Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léaró gleam, glimmer
" Mothaíonn tú go bhfuil léaró léargais faighte agat ar shaol s'acu, agus go gcaithfidh tú rud inteacht a dhéanamh faoina gcás.
léaró glimmer
" Ach tá léaró dóchais le feiceáil.
léaró glimmer
" Dóchas an Dlí Tá léaró dóchais ag an mionlach mí-áidh, áfach.
léaró dóchais hint of hope
" Tá an sórt céanna anachana is anró mar sciúirse ag mionlaigh éagsúla eile ar fud na Colóime gan dabht, agus is cinnte gur fada go staonfaidh na hEmberá de bheith ag éileamh a gceart, ach is deacair aon léaró dóchais a aithint i dtír nach bhfuil urraim don bheatha, gan trácht ar phrionsabal an smachta reachta.
Léaró Dóchais flicker of hope
" Léaró Dóchais: Mayawati Ní dubh duairc ar fad atá scéal an mhionlaigh líonmhair seo, áfach.
níl an scéal gan léaró dóchais the matter's not without some hope
" A dhonacht is atá stádas na dteangacha dúchais, níl an scéal gan léaró dóchais, áfach, agus d’fhógair Leabharlann Stáit New South Wales (NSW) tionscnamh tábhachtach nua ar na mallaibh a chuideoidh go mór le marthanacht roinnt de na teangacha.
Léaró Dóchais a sign of hope
" Léaró Dóchais? ====== Tá seans go bhfuil feabhas ag teacht, diaidh ar ndiaidh, ar an scéal.
Léaró Dóchais agus Misnigh a gleam of hope and courage
" Léaró Dóchais agus Misnigh ============= Creidim gur eiseamláir í Adele, do ghlúin óg an lae inniu.
ina léaró dóchais do dhaoine as a light of hope for people
" Bhí an Afraic Theas ina léaró dóchais do dhaoine ar fud na cruinne gur féidir coimhlint stairiúil a shocrú nó éagóir sheanbhunaithe a shárú ar bhealach síochánta.
an-léaró a great insight
" Fuair Balor an-léaró ina óige ar oibriú na polaitíochta agus tá a léacht ar an ábhar le roinnt aige linn san alt siosmaideach seo.
Léaró lucht na Fraincise a glimmer of light from the French speakers
" Léaró lucht na Fraincise i ndomhan an Bhéarla? Thug comhdháil in Ottawa an mhí seo caite an-ábhar misnigh do Bhrian Ó Broin i dtaca le gluaiseacht phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.