Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
smut chomh fada le bliain a big long face
" Bhí sé de chlú ar McAllister go raibh smut chomh fada le bliain air agus nach raibh sé de nós aige pas a thabhairt do dhuine ar bith ar an chéad iarraidh.
smut chomh fada le bliain air face as long as a Lurgan spade, very sulky expression
" Bhí sé ina shuí ansin agus smut chomh fada le bliain air nuair a tháinig a chara Máire isteach.
Chomh fada le pilleadh arís none of your business
" "Chomh fada le pilleadh arís," arsa Áine.
mo dhá lámh chomh fada le chéile empty-handed
" Tá sibh i gcónaí ag gearán go dtagaim agus mo dhá lámh chomh fada le chéile.
rabhthas ag tnúth le fada léi which was long-anticipated
" Sin an áit a raibh ócáid an Kelly Gang, a rabhthas ag tnúth le fada léi, ar siúl le hairgead a bhailiú do theaghlach Michael Kelly, an t-iriseoir agus eagarthóir a fuair bás le linn dó a bheith ag cur tuairiscí ar fáil faoin chogadh ansin.
ag brath le fada ar Ghael-Mheiriceánaigh depending for a long time on Irish-Americans
" Tá na ceantair seo ag brath le fada ar Ghael-Mheiriceánaigh agus ar lucht leanúa Maureen O'Hara, John Huston agus Barry Fitzgerald (*The Quiet Man*, agus araile).
pus chomh fada le bliain a big long face
" Bhí Siobhán ina suí ar a uillinn chlé agus pus chomh fada le bliain uirthi.
cloí leis an éide oibre atá á caitheamh acu le fada anois stick to their traditional work uniforms
" Dúirt siad gur cheart do na fir dhóiteáin go léir cloí leis an éide oibre atá á caitheamh acu le fada anois.
d'fhéadtaí le fada it was possible for a long time
" Mar shampla, d'fhéadtaí le fada ábhar scrúdaithe an cheadúnais tiomána in Illinois a fháil as Polainnis, Gearmáinis, Spáinnis agus Sínis, mar gheall ar líon mór cainteoirí de chuid na dteangacha sin a bheith ina gcónaí sa stát.
básaithe le fada dead for a long time
" Cheap mé gur básaithe le fada a bhí sé.
nár chualathas le fada not heard in a long time
" Agus an guth nár chualathas le fada beidh sé le cloisteáil arís, agus an geall a briseadh go minic roimhe sin beidh sé le briseadh arís, nó is iomaí geall a dhéanfar agus is iomaí geall a chuirfear.
thart le heas fada fíochmhar. past a long fierce waterfall.
" Is féidir dul isteach in dhá uaimh eile agus turas gairid báid a dhéanamh thart le heas fada fíochmhar.
chomh fada siar le as far west as
" An bhféadfadh sé gur eitil siad chomh fada siar le Gleann Cholm Cille? Más amhlaidh a bhí, thiocfadh leis a bheith ina rud iontach ó thaobh an chomhshaoil agus na turasóireachta sa cheantar, mar atá in Oileán Muile in Albain.
le fada for a long time
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
a bhí ar eolas agam le blianta fada that I have known for many years
" *Antaine Ó Faracháin: Cad as a dtagann an teideal* From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin atá ar an albam? Geraldine Bradley: Bhuel, tháinig mé ar an teideal Béarla ón tuairim a bhí agam féin go raibh ceol agus amhráin a bhí ar eolas agam le blianta fada ar tí a bheith coiteann.
Ach in ainneoin é a bheith ar an saol le fada but inspite of it being around for a long time
" Ach in ainneoin é a bheith ar an saol le fada (bhuel, sean-nós!), tá damhsa ar an sean-nós díreach ag dul trí thréimhse fáis agus forbartha anois agus ag fáil an aitheantais atá tuillte aige.
chomh fada le mo bharúil as far as I know
" Níor luaigh sé, áfach, chomh fada le mo bharúil, go raibh rainse 139,000 acra aige sna Stáit Aontaithe chomh maith.
le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada for a big long practice
" Bhí Cór Chúil Aodha ar shiúl ‘na bhaile chun codladh na hoíche a fháil le hiad féin a réiteach le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada an lá arna mhárach.
le fada an lá for a long time
" Tuar Cogaidh Tá cogadh cultúir á throid ag Nelson cóir le fada an lá.
Le scéal fada a ghiorrú in short
" Le scéal fada a ghiorrú, de bharr an raic a thóg Fine Gael mar nach raibh a dhóthain ama á chur ar leataobh le scéal an IMF a phlé, bhí sé 11.
le fada an lá for a long time
" Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae.
le fada an lá for aeons
" Nach raibh traenacha ann i Meiriceá le fada an lá? Nach leis na traenacha a ‘buadh an tIarthar’? Céard a tharla do na traenacha seo go léir? An carr, faraor.
le fada an lá for a long time
" Bhí ardmheas le fada an lá ag na Briotánaigh ar a gcuid ceoil, ón kan ar diskan (canadh agus freagra) cosúil le hagallamh beirte ach i bhfoirm amhráin, gan trácht ar an bhféile idircheilteach i Lorient chuile bhliain, áit a mbíonn an biniou (píobaí Briotánacha) agus an bombarde (feadóg) le cloisteáil i measc uirlisí ceoil na dtíortha ceilteacha eile.
le fada fada an lá for many a long day
" Ar an téad seo, nó ar an ‘chnáib’ seo más fearr leat, mar a deir cara de mo chuid Tigh Fagan, “Cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí?” Agus tá Mary Loo ann, faoi dheireadh agus faoi dheoidh, mar a bhí sí á shantú le fada fada an lá; agus nach mise atá sásta nach raibh an bhean sin ann le mo linn.
le muinchillí fada long sleeved
" Chaith mé orm an t-aon snáth glan, tirim a bhí agam – t-léine bhán le muinchillí fada, agus sciorta dubh.
le blianta fada anuas for many years now
" Tá sé ar a sheacht ndícheall ag iarraidh a leithéid a chur sa dlí le blianta fada anuas: muirear mór le híoc ag duine ar bith a labhródh oiread agus focal Béarla sa Dáil.
tréigthe le tamall fada de bhlianta deserted for many years
" Tá sé tréigthe le tamall fada de bhlianta, diomaite de choimeádaithe theach an tsolais, ach tá sin uathoibríoch anois fosta.
chomh fada siar le as far back as
" Bhí *Mini Maker Faire* Bhaile Átha Cliath ar siúl sa *Science Gallery* i mí Iúil agus chomh fada siar le mí Feabhra rinneadh glaoch ar iarratas ar *“tech enthusiasts, crafters, educators, tinkers, hobbyists, science clubs, students, authors or exhibitors – anyone with an innovative idea around technology”* páirt a ghlacadh ann.
Is seanchleachtadh le fada it’s long been an old practice
" Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne ============= Is seanchleachtadh le fada i measc ealaíontóirí agus ceoltóirí a gceird a úsáid chun aird a tharraing ar éagóir agus ar mhí-úsáid údaráis ar nós *‘Anarchy in the UK’* leis na Sexpistols agus *‘Blowin’ in the wind’* le Bob Dylan, *‘A change is gonna come’*, le Sam Cooke agus ‘O, Mo Bheirt Phailistíneach’ le Michael Davitt.
Tá sé ar an bhfód le fada it’s on the go for a long time
" Tá sé ar an bhfód le fada anois agus na seirbhísí atá ar fáil uathu: leathanaigh uathúla, feathal do gach imeacht, seirbhísí soghluaiste, teagmhálaithe a allmhairiú, imeachta a roinnt ar do líonraí sóisialta, athmheabhrú r-phost a chur chucu siúd atá cláraithe, staitisticí a scagadh agus rannpháirthithe a chlárú ar an lá.
chomh fada le m’eolas to the best of my knowledge
" Ach chomh fada le m’eolas, is i ‘gCill ə Mantáin’ atá an t-aon sampla sa nGaeilge den ghuta cúnta idir dhá fhocal.
le fada feoite fá ualach na ró-urraime adored excessively for far too long
" Bhí Lincoln le fada feoite fá ualach na ró-urraime.
dearmadta le fada long forgotten
" Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fada – lucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn.
Deirtí le fada it has often been said
" Deirtí le fada gur chuir an teilifís luas leis an saol.
streachailt le blianta fada struggle for many years
" B’éigean do Anne Williams agus don Hillsborough Justice Campaign streachailt le blianta fada chun an fhírinne a nochtadh agus, ar an drochuair, fuair sí bás le hailse sular tháinig an scéal iomlán amach trí choiste cróinéara nua.
teacht chomh fada le doras na háite to come anywhere near us
" De réir úinéara na háite in agallamh le The Northern Standard, bhí sé an-churtha amach faoi: ‘Dá mbeadh sé ar eolas agam an cineál comórtais a bhí i gceist leis - ní ligfinn cead ar bith leo teacht chomh fada le doras na háite.
le blianta fada for many years
" " Is léir nach bhfuil fonn air scéal mór a dhéanamh de na físeáin, agus ní thugann sé aon cheann don tuairim go bhfuil níos mó déanta acu chun íomhá dhearfach a chothú don teanga i measc an aosa óig ná mar atá déanta ag aon tionscnamh eile le blianta fada.
le blianta fada in many years
" Deacair anois a dhéanamh amach an é seo mo chéad mharatón nó mo mharatón deireannach, ach braithim meidhréis thar meon nár bhraith mé le blianta fada.
le fada over a long period
" Ní gá ach féachaint ar chinneadh an choimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin, éirí as a phost toisc easpa suime an Rialtais le fada maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga agus easpa dul chun cinn i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla gan ach cúpla bunfhadhb a lua.
i bhfách le togra na Ceise Fada supporting the Long Kest project
" (De réir na loighce sin, bheadh aontachtaithe i bhfách le togra na Ceise Fada nó “An Scrín Phoblachtach” mar a thug siad air, rud a mheallfadh níos mó turasóirí ná múrphictiúir bunaithe ar Marvel Comics.
le linn na gcomhaireamh fada during the long counts
" Tar éis na dtoghchán, le linn na gcomhaireamh fada, ar an Satharn agus ar an Domhnach , bhíos ag suí i Stiúideo 1 de chuid RnaG i gCasla agus ó mhaidin go faoithin, ag iarraidh ciall a bhaint as an méid a bhí ag tarlú.
le blianta fada anuas for many years now
" 3% Air ================ D’fhoilsítí caibidil den teideal ‘*Detailed Family Outcomes*’ mar chuid de cháipéisí na cáinaisnéise le blianta fada anuas.
le blianta fada for many years
" Tá aithne ag an mbeirt chailíní seo ar a chéile le blianta fada; chaitheadar beirt a n-óige i ndílleachtlann ghruama mar ar fhulaingíodar mí-úsáid chorpartha agus ní fios cad eile tráth den saol.
le blianta fada anuas for many years prior to this
" Tá feachtais éagsúla ar siúl ag na húdaráis le blianta fada anuas le géire na hanachana seo a mhaolú, nó na hainmhithe a dhíothú fiú, leis an dúlra ilghnéitheach a chosaint fud fad na tíre.
le blianta fada anuas for many years now
" Mhol an Seanadóir Richard Di Natale an bille agus is ball den Pháirtí Glas é an seanadóir, páirtí atá chun tosaigh i dtaca le beartas sóisialta le blianta fada anuas.