Tá IKEA mar a
bheadh monarcha gluaisteán sa Chóiré ann, tá clóin Ross O'Kelly Carroll agus a chlann (dá mbeadh sé pósta) ar ruathair threallchogaíochta ar ionaid thráchtála an tuaiscirt, ag tabhairt leo tolgleapacha Sualannacha, artola as an Mheánoirthear, agus a oiread óil is a líonfadh an Life.
Anois dá bhféadfaí córas a chruthú a d’fholmhódh an ciseán níocháin, a líonfadh an t-inneall, a chrochfadh amach agus a thabharfadh isteach na héadaí nuair is gá, bheadh saol a mhadaidh bháin againn.