Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le cois áis chuardaigh as well as a search facility
" Tá sé furasta do bhealach a dhéanamh fríd an suíomh agus tá léarscáil ann ina bhfuil mionsceitsí de na táirgí go léir, le cois áis chuardaigh.
le cois Ardteastas san Oideachas as well as a Higher Diploma in Education
" Bhain Ó Céidigh céim amach sa Tráchtáil sa Choláiste Ollscoile i nGaillimh, le cois Ardteastas san Oideachas, agus chaith roinnt blianta ag obair mar chuntasóir leis an chomhlacht KPMG.
le cois as well as
" Chomh maith leis na binsí, beidh píosaí dealbhóireachta, gairdín luibheanna, agus lúbra ann, le cois rudaí eile.
le cois as well
" In ainneoin sin is laoch níos mó é ná riamh agus "*nice guy*" le cois.
beagán le cois a little over
" Tá sé beagán le cois dhá bhliain ó bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach agus tá deireadh tagtha freisin leis an tréimhse 500 bliain a raibh an tír faoi chúram dream éicint eile - an Phortaingéil ar feadh i bhfad, an Indinéis ó 1975 agus na Náisiúin Aontaithe ó 1999.
Le cois along with
" Is léir go bhfuil meas ag an mbainistíocht ar Ray chomh maith toisc gur iarr an bord bainistíochta air glacadh le cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh (Le cois na gcúraimí mar Stiúrthóir Ealaíon a bhí air cheana féin) mí Iúil seo caite.
le cois airm neamhdhleathacha in addition to illegal arms
" Bhí John Eric Irwin, 43 bliana d’aois, as Norris Green, Learpholl, cúisithe as bheith ina bhall den UVF, nithe bheith ina sheilbh aige le haghaidh sceimhlitheoireachta, le cois airm neamhdhleathacha.
Le cois logainmneacha over and above place names
" Le cois logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, nach ndearnadh mórán athruithe orthu riamh, tá claonadh anois “cúpla focal” Maoraise a shníomh isteach i gcomhrá Béarla - i gcás daoine nach bhfuil ach na nathanna gearra cainte sin ar eolas acu, fiú.
beagán le cois a little over
" Bhreathnaigh beagán le cois cúig mhilliún duine ar an fhístéip seo ar an chéad lá a raibh fáil air ar an idirlíon agus tháinig athrú ó bhonn dá bharr ar an chéad mhórscéal nuachta i 2007.
le cois an chósta. along the coast.
" D'athraigh líne an chósta níos moille – sa lá atá inniu ann tá Commercial Street le cois an chósta.
Le cois dhrochstaid na mbóithre, as well as the bad state of the roads
" Le cois dhrochstaid na mbóithre, cuireann leoraithe móra agus tiománaithe ionsaitheacha go mór le cinneadh comaitéirí gan úsáid a bhaint as a rothair.
Le cois na striapach as well as the prostitutes
" Le cois na striapach (nach raibh mórán acu ann, pé scéal é), tá aonaigh shiamsaíochta ar na piaraí go léir, le rollchostóirí, raoin lámhaigh, agus na scórtha rud eile atá ceaptha chun daoine a dheighilt óna gcuid airgid.
Le cois as well as
" Le cois tubaiste an anbhás a fuair na créatúir sin, tuairiscítear gur sceith idir 50,000 agus 60,000 bairille d’amhola amach san fharraige in aghaidh an lae ar feadh trí mhí ina dhiaidh sin.
beagán le cois an extra little bit
" Ach ar ndóigh, ghéill an Lucht Oibre don mhaistíneacht ó Fhine Gael, a thug geallúint sollúnta dá lucht tacaíochta nach n-ardófaí na rátaí cánach ar an dream siúd atá ar ardioncam! Bhí alt ag Vincent Browne ar an Irish Times an 23 Samhain a thug le fios go bhfuil beagán le cois 190,000 duine nó cúplaí ar comh-mheasúnú cánach le ioncam ag £80,000 nó níos mó agus gurb é an meánioncam atá acu ná €143,390, Ní íocann siad ach 33% de sin leis na Coimisinéirí Cánach.
Beagán le cois a little over
" Dírithe ar Bhéarlóirí atá na Coláistí Gaeilge ================ Beagán le cois €4 milliún a íocann an stát leis na mná tí gach samhradh.
Trí bhonn Faoi 21 le cois three Under 21 medals also
mórán le cois much more than
" Sna spóirt diantraenála agus coimhlinte (peil, iomáint, rugbaí is araile) níl mórán le cois trí bliana is tríocha ag aon imreoir le bheith ag imirt.
cúpla bliain le cois an trí scór aici just in her sixties
" Gorm agus geal, buí agus uaithne =========== Tharraing mé grianghraf ag cearnóg Campo Grande a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile, a raibh cúpla bliain le cois an trí scór aici, ag fear gorm nach raibh an scór féin bainte amach aige.
le dhá chois ar a cholainn with two legs on his body
" Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin how to stand on his own two feet
" Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
iad a chur faoi chois le lámh láidir to suppress them by force
" Ina dhiaidh sin chaith na fórsaí slándála go brúidiúil le lucht na hagóide agus rinneadh iarracht iad a chur faoi chois le lámh láidir.
beagán le cois a little over
" Ní raibh mé lonnaithe sa Ghaeltacht ach beagán le cois bliain, nuair a eagraíodh príomhfhéile na Gaeilge ar leic an dorais agam.
Le cois na heitinne as well as TB
" Le cois na heitinne, is léir go bhfuil fadhbanna meabhrach ar Alina, galar na scitsifréine san áireamh.
Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó in addition to being a very successful businessman
" Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ.