Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Is léir go bhfuilimid in áit na leathphingine maidir le saibhreas, agus an timpeallacht nádúrtha.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" An raibh a fhios acu siúd nach dtiocfadh le Trimble glacadh leis an doiléireacht ab éigean don IRA, dar leo féin, a chur thart ar an díchoimisiúnú? Má bhí a fhios, cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist sular thosaigh an damhsa? Agus an SDLP fágtha in áit na leathphingine - is cinnte go dtitfidh siad níos faide ar chúl Shinn Féin - agus na haontachtaithe scoilte, fágann sin *Godzilla *versus *Megalon*, Sinn Féin in éadan an DUP, san idirbheartaíocht d'anam na Sé Chontae i ndiaidh an toghcháin seo.
in áit na leathphingine in second place
" Siúd is go bhfuil craiceann na fírinne air seo, ní leithscéal ar bith é go bhfuil an Ghearmáinis agus an Bhaváiris fágtha in áit na leathphingine sa lá atá inniu ann.
fágfar in áit na leathphingine é it'll be left behind
" Tá Aer Lingus i riocht fíorfholláin faoi láthair ach caithfear leanstan leis an fhorbairt nó fágfar in áit na leathphingine é.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Más eiseamláir é an siúl sléibhe don turasóireacht i gcoitinne níl Éire ach in áit na leathphingine i gcomparáid lenar gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Ar an drochuair don UUP agus do David Trimble, d’fhág an mhuinín a bhí ag Blair in Adams agus McGuinness an páirtí a rialaigh na Sé Chontae in áit na leathphingine ach atá sé chomh glinn soiléir sin go bhfuil straitéis nua curtha i bhfeidhm fud fad ghluaiseacht na poblachta, straitéis nach mbaineann úsáid as an lámh láidir.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" “Chaill na hAlbanaigh dáimh leis an chultúr traidisiúnta a bhí, mar a déarfaidh Allan MacDonald leat, sáite sa chultúr Gaelach a caitheadh in áit na leathphingine ar feadh na gcianta,” arsa Brian.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" “Aontaím le David McKittrick ón *Independent *a dúirt go bhfuil Protastúnaigh ag glacadh ról na gCaitliceach ó thuaidh, go measann siad go bhfuil siad curtha in áit na leathphingine ag an rialtas.
áit na leathphingine the halfpenny place
" Trí huaire an chloig? Níl sé ach in áit na leathphingine le hais an fhíor Joe Mac Donagh.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Ach go dtí go mbeidh córas iomlán cosán ar fud na tíre, agus cead fánaíochta ann, beidh Éirinn in áit na leathphingine i gcomparáid lenár gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
áit na leathphingine the halfpenny place
"áit na leathphingine á tabhairt do leabhair Ghaeilge sna meáin chumarsáide agus sna siopaí leabhar chomh maith.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Níl Cogadh na hIaráice ach in áit na leathphingine le hais an spóirt seo.
in áit na leathphingine on the hind tit
" Tá reachtaíocht ag teacht i bhfeidhm, de réir a chéile, a chinnfeas nach in áit na leathphingine a bheas an teanga seo againne, i saol na 26 contae ar a laghad ar bith.
áit na leathphingine in the doghouse
" Thabharfainn an leabhar go gcuirfidh tú fós in áit na leathphingine mé, thíos ag bun an leathanaigh.
áit na leathphingine miles behind, bear no comparison
" An cheist faoi cheist na Gaeilge a fhágann gach ceist eile faoi cheist na Gaeilge in áit na leathphingine: Cén saghas teanga atáimid ag iarraidh a thabhairt slán? Rinne an tUas Ó Broin anailís chomparáideach ar an nGaeilge mar atá sí á labhairt sa Ghaeltacht agus mar atá sí á labhairt lasmuigh di.
in áit na leathphingine was in the doldrums
" Bhí an iomáint in áit na leathphingine mar sin i gcomórtas leis an bpeil Ghaelach sa chontae is mó daonra sa tír.
fós in áit na leathphingine still in the starting blocks
" Tá Walsh i ndiaidh táille ard a íoc le Mars Barra ar chúrsa bainisteoireachta a mhairfidh deich lá agus deich n-oíche, ach tá Balor ag déanamh go mbeadh Louis fós in áit na leathphingine fiú dá ndéanfadh sé cúrsa deich mbliana léi.
in áit na leathphingine at the bottom of the pile
" Riamh anall, bhí muidinne, Caitlicigh, in áit na leathphingine sa chathair seo.
fágtha in áit na leathphingine left in the doldrums
" Mar sin, beidh Éire fágtha in áit na leathphingine ó thaobh turasóireacht leanúnach de, leis an rialtas ag caitheamh airgid ar thograí mar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.