Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leathanbhanda broadband
" Is léir nach mbeidh leathanbhanda in úsáid go forleathan sa ghearrthéarma, agus b'fhiú do chomhlachtaí smaoineamh ar chleasanna eile chun na srutháin teilifíse ar an idirlíon a dhéanamh níos soiléire.
leathanbhanda broadband
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht faoi láthair? Na laigí: Easpa maoinithe agus deacrachtaí leathanbhanda sa Ghaeltacht.
seirbhísí leathanbhanda broadband services
" San áit a mbíodh muid i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí teileachumarsáide, tá Éire anois ag bun an dréimire maidir le seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, go mór mór i gceantair tuaithe.
nascanna leathanbhanda broadband links
" Ná bac leis an gcaint faoi theileachomhdhálacha físe le cabhair nascanna leathanbhanda - má fhágtar seacht gcinn de ranna rialtais i mBaile Átha Cliath is ansin a bheas an fhíorchumhacht agus is ansin a bheas cuid mhaith de na daoine is cumhachtaí ag iarraidh a bheith.
leathanbhanda broadband
" Uaschóipeáil ======= Má tá teacht agat ar leathanbhanda is féidir na grianghraif atá uait a uaschóipeáil go dtí comhlachtaí grianghraf ar líne.
úsáid an leathanbhanda the use of broadband
" Ar scála níos leithne, cáintear an earnáil teileachumarsáide i gcoitinne agus bíonn ceisteanna móra á gcur faoin moill atá in Éirinn ar leathnú úsáid an leathanbhanda agus díchuachadh na lúibe logánta.
seirbhís leathanbhanda broadband service
" Is beag áit sa chontae a bhfuil seirbhís leathanbhanda ar fáil.
an tseirbhís leathanbhanda the broadband service
" Ar ndóigh, baineann formhór na ndaoine a úsáideann VoIP leas as an gcóras thar an tseirbhís leathanbhanda ar íoc siad féin as – murab ionann agus an rógaire a chonaic mé féin ar an tsráid.
leathanbhanda saor in aisce free broadband
" Agus sceitimíní orm, chliceáil mé ar ainm an ghréasáin ag súil go mbeadh teacht agam ar leathanbhanda saor in aisce (ar bhonn sealadach, trialach ar ndóigh).
leathanbhanda saor in aisce free broadband
" Agus sceitimíní orm, chliceáil mé ar ainm an ghréasáin ag súil go mbeadh teacht agam ar leathanbhanda saor in aisce (ar bhonn sealadach, trialach ar ndóigh).
leathanbhanda broadband
" Tá sé an-éasca féachaint ar na físeáin sin má tá ríomhaire réasúnta nua agat agus teacht agat ar leathanbhanda.
leathanbhanda broadband
" Agus ar ndóigh, tá satailítí fós lárnach i gcúrsaí teileachumarsáide – tá siad ag éirí níos tábhachtaí mar go bhfuil leathanbhanda á sholáthar tríothu go forleathan anois agus tá siad ag éirí níos lárnaí i rith an ama ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de.
easpa leathanbhanda lack of broadband
" É faoi shíorionsaí sa Dáil faoin easpa leathanbhanda i gcodanna éagsúla den tír.
leathanbhanda broadband
" (Cuirfear deireadh leis an chomhartha analógach atá ar obair ag RTÉ, TG4 agus TV3 i mí Dheireadh Fómhair 2012 agus mura gcuireann tú córas satailíte nó digiteach in áit na teilifíse atá agat faoi láthair, ní bheidh aon phictiúr agat!) “An dara rud, ó tharla go bhfuil muid ag bogadh go dtí córas digiteach teilifíse, beidh nasc indéanta idir an teilifís agus leathanbhanda ar fud na tíre, agus an tríú rud, beidh tionchar aige sin ar na nuachtáin agus tá an trí rud sin ceangailte ina chéile,” arsa Collins.
ceangal leathanbhanda ar fáil a broadband link available
" Ciallaíonn sin gur féidir le hiriseoir físe – nó tú féin, a léitheoir dhil – dul chuig seimineár éigin, ceamara beag a chur ar siúl agus imeachtaí an lae a chraoladh beo ar an idirlíon ar an bpointe (má tá ceangal leathanbhanda ar fáil san ionad); freastal ar an ócáid agus nótaí a ghlacadh; alt anailíse ar ábhar an tseimineáir a scríobh an oíche sin; agus pacáiste iomlán leis an alt, nasc chuig taifead den chaint, agus grianghraf a chrochadh ar do bhlag (nó a sholáthar do nuachtán idirlín) an mhaidin dár gcionn.
leathanbhanda broadband
" Tá fáil ag níos lú daoine in Éirinn ar an leathanbhanda ná mar atá i bhformhór na dtíortha san Eoraip agus is ar Eircom is mó a chuireann Caoimhe Ní Laighin an milleán go bhfuil cúrsaí amhlaidh.
ceangal leathanbhanda broadband connection
" Tá na costais arda teileachumarsáide agus an líon íseal tithe a bhfuil ceangal leathanbhanda acu ag cur bac ar fhás na teileachomaitéireachta in Éirinn, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor\.
rochtain ar leathanbhanda access to broadband
" Is í Éirinn an dara tír is measa san Aontas Eorpach maidir le rochtain ar leathanbhanda ach tá seans go rachfar i ngleic leis an fhadhb seo go luath.