Tá na heolaithe ar thóir fianaise a fhreagróidh ceist atá á cur le fada, is é sin, an bhfuil, nó an raibh riamh, beathraí ar Mhars? Is é bun agus barr an scéil ná má thagann fianaise bheacht chun cinn go bhfuil uisce ar Mhars – nó go raibh lá den saol – tá seans maith go bhfuil, nó go raibh, beathraí air chomh maith.