Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go leatromach unjustly
" Cé nach bhfuil a fhios againn cad é atá muid á lorg, beidh a fhios againn go cinnte nuair a bheas sé faighte againn, nó tosóidh Pat Kenny agus a chairde ag caitheamh anuas go trom agus go leatromach ar na múinteoirí arís!” Ar Son na Drúise Beidh ar gach fíor-Ghael fíorghaelach sna Gaeltachtaí fíorghaelacha agus sna Galltachtaí breacghaelacha éirí as an Irish Star agus an Irish Sun agus an Irish Mirror a cheannach gach Céadaoin feasta, agus tosú ar an Irish Indo a cheannach ina n-áit.
Uaigneas an ghrá leatromaigh the sadness of unrequited love
" Uaigneas an ghrá leatromaigh an téama is mó a fhaightear ina cuid filíochta.
a leithéid de choinníoll leatromach such an unjust question
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
tá a leithéid leatromach ar theaghlaigh le páiste aonair such is discriminating against single child families
" Ar ndóigh tá a leithéid leatromach ar theaghlaigh le páiste aonair nó go deimhin ar an pháiste is sine i dteaghlach.
chomh leatromach as unequal
" Is éard atá á rá ag Muingu ná seo: Tá Ceaușescu imithe, tá an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach tá an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras.