Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i leaba instead of
" Ach anois, ar a laghad, beidh seans ag na daoine a gcuid botún féin a dhéanamh más áil leo, i leaba a bheith ag fulaingt agus ag fulaingt go tréan de bharr bhotúin daoine eile.
i leaba instead of
" Bhí béim ar chiceáil i leaba an liathróid a iompar agus béim ar an marc, is é sin breith ar an liathróid go hard san aer.
easpa leapacha lack of beds
" Bíonn ceol agus scléip sna tithe tábhairne agus, le dhá óstán agus rogha mhaith tithe lóistín, níl aon easpa leapacha ar an mbaile.
ar leaba an bháis i dtigh s'agam féin who was on her deathbed in my house
" Insím do Neil fá sheanaintín mo mhná céile, a bhí ar leaba an bháis i dtigh s'agam féin ar feadh cúpla mí.
seomra leapa na gclutharachán the elves' bedroom
" Is féidir le páistí bricfeasta Santa a fheiceáil agus seomra leapa na gclutharachán fosta.
D'éirigh sí aniar sa leaba she sat up in bed
" D'éirigh sí aniar sa leaba agus chuimil sí a dhá súil.
Ina leaba sin instead of that
" Ina leaba sin, thug siad bata is bóthar do na mílte duine le linn do na bainisteoirí a bpócaí féin a líonadh.
Fonn leapa air. He feels like going to bed.
le sleamhnú isteach sa leaba to slip into bed
" – Éalaíonn muid agus ar ais chun an tí le sleamhnú isteach sa leaba.
ar cholbha a leapa on the edge of her bed
" Tá an méid seo bunaithe ar eachtra a thit amach i 1982, nuair a dhúisigh banríon Shasana maidin amháin i bPálás Buckingham agus fear ina shuí ar cholbha a leapa.
a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh so long as they can fill the beds
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
i leaba instead of
" Beidh ar dhaoine fanacht ceithre bliana (i leaba dhá bhliain faoi láthair).
i leaba costas iompair a íoc. instead of paying transport costs.
" Is gearr go mbeidh sé níos saoire na caoirigh a mharú i leaba costas iompair a íoc.
ag colbha na leapa. at the bedside.
" Tugadh an sprioclá seo don teaghlach mar go raibh an mac is sine ag taisteal abhaile ón Astráil chun bheith ag colbha na leapa.
as an leaba out of bed
" “B’iad na ceisteanna ná, ‘an gcuirfeadh do ghnó thú as an leaba mura mbeadh pingin riamh le déanamh as’; ‘an féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile nó* an gcreideann tú *gur féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile’ agus ‘an bhfuil ciall airgeadais ag baint leis?’” De réir Irial, más féidir le duine freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist sin, is féidir leis an duine sin a bheith ar nós gráinneoige agus é i mbun a ghnó.
Tá sí ar leaba a báis. it is on its death bed
" Tá sí ar leaba a báis.
sínte ar a leaba ag ligean a scíth stretched out a a bed relaxing
" Bhí siad sínte ar a leaba ag ligean a scíth Iad sona ar nós cuma liom ar snaoisín.
go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa. that the whole thing has been put to bed
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
cóiriú na leapa making the bed
" Dála nósanna na maidine – scuabadh na bhfiacla; cóiriú na leapa – ba chuid normálta dár lá é cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ar bheagán airgid nó dóibh siúd a bhí scoite amach ón bpobal ar bhealach éigin.
cumann lúthchleas leapa Bed athletics association
" Tá a fhios agat: rumpaí pumpaí; an siar aniar; an suas anuas; an *wham bam* go raibh maith agat, *mam*; an ó ó ó ó *seeeaaaa*!!!; an síneadh go spéir; an gníomh Gaelach; marcaíocht na mbolg; camchuairt na gcíoch; taiscéaladh an teasa; an cumann lúthchleas leapa; an pléisiúr pléascach; an is binn béal i do bhéal; an coinnigh ort; an ní craiceann go cur le chéile; an ní tír gan teanga.
scaraoid leapa bedspread
" Is cuimhin liom a bheith i mo luí ar nós Robert Louis Stevenson ag amharc ar an scaraoid leapa i rith an ama agus an tsamhlaíocht ag oibriú leis,” ar sé.
tréimhse ar an leaba chláir a while in jail
" Tháinig seisean go Meiriceá as Parma i 1910 agus, tar éis dó cupla bliain a chaitheamh i bpostanna beaga anseo agus ansiúd (agus tréimhse ar an leaba chláir a chur isteach i gCeanada), bhunaigh sé scéim ‘infheistíochta’, bunaithe ar chúpóin freagartha idirnáisiúnta, a bhí in ainm is a bheith ag tabhairt 20% ar ais don lucht infheistíochta.
leapacha ceithre chuaille four post beds
" Bhí sé déanta suas go caoithiúil acu le leapacha ceithre chuaille agus trioc seandachtaí nó retro.
isteach ar leaba chláir na carcrach into the harsh conditions of jail
" Caithigí isteach ar leaba chláir na carcrach sinn.
i leaba rather than
" Cuirfear fáilte níos leithne roimh an gceann seo i measc na liobarálach ar dhá chósta Mheiriceá, i leaba lár na tíre i measc lucht na muineál dearg, más fíor gur ansin a mhaireann ‘rednecks’ Randy Newman.
leapacha beds
" Ba bheag fáil a bhí ar leapacha i mbailte beaga Thuaisceart na tíre sin, cé go raibh laethanta gairide, cheann an tséasúir dar leat, ag teannadh linn.
Leaba ancaire anchorage
" Leaba ancaire thar barr a bhí sa chuan taobh thoir den leithinis, agus d'fhéadfaí taisteal isteach sna sléibhte go héasca ón gcathair.
go dtí leaba an dáiríre becomes serious
" An Naomhghreannachas Nuair a thagann an magadh go dtí leaba an dáiríre, is mó a theastaíonn an magadh.
leaba chláir na carcrach a while in jail
" Dá mba duine thú a bhuail bob ar lucht leasa shóisligh, is í leaba chláir na carcrach a bheadh i ndán duit!
leaba an locháin lake bottom
" (D) An Siocadh Síos ========= Ní thig le hainmhí fuarfhola cosúil le loscainn nó iasc, an cholainn a choinneáil te i rith an gheimhridh, ach is ainmhithe éirimiúla, seiftiúla iad seo! Múchfaidh siad i linn uisce faoi na carraigeacha nó faoi lomáin ar ghrinneall na habhann nó ar leaba an locháin.
ar an leaba chláir in jail
" Gearradh ocht mí ar an leaba chláir air.
ar an leaba chláir in jail
" “Ba é an tIRA an fhadhb, an t-aon mhíniú amháin a bhí ag daoine, ach ag an am céanna, bhí arm na Breataine ar na sráideanna, ag briseadh gach dlí dá raibh ann; bhí cinsireacht sna meáin; bhí Ceathrar Guildford agus Seisear Bhirmingham fós ar an leaba chláir ach bhí ruathair a ndéanamh ag an Chraobh Speisialta ar dhaoine a bhí ghníomhach ar son na córa in áiteanna ar nós Baile Bhútair féin!” arsa Ruane.
céilí leapa bedfellows
" Bhí an eagla ar iriseoirí ó thuaidh go mbeadh an saol i bhfad níos leadránaí nuair a tháinig deireadh leis na Trioblóidí agus nuair a rinneadh céilí leapa den DUP agus Sinn Féin.
an leaba a chóiriú dó to ready ‘his’ bed
" Gidh ea, ní miste dó tagairt bheag a dhéanamh dá Mórgacht Ríoga Impiriúil Chorgiach agus don fhear a raibh sí ag brostú abhaile as Éirinn chun an leaba a chóiriú dó i dTeach Buckingham.
nach bhfuil sárú na leapacha there are no beds better
" Ba mhaith liom cúpla bliain a chaitheamh in Áras an Uachtaráin nó chuala mé go bhfuil an bia go hálainn ann, agus go bhfuil Guinness saor in aisce ann, agus nach bhfuil sárú na leapacha ann ar a sócúlacht.
shealanna ar an leaba chláir times in jail
" Meastar go bhfuil scor an HET ar cheann d’eilimh an UVF, rud a shábhálfadh go leor acu ó shealanna ar an leaba chláir, a mhaítear, agus tá, mar sin, tús áite arís eile ag na fir chrua, beag beann ar na daoine a bhfuil siad in ainm is a bheith á gcosaint.
ar an leaba chláir in jail
" Agus beidh siad ag íoc as an £30,000 an duine a chosnaíonn sé chun coirpeach a choinneáil ar an leaba chláir ar feadh bliana, i gcarcracha atá beagnach lán anois mar gheall ar an *"feeding frenzy in sentencing"* a tharla tar éis na gcíréibeacha, de réir Eoin McLennan-Murray, ceannaire na rialtóirí príosúin.
ar an leaba chláir in jail
" Chaith Cassady roinnt ama ar an leaba chláir sa bhliain 1945 agus nuair a scaoileadh saor arís é, phós sé a chailin LuAnne Henderson.
costas bia agus leaba san áireamh food and accommodation expenses included
" Íocann an comlacht corradh le 13,000 yuan (€ 1300) in aghaidh na ráithe le cúrsa Béarla a chur ar fáil do Peter, costas bia agus leaba san áireamh.
le hais leaba an bháis beside a death bed
" Braithim go minic na laethanta seo i mo chónaí anseo i gCois Fharraige go bhfuilim le hais leaba an bháis.
ar an leaba chláir in jail
" Tíortha an Iarthair ====== Rinne an tAE agus Stáit Aontaithe Mheirceá araon, chomh maith le roinnt grupaí cearta laistigh agus lasmuigh den Úcráin, cáineadh fíorláidir ar an triail agus ar an gcinneadh cúirte seacht mbliana ar an leaba chláir a ghearradh ar Tymoshenko anuraidh.
ar leaba a bháis on his death bed
" Bhí a chuid ídéalachais ardaigeanta féin, a chreideamh dobhriste, tacaíocht phobal náisiúnach Éireann, meas an domhain, grá a mhnaoi Muriel is a dheirfiúracha Mary agus Annie – é sin go léir mar sciath chosanta aige ar leaba a bháis i gcillín coimhthíoch san imigéin ar feadh na tréimhse míthrócairí sin dó, fá ghlas mídhleathach ag Gallaibh, i bhFómhar dubh na bliana 1920.
ar an leaba chláir in jail
" An aontódh éinne go mba chóir daoine a chur i ngéibheann mar gheall ar an iompar seo? An mbeadh téarma ar an leaba chláir as sárú na luasteorann ag teacht le prionsabal na comhréireachta? Is lú comhréireacht fós atá ag baint le hordú díbeartha a thabhairt do dhuine nach bhfuil sáraithe aige ach teorainn stáit nó téarmaí víosa.
Líontar leapacha beds are filled
" Líontar leapacha sna tithe lóistín áitiúla, nuair a thagann tuismitheoirí ar cuairt.
oíche leapa folamh empty bed nights
" Meastar go gcaithfidh na hÉireannaigh 50 milliún oíche leapa i gcéin i 2012, rud a chiallaíonns go bhfágfar 16 milliún oíche leapa folamh abhus.
cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir why we were in jail
" Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí, agus níor thuig muid go hiomlán cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir go dtí go raibh muid ar an pláta bheag agus fuair muid deis leabhair a léamh, éisteacht le daoine agus staidéar a ghlacadh.
dul ar an leaba chláir go to jail
" Scríobh Conradh na Gaeilge chuig an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, ag déanamh imní faoin bhagairt go mbeadh ar an Mhonachánach dul ar an leaba chláir ar feadh ceithre mhí.
rith liom agus mé ag éirí as an leaba occurred to me as got out of bed
" Sin a rith liom agus mé ag éirí as an leaba ag am nuair a ba cheart dom a bheith ag teacht abhaile ón teach leanna.
ar an leaba chláir in jail
" D'éirigh le Ann Travers - agus Jim Alastair - bille a chur fríd a chuir cosc ar iarchimí, a chaith níos mó ná seacht mbliana ar an leaba chláir, bheith fostaithe mar chomhairleoirí speisialta i Stormont, ag díriú an spotsolais ar an SDLP nach raibh a fhios acu cén treo ina rachadh siad, ag cur le híomhá na mí-éifeachta atá orthu le fada an lá.
ar an leaba chláir in jail
" Tá an duine deireanach a rinne foilsiú dá leithéid, Bradley Manning, ag súil le 20 bliana ar an leaba chláir mar gheall ar an méid a rinne sé.
chaitheamh ar an leaba chláir spending (two years) in jail
" Ní ligfear cead amach anseo d’éinne faoi 16 páirt a ghlacadh sna comórtais seo sa Fhrainc agus má dhéanann tuismitheoirí iarracht a bpáistí a chur ag glacadh páirte ann, is baolach go mbeadh orthu €30,000 a íoc nó dhá bhliain a chaitheamh ar an leaba chláir.
i leaba rather than
" Ní éireoidh le foilseachán éadrom atá dírithe go príomha ar fhoghlaimeoirí, nó a fhoilsíonn baothchaint ar son na cúise i leaba iriseoireacht cheart neamhspleách a théann faoin gcraiceann.
Leaba Dhiarmada agus Ghráinne passage grave, megalithic tomb
" Is amhlaidh atá leis na hulacha ursanacha mar Leaba Dhiarmada agus Ghráinne i Málainn Mhóir.
in aice na leapa beside the bed
" Tháinig billí agus litreacha tríd an doras, bhí mo leabhar in aice na leapa, bhí an t-aon nuachtán amháin a fuair an teaghlach ar an mbord cistine.
ag ligint di an leaba a sraideog a chrochadh den talamh agus siúl léi letting her take up her bed and walk
" Tá teicneolaíocht ag ligint di an leaba a sraideog a chrochadh den talamh agus siúl léi.
bhog na leapacha the beds moved
" Bhí muid ochtó míle ar shiúl óna chroílár, ach fós féin, bhog na leapacha i lár na hoíche, agus sílim gur maraíodh 40,000 míle duine an t-am sin.
ar an leaba chláir to jail
" Dhéanfainnse iarracht gan dul isteach, ar an leaba chláir, mar a deir siad.
níos mó leapacha more beds
"níos mó leapacha ar fáil in óstáin na hÉireann ná mar a bhí riamh agus is bagairt mhór é seo do lucht na lóistíní Leaba agus Bricfeasta.
na lóistíní Leaba agus Bricfeasta the Bed and Breakfast accommodations
" Tá níos mó leapacha ar fáil in óstáin na hÉireann ná mar a bhí riamh agus is bagairt mhór é seo do lucht na lóistíní Leaba agus Bricfeasta.
gan luí ar aon leaba an dara oíche looking after his arse
" Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!