Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ladrainn drones
" Is líonmhaire an méid eitleán ladrainn ná an líon gnátheitleán atá á ndéanamh ag SAM anois.
oibríochtaí na ladrann drone operations
" Rachaidh na scéalta daonna i bhfeidhm ar chuid acu agus caoinfidh siad deoir anois is arís nuair a altófar roimh bhia nó nuair a bhreathnóidh siad ar a gclann féin ar aon aois le roinnt de na daoine a loiteadh in oibríochtaí na ladrann seo.
le bheith i do sprioc ladrainn to become a drone target
" Ní drochshaol go dtí é, i ndiaidh thú a ruaigeadh as teach agus as tailte do shinsir le bheith i do sprioc ladrainn i gcampa teifeach.
theicneolaíocht a gcuid ladrann the technology of their drones
" Mar bharr ar an donas dóibh, tá lucht an ionsaithe den bharúil go bhfuil achan eolas, nó gar dó, ag a namhaid ar theicneolaíocht a gcuid ladrann.
Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin our wee planet is a droneland
" Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile? Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin =============== Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo.
mharú le ladrainn to kill with a drone
" Le fada, ar ndóigh, is saghas arm rúnda é an CIA freisin, le cead duine ar bith, nó daoine, timpeall an domhain a mharú le ladrainn.
ladrainn Mheiriceá á leanstan America’s drones following him
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
ladrainn Mheiriceá armtha armed American drones
"ladrainn Mheiriceá armtha san aer os cionn Bagdad faoi láthair, agus is ar éigean a thiocfaidh siad anuas go ceann tamaill, ó is mó is dóichí go mbeidh siad ag teilgean na n-arm sin sar i bhfad muna gcuirfear stop le hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha san Iaráic.
gur deas na buamaí ladrainn that drone bombs are nice
" Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.