Anuas air sin, baineann Avago úsáid as an teicneolaíocht taobh thiar de i-TV chun feiscint conas mar atá ag éirí le gach iomaitheoir faoi leith - agus labhraíonn na láithreoirí leo go díreach ansin.
Fuair sí post páirtaimseartha sa stáisiún i dtosach, ag déanamh ionadaíochta do na láithreoirí leanúnachais a bhí ann ag an am, Deirbhile Ní Churraighín agus Ailbhe Ó Monacháin.
Tráthnóna, ámh, bíonn cláracha cainte acu le láithreoirí mar Bill O'Reilly, Seán Hannity, agus Alan Colmes, tráchtairí béalscaoilte gáifeacha den eite dheis, a phléann cúrsaí an tsaoil ó dhearcadh na heite deise.
Ceapaim go bhfuil fiúntas sa moladh a dhéantar sa tuarascáil go leathnófaí an cleachtas a bhíonn ag roinnt láithreoirí ar nós Marian Richardson, John Creedon agus fiú amháin Pat Kenny beagán Ghaeilge a úsáid sa gcur i láthair a dhéanann siad ina gcuid cláracha, ach admhaíodh ‘go raibh cuid den fhoireann raidió diúltach faoin gcleachtas sin’.
Labhair Éamonn Ó Dónaill le duine de láithreoirí an chláir sin, Cian Ó Cíobháin, faoi bheith ag obair mar dhioscmharcach i stáisiún ina bhfuil cosc ar liricí Béarla.