Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
láithreach immediately
" Dúirt seisean leo go raibh *aipindiciteas* uirthi agus d'iarr orthu í a thabhairt chun na hotharlainne láithreach.
Tá láithreacha seandálaíochta archaeological sites
" Tá láithreacha seandálaíochta anseo againn, iarsmaí ón luath-Chríostaíocht ann go flúirseach agus cultúr na nGael le blaiseadh ann.
láithreach immediately
" Agus duine chomh deas is a bhfaca tú riamh! Thit mé i ngrá lena chuid ceoil láithreach agus leis an duine féin ar ndóigh agus chaith mé an deireadh seachtaine ar fad ina chomhluadar séimh, suáilceach.
láithreacha tógála building sites
" " Chuaigh Mac Coille go Londain an samhradh sin, chaith cúpla mí ag obair ar láithreacha tógála agus ansin d'fhill sé ar an ollscoil an fómhar sin chun an chéim a chríochnú.
láithreach immediately
" In eachtra cháiliúil i gclár sa dara sraith, ghlac sé seilbh ar mhicreafón fógróra in oifig ollmhargaidh in Helsinki na Fionlainne agus d'fhógair sé i nGaeilge go raibh buachaill dána cúig bliana d'aois tar éis micreafón a thógáil agus gur cheart dá mháthair é a thabhairt léi as an siopa láithreach! Nuair a bhuail mé le Hector i nGaillimh le déanaí rith sé liom gur duine é nach gcloíonn le rialacha ar bith, is cuma cé acu na rialacha a bhaineann le cláracha taistil nó rialacha ghramadach na Gaeilge atá i gceist.
láithreach immediately
" Is cinnte go bhfuil an réiteoir faoi bhrú agus is dóigh go bhfuil sé ag guí go rachaidh Tommy Carr ar ais go dtí an taobhlíne láithreach.
láithreach immediately
" Sa deireadh thiar thall ghlac an grúpa le téama bunaithe ar na heilimintí - aer, uisce, talamh agus tine - agus thosaigh an obair láithreach ansin.
láithreach immediately
" Measann poblachtánaigh gur ag iarraidh tuilleadh brú a chur orthu a bhí an tUasal Hay, ach tháinig freagra láithreach ó cheanncheathrú an pháirtí ag rá nach mbeadh comhoibriú idir iad féin agus Sinn Féin choíche.
láithreach immediately
" " An Banc Domhanda ======= Nuair a d'fhág Allen MIT sa bhliain 1988, fuair sé post láithreach sa Bhanc Domhanda.
láithreach immediately
" An teoiric atá aige ná go bhfuil tréimhse ama ar an taobhlíne níos fearr mar bhagairt in aghaidh mí-iompair ná cárta buí leis féin toisc go dtéann pionós láithreach ar an imreoir a dhéanann feall "gairmiúil" cuir i gcás.
láithreach immediately
" Thuig mé láithreach an chúis go dtagann muintir na Gaeilge ar ais bliain i ndiaidh a chéile chuig Irish Fest Milwaukee.
láithreach immediately
" Ghlac Michael Adams as Four Courts Press leis láithreach.
láithreacha sites
" Chun teacht timpeall ar an gcoimhlint idir forbairt ar bhóithre nua agus caomhnú na hoidhreachta, fostaíonn eagraíochtaí stáit seandálaithe chun taighde a dhéanamh ar na láithreacha trína mbeidh na bóithre á dtógáil.
láithreacha spéisiúla interesting sites
" "Tabharfar turasanna ar láithreacha spéisiúla," a dúradh sa bhileog.
láithreach bonn immediately
" Bhí achan duine an-deas fáilteach, agus cuireadh ar mo shuaimhneas mé láithreach bonn.
láithreach immediately
" Mhothaigh Saidí an t-ocras ina bolg láithreach.
láithreacha ársa ancient sites
" Is breá liom dul ar thurais, agus is é an rud iontach faoin tseandálaíocht ná go mbíonn na láithreacha ársa amuigh faoin tuath de ghnáth, in áiteanna áille - tá cairn agus ciorcail ghallán neoiliteacha ar thaobh sléibhte, tá ráthanna de chuid na gCeilteach i measc páirceanna, tá mainistreacha ón ré luath-Chríostaí in aice le haibhneacha nó lochanna, agus tá caisleáin ar charraigeacha arda dubha in aice leis an fharraige.
láithreach immediately
" Níor aontaigh an dá champa lena chéile maidir le hainm na háite, áfach, agus thosaigh an troid láithreach go moch ar maidin agus lean go luí na gréine.
Láithreach bonn immediately
" Láithreach bonn dhírigh campa an Uasail Brady a méar i dtreo lucht tacaíochta an Uasail Ryan, ag cur ina leith gurbh iadsan a bhí freagrach as na póstaeir seo a tharraingt anuas.
Thit mé in éadóchas láithreach I fell into dispair immediately
" Thit mé in éadóchas láithreach - ní raibh ionam ach bréag-Ghaeilgeoir.
aiseolas láithreach instant feedback
" Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le ceamaraí digiteacha ná go bhfaigheann tú aiseolas láithreach agus go mbíonn a fhios agat ar tháinig an grianghraf amach i gceart.
láithreach immediately
" Is éard ba chóir a dhéanamh i gcás an chárta bhuí ná 10 nóiméad sosa ar an taobhlíne a bhronnadh láithreach ar imreoir a fhaigheann cárta buí, móide tréimhse fionraíochta, ag brath ar dhonacht na calaoise a bheadh déanta aige.
go hiliomad láithreacha to a large number of sites
" Nach deas teolaí é sin mar shocrú! Tá sé le fógairt go luath ag Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maol Dhia, go bhfuil comórtais an Oireachtais le dílárú go hiliomad láithreacha ar fud na tíre.
láithreach immediately
" Ba cheart, gan aon amhras, go mbeadh cead ag an Gharda Síochána carr a thógáil láithreach ó dhuine má tá sé ag sárú an dlí ar an bhóthar agus ag cur a bheatha féin agus beatha daoine eile i mbaol.
láithreacha oibre work-places
" *(Níl sé i gceist ag Balor go sílfeadh duine ar bith nach bhfuil scoileanna na tíre sa chuntas aige mar láithreacha oibre.
láithreach immediately
" De bhrí go gcuirtear an bhéim ar an suíomh ar chomhoiriúnacht fhadtéarmach, ní hionann eHarmony agus go leor de na suímh eile a mbíonn sé mar sprioc acu caidreamh a aimsiú do dhaoine láithreach.
an-láithreach very now
" Bhí rud éigin an-láithreach agus an-drámata sna híomhánna dorcha ar fad ó cheamaraí ar ghutháin siúil a bhí le feiceáil ar an nuacht.
láithreach bonn immediately
" Tá polaiteoirí áirithe go láidir den tuairim nár cheart go mbeadh an tseirbhís náisiúnta craoltóireachta ag tabhairt deise do chomhlacht neamhspléach an cáineadh seo a dhéanamh agus tá an Cathaoirleach de choiste amháin Dála ag rá gur cheart ceannairí RTÉ a thabhairt os a gcomhair láithreach bonn! Beidh sé suimiúil feiceáil cad é atá i ndán don chlár “Rip-Off Ireland”.
láithreach bonn immediately
" Chomh maith leis sin, nuair a ionsaíonn loitiméirí an suíomh, is féidir le daoine stuama na nithe atá scríofa acu a scrios láithreach bonn.
láithreach immediately
" Mar shampla, níor tugadh míniú sásúil riamh ar cén fáth nár ordaigh sé fiosrúchán láithreach, an lá a fuarthas Brian Rossiter i gcóma i stáisiún na nGardaí.
láithreach immediately
" Mar shampla, níor tugadh míniú sásúil riamh ar cén fáth nár ordaigh sé fiosrúchán láithreach, an lá a fuarthas Brian Rossiter i gcóma i stáisiún na nGardaí.
láithreach bonn immediately
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
láithreach bonn immediately
" Déanann muid eochairfhocal éigin a chlóscríobh isteach agus láithreach bonn faigheann muid deich leathanach idirlín faoin ábhar sin.
láithreach bonn immediately
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
láithreacha catha battlefields
" Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire.
láithreacha sites
" Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire.
láithreacha scannánaíochta filming locations
" Fosta admhóidh sé gurb é féin an brathadóir cáiliúil contúirteach *Soupspoon*, a bhí ag sceitheadh scéalta faoi láithreacha scannánaíochta na hÉireann do Arnold Swartzenknickers, fear an dá hata: hata panama an Ghobharnóra agus hata *baseball *an léiritheora scannán.
láithreach bonn immediately
" Déanann muid eochairfhocal éigin a chlóscríobh isteach agus láithreach bonn faigheann muid deich leathanach idirlín faoin ábhar sin.
láithreach bonn immediately
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
láithreacha tógála building sites
" Ag taisteal na hÉireann ======= Mar a dúirt mé níos luaithe, d’fhág m’athair Conamara nuair a bhí sé ina fhear óg ag lorg oibre agus thaistil sé ar fud na hÉireann ag obair ar fheirmeacha agus ar láithreacha tógála, ag déanamh cibé rud a shaothródh airgead.
láithreach bonn immediately
" Cheannaigh mé an leabhar agus na caiséid láithreach bonn.
go fánach a roghnaíodh na láithreacha the sites were chosen randomly
" Ceann de na fadhbanna a bhaineann le sin ná gur go fánach a roghnaíodh na láithreacha a bhí le sochar a bhaint as an dílárú.
mothúchán nó scéal a léiriú láithreach to show an emotion or story immediately
" Is féidir le haghaidh duine an oiread sin rudaí a rá linn – mothúchán nó scéal a léiriú láithreach.
láithreach immediately
" Tuigim go mbeadh deacracht láithreach ar fud na tíre maidir le craobhchomórtais na gclub ach, arís, ba ghá samhlaíocht agus tionscnamh a úsáid chun an deacracht sin a shárú.
láithreach immediately
" Níor thug Aoibheann freagra air láithreach.
Is gá gníomhú láithreach it is necessary to act immediately
" Is gá gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht seo, agus deireadh a chur le fulaingt na ndaoine óga atá thíos leis an chibear-bhulaíocht.
i láithreacha oibre iata. in enclosed places of work.
" Níor rith sé leo an "cleas Éireannach" a imirt ar lucht an tobac agus a rá nach bhfuil sé ceadaithe san Aontas Eorpach tobac a chaitheamh i láithreacha oibre iata.
ba chóir é a stopadh láithreach. it should be stopped immediately.
" Níl a fhios agam an bhfuil aon chruthúnas ann go bhfuil baill CLG ag ól níos mó beorach de bharr urraíocht comhlachta áirithe, ach má tá seans ar bith ann go bhfuil daoine óga faoi thionchar na fógraíochta agus a ghabhann leis, ba chóir é a stopadh láithreach.
láithreacha ceoil music sites
" Ach ná déan dearmad gur leagadh an sean-Cavern Club sna 1970í, agus in ainneoin go mbeidh Learpholl mar phríomhchathair chultúrtha an hEorpa in 2008, bíonn deacrachtaí go fóill ag láithreacha ceoil san áit – Parr Street Studios, mar shampla.
ar bhonn láithreach, instantly,
" Ach seo daoine a chonaic toradh a saothair – saothar fuilteach, uafásach in amanna – ar bhonn láithreach, a deir sé.
láithreacha oidhreachta heritage sites
" Ba é Jamestown agus Williamsburg ár dtriall, na bailte Sasanacha is sine i Meiriceá, ar láithreacha oidhreachta anois iad do thurasóirí, suite ar an James River, a théann i bhfarraige i gCuan Chesapeake i Stát Virginia.
láithreach bonn. immediately.
" Nuair a smaoinítear ar an mbratach a athrú, tagann ceist nó dhó chun cinn láithreach bonn.
Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois a newspaper can be printed in many different locations now
" Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois seachas a bheith á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe ó aon lárionad amháin.
le cláracha a íoslódáil lom láithreach, to download programmes immediately,
" Beifear ábalta leas a bhaint as teicneolaíocht shoghluaiste agus dhigiteach ar nós PDAs, an iPhone, BlackBerry agus gairis eile nach ann dóibh fós, le cláracha a íoslódáil lom láithreach, pé áit ina bhfuiltear.
láithreach bonn. immediately.
" com)) faighim cuid mhaith den eolas atá uaim láithreach bonn.
láithreach bonn, immediately,
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
Ghlac mé leis an tairiscint láithreach bonn I accepted the offer immediately
" Ghlac mé leis an tairiscint láithreach bonn nuair a chuala mé faoin airgead – méid mór a bhí i gceist, shíl mé ag an am, mar nach raibh mé ach naoi mbliana déag d’aois!“Thaitin 'Ros na Rún' go mór liom ar feadh ceithre bliana.
agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach. and distribute them publicly immediately
" Tá Google Earth agus na híomhánna satailíte atá mar chuid den phacáiste sin á n-úsáid in am éigeandála cheana féin, ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá bhféadfaí teacht go tapa ar íomhánna atá suas chun dáta agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach.
láithreach. immediately
" Nuair a bhí muid sa chéad árasán, cuireadh tús leis an treanndíol láithreach.
thuig sí láithreach she understood immediately
" Cé nach raibh mórán taithí aici go fóill ar obair theilifíse, thuig sí láithreach go dtaitneodh sé go mór léi tabhairt faoin tionscadal áirithe sin.
ar an gcoinníoll go ngairfí olltoghcháin láithreach on the condition that a general election would be immediately called
" Cheap Kerr ceannaire an fhreasúra mar phríomh-aire sealadach ar an gcoinníoll go ngairfí olltoghcháin láithreach le seanad agus parlaimint nua a thoghadh.
dul i muinín arm láithreach, to recourse to weapons immediately
" Deir daoine eile go gcruthódh a leithéid de bheart a lán deacrachtaí mar go mbeadh na Gardaí níos toilteanaí dul i muinín arm láithreach, seachas réiteach níos síochánta a aimsiú.
ag taifeadadh láithreach, recording immediately
" Ní hé gur ceamaradóir leisciúil mé, ach fágaim an fheidhm “auto” ar siúl an t-am ar fad, nach mór – toisc gur féidir! Agus go leor rudaí ag tarlú go sciobtha, bíonn sé seo go hiontach – is féidir liom a bheith ag taifeadadh láithreach, gan a bheith buartha faoi chúrsaí ar nós an tsolais, an leibhéil bháin nó an fhócais, fiú.
láithreach immediately
" Deir daoine áirithe gur chóir go mbeadh a fhios agat láithreach cé acu an bhfuil rud maith nó olc.
láithreacha sites
" Táimid ag breathnú ar láithreacha ar Shráid Loch Garman, Sráid San Seoirse agus i mBarra an Teampaill faoi láthair, cuir i gcás, mar go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an t-ionad thar a bheith feiceálach agus go mbeidh an pobal in ann teacht air go héasca.
láithreach immediately
" Ní haon ionadh é go raibh an leabhar seo le feiceáil ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló 2007, duais an Oireachtais a ainmníodh in ómós don bhleachtaire ildánach agus uileláithreach a chruthaigh Cathal Ó Sándair.
a shlogadh siar láithreach to swallow back immediately
" Ní mhothainn an t-am ag dul thart go dtí go dtagadh a cúig a chlog agus ansin, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán le buidéal Rosé a shlogadh siar láithreach – bhínn traochta tar éis a bheith ag damhsa i rith an lae.
láithreach immediately
" Gearr síos ar do chostais bhainc: Coimeád súil ghéar ar do chuntas bainc ar líne, agus mura bhfuil teacht agat ar sheirbhís ar líne do do chuntas bainc, cláraigh le scéim do bhanc láithreach.
láithreach immediately
" An Sléacht Bhí tuairim ag na húdaráis póilíní san Indinéis agus san Astráil láithreach go raibh Moslamacha radacacha míleatacha freagrach as an sléacht, agus bhíothas in amhras ach go háirithe faoi eagraíocht Indinéiseach darbh ainm Jemaah Islamiah (JI).
láithreach immediately
" Tuairimí Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi ina hóige? - Luann sí a tuismitheoirí láithreach.
speagadh láithreach immediate encouragement
" Tabharfaidh na tomhaltóirí breise seo speagadh láithreach don gheilleagar inmheánach agus cinnteoidh sé go mbeidh fórsa saothair líonmhar ann chun an tír a choimeád sa siúl agus chun ár bpinsean a íoc! Quel bonheur! Gach duine sásta.
lena dtairiscint láithreach their offer immediately
" Ba cheart glacadh lena dtairiscint láithreach.
láithreach immediately
" Rinne bainisteoir an stáisiúin seirbhíse teagmháil leis na póilíní láithreach.
láithreach immediately
" Ina dhiaidh sin arís, tá roinnt deiseanna a thig aníos agus a imíonn de shiota mura dtapaítear láithreach iad.
láithreach immediately
" Nuair a thugadh sé ceann, rud a tharla go fíorannamh, thiteadh a chuid figiúirí faofa láithreach.
láithreach bonn immediately
" Is dócha an ghné is cumhachtaí faoin bhfeidmhchlár seo ná an bealach gur féidir, trí aicearra méarchláir, fuinneog tasc a oscailt, ar neamhchead don bhogearra a bheas in úsáid agat, chun tasc a chrúthú láithreach bonn sula ndéanfaidh tú dearmad air.
faoi mhíbhuntáiste láithreach at an immediate disadvantage
" Beairic: Ach, a Bhaloir, féach an múinteoir a bhí ag an bhean bhocht – May Mac Ránais – bheadh foghlaimeoir ar bith faoi mhíbhuntáiste láithreach le múinteoir mar sin.
láithreach immediately
" Is mithid tabhairt faoi láithreach.
láithreach bonn immediately
" Cé nach bhfuil táilllí tionchoisc le tabhairt isteach láithreach bonn, beidh siad á gcur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.
áilleacht na láithreach the beauty of the place
" Shúamar áilleacht na láithreach isteach, gona sléibhte, crainnte, bláthana fiáine agus dathanna spleodracha an tsamhraidh.
láithreach immediately
" Thuig mé láithreach an chúis go dtagann muintir na Gaeilge ar ais bliain i ndiaidh a chéile chuig Irish Fest Milwaukee.
láithreach immediately
" Is maith liom an chraic ann agus nuair a bhuaileann an Gael le Gael eile, bíonn cineál draíochta ar leith ann láithreach.
láithreach immediately
" Ach a luaithe is a luaitear ‘stáisiún eithneach’, cuimhnítear láithreach ar na heachtraí a tharla i Three Mile Island in 1979 agus i Chernobyl in 1986 nó ar an gconspóid ar fad faoin stáisiún eithneach i Sellafield (sea, < Windscale) ar chósta thiar Shasana.
láithreach immediately
" Tagann uafás na hÓmaí chun cuimhne láithreach, chomh maith le 9/11.
láithreach bonn immediately
" Fuair mé freagra ar ais uaidh láithreach bonn inar dhúirt sé go ndéanfadh seisean an iris a chur le chéile dom! I dtrátha an ama chéanna, thosaigh grúpa againn ag smaoineamh ar iarratas a chur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge don chonradh a bhí á thairiscint acu chun iris Ghaeilge a chur ar fáil go míosúil.
láithrigh presented
" com ar an dráma puipéad seafóideach a láithrigh an cumann faoi dícheannadh Daniel Pearl, iriseoir Giúdach ó Mheiriceá a dúnmharaíodh sa Phacastáin i 2002.
Láithreach present
" Ba é an rud a thug le chéile muid ná an ‘tuarascáil’ a chuir Breandán Ó hEithir le chéile do Bhord na Gaeilge, scór bliain ó shin ar ‘Staid Láithreach na Gaeilge’.
láithreach bonn immediately
" Díreach i ndiaidh fhoilsiú na tuarascála, d’iarr Lieberman ar Google, ar leis You Tube, “ábhar a léirigh eagraíochtaí sceimhlitheoireachta Ioslamacha a bhaint den suíomh láithreach bonn.
láithreach bonn immediately
" Bheadh 200 nó 300 leabhar díolta láithreach bonn.
láithreach bonn immediately
" Beidh tú sona láithreach bonn, ciúin go deo, saor go deo.
láithreach immediately
" Bhí air imeacht as láithreach laistigh de bhliain, nuair a tháinig Ma Tse Tung i gcumhacht.
láithreach immediately
" Tiocfaidh sí trasna láithreach chun é a bhailiú.
láithreach immediately
" Cuid acu ag rá go gcaithfear tuilleadh cíoradh a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe agus teacht ar chomhréiteach; cuid eile, go háirithe iad siúd atá ar eite chlé an pháirtí, ag éileamh gur cheart moltaí an rialtais a chur ar ceal láithreach agus an próiseas idirbheartaíochta a thosú arís as an nua.
láithreach bonn immediately
" Cuirfear tús leis an phróiseas ghortghlanadh láithreach bonn.
láithreach bonn immediately
" Anuas air sin, bhí 49% den tuairim gur chóir na trúpaí Astrálacha a aistarraingt as an tír láithreach bonn.
láithreach immediately
" Nua Gach Bia ======= Ach a luaithe is a bhíonn an Beaujolais Nouveau thart, tosaítear láithreach ar na socruithe don Nollaig.
infheistiú láithreach invest immediately
" Tá an Rialtas chun €10bn de chuid an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean a infheistiú láithreach ’sna bainc chun muinín an mhargaidh a chothú.
láithreach immediately
" Shocraigh sé ar an cheist a chur láithreach: **“Cén spórt is maith leat a imirt, a Mhickey?”** “Bhuel, a Bhaloir, is aisteach an cheist í sin ag am mar seo.
láithreach immediately
" Muna bhfaca tú ‘Biutiful’ go fóill, molaim duit an DVD a cheannach láithreach.
láithreach bonn baill immediately
" Nuair a thánag chugam féin tar éis an charrbhuama a scrios mo cholainn i 1988, d’fhéach mé láithreach bonn baill ar mo mhagairlí.