Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lastas dinimíte cargo of dynamite
" Bhíodar chun eitleán a fháil ar cíos, lastas dinimíte a chur ar bord, agus ionsaí a dhéanamh ar na Túir leis.
long lastais cargo ship
" Ó tháinig an long lastais an Tampa i gcabhair ar dhaoine ag lorg dídine i mí Lúnasa, ba bheag aird a díríodh ar cheisteanna eile.
long lastais cargo ship
" Ar dtús, rinneadh "géarrchéim" as scéal an Tampa, an long lastais as an Iorua a tharrtháil níos mó ná 400 duine arbh Afganastánaigh an chuid ba mhó acu.
lastas mór leabhartha a big load of books
" Chaith mé ceithre lá i mBaile Átha Cliath i lár mhí Iúil i mbliana, agus ar ndóighe, tháinig mé abhaile le lastas mór leabhartha - thar aon rud eile, an chéad chuid de "Scríbhinní Mháire", sraith atá Nollaig Mac Congáil a chur in eagar fá láthair, nár lagaí Dia a lámh.
lastas cargo
" Tar éis lastas a fhágáil ina diaidh le seoladh ar ais go New Bedford, tógadh criú nua ar bord agus sheol sí léi arís ó dheas ar thóir na míolta móra, thart timpeall na hAfraice agus soir chomh fada le Bunbury in Iarthar na hAstráile.
lastas cargo
" Bhí lastas de chuile chineál ar an traein seo - sicíní, earraí leictreacha, calóga arbhair, beoir agus troscán ina measc.
lastais armais nua consignments of new arms
" Le cois seo, chuir na Stáit Aontaithe, le caoinchead a gComhdhála agus a Seanaid féin, dlús le lastais armais nua a sheoladh go hIosrael.
lastais cargo
" Ach má thug, ba léir go raibh fadhbanna farantóireachta agus lastais go hÁrainn á gcíoradh ag bord an Rialtais.
tháinig long lastais as an Iorua a Norwegian cargo vessel came
" Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh.
chuid den lastas part of the consignment
" An raibh an BBC i mBéal Feirste an oiread sin ar meisce gur chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal faoi mharú Roseanne Mallon, máthair mhór 74 bliana d’aois, go raibh baint ag an ghléas airm lenar maraíodh í le sé cinn de mharuithe eile, go raibh sé mar chuid den lastas a thug an spiaire Briotanach, Brian Nelson, go hÉirinn.