Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
laincisí restrictions
" Níl fonn ar na heaglaisí beaga cabhair a lorg ó Washington mar gheall ar an maorlathas agus na laincisí a ghabhann le deontais ón rialtas.
laincisí restrictions
" Deir sé go gcuireann siad laincisí air féin agus ar iriseoirí eile agus iad i mbun oibre.
laincisí fetters
" Tá an béarlagair a tharraingíonn daoine óga agus iad sa tréimhse is mó idéalachais dá saol ag na *Shinners* - ach tá difear an domhain idir a bheith ag spalpadh manaí agus laincisí na cumhachta a bheith ort.
laincis restriction
" Nuair a tugadh cuireadh dom colún míosúil faoi chúrsaí spóirt a scríobh le haghaidh *Beo!* níor cuireadh aon srian nó laincis orm maidir le hábhar.
laincisí fetters
" Tá íomhá dhearfach ann de Trimble a fheiceann é ag léimnigh chun tosaigh gan na slabhraí agus na laincisí a chuir dineasáir a pháirtí féin air.
laincisí restrictions
" Dá ainneoin sin, le fanacht taobh istigh de laincisí an rialtais, tá beartaithe ag Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Dheiscirt pasanna bus a bhaint de pháistí áirithe, ní cheannófar leabhair úra do scoileanna ná do leabharlanna, ní bheidh oiread airgid ann le caitheamh ar mhúinteoirí sealadacha, agus gearrfar siar ar chothabháil.
laincisí restrictions
" Níl na laincisí sin orthu a thuilleadh, áfach, agus tá ceisteanna á n-ardú go flúirseach acu anois.
laincisí restraints
" “San Iaráic, áit a raibh eagla ar na Meiriceánaigh go ndéanfaí stát Shi’ite as an tír, ceann de na chéad rudaí a rinne siad ná reachtaíocht a chur i bhfeidhm a chuir laincisí ar chearta na gceardchumann! Ar an dóigh sin, chuir siad deireadh le cibé seans a bhí acu gan stát bunaithe ar an chreideamh a chruthú san Iaráic!” ar sé.
laincisí bhlianta an éadóchais the fetters of the years of hopelessness
" Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin.
éalú ón laincis sin to escape from that restraint
" Ach is minic go mbíonn ealaíontóirí ábalta éalú ón laincis sin agus an fhírinne shearbh, lom a insint.
laincisí restraints
" Deir an tOllamh Leon Schmidt, stairí ó Ollscoil Cottbus, go bhfuil sé dodhéanta an freagra ealaíne céanna a bheith agat ar mhothúcháín a bhí agat 10 mbliana ó shin, agus gur cheart ligint d’iarracht ealaíne fás go nádúrtha agus gan laincisí mar seo a chur air.
laincisí restraints
" Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan.
laincisí spancel, obstacle
" Caithfidh gach rialtas gníomhú laistigh de chóras polaitiúil a bhfuil an comhghéilleadh ina chuid bhunúsach de ach ní chuirtear na laincisí céanna ar thaighdeoirí acadúla.
chuir laincis ar handicapped
" Bhí dhá thoisc ann a chuir laincis ar a chuid iarrachtaí (rud atá amhlaidh i gcoitinne) is iad sin luas mear na himeartha agus éiginnteacht na rialacha peile.
laincisí restrictions
" Ba bheag ball den chomhaireacht a atoghadh, rud a chuir laincisí go leor ar cheannaire úr an pháirtí.
laincis geilleagrach economic restraints
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé dó a bheith saor ó laincis geilleagrach mar atá ag an Tánaiste reatha.
laincisí airgid financial restraints
" Seo roinnt moltaí a bheadh agam do Dinny Mc Ginley, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm taobh istigh de na laincisí airgid atá ar a Roinn agus a bheadh ag tíocht le Clár an Chomhrialtais.
bac nó laincis a block or a hindrance
" Bhíodh cead ag imreoirí ar fud na páirce ag an am bac nó laincis a chur le gluaiseacht imreoirí na foirne eile nach raibh i seilbh na liathróide dul i dtreo imreora a bhí i seilbh na liathróide.
gan bac ná laincis no restrictions
" Ach ó 1997, tá áras aige i mBúcairist, agus gan bac ná laincis ag cúrsaí polaitíochta ar a shaol.
gur féidir smaoineamh taobh amuigh de laincisí dochta na haimsire caite one may think outside of the rigid dogmas of past times
" Thug sé léargas eile don mhórphobal gur féidir smaoineamh taobh amuigh de laincisí dochta na haimsire caite.
rialacha agus laincisí áirithe rules and certain impositions
" Tá rialacha agus laincisí áirithe ag baint le foireann a chur le chéile: uasmhéad áirithe airgid le caitheamh ar na imreoirí, gan níos mó ná triúr ó aon chumann amháin agus ar ndóigh líon áirithe tosaithe, cosantóirí agus imreoirí lár na páirce a bheith roghnaithe ar an bpainéal de 15 imreoir, as ar féidir an fhoireann a roghnú.