Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aonarach isolated
" Sampla Rosenborg ======= An bhfuil seans ar bith, mar sin, ag tír bheag aonarach ar nós na hÉireann club láidir sacair a fhorbairt? Tá sé soiléir go bhfuil, má fhéachtar ar shampla Rosenborg, club atá lonnaithe ar imeall an Chiorcail Artaigh, in Trondheim san Iorua, baile atá ar cóimhéid le cathair Chorcaí.
iargúlta isolated
" De bharr na gcúinsí seo - easpa cúraim mar aon le hiargúltacht agus drochnósanna maireachtála - is minic a mbíonn drochthorthaí i gceist i gcás tinneas a bhféadfaí cosc a chur orthu nó cóireáil a chur ar fáil dóibh.
scoite amach ón lárchumhacht isolated from the central power
" Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b'fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.
scoite isolated
" Mar sin, is maith is fiú cuairt a thabhairt ar an mbaile ildaite seo, atá scoite amach ón ruaille buaille, más mian leat a bheith ar do chompord tamall.
scoite amach isolated
" scoite amach ======= Fadhb eile atá ag foirne Uladh ná go bhfuil siad scoite amach ó na contaetha láidre iomána a bhféadfadh siad bheith ag foghlaim uathu trí chluichí dúshláin, idir chlub agus chontae, dá mbeidís níos congaraí dóibh.
sna limistéir chúlráideacha in the isolated areas
" Ach muna bhfuil aird á tabhairt ar an bpríomhbhealach siar go Gaillimh, cén seans atá ann go n-éistfear leis na hargóintí fiúntacha atá ag lucht West on Track? Mar a dúirt Romano Prodi, gan an t-airgead a chaitheamh ar an infrastruchtúr ní fheicfear forás eacnamúil sna limistéir chúlráideacha atá scartha amach ón lár.
iargúil isolated, solitary place
" Agus an duais? Fanacht i Roinn a hAon don chéad bhliain eile nó a bheith díbeartha go dtí iargúil Roinn a Dó! Faoin gcóras seo bhí sé fhoireann réasúnta sona (Gaillimh, etc.
cás aonarach isolated incident
" Tá aithne ag na póilíní ar an bhean seo de bhrí gur thóg sí trioblóid cheana féin agus deir siad nach gníomh polaitiúil ach cás aonarach ab ea é seo.
iargúlta isolated
" " Tá go leor plé á dhéanamh ar bheochan fíorúil idirghníomhach de theach iargúlta ar chónaigh Osama bin Laden ann ar feadh tamaill san Afganastáin i 1996, saothar a chruthaigh na healaíontóirí Ben Langlands agus Nikki Bell.
scoite amach ó dhaoine isolated from other people
" Bhímis saghas scoite amach ó dhaoine fosta - níor tugadh cead dúinn dul amach sa bhaile (Leitir Ceanainn) ar chor ar bith.
scoite amach isolated
" Tá cuid mhaith de na pobail scoite amach ó na cathracha agus ó na bailte móra.
scoite amach ón rírá go léir isolated from all the hubbub
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
mhothaigh mé rud beag scoite amach ón mhórphobal Éireannach. I felt a little isolated from the main Irish community.
" Mar thoradh air sin, mhothaigh mé rud beag scoite amach ón mhórphobal Éireannach.
tír leithlisithe isolated country
" Ar an drochuair, ní bhíonn mórán deiseanna acu a leithéid a fheiceáil mar gur tír leithlisithe í an Astráil.
scoite amach isolated, shut out, marginalised
" Bhí Bundúchasaigh na hAstráile scoite amach ón tsochaí faoin am sin, agus bhí na húdaráis ag súil nach mbeadh sé amhlaidh i gcás na bpáistí a aistríodh óna dtuismitheoirí dá dtógfaí le daoine geala iad.
scoite amach ó chroílár na cathrach, isolated from the heart of the city,
" Tá sé rud beag scoite amach ó chroílár na cathrach, agus ní rithfeadh sé le gach duine teacht anseo ar bhonn sóisialta.
ag maireachtáil ar an imeall. living on the fringes, i.e. he is isolated
" Tá sé an-dáiríre mar dhuine agus measaim go mbraitheann sé go bhfuil sé ag maireachtáil ar an imeall.
scoite isolated
" Is aonarán Moslamach an fear óg seo, scoite ó na cimí Moslamacha eile.
scoite isolated
" Ní thugann ach cúig faoin chéad de chuairteoirí eachtracha cuairt ar Dhún na nGall mar go mbraitear gur áit scoite í, de réir Murray.
dream aonraithe isolated group
" “Is dream aonraithe iad.
scoite amach isolated
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
scoite amach isolated
" Fir Óga Scoite ====== Fir óga, ciúine a bhí sa bheirt dhúnmharfóirí, fir a mhair ina ndomhan féin, scoite amach ón ngnáthshaol.
hoileáin bhochta iargúlta poor isolated islands
" Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.