Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lárionad domhanda world centre
" Tá tacaíocht airgid faighte ón gCoimisiún Eorpach trí Chlár Airteagal 10 chun Gaillimh a chur chun cinn mar lárionad domhanda don chultúr Gaelach agus do na cultúir Cheilteacha.
lárionad centre
" Dúirt úinéirí na hamharclainne, Milo agus Eithne Butler, le *Beo!* go mbeidh an sráidbhaile ina iomláine ina lárionad teanga, cultúir agus sóisialta as seo amach.
Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó Centre for Language, the Arts, Culture and Business
" Cén ról atá agat féin sa Ghaeláras agus cén fhad atá tú sa phost? Ceapadh mé i mí na Samhna 2002 mar Bhainisteoir Scéime le Scéim Tógála Caipitiúla a fhorbairt a bhfuil "Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó" mar chuspóir aici.
an Lárionad Trádála Domhanda the World Trade Center
" Bhí Ó Fiannachta ar a shlí chun turas a thabhairt ar an Lárionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac agus nuair a tháinig sé aníos ón subway chonaic sé an smúit agus na brící ar fad ó na túir ag titim.
lárionad sóisialta social centre
" Gan amhras ar bith, is é an teach tábhairne an lárionad sóisialta i bpobail ar fud na hÉireann.
lárionad centre
" Is fíor a rá freisin go bhfuil an tÁras ag feidhmiú mar lárionad do phobal na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.
lárionad cumhachta centre of power
" Dá mbeadh croílár an Rialtais i gcroílár na tíre bheadh sé i bhfad níos éasca ag an bpobal i gcoitinne taisteal chuig an lárionad cumhachta nuair ba ghá chun achainí a dhéanamh nó eolas áirithe a lorg.
dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda the two famous towers of the World Trade Center
" " Nuair a bhreathnaíonn tú ar an saothar, idir phaidríní lonracha agus aghaidheanna ildaite Mhuire agus na naomh éagsúil, agus tú píosa uaidh, cuireann crosanna na ngadaithe rud éicint i gcuimhne duit: dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda.
lárionaid ghlaonna call centres
" D'fhéadfaí lárionaid ghlaonna, agus tionscadail eile ardfháis, a oscailt i gConamara dá mba rud é go raibh an t-infrastrúchtúr ann chun tacú lena leithéid.
lárionad centre
" Ach nuair a bhí mé ocht mbliana déag d'aois, bhog mé go Bostún, lárionad an diaspóra mhóir Éireannaigh.
lárionad riaracháin na Gaeltachta the administrative centre of the Gaeltacht
" Chiallódh sé sin gur sa Ghalltacht a bheadh Na Forbacha - lárionad riaracháin na Gaeltachta, áit a bhfuil a gceannáras ag Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.
lárionad nua leighis eachaí a new equestrian medical centre
" Osclaíodh lárionad nua leighis eachaí ag Aintree díreach roimh an National agus bhí an tOllamh Chris Proudman agus seachtar tréidlianna eile ón Otharlann Eachaí in Ollscoil Learphoill ar dualgas ann.
lárionad trádála rathúil a successful trading centre
" Cathair fhorchéimnitheach mhuiníneach atá i mBarcelona ina bhfuil port gnóthach agus lárionad trádála rathúil atá ina ábhar mórtais ag bunadh na háite, é sin agus an saibhreas agus éagsúlacht atá le feiceáil sna dánlanna, sna hiarsmalanna agus sna heaglaisí atá le fáil go flúirseach ar fud na cathrach.
an Lárionad Feabhais the Centre of Excellence
" Mhol Tuarascáil Hanly gur cheart gach cúram éigeandála a aistriú go dtí an Lárionad Feabhais in Ospidéal Réigiúnach Luimnigh, áit nach bhfuil in ann déileáil leis an méid othar atá ann cheana féin.
an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta the International Financial Services Centre
" Ansin níos déanaí, agus é ina Thaoiseach, chuir sé na síolta as ar fhás Aerfort Chnoc Mhuire, an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta agus Barra Temple, tionscadail a chuir go mór le geilleagair an Stáit agus le caighdeán maireachtála an phobail.
lárionad centre
" AÓF: Cad iad na haidhmeanna atá agaibh? DdeB: Institiúid oideachais a bhunú mar a luaigh mé thuas; lárionad a oscailt i Sráid na Cathrach ina mbeidh fáilte roimh scoláirí; leabharlann agus cartlann a chur ar fáil, ina mbeidh gach saghas áise, chun gur féidir le daoine staidéar a dhéanamh ar ár gcultúr; agus, dár ndóigh, beidh amharclann i gceist freisin.
lárionad acmhainní foghlama a centre for learning resources
" “Bhí mise freagrach as teicneolaíocht an oideachais – bhí lárionad acmhainní foghlama curtha ar bun san áit agus iarradh orm amharc ina dhiaidh sin.
i lárionad glaonna. in a call centre.
" Ní poist tharraingteacha iad sin toisc gurb ionann an saghas sin oibre go minic agus obair i lárionad glaonna.
sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta in the Innovation and Technology Transfer Centre
" lonnaithe sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta sa choláiste (féach www.
lárionad Gaeilge a bhunú to establish an Irish language centre
" ” Agus is é is mian leis a dhéanamh san am atá romhainn – an mórphlean uaillmhianach seo – ná lárionad Gaeilge a bhunú i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a dtiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile – idir dhaoine aonair a bhfuil spéis acu sa teanga agus eagraíochtaí a bhfuil a gcuid spriocanna féin acu, ach arb í a gcomhchuspóir ná cur chun cinn na Gaeilge agus an traidisiúin Ghaelaigh.
a leithéid de lárionad such a centre
" ” Is cuimhin liom gur léigh mé foilseachán le Helen Ó Murchú dar teideal *Dúshlán agus Treo d’Eagraíochtaí Gaeilge* le linn dom a bheith ag staidéar inar mhol sí a leithéid de lárionad don teanga.
lárionad mórthaibhseach a spectacular centre
" Tugann an caisleán lárionad mórthaibhseach don chathair, agus meabhróidh sé duit an stair fhada, chasta atá ag an gcathair agus ag an tír seo.
lárionad centre
" * Tá lárionad úr siopadóireachta tógtha i lár na cathrach, The Victoria Centre, teampall do Dhia na Miondíoltóireachta le linn tréimhse ina bhfuil daoine ag cailleadh a n-acmhainne cuid mhór airgid a chaitheamh.
lárionad a mbeithsine the centre of their existence
" Ach do dhaoine faoi leith ’s iad lárionad a mbeithsine.
Lárionad center
" Tráthnóna, agus mo thóin dubh le brú diallaite, d'fhilleas ar Lárionad na nÉireannach i dTír an Fhuinidh arís chun cúrsa Gaeilge a theagasc.
lárionaid acmhainní resource centres
" Bunaithe ar mhúnla rathúil na Breataine Bige, tá ionaid ilfhreastail le bunú i gcathracha agus i mbailte éagsúla agus beidh lárionaid acmhainní ar leith i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.
Lárionad centre
" Tá á bheartú ag Fondúireacht na Gaeilge Tionscadal16, Lárionad Gaeilge do Bhaile Átha Cliath a fhorbairt le bheith réidh d’ócáid chomórtha 1916.
lárionaid ghutháin call centres
" Luann tú an tionscal eolais, ach ins an tionscal san tá dúshaothrú fíochmhar ar siúl; pá an-íseal don chuid is mó agus coinníollacha oibre atá go huafásach, go minic, ins na lárionaid ghutháin agus a leithéid.
Lárionad centre
" Áiseanna den scoth a chur ar fáil a mbeadh Lárionad Iomána mar aon le hAcadamh Sainiúlachta ina gcuid láir díobh.
lárionad airde a focus point
" Níl aon duine ina chónaí ann go fóill, ach feidhmíonn an Ghaeltacht seo mar lárionad airde do phobal Gaeilge Cheanada a bhfuil fonn orthu deireadh seachtaine, nó seachtain iomlán, a chaitheamh faoin tuaith ag foghlaim Gaeilge i gceantar atá curtha ar leith do labhairt na teanga.
Lárionad an Chirt Idirthréimhsí lonnaithe the centre of transitional justice is based
"Lárionad an Chirt Idirthréimhsí lonnaithe i Nua-Eabhrac agus tionscnaimh fhirinne agus chuimhne ar bun acu.
an lárionad the centre
" Ba é Alex Boraine a bhunaigh an lárionad, fear a d'oibrigh le Desmond Tutu ar an Choimisiún um Fhírinne agus um Athmhuintearas san Afraic Theas.
lárionaid cumhachta agus tráchtála na Siria the Syrian centres of power and commerce
" Tá an cogadh ann féin athraithe, anois go bhfuil sé á throid sna cathracha móra seo, lárionaid cumhachta agus tráchtála na Siria idir chumhacht pholaitiúil agus mhíleata.
lárionad siopadóireachta fiorúil seo this virtual shopping centre
" An rud speisialta faoin lárionad siopadóireachta fiorúil seo ná go dtéann céadatán de gach idirbheart chuig do rogha cumann carthanachta, má tá siad páirteach ann.
lárionad cumhachta na tíre the centre of national power
" Is iad na Warfalla lárionad cumhachta na tíre.
lárionad galánta nua a thógáil to build a new magnificent centre
" Deich mbliana ó shin bhí plean uaillmhianach aige lárionad galánta nua a thógáil don choláiste.