Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líon íseal seo daoine this small number of people
" Cothaíonn an líon íseal seo daoine deacrachtaí maidir le cúrsaí sochtheangeolaíochta agus iompar teanga.
líon mór daoine a large number of people
" Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002.
an líon daoine gan dídean the number of homeless people
" Ach is é an fhírinne go mbeidh ar an rialtas i bhfad níos mó ná ionaid a oscailt má táid le srian a chur leis an líon daoine gan dídean, líon atá ag méadú in aghaidh an lae sa stát seo.
i líon na ndaoine in the number of people
" Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh.
líon mór daoine a great number of people
" Ní thuigim cén fáth a dtéann líon mór daoine ó thuaisceart na hÉireann thar sáile i rith an tsamhraidh, go dtí áiteanna mar an Spáinn atá iontach te ag an am sin den bhliain.
an líon daoine the number of people
" Tháinig méadú ar an líon daoine ar cuireadh cóir leighis orthu de bharr iad bheith tugtha don chóicín ó 86 i 1998 go 155 in 2002, agus mhéadaigh an líon daoine a raibh fadhb acu leis an eacstais ó 835 i 1998 go 1,615 in 2002.
líon na ndaoine the number of people
" Sa lá atá inniu ann, beirtear an tríú cuid de leanaí lasmuigh den phósadh, agus cé go bhfuil líon na ndaoine a phósann sa tír seo fós ard, tá níos mó agus níos mó daoine ag beartú gan pósadh ach cónaí le chéile, bídís heitrighnéasach nó hómaighnéasach.
líon na ndaoine the number of people
" Ós rud é gur éirigh leis cheana féin, tá deis iontach ag IMRAM líon na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte san fhéile a leathnú ionas go mbeidh taispeántas cruinn ann d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí i saol liteartha na Gaeilge.
líon daoine the number of people
" Is i ngeall ar easpa spáis a bhog muid chuile uair, mar bhí méadú ag teacht i gcónaí ar an líon daoine a bhí sa chraobh.
an líon daoine the number of people
" Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, tá barr feabhais curtha ar chúrsaí cumarsáide agus oideachais; ach de réir mar atá an líon daoine atá ag baint úsáide as an teicneolaíocht nua-aimseartha ag méadú, is amhlaidh go bhfuil fadhbanna á gcruthú agus baol úr curtha os ár gcomhair.
ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre on the number of people being killed on the roads
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
líon beag daoine a small number of people
" ” Chaith Krauss tamall ag déanamh staidéir ar an Íoslainnis agus ar theanga eile, an Fharóis, nach labhraíonn ach líon beag daoine í ach nach bhfuil i mbaol báis, mar atá an Ghaeilge.
an líon daoine the number of people
" Léann sé os ard an líon daoine a fuair bás ansin, an líon daoine ar éirigh leo éalú agus an líon daoine a fuasclaíodh.
líon mór daoine a large number of people
" Bíonn líon mór daoine ag plé le foirne na laethanta seo.
líon na ndaoine the number of people
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
líon na ndaoine the numbers of people
" Mar gheall ar na cláracha a mhaoineofar as an airgead sa tionscadal COAG, táthar ag súil go mbeidh maolú suntasach ar líon na ndaoine gan dídean taobh istigh de chúig bliana, agus go mbeidh deireadh go hiomlán le codladh garbh roimh 2020.
líon na ndaoine the number of people
" Sprioc Uí Chuív ======= Méadú suntasach ar líon na ndaoine a usáideann Gaeilge ina saol laethúil, an cuspóir atá ag an Straitéis agus is inmholta an cuspóir é.
líon na ndaoine the number of people
" Thit líon na ndaoine a théann ar Aifreann ar bhonn rialta ó 90 faoin chéad sa bhliain 1980 go dtí 62 faoin chéad i 1995 agus shamhlóinn go bhfuil sé níos lú ná sin faoi láthair.
líon na ndaoine the number of people
" Bhíodh na bainc róthoilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn tráth; an é a mhalairt faidhbe a bhéas againn as seo amach? Comhartha Dóchais? ======== Don tríú mí as a chéile, tá líon na ndaoine atá dífhostaithe ag titim.
líon na ndaoine the number of people
" Chinntigh arduithe íosphá agus liúntas míosúil do theaghlaigh bhochta gur laghdaigh líon na ndaoine a bhí ag fáil bháis den ocras.
líon na ndaoine the number of people
"líon na ndaoine ar fheirmeacha agus atá fostaithe ar an talamh san abhantrach ag laghdú le blianta fada anuas agus cuireadh go mór leis an gclaonadh seo le linn an triomaigh thuas.
líon na ndaoine the number of people
" Gan amhras ar bith, titfidh líon na ndaoine atá fostaithe ag an stát.
líon na ndaoine amount of people
" Mar shampla, bhí fás de 3% tagtha faoi líon na ndaoine a raibh cónaí orthu i gcontae Liatroma, agus ba é sin an chéad mhéadú ar dhaonra na contae sin ó aimsir an Drochshaoil.
líon na ndaoine the number of people
" Bhí geallúintí tugtha ag Clinton go bhfeabhsódh sé cúram sláinte, go gcuirfeadh sé le líon na ndaoine a bhí i dteideal leasa shóisialaigh, go gcuirfeadh sé go mór le hinfheistíocht i gcruthú postanna agus go gcuirfeadh sé deireadh leis na neamhionannais a bhí cruthaithe le linn réimeas George Bush I.
líon na ndaoine the number of people
" Thosaigh líon na ndaoine sa tír ag méadú don chéad uair ó bunaíodh an stát.
líon na ndaoine a mhaíonn the number of people who claim
" Ach anois tá líon na ndaoine a mhaíonn go bhfuil Gaeilge acu méadaithe go 1.
líon na ndaoine a chuir lámh ina mbás féin the amount of people who took their lives
" Ní mé an bhfuil aon staidreamh ar fáil faoi líon na ndaoine a chuir lámh ina mbás féin sa Ghaeltacht, sa Ghalltacht, nó cén líon daoine a raibh an aon teanga amháin, dhá theanga, trí theanga acu? Ba cheart go mbeadh.
tá méadú tagtha ar líon na ndaoine the number of people increased
" Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as.
titim shuntasach ar líon na ndaoine a remarkable fall in the number of people
"titim shuntasach ar líon na ndaoine a théann ar Aifreann gach Domhnach le fiche bliain anuas, sa phobal iargúlta sin.
líon na ndaoine the number of people
" Mar gheall ar na hathruithe móra atá tite amach i dtuaisceart na hAfraice le cúpla bliain anuas tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag iarraidh triall ar an Eoraip trí Mharacó.
cén líon daoine a mharaítear how many people are killed
" Is cuma leis an fhear ar an chnoc cé as a dtagann amhábhar, cé as a dtagann luach diamhrach an dollair agus cén líon daoine a mharaítear nó cé méid tíortha a scriostar leis an luach sin a choinneáil ann.
athrú líon na ndaoine the change in the number of people
" com mar is féidir athrú líon na ndaoine a bheas ag ithe agus na tomhais chearta a fháil chun a dhóthain mias a ullmhú.
Ardaíonn an líon suntasach seo daoine this remarkable number of people raises
" Ardaíonn an líon suntasach seo daoine ceisteanna tábhachtacha i réimse an gheilleagair, réimse an chomhair idirnáisiúnta agus i réimsí eile nach iad.
gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach there are less people who are able to
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
ar líon na ndaoine in the number of people
" De réir dhaonáireamh na bliana 2011, is amhlaidh a tháinig laghdú beag ar líon na ndaoine atá ina gcónaí sa tír.
an líon daoine the number of people
" Cliste go leor mar ’sí an bhunfhadhb leis an Straitéis seo nach bhfuil an phríomhsprioc inti ‘indéanta’, ’sé sin: ‘an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 go 250,000’.
a bhuíochas sin den líon mór daoine óga thanks to the large number of young people
" Inniu, tá an Ghaeltacht ag cúngú lá i ndiaidh lae, is ríchosúil, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an sean-nós chomh sláintiúil is a bhí ariamh, a bhuíochas sin den líon mór daoine óga atá ag gabháil di.
líon na ndaoine the number of people
" Is iad na cuspóirí atá ag EUROSUR ná líon na ndaoine atá ag dul isteach san Aontas gan chead a laghdú agus slándáil inmheánach an Aontais a mhéadú.
líon na ndaoine the number of people
" Ag trácht ar na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite sna laethanta seo a bhí sí, i bhfianaise laghdú leanúnach i líon na ndaoine atá ag ceannach nuachtán clóite.
chonaic mé an líon mór daoine I saw the large crowd of people
" ‘Slán le Seán’ ====== Bhí baint agam leis an máirseáil a eagraíodh i gConamara ar an Domhnach, 23 Feabhra agus líon sé mo chroí le dóchas nuair a chonaic mé an líon mór daoine a tháinig amach ar an lá, le homós agus le buíochas a theaspáint don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin , a bhí ag éirí as oifig an lá sin, ar bhonn prionsabail.
an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann the number of people who attended mass
" Chuaigh an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann i laghad, agus taobh istigh de dheich mbliana chuaigh an ráta beireatais ón gcúige is airde i gCeanada go dtí an ráta is ísle sa tír.
is beag an líon daoine the number of people is small
" Bhí an tuairim ann go gcuideoidh an córas nua a tugadh isteach faoin Acht um Dócmhainneacht Phearsanta 2012 le teaghlaigh ach ó thaobh na forála is mó a bhíonn SBCA ag plé leis - fógraí faoisimh fiachais a bhaineann le fiacha faoi €20,000 - is beag an líon daoine atá ag dul ar aghaidh faoin gcóras nua chun faoisimh fiachais a bhaint amach.
líon na ndaoine the number of people
" De réir an taighde is déanaí atá foilsithe ag Fundraising Ireland, bhí laghdú 11% ar líon na ndaoine a thug síntiúis sa chéad ráithe don bhliain.
bhfuil an-líon daoine nár sheol amach a very large amount of people didn’t leave
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
méadaíodh líon na ndaoine the number of people increased
" D’éirigh leis na stáit na rialacha sin a mhaolú tar éis 1976, agus más ea, méadaíodh líon na ndaoine a cuireadh chun báis, rud a ghoill go mór ar Stevens.
líon na ndaoine beagáinín ró-íseal the number of people a little too low
" I reifreann sa bhliain 1979 vótáil na hAlbanaigh ar son parlaiminte i nDùn Èideann, ach bhí líon na ndaoine beagáinín ró-íseal le go gcuirfí an rún sin i bhfeidhm.
líon na ndaoine the number of people
" Tháinig titim i líon na ndaoine a maraíodh ar na bóithre anuraidh ach tá cúrsaí i ndiaidh dul chun donais i mbliana.
sa líon daoine in the number of people
" Tá titim mhór tagtha sa líon daoine atá ag ól i dtithe tábhairne na hÉireann le tamall anuas ach measann Breandán Delap go bhfuil sé in am ag na tábhairneoirí dul i ngleic leis an fhadhb, seachas bheith de shíor ag gearán.
tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe in the amount of people who do the exam
" Ó cuireadh tús le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) in 2005, tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe gach bliain.