a mhaolú
to lessen
Ach rinneadar iarracht an baol a bhaineann leis
a mhaolú trí tabhairt le fios go mb'fhearr leo a bheith i bpáirt le Fine Gael ná le Fianna Fáil dá mbeadh an rogha acu.
maolú
lessening
B'fhéidir nach bhfuil an t-aitheantas atá tuillte aici faighte aici i measc a muintire féin ach ní dhéanfaidh sé sin
maolú ar bith ar dhíograis na mná misniúla seo.
chun an baol ó Sellafield a mhaolú
to lessen the danger from Sellafield
Ach ní leor é
chun an baol ó Sellafield a mhaolú: tá monarchana eile ar an láthair chéanna atá chuile phioc chomh contúirteach léi, nó níos measa.
rud a laghdóidh an t-ualach oibre
which will lessen the burden of work
"
Beidh duine as Sasana á cheapadh acu mar bhainisteoir gan mhoill,
rud a laghdóidh an t-ualach oibre atá ar Cholm.
go maolfaidh an dul chun cinn
that the progress will lessen
Is iomaí uair a cuireadh síos do David Trimble gur rug sé an díombua as béal na bua go rómhinic agus tá an seans ann
go maolfaidh an dul chun cinn a rinneadh i gcaisleán Leeds cúpla seachtain ó shin.
ag iarraidh a gcumhacht a laghdú
trying to lessen their power
Gach áit a mbreathnaíonn na Stáit Aontaithe, ní fheiceann siad ach naimhde atá
ag iarraidh a gcumhacht a laghdú.
an nasc leis an mBreatain a laghdú,
to lessen the link with Britain,
Dúirt fear amháin, “Ní maith liom na dathanna, agus cén fáth go bhfuil tír ón taobh eile den domhan chomh mór sin ar mo bhratachsa?”
Bhí daoine áirithe ag iarraidh
an nasc leis an mBreatain a laghdú, agus luaigh go leor daoine an t-éan an cíobhaí mar shiombail neodrach a thaitneodh leis an tromlach.
chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.
to lessen the unavoidable gloom of the place.
Bhí an ghrian ag taitneamh ar an lá i mí an Aibreáin ar thóg mé an GHF go Majdanek ach ba bheag a rinne na gathanna teo gréine
chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.
rud a laghdaíonn an t-ualach oibre atá air.
which lessens his workload.
”
Níl Darach ag aisteoireacht sna seónna a thuilleadh,
rud a laghdaíonn an t-ualach oibre atá air.
na breitheanna a mhaolú
to lessen the judgments
Nuair a daoradh daoine chun báis i dtíortha thar lear agus baint ag an Astráil leis na cásanna, ní raibh aon leisce ar rialtais na tíre seo riamh iarracht a dhéanamh
na breitheanna a mhaolú.
mhaolú
to lessen
“Le blianta anuas, táthar ag cumadh agus ceapadh "táirgí úra airgeadais" le fadhbanna a sheachaint nó a
mhaolú ach táthar ag fáil amach go bhfuil na táirgí úra sin féin lochtach," ar sé liom i mbliana.
laghdú go suntasach
to lessen considerably
Is go faiteach a bheas go leor de na heagrais Ghaeilge ag tabhairt aghaidh ar an bhliain úr agus iad in amhras faoina dtodhchaí de thairbhe fainic a thug Aire na Gaeltachta san Fhómhar gur cheart a líon a
laghdú go suntasach.
mhaolú
to lessen
Straitéis cheart lonnaíochta, nuathionsclaíochta leis an ghreim scrogaill ar BhÁC a
mhaolú, straitéis a dhíreodh ar lár na hÉireann tharla talamh an-saor ann (nó cuirfear 45% de lagphortaigh Bhord na Móna faoi chrainn bhuaircíneacha roimh i bhfad eile; is é sin, c.
laghdú
lessened
Is cur amú airgead poiblí atá ann agus ba cheart é a leasú is a
laghdú.
ísliú
a lessening
Dúirt príomhfheidhmeannach an mháthairchomhlachta, British Gas, i mí Eanáir na bliana seo, go mbeidh
ísliú fuinnimh sa Bhreatain mura ndéanfar infheistíocht chuí i bhfoinsí in-athnuaite.
dá laghdódh an soláthar
were the (gas) provision to be lessened
De réir Bhord Gáis na hÉireann,
dá laghdódh an soláthar gáis ar údar amháin nó eile, d'fhéadfadh an córas an lagar a cheartú é féin go huathoibríoch.
An Díoscadh Feasta
a lessening henceforth
An Díoscadh Feasta
Tá an coincheap taobh thiar den bhuaicphointe simplí go leor – cruthaíodh na breoslaí iontaise na milliúin bliain ó shin, agus níl ach méid áirithe ar fáil anois.
Laghdaíonn
lessens
Laghdaíonn an pointe deireanach seo an t-aon míbhuntáiste atá ann, dar liom, agus sin an rud nach feidhmchlár greasáin atá ann agus ní féidir, dá dheasca sin, rochtain a fháil ar do liosta muna bhfuil do Mhac leat.
Laghdaíonn sé
it lessens
Laghdaíonn sé an diamhracht a bhaineann leis.
mhaolódh
would lessen
I ndiaidh an Dara Chogaidh Domhanda agus an domhan ag iarraidh theacht ar fhoirmle a chuirfeadh deireadh leis an choimhlint, dréachtadh 30 mír iontach simplí a
mhaolódh cnámha spairne idirnáisiúnta dá nglacfaí leo, dar le lucht a ndréachtaithe.
maolú
lessening
Cén dochar, ní bheidh
maolú aon phioc ar an dúshlán a bheas roimh an Aire: ’s é sin a chur ina luí ar phobal amhrasach le linn cúlú mór eacnamaíochta gur fiú airgead agus dua a chaitheamh ar an Ghaeilge.
laghdaíonn sé
it lessens
Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go
laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
Laghdaigh
lessened
Laghdaigh líon na mbocht go mór in áiteanna (Karnataka, an stát a bhfuil Bangalore ann) ach ar éigin in áiteanna eile (Orissa agus Bihar, dhá stát atá chomh bocht le haon tír san Afraic).
laghdófaí
would be lessened
Is amhlaidh go
laghdófaí a n-íocaíocht díreach ón Státchiste ach d’ardófaí dá réir an teacht isteach ón cheadúnas teilifíse.
laghdaíodh
were cut, lessened
Chuir an AE tús leis an bpróiséas seo i 2007 nuair a
laghdaíodh táillí fánaíochta 70%.
laghdaíodh
was lessened
De réir a chéile
laghdaíodh ar an spás a thugtar d'aon rud as an ghnáth, cuir i gcás, seanleabhair nó leabhair chlaisaiceacha nó leabhair i nGaeilge.
maolófaí
would lessen
Seans go
maolófaí ar mhíshástacht na nOgoni dá mbeadh tairbhe éigin á baint acu as gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí ola.
laghdú
to lessen
Chuidigh sé le goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a
laghdú.
d'ísleodh
would lessen
Is deacair an bheirt seo a shamhlú ag vótáil do bhille ar bith a
d'ísleodh brabach na gcomhlachtaí sláinte.
laghdaithe
lessened
Chuir mé an fíon bán goirt a bhí
laghdaithe ón bpota sliogáin dhubha isteach ina mullach agus chríochnaigh mé an t-anlann le huachtar.
mhaolú
to lessen
asp)
Cé go raibh sé liostáilte ag an Eaglais Rómhánach i measc na bpeacaí marfacha ón tús, níor éirigh leis an gCríostaíocht saint daoine a
mhaolú ariamh.
Laghdaigh
lessened
Laghdaigh siad go mór líon na ndaoine a bhí fostaithe ag an stát, tríd is tríd.
ag maolú
lessening
Tá an díomá agus an fhearg
ag maolú de réir a chéile.
laghdú
lessen
Anuas ar sin, cé go raibh an rialtas náisiúnta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh an STA a chur i bhfeidhm, ba é ceannaire an fhreasúra choimeádaigh a chaill a phost dá bharr!
Ba é cuspóir an STA ná astaíochtaí carbóin as tionscail a
laghdú tríd praghas a ghearradh ar gháis cheaptha teasa.
laghdú
to lessen
Ach má shamhlaítear duit gur líon ollmhór básanna é seo, bíodh ’ fhios agat go raibh 8,253 bás ann sa tír de dheasca ar thionóiscí bóthair i 2001! Tá sé mar sprioc ag rialtas Sarkozy an líon seo a
laghdú arís go 3,000 bás (nó níos lú) in aghaidh na bliana idir seo agus deireadh a thréimhse mar uachtarán i 2012.
Maolú Naimhdis
lessening enemity
Maolú Naimhdis le Téaltú na Teanga
JW: An nglacann na pobail leis an obair seo nó an mbítear ag cur ina coinne ó thaobh na hidé-eolaíochta? Bhí comhrá agam le Lev Michael, ollamh eile in Berkeley atá ag obair ar theangacha bundúchasacha Pheiriú agus dúirt seisean nach mian le tuisimitheoirí áirithe go bhfoghlaimeodh na páistí an iomarca den teanga bhundúchasach uaireanta.
laghdófaí
would be lessened
Mhol an Bord Snip go
laghdófaí íocaíocht díreach TG4 ón Státchiste, ach go n-ardófaí dá réir a teacht isteach ón cheadúnas teilifíse.
laghdú
lessening
Deir Browne thar ceann an IRFU, go mbeidh
laghdú de €12 milliún ar ioncam an Chumann Rugbaí má leantar ar aghaidh leis na moltaí, agus gurb é tuairim an chumainn nár chóir go mbeadh ról ar bith ag an Rialtas i gcúrsaí craolacháin spóirt in Éirinn chomh fada is a bhaineann leis an rugbaí ar aon nós.
mhaolú
lessen
Níl aon dá phinneog dhaonna mar a gcéanna, ach tá an fheidhm cheannann chéanna acu - minicíochtaí áirithe a threisiú agus minicíochtaí eile a
mhaolú.
laghdú
to lessen
Ina áit sin, caithimid úsáid pacáistíochta phlaistí a
laghdú, agus feabhas a chur ar athchúrsáil agus ar bhailiú an mhéid a bhíonn againn.
lena líon a ísliú
to lessen their number
Meastar go bhfuil corradh is 100,000 crogall inbhir san Astráil faoi láthair, agus tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil sé thar am ciorrú de shaghas éigin a chur i bhfeidhm
lena líon a ísliú.
Laghdú
to lessen
A Líon a
Laghdú
=======
Is díol spéise do thurasóirí é an crogall inbhir i dtuaisceart na hAstráile agus soláthraíonn comhlachtaí éagsúla turais ar thalamh agus i mbáid leis an míol réamhstairiúil seo a fheiceáil.
níor laghdaigh
didn’t lessen
Cé gur chuir rialtas Pháirtí na nOibrithe faoi stiúir Lula deireadh le hocras agus cé gur fheabhsaigh caighdeán saoil an uile dhuine – de na bochtáin san áireamh –
níor laghdaigh an bhearna ollmhór idir an saibhir agus an daibhir.
laghdófaí
would be lessened
Tháinig toradh ar a gcuid iarrachtaí sa bhlian 1990, tráth ar tháinig an rialtas ar chomhaontú leis na ceardchumainn go
laghdófaí líon na marcanna breise go dtí 6% agus go 3% i gcásanna áirithe.
laghdófar
shall lessen
Níltear ag súil go
laghdófar an méid airgid a chaithfear sa chogadh le blianta amach romhainn.
Lagú
a lessening
Lagú Creidimh
======
Measaim féin go bhfuil an ceart ag Robinson ach go bhfuil sé róluath a bheith ag caint ar pháistí de gach creideamh - nó gan creideamh – a bheith in aon rang lena cheile.
laghdaigh
lessened
Chinntigh arduithe íosphá agus liúntas míosúil do theaghlaigh bhochta gur
laghdaigh líon na ndaoine a bhí ag fáil bháis den ocras.
ag laghdú
lessening
Tá líon na ndaoine ar fheirmeacha agus atá fostaithe ar an talamh san abhantrach
ag laghdú le blianta fada anuas agus cuireadh go mór leis an gclaonadh seo le linn an triomaigh thuas.
laghdú
lessen
Áitíonn siad nach n-aithníonn an bille nua go dtagann céatadán as cuimse d'astuithe carbóin na tíre seo ó earnáil na feirmeoireachta, agus toisc go dtagann 95% de na hastuithe sin ó ghnáthobair na feirme (de réir staidrimh ón ICMSA), bheadh sé fíordheacair iad a
laghdú.
laghdaithe
lessened
Bhí líon freastail an champa
laghdaithe agus ní bheimis in ann an costas sin, an €2,000 a bhain leis, a ghlanadh dá dheasca sin.
laghdú
to lessen
Tá cumhacht as cuimse ag bainisteoirí idirchontae agus caithfidh an CLG a ról a shainiú níos fearr agus ualach na hoibre a
laghdú dóibh.
maolú
lessening
Sea, bíonn
maolú 67% tagtha ar rianta na hinchinne a bhíonn leagtha amach go huathúil agus ar fáil ag an fhoghlaimeoir teanga os cionn 14 bl.
laghdaithe
lessened
Níor inis duine ar bith do Ó Bama, áfach, go raibh rialtas s’againne i ndiaidh ionsaí eile a dhéanamh ar pháistí na hÉireann ar na mallaibh: go raibh deireadh á chur le 250 post múinteoirí Bhéarla do pháistí ón iasacht; go raibh an deontas leabhar don lucht siúil
laghdaithe; agus gur gearradh pinsean na ndall chomh maith.
maolaithe
lessened
Pé iomaíocht a bhí idir na contaetha an tráth úd mar sin, bhí sé
maolaithe go maith faoin mbliain 1955.
laghdódh a rialtas
his government would lessen
Gheall Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, Páirtí an Lucht Oibre, go
laghdódh a rialtas an maoiniú a bhí na 67 scoil is saibhre sa tír a fháil agus go dtabharfaí an t-airgead do scoileanna bochta poiblí.
laghdú ar
a lessening of
Tá méadú ar dhaonra na háite agus
laghdú ar na hacmhainní atá ar fáil.
laghdaíonn
lessens
Is fíor go
laghdaíonn an conradh nua an chéad teorainn go dtí 1% OTI i gcás tíre gur lú a cuid fiacha ná 60% OTI.
laghdú go dtína leath
to lessen by half
Má tá aon bhunús leis an gcaint sin, déanfar an Ghaeltacht a
laghdú go dtína leath.
Laghdú Foirne
lessening of team members
Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála!
Laghdú Foirne
=====
Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne.
mhaolaigh
lessened
Buíochas le Dia,
mhaolaigh an ghaoth i rith na seachtaine agus bhí muid in innimh dul suas Dé hAoine 17ú Lúnasa.
a laghdú go suntasach
to lessen significantly
Is amhlaidh go bhfuil sé mar bheartas ag rialtas na Breataine líon na n-inimirceach a thagann go dtí an Bhreatain in aghaidh na bliana
a laghdú go suntasach.
na laghduithe inimirce
of lessening imigration
Ábhar Imní?
=====
I gcomhthéacs seo
na laghduithe inimirce, b’fhéidir gur cúis imní iad uimhreacha an daonáirimh a bhaineann le heachtrannaigh sa Ríocht Aontaithe.
laghdú líon na laethanta
lessening the number of days
Guthaíocht faoin Teorainn
Leis an fhoréigean a bhain le
laghdú líon na laethanta a mbeadh brat na Breataine ar foluain os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, tuigeann muid cén fáth.
Má mhaolaigh
if ... lessened
’* (de Fréine, The Great Silence, 72)
Má mhaolaigh Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse gnéithe den athrú teanga, níor stad siad é, nó tá an buille cniogtha á bhualadh lenár linn féin agus sinn sioctha, ag faire idir an dá shúil air amhail rialaitheoir bainc ag dearcadh ar iasachtaí Ponsaí.
cruth na heaglaise laghdaithe
the shape of the church lessened
Tá
cruth na heaglaise laghdaithe ón bhunfhoirgneamh a tógadh ar dtús i gcruth croise Gréagaí ach ina ainneoin seo, tá meascán sainroghnaithe ailtíreachta le feiceáil go fóill ann a thagann ó thréimhse na luath-Chríostaíochta chomh maith le haimsir na sean-Róimhe.
laghdófaí ar an aineolas is ar an gciníochas
the ignorance and the racism would be lessened
” Dá múinfí an cúlra is an comhthéacs seo i gcóras oideachais SAM, ar ndóigh, b’fhéidir go
laghdófaí ar an aineolas is ar an gciníochas a imrítear ar Laidin-Mheiriceánaigh ó cheann ceann na Stát.
maolaíonn an leacht shearbh sin
that sour liquid lessens
Ba mhaith an rud é go raibh buidéal fínéagair i mo mhála droma agam:
maolaíonn an leacht shearbh sin dochar an deorgháis.
ceachtanna le foghlaim go fóill
lessens were still to be learned
Cé go raibh beartais úra curtha i bhfeidhm ag na Gardaí ó shin, d'admhaigh an Coimisinéir go mb'fhéidir go raibh
ceachtanna le foghlaim go fóill faoin mhéid a tharla san am atá caite.
luaitear laghdú ar líon na mbásanna ar muir
a lessening in the number of deaths at sea is mentioned
Ós rud é go bhfuair breis is 17,000 duine bás idir 1993 is 2012 agus iad ag iarraidh dul chun nó fanacht san AE, ní hionadh go
luaitear laghdú ar líon na mbásanna ar muir mar cheann d’aidhmeanna EUROSUR, leis.
an t-ísliú ioncaim
the lessening of income
Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag
an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
a laghdódh
which would lessen
Níor thaithin sé le cuid mhaith de chúlbhinseoirí an Lucht Oibre go raibh orthu vótáil ar son reachtaíochta
a laghdódh pá na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí, cé go raibh geallúint sollúnta tugtha ag an rialtas i 2010, nach mbeadh aon laghdú ann go dtí deireadh 2014, ar a thúisce.
an laghdú ar chostaisí rialtais
the lessening of government costs
Aontaíonn go leor leis, agus glaonn siad ‘Náisiún Ford’ orthu féin - taitníonn na ciorruithe cánach agus
an laghdú ar chostaisí rialtais go mór leo.
laghdaíonn an dóchúlacht
the probability lessens
(Tá gach airgeadóir feimineach ina hairgeadóir, agus
laghdaíonn an dóchúlacht nuair a chuirtear coinníoll nó cáilíocht bhreise san áireamh).
ag dul i méid agus i laghad dá réir
increasing and lessening accordingly
Lóchrainn draíochta ach iad ag gluaiseacht timpeall ar rothaí, na scáthanna agus íomhánna
ag dul i méid agus i laghad dá réir, a cuimsíodh san extravaganza taibhsiúil Gotach sin.
i laghad
down, lessened
Chuaigh an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann
i laghad, agus taobh istigh de dheich mbliana chuaigh an ráta beireatais ón gcúige is airde i gCeanada go dtí an ráta is ísle sa tír.
laghdaíodh an tÉireannachas
the Irishness lessened
Ach nuair a tháinig siad a chónaí in Buenos Aires, mheasc siad leis na ciníocha eile agus de réir a chéile
laghdaíodh an tÉireannachas a bhí iontu.
fuarú
lessening
An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag
fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?