Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le haghaidh an fhíorsheisiúin for the real session
" agus nuair a chríochnaíonn an rud foirmeálta tá sé de nós ag na fonnadóirí bualadh le chéile le haghaidh an fhíorsheisiúin ar chúl Thigh Uí Chléirigh (nó "The Blonde's" mar is fearr aithne air).
le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán for publication on the site
" ie* gach rud a d'éiligh Aogán, ach tá lúcháir orainn a rá go bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí de chuid an Choiste Téarmaíochta curtha ar fáil ag an nGúm le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán.
le haghaidh for
" Tá coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
le haghaidh éan faoi lánchluimhrí for fully-fledged chicks
" Tá níos mó ná 30 péire acu in Albain anois agus bhí an bhliain seo ar an bhliain ab fhearr riamh le haghaidh éan faoi lánchluimhrí (d’fhág 26 acu a nead).
le haghaidh sceimhlitheoireachta for terrorism
" Bhí John Eric Irwin, 43 bliana d’aois, as Norris Green, Learpholl, cúisithe as bheith ina bhall den UVF, nithe bheith ina sheilbh aige le haghaidh sceimhlitheoireachta, le cois airm neamhdhleathacha.
le haghaidh gasúr for children
" AÓF: Céard é an rud is tábhachtaí le foghlaim faoin gceol traidisiúnta, dar leat, nuair atá duine ag tosú ag seinm? NMacC: Éisteacht! AÓF: Bíonn go leor féilte ceoil ar siúl anois ar fud na tíre, go speisialta i rith an tsamhraidh agus tá cuid acu an-mhaith le haghaidh gasúr.
ola le haghaidh bia oil for food
" Thosaigh an scéal le scéim “ola le haghaidh bia” na Náisiún Aontaithe nuair a ceadaíodh don Iaráic ola a dhíol agus bia agus cógais a cheannach leis an airgead a chuirfí ar fáil, in ainneoin na smachtbhannaí a bhí i bhfeidhm in aghaidh na hIaráice.
le haghaidh tograí nach dtarlaíonn for projects that don't happen
" Tá sé tréigthe ag a sheanchairde, urraíocht á lorg aige le haghaidh tograí nach dtarlaíonn.
á dtraenáil le haghaidh na teilifíse training them for television
" Ansin, chomh maith céanna, bíonn sé ag obair leis na láithreoirí in RTÉ, á dtraenáil le haghaidh na teilifíse.
le haghaidh conartha le hiris Ghaeilge a fhoilsiú for a contract to publish a new Irish language magazine
" Cuir i gcás dá mbeadh leithéidí Fhoras na Gaeilge ag lorg tairiscintí le haghaidh conartha le hiris Ghaeilge a fhoilsiú, ba cheart go mbeadh sé soiléir go gcuirfí fáilte faoi leith roimh iarratais ó Ghaeltacht Thír Chonaill nó ó Chiarraí.
le haghaidh an ghrianghraif for the photograph
" Ach d’aimsigh mé an píosa den eitleán gan stró, cé go raibh sé deacair againn bheith inár seasamh in aice leis le haghaidh an ghrianghraif, bhí an ghaoth chomh láidir sin.
rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais parliamentary secretary for immigration and multiculturalism
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
le haghaidh dreapadóireachta for climbing
" B’fhadhb é seo dúinn, gan trácht ar an damáiste don chrios ózóin, mar gheall ar an trealamh trom ar fad a bhí de dhíth orainn le haghaidh dreapadóireachta sna hAlpa.
le haghaidh sciála for skiing
" Tógadh na hiarnróid chábla, atá in úsáid le haghaidh sciála anois, i rith an chogaidh fosta agus is fiú dul isteach sa Museo Della Grande Guerra 1914-18 ag Passo Fedaia ((www.
ag cuartú áite le haghaidh seisiún. looking for a place for sessions.
" Faoi láthair tá muid ag cuartú áite le haghaidh seisiún.
le haghaidh beithíoch nó caorach, for cattle or sheep,
" Is é an straitéis atá ag an dá eagraíocht seo talamh a bhfuil réimse leathan de ghnáthóga agus d’ainmhithe dúchasacha orthu, ach atá á úsáid anois le haghaidh beithíoch nó caorach, a cheannach ar an ngnáthmhargadh i gcoimhlint le feilméaraí, an stoc a dhíol agus ionad caomhnaithe a thabhairt do na hainmhithe dúchasacha a chosnódh iad in aon triomach, dá olcas é.
le haghaidh buama adamhaigh for an atomic bomb
" Tá scannán Kirk Douglas *The Heroes of Telemark* feicthe ag go leor daoine agus, mar sin, bheadh a fhios acu chomh tábhachtach is a bhí an ceantar seo do na Naitsithe agus iad ag déanamh “uisce trom” le haghaidh buama adamhaigh ag Ionad Vermork i Rjukan.
le haghaidh foirgneamh agus áiseanna. for buildings and facilities.
" Chaith an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta €113m in 2004 ar chúrsaí spóirt in Éirinn, i bhfoirm deontas den chuid is mó, le haghaidh foirgneamh agus áiseanna.
le haghaidh na suíochán go léir for all of the seats
" Mar is iondúil, beidh toghchán ar siúl le haghaidh na suíochán go léir i dTeach na nIonadaithe agus le haghaidh beagán níos mó ná leath na suíochán sa Seanad.
ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, getting ready for the Junior Certificate,
" Saoirse faoi dheireadh! Bhí cúpla mí d’obair chrua déanta agam agus mé ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, agus creid uaim é, bhí sos tuillte agam.
Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe Community Charter of Fundamental Social Rights of Workers
" Tabharfar stádas dlíthiúil do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus, seiftiúil go leor, tabharfar cead den chéad uair do bhallstáit an tAontas Eorpach a fhágáil.
le haghaidh na bhféilte drámaíochta for the drama festivals
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
ag déanamh réidh le haghaidh an t-amhrán a chanadh. preparing to sing the song
" Samhlaím an drumadóir ina shuí taobh thiar de na drumaí, a shúile ag faire go cúramach ar gheáitsíocht Nina agus í ag déanamh réidh le haghaidh an t-amhrán a chanadh.
le haghaidh spiaireachta, for the purposes of spying
" Ní hamháin go bhfuil úsáid mhíleata á baint astu le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS).
le haghaidh a leithéid de thionscadal for this sort of project
" Ach beifear in ann airgead a mhealladh le haghaidh a leithéid de thionscadal má dhíríonn ár dtaighdeoirí agus ár bhfiontraithe a n-aird ar theicneolaíocht agus ar sheirbhísí satailíte den scoth a chruthú.
le haghaidh bainise for a wedding
" Ansin, nuair a bhí mé thart ar fiche a cúig, fiche a sé, bhí mé i nGaillimh le haghaidh bainise nó rud éigin agus chuaigh mé amach go Ros Muc chun an áit a thaispeáint do chara liom.
agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin. while he was getting ready for that evening's show
" *” Bhuail mé le King ar an 28 Iúil agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin.
le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada for a big long practice
" Bhí Cór Chúil Aodha ar shiúl ‘na bhaile chun codladh na hoíche a fháil le hiad féin a réiteach le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada an lá arna mhárach.
le haghaidh seisiún buscála for busking sessions
" “Thagadh slua mór daoine le chéile gach Satharn le haghaidh seisiún buscála ar Shráid Grafton agus áiteanna mar sin.
le haghaidh forbartha uirbí for urban development
" A gcoir? Lorg siad cead le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh shuaraigh a thug Rialtas na Síne dóibh cúpla bliain ó shin i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach le haghaidh forbartha uirbí.
le haghaidh dháileadh ábhair físe for the distribution of visual material
" tv) ná seirbhís ar líne le haghaidh dháileadh ábhair físe a bhaineann le ceol.
le haghaidh for
" Anois, in áit bualadh le chéile le haghaidh cuideachta agus comhrá, is rómhinic ar fad sinn ag seoladh ‘sonc’ ar Facebook, nó ‘gíog’ ar Twitter.
le haghaidh for
" Is é a tharla go raibh ar an gclub réiteoir a chur ar fáil le haghaidh chluiche éigin agus iarradh orm é a dhéanamh.
le haghaidh for
" Éagraíonn siad laethanta agus deireadh seachtaine ag siúl sléibhe agus dreapadh ina gceantair féin agus bíonn cúpla geábh náisiúnta sa bhliain ann nuair a thagann baill in éineacht le chéile le haghaidh seachtain iomlán de shiúl sléibhe.
le haghaidh for
" Ar 15ú Meitheamh 1974 chuaigh mé suas go Londain le haghaidh frithagóid in aghaidh an National Front, dream faisisteach a bhí le mórshiúl tríd an phríomhchathair ar an lá sin.
le haghaidh coimhlintí a chur ar bun in order to initiate conflicts
" Ag cur síos ar an tír mar “drong” a bhaineann leas as cosaint mionlach le haghaidh coimhlintí a chur ar bun, dúirt sé gur chóir gach ambasáid Iosraelach a dhúnadh ar fud na hilchríche.
le haghaidh grianghraf dána for a daring photo
" Go minic, seasann siúlóirí air le haghaidh grianghraf dána, le titim 595 méadar taobh thiar díobh.
le haghaidh cóiriú séarachais for refurbishing one’s sewage system
" In áit a bheith ag díol táille le Roinn Phil Hogan chun an damhach séarachais a athnuachan, bhíodh breis is míle euro ar fáil le haghaidh cóiriú séarachais.
ceantar eile Palaistíneach le haghaidh plandála another P. area to be planted
" Lom láithreach, cheadaigh Iosrael ceantar eile Palaistíneach le haghaidh plandála.
le haghaidh an foréigin for the violence
" Bhí an t-ionsaí a rinne na faisistithe ar mhórshiúl ‘Comóradh Jim Larkin’ i Learpholl Mí Iúil seo chuaigh thart ina ‘shlógadh náisiúnta’ dóibh agus tháinig siad ó gach cearn den tír le haghaidh an foréigin, mhaigh sé.
le haghaidh níos lú eolas for less knowledge
" Cén t-iontas mar sin gur éirigh le i bhfad níos mó acu grád A nó B a bhaint amach i gcomórtas le blianta eile? Is iad na scoláirí iad féin is mó a thuigeann go bhfuil breis marcanna ar fáil anois le haghaidh níos lú eolas.
le haghaidh cúpla rann for a few verses
" Níl oiread is leabhar próis iomlán amháin ar shiollabas na hArdteiste agus tá breis marcanna ar fáil anois le haghaidh cúpla rann as dán a aithris sa bhéaltriail ná ceist scríofa a fhreagairt ar fhilíocht a bhfuil staidéar déanta agat air le dhá bhliain.
le haghaidh taifid a bhain le for records relating to
" Baint As na Treorach ========= Ag eascairt as sin, rinne mé iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le haghaidh taifid a bhain le hathrú na treorach.
mhúnlú le haghaidh alt irise put into shape for an article in a magazine
" Tá oiread ábhar sa tsaol is féidir a scagadh, a scríobh agus a mhúnlú le haghaidh alt irise ar na saolta seo go dtig liom a mhaíomh go bhfuil mic léinn na meán millte.
i bhfad róthe le haghaidh siúl sléibhe far too hot for hill walking
" Bíonn sé i bhfad róthe le haghaidh siúl sléibhe sa samhradh ansin, an t-am is gnóthaí ó thaobh turasóireachta de go traidisúnta, ach tuigeann an rialtas ansin go bhfuil gá le tarraingt de sórt eile chun turasóirí a mhealladh an chuid eile den bhliain.
le haghaidh réiteach buanfasach for a lasting settlement
" Bhí Dr Kevin Bean, Roinn Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, faichilleach faoin scéal: cé go bhfuil bunús ann le haghaidh réiteach buanfasach, tá ceisteanna gan freagra ann go fóill agus rudaí eile atá doiléir ann fosta.
le haghaidh snámh gairid for a short swim
" Lá te, brothallach ag deireadh an gcúrsa a bhí ann i nGleann Loch, agus nuair a ghlac an scaifte sos ag carraig an aifrinn, in aice le Loch an Aifrinn, mhol Carrie dúinn léimnigh amach san uisce le haghaidh snámh gairid.
Molta le haghaidh tipped for
" Molta le haghaidh seacht nGlóbannaí Órga, is rogha na coitiantachta é do léar mór Osgur freisin.
le haghaidh oiliúna for training
" Bealaí Eile? ===== Más duine sách scafánta agus aclaí thú, thiocfadh leat cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe? Caillfidh tú cuid den am saor a bhí agat roimhe seo, agus caillfidh tú blaisín airgid leis sa mhéid go gcaithfidh tú tiomáint amach faoin tír in amannaí le teacht ar an ionad tionóil le haghaidh oiliúna, nó b’fhéidir le duine nó daoine a tharrtháil as glas binne nó as dorchadas agus fuacht sléibhe.
le haghaidh fostaíochta for employment
" **CMacS: An fiú dul thart ag stocaireacht sna meánscoileanna faoi Dheis Breise na Gaeilge le haghaidh fostaíochta nuair nach mbeidh daoine in ann obair le heagras Gaeilge thar thréimhse trí bliana nó a leithéid?** AÓC: Níl an Foras ag rá a thuilleadh gur conarthaí trí bliana a bheas ag fostaithe agus dá bhrí sin ní éiríonn an cheist.
ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite digging for hot pieces of news
" Ní bheidh aon easpa scríbhneoirí ar fáil chun colúin agus píosaí tuairimíochta a sholáthar don nuachtán úr ach cá bhfaighfear na hiriseoirí a rachaidh ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite? Tá líon fairsing iriseoirí Gaeilge ann atá fostaithe ag leithéidí TG4, RTÉ, RnaG, BBC srl.
le haghaidh na béaltrialach for the oral exams
" An cheist is mó a chuireann imní ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus iad ag ullmhú le haghaidh na béaltrialach: céard a dhéanfadh duine le cnap mór airgid? Ach a mhalairt ar fad atá ann do Patrick Clarke, ní haon údar imní í an cheist seo dó mar tá ceathrú milliún euro bainte aige mar airgead duaise ag imirt cártaí.
le haghaidh breosla, earraí grósaera for fuel, groceries
" Gan na turasóirí, ní féidir le cuid mhaith gnóthaí faoin tuaith maireachtáil agus má dhúnann siad, caithfidh muintir na háite dul chuig mórbhailte le haghaidh breosla, earraí grósaera, pionta agus comhluadar.
le haghaidh míreanna spéisiúla for interesting snippets
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.
le haghaidh díospóireachtaí Ghael Linn for the GL debates
" Tharla i Longphort mé ar an gCéadaoin 5 Nollaig 2012, le haghaidh díospóireachtaí Ghael Linn.
ag déanamh taighde le haghaidh researching for
" Ní fhaca mé poiblíocht nó bolscaireacht ar bith faoin tréimhse chomhairle thuasluaite; fuair mé amach faoi nuair a bhí mé ag déanamh taighde le haghaidh mo chúrsa timpeallachta anseo ag Oideas Gael.
le haghaidh scliúchais is cearrbhachais for ructions and gambling
" Chun na rógairí a choimeád as achrann a chuirtí imeachtaí mar sin sin ar siúl, de réir dealraimh, ócáidí le haghaidh scliúchais is cearrbhachais agus ‘giota de conas tá t’athair’ mar a deir an Gall.
le haghaidh bialanna for restaurants
" Bíonn fógraí ann le haghaidh bialanna agus óstáin atá imithe as gnó agus le haghaidh rásaí leathmharatóin a bhí ar siúl deich mbliana ó shin! Bíonn comharthaí ann fosta don iliomad bealach siúl atá ligthe i ndearmad agus nach bhfuil aon treoirleabhar ag gabháil leo a d’inseodh don tsiúlóir bhocht cá dtéann siad.