Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in easnamh lacking
" Rinne sé gearán go raibh "fuil agus anam" in easnamh ar an ealaín nua-aimseartha, agus go raibh an ealaín a bhí sa taispeántas fuar agus róthomhaiste.
easnamhach lacking
" Ceann de na cúiseanna go bhfuil an tseirbhís chomh heasnamhach sin ná nuair a rinneadh príobháidiú ar Eircom, agus nuair a tugadh ar lámh é d’úinéirí a raibh níos mó spéise acu sa bhrabús ná i soláthar seirbhíse, cailleadh an deis oibleagáid shóisialta a choinneáil san áireamh.
easpa éigin something lacking
" *Gig* lárthurais againn – easpa éigin ann, easpa éigin ionainne.
nach bhfuil díth ann that it isn't lacking
" Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil díth ann thall is abhus.
chomh gann i gcéill so lacking in sense
" An raibh sé chomh gann i gcéill léim gan iarraidh a dhéanamh, nó an raibh cúis éigin eile i gceist leis an ghníomh díchéillí? Scríobh an scoláire Anraí Mac Giolla Chomhaill go raibh cosúlachtaí idir an chéad saothar de chuid Mhic Grianna, Dochartach Dhuibhlionna, agus míreanna as a shaol in Mo Bhealach Féin.
easpa mhór a big lacking
" An mbraitheann sí gur easpa mhór é ina saol gan muirín a bheith uirthi? “Ní mhothaím mar sin.
easnamhach lacking
" Cuireadh an bille áirithe seo ar chlár oibre an Rialtais ar éileamh an Chomhaontais Ghlais, ach is léir nach mó ná sásta atá John Gormley leis an dréacht deiridh mar gur measann sé é a bheith easnamhach.
easnamhach lacking
" Mar a dúirt Édith Piaf, Non, je ne regrette rien! ” Bheadh an t-alt seo easnamhach mura luafainn nach n-aontaíonn go leor daoine le tuairimí Roche i dtaca leis an tionchar a d’fhág an radachur ar mhuintir na gceantar a mbíonn sí ag gníomhnú iontu.
ar an ngannchuid greatly lacking
" Bunaíodh Banc Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 1835, tráth a raibh bunadh na hÉireann ar an ngannchuid agus tráth a raibh tiarnaí talún is lucht gróite ag sú allas na gcnámh astu.
easpa lacking
" D'ainneoin easpa finné, d'iarr John orm scairt a chur ar na póilíní faoin timpiste.
ar an ghannchuid lacking
" An príomhdhúshlán atá romhainn, a chinntiú go dtabharfar aire don té atá ar an ghannchuid, bíodh sé óg nó sean.
cianóga gann money is lacking
" Níor cheart go mbeadh ar an cháiníocóir díol as, go háirithe le linn tréimhse ina bhfuil na cianóga gann.
róghann ar lúcháir too lacking in joy
" Bhíodh leads mar Earnán iarrachtín róshollúnta, rótheann, róleamh, róghann ar lúcháir dúinn.
ar beagán lacking in
" Ní hamháin go raibh tonntracha ollmhóra ag briseadh ar an trá, ach bhí comharthaí ar fud na háite: "Feachtaí Cuilitheála Contúirteacha! Más ar beagán taithí thú, ná gabh ag snámh anseo! Fuair daoine bás ag snámh amuigh anseo!" (http://en.
gann lacking
" Imreoidh sé drochthionchar ar na cainteoirí maithe a taifeadadh má thugann siadsan faoi deara sna fotheidil gur camadh an focal glan-Ghaeilge ina mbéal.
easnamhach lacking
" Aontaím léi, ach caithfidh mé a admháil go raibh an cruinniú easnamhach ar shlí amháin, mar ní raibh duine ar bith ó lár na tíre i láthair.
in easnamh needed, lacking
" An rud is mó atá in easnamh ná a laghad daoine óga atá ag scríobh – faoi 30 nó 35 bliain d’aois fiú.
gann ar lacking in
" Ar ndóigh, is beag suim atá ag na nuachtáin i spallaíocht éinne nach bhfuil cáiliúil agus is dócha ná a mhalairt nach mbeadh a leithéid de dhuine gann ar mhaoin an tsaoil mar thoradh ar an cháil sin.
in easnamh lacking
" Tá an bonneagar sóisialta seo in easnamh in Éirinn.
de cheal lacking, for want of
" Chaith siad an samhradh anuraidh ag ceistiú teastas breithe an Uachtaráin Obama go callóideach (agus de cheal aon scéal eile, thug na meáin raidhse poiblíochta dóibh).
tanaí ina cur i gcrích lacking in provision of the same
" Bhfuil an scannán seo ramhar le huaillmhian, ach tanaí ina cur i gcrích, mar a chreidim? Nó an bhfuil an ceart ag coiste Cannes, criticí móra an domhain, agus pobal an IFI? Do bharúil?
gann lacking, in want
" Níor fhág sé an tAthair Feckdelotofyous riamh gann agus an ciseán carthanachta ag dul thart.
An gcomharthaíonn a easpa tacaíochta does his lacking support show
" An gcomharthaíonn a easpa tacaíochta go bhfuil am crua amach roimh an Rialtas seo agus roimh an pháirtí, Fine Gael, go háirithe?** DMFh: Níor éirigh le Gay Mitchell ins an toghchán, tá sé sin fíor.
ganntanas ar bith sa saol anything lacking in life
" Is maith liom rud beag JayZ anois is arís, ach is fhearr liom mo rogha ceoil! Más róbheag leat é sin, céard faoin duga iPod is mó ar domhan don té nach bhfuil ganntanas ar bith sa saol aici nó aige.
atá breoite idir anam agus chorp who are physically ill or lacking in spirit
" Agus an t-uafás ciorruithe ar siúl i láthair na huaire, ní haon tír í Éire don duine lag nó dóibh siúd atá breoite idir anam agus chorp – tá sé sin cinnte.
cé chomh gann how lacking
" Bhuail sé lá amháin le gasúr nuathagtha as Bleá Cliath agus é “ag cur síos os comhair na Sasanach ar cé chomh gann is a bhí obair in Éirinn, agus ar an mbochtanas.
nach beag ag not lacking in
" Scil nach beag ag Milosevic, Búistéir na mBalcán, ina leithéid.
nach gann na gnéithe sin not lacking are those aspects
" Is cosúil áfach nach gann na gnéithe sin de scéalta an domhain nó na tíre a chuirfeadh díomá nó brón, míshásamh nó fearg agus fiú amháin, buille ar dhuine.
ar iarraidh was lacking
" An bua a shantaigh siad agus nach raibh acu ó 1967, bheith ina gcuraidh sraithe ar Shasana, bhí sé ar iarraidh.
Má tá rud ar bith thar a chéile uireasach if there’s any one thing lacking more than anything else
"Má tá rud ar bith thar a chéile uireasach ar chumadóireacht sa nGaeilge, sí an aigneolaíocht í.
gann ar lucht féachana lacking in spectators
" Má bhí ardáin agus céimeanna Staid Pirtek gann ar lucht féachana an lá céanna, níorbh fhada amhlaidh.
Easpa Teanga ina Constaic the obstacle of lacking the language
" Easpa Teanga ina Constaic ========= “Sin an fáth nach n-aithnítear go bhfuil a oiread sin Éireannach anseo.
Cheal aon nasc soiléir idir lacking any clear link between
" Cheal aon nasc soiléir idir na forais éagsúla thuasluaite tá easpa cumhachta chomh maith le heaspa leanúnachais ann.
chomh gann ar so lacking in
" **Agallamh Eisiach le hAire Úr na Gaeltachta** Nuair a chuala Balor an clampar agus an chaismirt agus an challóid ar fad a bhí ar siúl ag muintir na Gaeilge faoi cheapachán Aire nua na Gaeltachta, níor shamhlaigh sé go dtiocfadh leis an Aire Mac Guí a bheith chomh gann ar Ghaeilge agus a bhí daoine a rá.
níl an Róimh gann san aicme sin R. is not lacking in such graves
" Is fánach an áit a bhfaighfeá uaigh Éireannaigh agus níl an Róimh gann san aicme sin.