Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
liarlóige rag
" "Nach luath a tháinig na bronntanais Nollag do mhuintir *Beo ar Éigean!*" a deir Balor Iarghnóch, "Nó do chuid acu ar scor ar bith!" Bhuaigh eagarthóir na liarlóige seo, Éamonn Ó Doornail, *Gradam Lá* as an tíorántacht a imríonn sé ar a chuid scríbhneoirí.
liarlóg leamh dull rag
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
liarlóg rag
" Is dócha nach nglacfaidh an slíbhín sleamhain slíoctha le mo chomhairle, agus is dócha faoin am a bheidh an liarlóg seo i gcló go mbeidh a fhios ag madaí an bhaile nár ghlac; ach bhéarfaidh mé cur síos achomaireach do mo chuid léitheoirí dílse ar an mhéid a mhol mé don bhithiúnach binbeach bladarach," a deir Balor an Blaoscánach.
liarlóg rag
" "Thig leat a rá leis an eagarthóir Ó Doornail, nuair a théann tú abhaile, go bhfuil mé iontach sásta le *Beo Ar Éigean *mar liarlóg," a d'fhreagair Sodom.
liarlóige rag
" Ar scor ar bith, ní ar mhaithe le bheith ag sluaisteáil airgid a bhíonn Fear na Súile Nimhe ag sclábhaíocht do *Beo Ar Éigean*, ach ar mhaithe le caighdeán litríochta na liarlóige a choinneáil as an chamrachán.
liarlóg rag
" Má thug sibh fá deara go raibh crut i bhfad níos fearr ar *Beo Ar Éigean* an mhí seo a chuaigh thart, bhí cúis mhaith leis sin, nó is mé féin a rinne an eagarthóireacht ar an liarlóg.
liarlóg rag
" Gach aon bhliain, gan teip, móidím os comhair Chroim, crúb ar mo chroí, nach scríobhfaidh mé focal ar bith eile don liarlóg seo gan mhaith, gan tairbhe.
liarlóg rag
" Tuilleann (*oops!*) - faigheann ceathrar acu breis agus míle euro an duine sa mhí mar chostais! Agus cad é a fhaigheann Balor Bocht in aghaidh na míosa? An méid céanna is a bhí á fháil aige nuair a tháinig an liarlóg seo amach an chéad lá riamh: ceithre cent déag; cúig cent déag má bhíonn tríocha a haon lá sa mhí; dhá cent déag i mí Feabhra agus trí cent déag gach ceathrú Feabhra nuair is bliain bhisigh a bhíonn ann - mar atá i mbliana, buíochas le Dia! Yahú! Bhí sé ag madraí an bhaile riamh anall gur daoine cruógacha a bhí i mbaill tofa an Údar Ass, cuid acu níos cruógaí ná a chéile, agus an ceathrar ar bharr an liosta is cruógaí ar fad acu: Pádhraic Ó Bia, Brains Ó Domhnaill, Daithí Elkhorn agus Randy Mac Gearailt.
le heagarthóir na liarlóige with the editor of the rag
" Má tá léitheoir dílis ar bith de chuid *Beo Ar Éigean *amuigh ansin a bheadh sásta Balor bocht a ligean thar an tairseach isteach, díreach le lóistín saor in aisce a thabhairt dó ar feadh cúpla mí, ní gá ach d'ainm agus do sheoladh a fhágáil le heagarthóir na liarlóige, Éamonn Ó Doornail, agus an chuid eile a fhágáil faoi féin.
leathanach aorach na liarlóige eile sin the satire page of that other rag
" Agus anois tá duais bainte ag an dá scór go leith scríbhneoir a bhíonn ag obair ar leathanach aorach na liarlóige eile sin.
liarlóg rag
" Tá cuid acu róscanrúil le tuairisc a dhéanamh orthu, fiú i liarlóg mar seo.
liarlóg rag
" Scéala eile atá le briseadh gan mhoill, agus atá Balor sásta a thabhairt mar scúp don liarlóg seo, is ea go bhfuil an Uachtaránacht le dul faoin tuath.
Eacnamaí Eagnaí na liarlóige seo the Wise Economist of this rag
" "Maith thú, a Leamh! Coinnigh ag gabháil! Ní fada go mbeidh tú réidh leo!" a deir Eacnamaí Eagnaí na liarlóige seo.
liarlóg rag
" Ach ná scaoil mo rún le duine ar bith nó scaoilfidh mise do chuid rún folaitheach cáidheach féin leis an domhan mór ar an *Sindo*, fiú mura bhfuil rún ar bith agat! Anois fág an bealach agus lig dom sult a bhaint as an oíche!” Bhuel Balor Bocht! Caidé a bhí sé ag gabháil a dhéanamh? Níor thóg sé air ach an dá mheandar le cuimhneamh nach raibh rún ar bith fágtha aige, ná dea-chlú, ná cáil ar bith le cur ó chion, a bhuíochas sin don liarlóg *Beo Ar Éigean *agus don eagarthóir mí-thrócaireach Éamonn Ó Doornail.
liarlóg rag
" A luaithe agus a léigh Colma Ó Toirneach an t-agallamh a chuir mé ar Codger agus Dodger, thairg sé alt in aghaidh na míosa don bheirt bhligeard ar liarlóg s’aigesean ar a deich n-oiread d’íocaíocht agus atá Balor Bocht ag fáil ó Éamó Ó Doornail ar an liarlóg seo! Agus níl iontu ach puipéid! Níl a fhios againn cé hiad i ndáiríre, murab ionann agus mé féin.
liarlóg rag
" Bhí cúis mhaith le halt s’agamsa a bheith ar iarraidh ón liarlóg nó ní raibh cead agam é a scríobh.
liarlóga rags
" Tusa a dhíol liarlóga an Domhnaigh agus forlíonta an tSathairn.
comhfhreagraithe eile na liarlóige seo other correspondents of this rag
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag meabhrú os cionn na tine ina phluais uaigneach, ag tochas a thóna agus ag cuimilt a bhoilg, ag iarraidh seoda litríochta a scríobh do *Beo Ar Éigean!* Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh comhfhreagraithe eile na liarlóige seo a sheachaint ar eagla go ngoidfidís a chuid péarlaí luachmhara de smaointe agus iad ag iarraidh a gcuid truflaise féin a chumadh.
liarlóg rag
" I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.
liarlóige rag
" Seo daoibh anois, más ea, smaointe doimhne, duairce, domhaiseacha eagarthóir na liarlóige leimhe leibidí seo: Balor: Den chéad uair riamh tá an deis agam agallamh a chur ar eagarthóir Beo Ar Éigean!, ach fós tá mé cinnte nach gcuirfidh tú an sliocht seo ar bharr an leathanaigh bhaile.
liarlóige rag
" Balor an Bhéil Bhinn a roghnaíodh as measc iriseoirí uile na liarlóige seo chun aghaidh a thabhairt ar chathair cháiliúil sin na beorach cois locha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, féachaint cad é mar a bhí ag éirí leo thall agus lagtrá an gheilleagair ag brú go géar orthu.
liarlóga news rags
" BNC: Íomhá! Amaideach! Suntas na Ruaidhe SMM: Bhí do fholt breá rua ina bhuntáiste mór agat, déarfadh daoine go leor leat é sin, ach an ngoilleann sé ort anois is arís nuair a fheiceas tú an ruaidhe luaite le ‘feisty’, arís, is sna liarlóga a fheicfear a leithéid? BNC: Tá a fhios a’m, ‘feisty red-head’.
liarlóg rag
" Is maith an rud é go bhfuil sé ag teacht saor in aisce, nó ní chaithfeadh duine ar bith pingin rua ar an liarlóg.
liarlóga newsrags
" Ní fheicfidh tú na haisteoirí is fearr ar domhan sna liarlóga.
liarlóg newsrag
" Agus tuigfear go soiléir do lucht léite Beo Ar Éigean! gur iriseoirí Indo agus Star agus Sun agus lucht liarlóg eile dá leithéid a bheas i mbun an chaithimh anuas agus aníos.
liarlóg rag
" Sin a lán airgid le caitheamh ar liarlóg mar seo.
liarlóga news rags
" An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach.
liarlóg leamh insipid rag
" Cionn is go raibh an duine gan ainm rud beag imníoch faoi scríobh chuig Iris nó an Pápa chun an chomhairle a lorg, thug Balor cuireadh di nó dó litir oscailte a scríobh chuig an bheirt acu, nó tá a fhios ag madraí an bhaile go léann siad beirt gach alt dá scríobhann Laoch na Litríochta – aon chéad acu ar fad go n-uige seo don liarlóg leamh seo.
liarlóige seo of this rag
" “Ááááá, Seosamh bocht!” a chluinim ó léitheoirí na liarlóige seo.
liarlóg rag
" Má thugtar san áireamh nach fada go mbeidh sí ina ceann stáit ar Oileán na Naomh, na nOllamh is na nIarbhaincéirí, mar a fógraíodh sa liarlóg seo an mhí seo caite, is fiú cúpla focal a scríobh mar gheall uirthi féin: an cineál duine atá inti, mar a chonacthas do Bhalor í i gCill Airne.
Anó Scéalta na Liarlóg the rags’ craving for news
" Anó Scéalta na Liarlóg ============ Maíonn go leor iriseoirí gur bhagairt do shaoirse cainte na meán iad na ‘sárurghairí.
liarlóg newsrag
" **Balor: “An bhfuil tú réasúnta maith nó réasúnta olc?”** Coimisinéir: “Feck off, a Bhaloir! Nach maith atá a fhios agam cén fáth go bhfuil tú anseo, agus gur cuma sa tsioc leat mise a bheith réasúnta maith nó réasúnta olc nó réasúnta rud ar bith eile! Anois cuir do chuid ceisteanna agus feck off ar ais chuig do liarlóg chun mo chuid freagraí a chur i gcló!” Ní mó ná sásta a bhí Balor le freagairt mar seo, ach níor baineadh fiú tuisle as.
an liarlóg the rag
" “A dhuine gan rath, tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfuil an liarlóg Beo Ar Éigean! luaite ar an liosta de na heagraíochtaí atá i mbaol a scriosta.
liarlóg a cheannach to buy a rag of a newspaper
" Níl le déanamh ach cnaipe teilifíse a chasadh nó liarlóg a cheannach le tuiscint a fháil ar a choitianta is atá aineolas sa phobal.
a scríobhann don liarlóg who writes for this rag
" Níl mé ag iarraidh a bheith dubh agus bán faoi seo, ach má ligim dó sin a bheith do mo cheartú, ní fada go mbeidh achan friggin’ húr a scríobhann don liarlóg ag ceartú mo chuid ceartúchán.
Tá clú agus cáil ar do liarlóg your oul rag is known
" Tá clú agus cáil ar do liarlóg mar uirlis de chuid an Rialtais, agus ní bheinn ag súil le rud ar bith eile uaitse ach go gcasfá achan uile fhocal a déarfainnse mar a chas tú cuid focal Dháithí Mhic Dhúthrachta an mhí seo caite.
i d’alt sa liarlóg sin in your article in thon rag
" Sin mar a bheas an scéal go dtí go ngabhfaidh tú leithscéal le Brennan go poiblí i d’alt sa liarlóg sin a mbíonn tú ag scríobh di.
sna liarlóga ach go háirithe in the rags particularly
" Cíoradh an cás in irisí na mban agus sna liarlóga ach go háirithe.
liarlóige seo this effort of a rag
" Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó níl a fhios aige cé atá i mbun na liarlóige seo i láthair na huaire.
lucht léite na liarlóige this rag’s readers
" Bhí Balor na Fadfhulaingthe faoi bhrú treoir na Bliana Úire a sholáthar do lucht léite na liarlóige seo, Beo ar Éigean agus é ag iarraidh fanacht glan ar na cantaláin a chuireann a gcuid ama amú á léamh.
seanbhlas na liarlóg nuachtáin the newspaper rags contempt
" Tharraing sár-urghairí cúirte agus seanbhlas na liarlóg nuachtáin ar imreoirí sacair aird Mhíchéail Uí Aodha.
d’eagarthóireacht na liarlóige seo to the editor of this rag
" Is leasc le Balor tagairt d’eagarthóireacht na liarlóige seo, ach an té a bhfuil cluas air, éisteadh sé, má tá súil ina bhlaosc, léadh sé agus an té a bhfuil poll ar a chúl, dingeadh sé
leis na meáin is na liarlóga a shaighdeadh to jolt the media and the rags into action
" Bean bhán dhathúil as an Astráil le fiche bliain a chur isteach faoi ghlas thar lear! Nach leor a leath leis na meáin is na liarlóga a shaighdeadh i mbun méarchláir? Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire orthu.