag treabhadh le chéile sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an teanga?" Tá obair mhór ar siúl ag an mbean ghníomhach seo, i mórán réimsí den saol.
na seisiúin is pléisiúrtha the most pleasant sessions
" Rud eile atá tábhachtach a thuiscint ná go mbíonn na seisiúin is pléisiúrtha ag tarlú san iarnóin go minic, seachas san oíche.
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
a nítear trácht ar an abhainn sna hannála the river is referred to in the annals
" Mar 'aba Liphi', 'iartair Liphe', 'Maighe Liphe', 'tri luind Liphe' a nítear trácht ar an abhainn sna hannála.
Ní aon aistíl it is no strange thing
" Ní aon aistíl an aidiacht a bheith ina hainmfhocal mar ainm abhann: tá an Bhodhair, an Dubh/an Duibh ann, fágaim agus eile.
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
is annamh seldom
" Ní abairt ró-úsáideach í seo - is annamh a cheannaíonn duine bróg amháin - ach seo an cineál teanga a mhúintear ar chúrsaí Gaeilge go minic.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
tá an deontas reaite the grant is spent, finished
" " "Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí.
an dara cur chuige is éifeachtaí the second most effective approach
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
Áirítear it is reckoned
" Áirítear go bhfuil neamhaird déanta ar réimsí eile de shaol na cathrach a bhféadfaí dul i bhfeidhm orthu.
Más fíor don tairngreacht seo if this prediction is true
" Más fíor don tairngreacht seo, beidh áit lárnach ag WAP sa teicneolaíocht choitianta sa todhchaí.
Maítear it is claimed
" Maítear go bhfuil sé seo ag tarlú mar go bhfuil a fhios ag daoine anois na teorainneacha a bhaineann le WAP sna gléasanna reatha.
táthar dóchasach there is confidence
" Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
tá an deontas reaite the grant is spent, finished
" " "Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí.
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
cuirtear i bhfeidhm go tréan í it is strictly enforced
" Tá na húdárais lándáiríre faoin riail seo agus cuirtear i bhfeidhm go tréan í.
ag tuile is ag trá ebbing and flowing
" Cé go mbeidh Ceol é féin imithe, leanfaidh taoide mhór an traidisiúin atá taobh amuigh, ag tuile is ag trá, gan stad gan staonadh.
Is mór sin ort big deal, tough
" " "Is mór sin ort," arsa Deirdre.
sa dóigh is so that
" D'aontaigh Jacques liom nuair a dúirt mé leis go bhfuil sé íorónta go bhfuil an múrmhaisiú suite os cionn an bheáir ach dúirt sé liom: "Bhí mé ag iarraidh cuid d'ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiúil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine ábalta labhairt fúithi agus iad amuigh don oíche.
is bríomhaire liveliest
" Deich lá agus oíche den cheol is mire, is bríomhaire agus is taitneamhaí.
Is mairg it's a pity
" Is mairg go bhfuil dream amháin nach bhfuil sásta dul ar an turas.
ag fáil an chinn is fearr getting the better of
" Faraor, is cuma cén sampla a thógann an FAI ó Rosenborg, beidh muid ag fanacht tamall eile sula bhfeicfidh muid Shelbourne ag bualadh AC Milan sa San Siro, nó Bohemians ag fáil an chinn is fearr ar Real Madrid in Dalymount.
is laige weakest
" Ní hamháin sin ach bheadh an lá tugtha ag éisteacht agam leis an mbean seo atá chomh paiseanta sin faoina cuid oibre; chomh tógtha le maitheas a dhéanamh; lena gcearta a fháil do na daoine atá ar an imeall; le haird dhaoine a tharraingt ar na héagóracha atá á ndéanamh ar na daoine is laige sa tsochaí.
is annamh seldom
" "Bhí tionchar ollmhór ag na mná san Eaglais ach is annamh a deirtí aon rud faoi.
Is mór sin ort big deal, tough
" " "Is mór sin ort," arsa Deirdre.
is ar éigean gur fiú é a lua it's barely worth mentioning
" Maidir le táille ag an doras, bhuel is ar éigean gur fiú é a lua.
atá i ndán dóibh is what awaits them
" Mura dtig leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair, is é bosca bruscair na staire atá i ndán dóibh.
an líon is mó the greatest number
" Ó thaobh na náisiúnaithe de, beidh sin ag brath ar cé a bheas ábalta - i measc rudaí eile - an líon is mó athruithe san RUC a bhaint amach.
Tá sé d'éileamh ar it is claimed that
" Cléire Chiaráin ======= Tá sé d'éileamh ar Chiarán naofa gur thug sé an Chríostaíocht go Cléire sarar tháinig Pádraig go hÉirinn.
Bhaoi is Bhéarra Dursey Island and Bere Island
" Leis an trí shórt bídh dob ansa le Fionn Mac Cumhaill luaitear: Iascach mara muirí ó chríochaibh Bhaoi is Bhéarra, Méarán Faoide fíorghlaine, duileasc ó chuantaibh Chléire.
go bhfuil sé sin amhlaidh that that is the case
" Is léir go bhfuil éasclínte sa chóras rialtais i Sasana agus ní ar na hÉireannaigh atá an locht go bhfuil sé sin amhlaidh!
mar is dual don té as is natural for one
" Bhí sí luath mar is dual don té atá úr, is dócha, nó nár mhaith a bheith mall ar an chéad lá.
go mbeadh sí ina shásamh that is would please him
" An bhfuil tú ag meas go mbeadh sí ina shásamh?" "Níl.
seo a bhfuil ar a shon agat this is all you have to show for it
" Bhí trí lá agat lena dhéanamh agus seo a bhfuil ar a shon agat.
is oiriúnaí most suitable
" Nach é seo an ról is oiriúnaí dúinne sa saol corrach atá romhainn?
is í mo thírse í it's my country
" Pé scéal é, is í mo thírse í, cibé atá déanta aici.
carn casta stroighne is cruach a twisted pile of concrete and steel
" San áit a mbíodh an tIonad Trádála Domhanda, tá carn casta stroighne is cruach.
geolárnacha geocentric (no one part of the world is the centre)
" Meas ar chultúir ======= Agus muid ag gabháil don ghnó idirnáisiúnta anseo san ollscoil, bímid ag labhairt ar dhearcadh agus ar straitéisí eitnealárnacha nó geolárnacha.
Cionn is because of the fact
" "Cionn is gur Síneach a bhí mar chéad aoi sa teach aíochta, molaimse "Chew 'n Lie" mar ainm úr ar an B'n'B.
an cur is an cúiteamh debate
" Agus deireadh tagtha le séasúr na gcluichí craoibhe is dóigh go dtosóidh an cur is an cúiteamh arís faoin ábhar an-tábhachtach seo: stádas imreoirí agus ceist an airgid.
má ghortaítear imreoir if a player is hurt
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
éilítear dílseacht dochreidte uathu an unbelievable amount of loyality is demanded of them
" Is cinnte go bhfuil ardmholadh tuillte acu as a spiorad agus a ndíograis agus go n-éilítear dílseacht dochreidte uathu don fhoireann chontae.
Is díobh é he is of them
" Is díobh é, agus is cuid den phobal é.
Is mór an gar it's very fortunate that
" "Is mór an gar go bhfuil mé réidh, sin a dtig liom a rá.
bíonn an iomaíocht níos géire the competition is stronger
" Nuair a shroicheann aon táirge an staid ar an dtimthriall go bhfuil an móramh á cheannach, bíonn an iomaíocht níos géire, mar go bhfuil an margadh sáithithe le táirgí.
amhail is as if
" De ghnáth, ba nós léi a bheith ag féachaint síos ar an talamh agus í ag siúl amhail is nár mhaith léi go dtabharfaí faoi deara í.
Is maith an fhaire an fhógairt forewarned is forearmed
" Is maith an fhaire an fhógairt.
is dícheallaí most diligent
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun an baile is dícheallaí in Éirinn ar son na Gaeilge a roghnú.
an spóirt is úire the newest sport
" Tá sí i mbun an spóirt is úire ar chlár imeachtaí turasóireachta thíortha lár na hAfraice.
is gannchúisí most scarce
" Tá rún ag mo sheanchara, Daithí Atanburó, clár teilifíse speisialta a dhéanamh go luath, é bunaithe ar an trí chineál is gannchúisí ar domhan: An Misinéir Éireannach, An Dílseoir Sásta agus Muintir Bhocht na Gaeltachta.
Is mór an gar It's a good thing
" "Is mór an gar," arsa Sinéad.
nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann that there is no alternative
" Caithfear cur ar a súile don Aire Síle de Valera nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann - go gcaithfear an £380,000 a chur ar fáil ar ais nó ar éigean.
is teirce the rarest
" Is as Haváí ó thús é an *Nene*, agus is é an gé is teirce ar domhan.
mar is iondúil as is usual
" Féile agus féasta amhránaíochta agus ceoil a bheas ann mar is iondúil thart ar an am seo gach bliain.
Breast an plobaire That flabby person is no good
" "Breast an plobaire agus a Hó Hó Hó! Breast Rúdolf agus na réinfhianna bogéiseacha eile!" a fhógraíonn sé.
Is deacair á shárú It's hard to beat
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
Is mé atá ag tnúth leis I'm really looking forward to it
" " "Is mé atá ag tnúth leis," arsa Daire.
mar is dual as usual
" Tháinig foireann peile na hÉireann go dtí an Astráil agus, mar is dual, bhí an ceann is fearr ag na cuairteoirí.
an galar crúibe is béil foot and mouth disease
" Níorbh é an galar crúibe is béil an t-aon ghalar a bhí thart an bhliain seo caite.
an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta defeat the terrorists
" Ar ndóigh, déanann daoine an neamhaird seo ar an Bhunreacht a chosaint trí thagairt a dhéanamh don tslándáil náisiúnta agus an dóigh a gcaithfear an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta.
an rud is fiúntaí the most worthwhile thing
" 143", píosa scríofa ó 1995, deir sé: whole world + the work= the whole world an rud is fiúntaí ======= Ag déanamh beag is fiú dá shaothar féin, admhaíonn sé nach fiú mórán é agus sa deireadh thiar thall gurb é a domhan atá thart orainn an rud is fiúntaí.
cionn is because
" Ach tháinig forbairt níos mó ar mo shaol pearsanta cionn is go ndearna mé seo.
cad é an teanga is fearr dúinn what language is best for us
" Beidh an rogha againn cad é an teanga is fearr dúinn, agus is cinnte go roghnóimid ár dteanga féin.
Is beag an baol domh Some chance
" " "Is beag an baol domh," arsa Cian leis féin ach "Maith go leor" a dúirt sé le McAllister.
Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht That message is not timely
" Níl aird ar bith agam ar na rialacha atá ag dul sa lá atá inniu ann!" "Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht.
ochón ó woe is me
" An bhfuil muid chomh normálta le hÁth Luain nó le Gaillimh nó le Chelmsford? Ag tús na bliana seo, bhí sé mar aidhm agam gearradh siar ar an olagón agus ar an ochón ó sa cholún seo.
Tá mo mhisneach á thrá my courage is running out
" Tá mo mhisneach á thrá; mo choinsias á chliseadh.
is beag nár thug sé fúm he nearly attacked me
" Ach chuir sé cár air féin agus, cé go raibh mé ag iarraidh cuidiú leis, is beag nár thug sé fúm.
Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine man is a social animal
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
I ndeireadh na dála when all is said and done
" Tháinig an smaoineamh seo chun cinn go deireanach i 1992 agus dóbair gur ghlac John Bruton leis, ach I ndeireadh na dála chuaigh an Lucht Oibre isteach le Fianna Fáil cibé.
nach bhfuil aois na hógántachta who is pre-adolescent
" "Faoi láthair tá mé ag iarraidh a bheith ag cabhrú le páiste nach bhfuil aois na hógántachta go fóill," a dúirt sí.
is luachmhaire most valuable
" Is de bhunús Laidineach duine is gach ochtar sa tír, agus tá páistí na Laidineach i measc na n-acmhainní is luachmhaire dá bhfuil ag Meiriceá.
a leabhar mór-ráchairte his book that is in heavy demand
" Rowling a leabhar mór-ráchairte *Harry Potter*, agus b'fhéidir go dtiocfaidh cuid den draíocht sin chugamsa fosta.
amhail is gur aisteoir amaitéarach é as if he were an amateur actor
" Tá sé sásta leis an tacaíocht atá faighte aige ó mhuintir na Gaeilge go dtí seo cé go gcuireann sé díomá air go gcaitear leis uaireanta amhail is gur aisteoir amaitéarach é.
Cionn is because
" Cionn is gur as Éirinn mo mhuintir uilig, bhíodh ceol na hÉireann sa teach s'againne, agus ghlac muid páirt i dtraidisiúin Ghaelacha fosta.