Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a leagadh síos na rialacha that the rules were set down
" Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair.
Leagadh go talamh é it was knocked down
" Leagadh go talamh é sa bhliain 1660 agus tógadh halla nua i 1601 sa stíl Sheacaibíneach.
ar leagadh rialacha síos dó for which rules were laid down
" Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, ar leagadh rialacha síos dó sa bhliain 1863 i Sasana.
nár leagadh rialacháin os comhair Thithe an Oireachtais ina thaobh. regulations pertaining to it were not laid out in front of the Houses of the Oireachtas
" Is cosúil nár tugadh an stádas dlíthiúil don churaclam faoin Acht Oideachais (1998) mar gheall ar nár leagadh rialacháin os comhair Thithe an Oireachtais ina thaobh.
gur leagadh an teach mór chun talaimh that the big house was knocked to the ground
" D'inis bainisteoir an ionaid, Lucinda Antal, dom gur leagadh an teach mór chun talaimh sna caogaidí, ach go bhfuil an t-ionad lonnaithe sna seanstáblaí.
leagadh was knocked
" Seachtainí i ndiaidh fhógairt an ráitis seo, leagadh an balla agus tháinig deireadh le réim Honecker chomh maith leis an chóras chumannach Agus an balla imithe, thosaigh na sluaite ag pilleadh isteach anoir agus iad ar fad ag lorg saol nua dóibh féin.
leagadh left
" Stiúrthóir: **Risteard Ó Domhnaill** Léiritheoir: **Rachel Lysaght** Eagarthóirí: **Nigel O’Regan agus Stephen O’Connell** Cliar: **Pat (The Chief) O’Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir** Fad: 60 nóiméad Mar iareagarthóir físe, deirimse leat nach in éad le Nigel O Regan a bhí mé nuair a chuala mé an líon uaireanta an chloig de bhuntéip a leagadh os a chomhair; 400 céad! Tá ardmheas tuillte aige as an tsúil ghéar agus as an máistreacht theicniúil atá léirithe aige sa scannán An Píopa.
gan leagadh, gan leonadh without mishap or injury
" Brains Bocht Cowen! Tháinig sé fríd an dara reifreann ar Chonradh Lisbon; choinnigh sé greim ar an tír nuair a tháinig an ghéarchéim gheilleagair; stiúir sé sinn trí thrioblóid i ndiaidh trioblóide gan tuisle, gan leagadh, gan leonadh, ach… Nuair a bhí cluiche beag cairdiúil gailf aige le Seánie Beag Fitzpatrick, bhuel, bhí a phort seinnte.
Leagadh béim stress was placed
" Leagadh béim san treoirphlean ar an ngá a bhí le páirceanna den scoth le haghaidh na hiomána (faoi mar atá sna contaetha láidre iomána) ach, cé gur fíor go bhfuil roinnt clubanna tar éis cur go mór lena gcuid áiseanna féin, idir pháirceanna maithe, pháirceanna uile-aimsire agus áiseanna taobh istigh, is tearc iad na páirceanna atá oiriúnach don iomáint agus níl lárionad ná acadamh tógtha fós.
leagadh na ciallachais fhostaíochta the employment implications
" Meastar gurb é sin an chéad am a leagadh na ciallachais fhostaíochta os comhair na n-eagras Ghaeilge.
inar leagadh síos was set out
" Chuir an tOmbudsman dréachtscéim 2009-11 faoi bhráid an Aire Éamon Ó Cuív i Nollaig 2008 inar leagadh síos na seirbhísí a chuirfeadh a Oifig ar fáil do chainteoirí Gaeilge mar aon leis na hacmhainní a chuirfí ar leataobh don chúram seo.
leagadh amach spriocanna áirithe particular targets were set out
" Chas feidhmeannaigh ón dá eagraíocht le chéile ar Lá Bríde agus leagadh amach spriocanna áirithe chun an scéal a bhogadh chun tosaigh.
a leagadh le linn which was knocked during
" Bhí an tUachtarán ansin le labhairt mar “fhíorspiorad na hÉireann” agus d’aithin sí go raibh an Ardeaglais a leagadh le linn an dara chogadh domhanda mar chomhartha den mhaithiúnas agus den chaoinfhulaingt.
inar leagadh síos which stipulated
" Tugadh an reachtaíocht isteach inar leagadh síos go bhfágfaí na teorainneacha mar a bhí, gan aon athrú.
Leagadh béim was emphasized
" Leagadh béim sa tuairisc ar ghearán a rinne bean thorrach amháin tar éis di is dá teaghlach bheith curtha ar ais go dtí a dtír dhúchais.
ag leagadh cáblaí snáthoptaice laying out fibre optic cables
" Tá comhlachtaí na Stát ag leagadh cáblaí snáthoptaice i bhfad níos gasta ná mar atá á dhéanamh san Eoraip.
Níor leagadh wasn’t knocked
" Níor leagadh an fothrach tar éis an cogadh áfach; caomhnaíodh í mar chuimhneachán buan den chomhrac sin agus tá cáil ar an áit sa chathair anois mar ‘*the bombed-out church*.
gan béim ar leith a leagadh ar without placing emphasis on
" Aird an Phobail Trí Chumhacht na bhFocal Amháin ===================== Le caoga bliain anuas fiú, cheaptaí go mba dheacair an rud é sraith rathúil teilifíse a chruthú gan béim ar leith a leagadh ar an scéal féin, lena thús tobann, cuid lárnach beomhar agus críoch ghlan shásúil.
dorn breá a leagadh ar landing a fine fist on
" Cuireadh deireadh tobann le mo shuim féin sa dornálaíocht chéanna tar éis do bhuachaill eile dorn breá a leagadh ar mo shrón bhocht! Bhíodh rásaí rothar againn dar ndóigh timpeall na sráideanna – Rás Tailteann a bhíodh i gceist mar ní raibh aon eolas againn ar ‘Tour de France’ cé go raibh cáil ar Shay Elliott mar rothaí Éireannach ag an am.
a leagadh ar maos which was put steeping
" Is léir an chéad bhliain gurb iad aicme B thuas, a leagadh ar maos san uisce ar feadh roinnt seachtainí sular cuireadh iad, is iad is fearr a chuir na fréamhacha agus a d’fhás an duilliúr.
nár éirigh leis na spriocanna a leagadh síos that the aims set out weren’t achieved
" Bhí a chruthúntas nár éirigh leis na spriocanna a leagadh síos nuair a cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach le feiceáil in dhá chás cúirte a tionscnaíodh i 2010 inar tugadh cúiteamh airgid do bheirt iarrthóirí siocair nár cuireadh marcanna breise dá gcumas i mBéarla agus i nGaeilge san áireamh agus iad i mbun comórtais inmheánacha.
Leagadh was knocked
" Leagadh PJ Mac Gabhann dá rothar blianta ó shin ach maireann an seanghrá rothaíochta ann d’ainneoin na timpiste.